Tá Ceannaire Seirbhísí Corparáideacha á fhostú ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le haghaidh Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha againn. Beidh an té a cheapfar ina bhall tábhachtach den fhoireann bhainistíochta sinsir agus beidh siad gníomhach agus rannpháirteach agus cuspóirí straitéiseacha na heagraíochta á mbaint amach. Beidh siad freagrach as réimse iomlán na bhfeidhmeanna a bhaineann le Seirbhísí Corparáideacha, lena n-áirítear Rialú, Bainistíocht Riosca & Airgeadais, Teicneolaíocht Faisnéise & Chumarsáide, Acmhainní Daonna, Forbairt Eagraíochta agus Tacaíochtaí Gnó.
Beidh sé léirithe arís agus arís eile ag sár-iarrthóirí go bhfuil féith na ceannaireachta iontu agus go bhfuil taithí acu ar ról an bhainisteora sinsir in eagraíocht chasta; léireoidh siad ceannaireacht straitéiseach agus taithí bhainistíochta láidir ó thaobh oibríochta de i réimsí éagsúla de na seirbhísí corparáideacha; léireoidh siad go mbíonn siad stuama ina gcuid breithiúnas maidir le fadhbanna casta, go bhfuil scileanna iontacha cumarsáide acu agus gur féidir leo a gcuid taithí cheannaireachta a léiriú chomh maith leis an tionchar a bhí acu ar fhorbairt agus ar athraithe a sholáthar in eagraíocht a bhí ag fás.
Cuirfear an comórtas chun feidhme ar aon dul leis na cóid chleachtais arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí atá ar fáil ag http://www.cpsa.ie/
Chun teacht ar bhreis faisnéise, féach Leabhrán Faisnéise.
Ba chóir d’iarratasóirí Foirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: HR.mailbox@dppireland.ie le teacht roimh 3:30 p.m. Dé Máirt an 25 Eanáir 2022.
Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil ar www.dppireland.ie.
Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tiomanta do bheartas comhdheiseanna.
Cuirfear fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge