07 February 2024

Fáiltíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, Catherine Pierse Uasal, roimh fhoilsiú thuarascáil deiridh an Ghrúpa Athbhreithnithe Ardleibhéil ar Ról an Gharda Síochána (AGS) sa Chóras Ionchúiseamh Poiblí inniu,ag rá:

“Ghlac ionadaithe ó m’Oifig páirt sa Ghrúpa Athbhreithnithe a rinne moltaí leathana a raibh sé mar aidhm acu tacú le seirbhís ionchúisimh ar ardchaighdeán i gCúirteanna Dúiche ar fud na tíre.

Tuigim go maith an obair a dhéanann comhaltaí den Gharda Síochána i gCúirteanna Dúiche ar fud na tíre chun cásanna a ionchúiseamh in ainm an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Tá sé bunúsach do riaradh an cheartais gur féidir le baill den phobal muinín a bheith acu go gcuirtear an tseirbhís ionchúisimh achomair seo ar fáil ar bhealach atá neamhspleách, cothrom agus éifeachtach.

Táim ag tnúth le bheith ag obair le Niamh O’Donoghue, iar-Ard-Rúnaí na Roinne Coimirce Sóisialaí – atá ainmnithe inniu mar Chathaoirleach ar an gCoiste Stiúrtha um Athchóiriú Ionchúiseamh Achomair – agus lenár gcomhpháirtithe ceartais choiriúil chun moltaí an Ghrúpa a chur i bhfeidhm agus chun a chinntiú go dtugtar lántacaíocht don obair thábhachtach ionchúisimh achomair seo.”

CRÍOCH
———-

Nóta d’Eagarthóirí:

Moltar i dtuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Ardleibhéil ar Ról an Gharda Síochána sa Chóras Ionchúiseamh Poiblí samhail athchóirithe atá leagtha amach ar leathanach 79 den tuarascáil. Ó thaobh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, meastar go mbeidh na nithe seo a leanas i gceist leis sin:

“Coinníonn AGS freagracht as ionchúisimh a chur i láthair sa chúirt, le tacaíocht ó mhaoirseacht agus oiliúint fheabhsaithe ó Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Bainfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí úsáid as na sonraí agus as an bhfaisnéis atá ar fáil chun aon chineálacha breise cásanna a shainaithint ar cheart iad a chur faoi bhráid na hoifige chun cinneadh a dhéanamh maidir le hionchúiseamh a thionscnamh agus/nó ionadaíocht dhlíthiúil a sholáthar sna Cúirteanna Dúiche i mBaile Átha Cliath agus lasmuigh de Bhaile Átha Cliath nuair is cuí agus chun acmhainní a lorg chuige sin.

Breithneoidh an Stiúrthóir an Stiúrthóir an bealach is fearr chun tacú leis an tseirbhís ionchúisimh ar fud na tíre chun éifeacht a thabhairt d’ionchúiseamh cineálacha breise cásanna.

Maoirseacht an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ar fheidhmiú feidhmeanna ionchúiseamh ag AGS ina ainm a fheabhsú go suntasach. D’fhéadfadh sampláil éigeantach cásanna, coimeád taifead, bailiú staitistice agus foilsiú, agus iniúchadh struchtúrtha rialta a bheith i gceist leis sin.

Tuilleadh trédhearcachta agus comhsheasmhachta maidir leis na catagóirí cásanna Cúirte Dúiche atá le hionchúiseamh ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí”

Tugtar aghaidh ar shaincheist na comhsheasmhachta ar fud na tíre i gcodanna éagsúla den tuarascáil, lena n-áirítear ar leathanach 85 ina moltar sa tuarascáil go dtacófaí le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí “agus breithniú á dhéanamh ar cheart d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí/Aturnaetha Stáit faoi threoir an Stiúrthóra catagóirí áirithe cásanna Cúirte Dúiche a ionchúiseamh go díreach, chun comhsheasmhacht a chinntiú agus an chastacht a bhaineann le hionchúiseamh áirithe a chur san áireamh le cionta coiriúla ar fud na tíre.”

Déantar plean cur chun feidhme ardleibhéil a mholadh sa tuarascáil (lch 89) “tacú le comhar agus comhoibriú idir an dá cholún geallsealbhóirí, AGS agus Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí” agus an tsamhail athchóirithe á chur chun cinn. Moltar na céimeanna seo a leanas ann:

“1. Coiste Stiúrtha um Athchóiriú Ionchúiseamh Achomair a bhunú
2. Athbhreithniú ar shonraí AGS agus na Seirbhíse Cúirteanna le haghaidh catagóirí roghnaithe cionta
3. Athbhreithniú ar threoirlínte reatha agus oiliúint i bhfeidhm a bhaineann le feidhm ionchúisimh an Gharda Síochána.
4. Ar scála beag, sampláil ísealteicneolaíochta / gan aon teicneolaíocht
5. Sonraí ábhartha a aithint agus a bhaint as córais an Gharda Síochána agus na Seirbhíse Cúirteanna
6. Cuardaigh deiseanna uathoibrithe ‘ad hoc’
7. Uathoibriú iomlán agus infheictheacht.”

Is féidir tuarascáil deiridh an Ghrúpa Athbhreithnithe Ardleibhéil ar Ról an Gharda Síochána sa Chóras Ionchúiseamh Poiblí a léamh ina hiomláine anseo >>> HLRG ar Ról an Gharda Síochána sa Chóras Ionchúiseamh Poiblí.