06 March 2023

Tá Ceann Rialachais agus Gnóthaí Poiblí á earcú ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.  Beidh an duine aonair a cheapfar freagrach as próifíl na hOifige a fhorbairt agus as éifeachtacht, trédhearcacht agus cuntasacht na hOifige a fheabhsú trí thionscnaimh chumarsáide straitéiseacha a chur chun cinn, agus trína chinntiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí reachtúla agus rialachais a shanntar dóibh.  Beidh siad freagrach as Rialachas, Leanúnachas Gnó, Bainistiú Riosca, Nochtadh Cosanta, Iniúchadh, Saoráil Faisnéise, Eitic agus Caighdeáin in Oifigí Poiblí.

Cuirfear an comórtas i gcrích de réir na gcód cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, féach le do thoil Leabhrán Faisnéise

Ba cheart d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3:30pm ar Luan an 27 Marta 2023.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna.

Cuirfear fáilte roimh chomhfhreagras I nGaelige