06 March 2024

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ardoifigeach Feidhmiúcháin Bainistíocht Sonraí agus Cásanna (Forbairt Bogearraí) – TFC.  Ní mór d’iarratasóirí a n-éiríonn leo, ar an 27 Márta 2024 nó roimhe sin, na critéir cháilíochta agus taithí TFC atá liostaithe sa leabhrán faisnéise iarrthóirí a chomhlíonadh. An bhfuil tú díograiseach, loighciúil, cruthaitheach agus an bhfuil fonn ort scileanna nua a fhoghlaim agus do ghairm ghnó digiteach TFC a fhorbairt tuilleadh? An bhfuil scileanna láidre agat i mbainistíocht agus i gcothabháil bunachar sonraí agus scileanna anailíseacha agus smaointeoireachta criticiúla forbartha go maith agat chun saincheisteanna, rioscaí, riachtanais ghnó agus dúshláin a thuiscint agus a fhabhtcheartú?

Má spreagann sé seo do spéis, d’fhéadfadh gurb é seo an post a oirfidh duit.

Cuirfear an comórtas i gcrích de réir na gcód cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus atá ar fáil ag www.cpsa.ie

Le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, léigh an Leabhrán Faisnéise le do thoil.

Ba cheart d’iarratasóirí a CV agus a n-iarratas a chur isteach go leictreonach chuig: Recruitment@dppireland.ie le teacht roimh 3:30i.n. Dé Céadaoin, an 27 Márta 2024.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh Gréasáin seo.