03 September 2022

Cuireann Oifig Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí an dlí coiriúil i bhfeidhm ar son Mhuintir na hÉireann; stiúrann agus maoirsíonn ionchúisimh phoiblí ar díotáil sna Cúirteanna; agus tugann siad treoir agus comhairle ghinearálta don Gharda Síochána i dtaca le cásanna achomair agus treoir ar leith i gcásanna dá leithéid má lorgaítear é.

Cinnteoidh an Leas-Phríomh-Ionchúisitheoir go bpléitear gan mhoill le comhaid ionchúisimh agus de réir chaighdeáin agus threoirlínte ionchúisimh na hOifige agus go bhfuil siad de réir na nósanna imeachta atá bunaithe ag na Cúirteanna.  Beidh réimse freagrachtaí ag an Leas-Phríomh-Ionchúisitheoir a eascraíonn as Treoir Íospartaigh an AE. Déanfaidh sé/sí ionadaíocht ar an Oifig ar ghrúpaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéileálann le réimse cúrsaí ceartais choiriúil agus a chuirfidh le forbairt pholasaí ionchúisimh.

Beidh an méid seo a leanas ag an iarrthóir idéalach:

  • cáilithe mar abhcóide nó mar aturnae;
  • seacht mbliana ar a laghad de thaithí ábhartha mar abhcóide nó aturnae sa Stát nó taithí choibhéiseach ábhartha;
  • A bheith in ann cumas mar abhcóide nó mar dhlíodóir a léiriú, a léiríonn gur féidir leis/léi déileáil le héilimh an phoist shinsearaigh seo.
  • Cuntas teiste maith i gceannaireacht agus an cumas smaoineamh go straitéiseach agus cur le bainistíocht straitéiseach na hoifige.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus faoin tslí le hiarratas a dhéanamh, tabhair cuairt ar www.publicjobs.ie.

Teagmháíl: Sandra Cairns, Earcaíocht Feidhmiúcháin Sinsearach   |   Teil: +353 1 858 7455

Ríomhphost: sandra.cairns@publicjobs.ie

NÓTAIs é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná 15:00 Déardaoin, 30 Eanáir 2020.