02 September 2022

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Leabharlannaí Dlí le haghaidh conradh ar théarma seasta 2 bhliain.  Ní mór d’iarratasóirí rathúla, ar an 5 Samhain 2021 nó roimhe sin, céim bhunaidh onóracha a bheith acu (leibhéal 8 ar a laghad ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí) agus iarcháilíocht a bheith acu i Staidéar Leabharlainne agus Faisnéise agus taithí iarcháilíochta 2 bhliain ar a laghad a bheith acu ar a bheith ag obair i dtimpeallacht Leabharlainne agus Faisnéise.  Beifear ag súil freisin go dtaispeánfaidh iarrthóirí scileanna maithe cumarsáide, an cumas oibriú go neamhspleách agus i dtimpeallacht foirne, agus an cumas cúrsaí a eagrú agus a chur in ord tosaíochta.  D’fhéadfadh gearrliostú a bheith infheidhme.  Dícháileofar iarratasóirí má dhéanann siad canbhásáil.

Cuirfear an comórtas chun feidhme ar aon dul leis na cóid chleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil agus chun iarratas a chur isteach féach https://www.dppireland.ie/ga/working-for-us/latest-vacancies/

Ba chóir d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: HR.mailbox@dppireland.ie le teacht roimh 3:30 p.m. Dé hAoine an 5 Samhain 2021​.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.