09 January 2023

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ionchúisitheoirí faoi láthair.  Ní mór do gach iarrthóir, faoin 23 Eanáir 2023 nó roimh ré a bheith cláraithe mar Aturnae sa Stát, , glaodh chun an Bharra faighte acu.  Caithfear eolas leathan agus saintuiscint ar dlí a bheith ag na hiarrthóirí.  Ní mór d’iarrthóirí scileanna maithe chumarsáide a léiriú, mar aon le hábaltacht a bheith in ann obair neamhspleách a chur i gcrích, chomh maith le hobair i dtimpeallacht foirne, inniúlacht ar leith chun líon cásanna dlí a eagrú, a chur in ord tosaíochta agus a bhainistiú.  Féadfar gearrliostú a bheith i bhfeidhm.  Dícháileofar iad a rachaidh i mbun canbhásála.

Déanfar an comórtas de réir na gcód cleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise.

Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3:30pm ar Luan an 23 Eanáir 2023.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna.

Cuirfear fáilte roimh chomhfhreagras I nGaelige