08 September 2025

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ionchúisitheoirí.

An bhfuil tú cáilithe, nua-cháilithe, ar tí cáiliú mar Aturnae nó mar Abhcóide? An bhfuil tú spreagtha chun seirbhís ionchúisimh atá cothrom, neamhspleách agus éifeachtach a sholáthar thar ceann mhuintir na hÉireann ar fad?

Más é an freagra tá ar na ceisteanna thuas, b’fhéidir gurb é seo an post duit.

Ní mór do gach iarrthóir, faoin 26 Meán Fómhair 2025 nó roimh ré a bheith cláraithe mar Aturnae sa Stát nó glaoite chun an Bharra orthu. Ní mór d’iarrthóirí freisin, taithí ar chleachtas (le linn oiliúna nó iarcháilíochta) a bheith acu i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas, Dlí um Rialáil Choiriúil nó Forfheidhmiú, Dlí Riaracháin, Bunreachtúil nó Eorpach, Dlíthíocht agus/nó dlíthíocht a bhaineann le comhlachtaí poiblí agus Dlí Fostaíochta. Stair maidir le torthaí a sheachadadh go héifeachtach, go háirithe líon na gcás a bhainistiú. Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta ar ardleibhéal acu agus tuiscint ar an dóigh chun plé a dhéanamh le páirtithe leasmhara seachtracha. Scileanna láidir anailíse agus cinnteoireachta. Taithí nó inniúlacht chun oibriú i dtimpeallacht ríomhairithe oifige, lena n-áirítear córais leictreonacha bainistíochta cásanna nó feidhmchlár TF eile a úsáidtear le haghaidh cleachtas dlí a úsáid.

Ba chóir d’iarratasóirí a bhFoirm Iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh go leictreonach chuig recruitment@dppireland.ie – cinntigh le do thoil go bhfuil do CV san áireamh le d’fhoirm iarratais.

Le tuilleadh eolais, téigh chuig an Leabhar Eolais.

Ba chóir do na hiarratasóirí a bpioc óna CV agus Foirm Iarratais atá comhlánaithe a chur ar aghaidh trí ríomhphost go: recruitment@dppireland.ie

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Dé hAoine, 26 Meán Fómhair 2025 ag 1pm.