06 January 2023

Éilíonn Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar ghairmí AD fuinniúil chun an post buan mar Cheann Earcaíochta a líonadh.  Beidh an té a cheapfar, freagrach ar fad as forbairt, seachadadh agus rath na gclár a fhad is go dtacófar le mealladh agus coinneáil daoine tréitheacha toisc go mbeidh faill orainn na daoine cearta a bheith againn san áit cheart ag an am ceart

Ní mór do na hiarrthóirí idéalacha léargas agus tuiscintí a bheith acu maidir le cúrsaí earcaíochta agus daoine tréitheacha a mhealladh; mar aon le scileanna idirphearsanta agus ceannasaíochta araon den scoth.

Déanfar an comórtas de réir na gcód cleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise.

Ba cheart d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: Recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3:30pm ar Luan an 23 Eanáir 2023..

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna.

Cuirfear fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge