30 October 2020

Sheol an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, an tUasal Claire Loftus, Tuarascáil Bhliantúil 2019 le haghaidh a hOifige, ina leagtar amach gníomhaíochtaí na hOifige le linn na bliana sin.

Ina Brollach i dTuarascáil Bhliantúil 2019, sonraíonn an Stiúrthóir:

“… in 2019 fuair an Oifig tacaíocht ón Rialtas chun Aonad Cionta Gnéasacha a bhunú.  Faoi mar atá léirithe i gCaibidil 3.2, nuair a bheidh sé bunaithe, tá sé beartaithe go ndéanfar na cionta gnéasacha ar fad a ionchúiseofar sa Phríomh-Chúirt Choiriúil agus beagnach gach catagóir de chionta gnéasacha i gCúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath a bhainistiú ó thús go deireadh laistigh den aonad úr sin.  In ainneoin na ndúshlán breise ar ár seirbhís mar gheall ar phaindéim Covid-19, táimid ag súil go mbeidh an chéad chéim den ACG i bhfeidhm faoi dheireadh 2020.  Is é sin comhartha dár dtiomantas dul ar aghaidh leis an tionscadal seo.  Creidim go mbeidh sé ina chéim an-dearfach chun tosaigh maidir le déileáil le híospartaigh na coireachta gnéis.”

“Tá an gá atá le hionad tiomanta chun déileáil le cionta gnéasacha níos mó ná riamh i mbliana agus muid fós ag feiceáil méadú suntasach ar chomhaid cionta gnéasacha á gcur isteach chuig an Oifig.  In 2019, bhí méadú 12% ar líon na gcomhad den chineál sin.”

I ndáil leis an méadú ar chomhaid a fuair an Oifig, sonraíonn sí:

“In 2019 tháinig méadú os cionn 8% ar líon na gcomhad a fuarthas lenar iarradh cinneadh ar cé acu cás dlí a thabhairt nó nár cheart… Tá méadú níos suntasaí fós ann sa bhliain reatha.  Tá méadú 23% tagtha ar na comhaid maidir le treoracha ar ionchúiseamh faoi láthair i gcomparáid le 2019.”

Maidir le Brexit, dúirt an Stiúrthóir:

“Tá dúshlán fós á chur ag Brexit os comhar obair idirnáisiúnta na hOifige agus deireadh idirthréimhse ag druidim linn i lár neamhchinnteacht leanúnach faoi cé acu, nuair a thiocfaidh mí Eanáir 2021, an mbeidh socruithe dlíthiúla úra i bhfeidhm leis an Ríocht Aontaithe a chuirfear in ionad an nós imeachta um Barántas gabhála Eorpach reatha.  Agus na caibidlí polaitiúla ag dul chun cinn maidir leis sin, leanann an fhoireann idirnáisiúnta san Oifig ag idirchaidreamh leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus leis an nGarda Síochána chun pleanáil do cibé rud a tharlóidh.”

Maidir le híospartaigh na coireachta, deir sí:

“Leanaimid le hathbhreithniú a dhéanamh ar ár struchtúir agus nósanna imeachta lena chinntiú go gcloíonn siad leis an Acht um Cheartas Coiriúil (Íospartaigh na Coireachta) 2017, agus go bhfuilimid ábalta na caighdeáin agus an cháilíocht seirbhíse a theastaíonn ó íospartaigh na coireachta dá bhfuil siad i dteideal a chur ar fáil dóibh… Faoi mar a leagtar amach i gCaibidil 3.2 bhí líon na n-iarratas ar chúiseanna lenár gcinntí gan cás dlí a thabhairt, agus líon na n-iarratas ar athbhreithnithe ar na cinntí sin ar leibhéil cosúil le leibhéil 2017 agus 2018.  Tá cionta gnéasacha fós ar an gcatagóir cáis is minice in ábhar iarratais ar chúiseanna agus/nó athbhreithniú.”

“Lean an Oifig chomh maith lena rannpháirtíocht le grúpaí ionadaíocha d’íospartaigh anuraidh, agus ghlac sí páirt sa ghrúpa a bhunaigh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais in 2018 chun scrúdú a dhéanamh ar fhinnéithe leochaileacha in imscrúdú agus ionchúiseamh cionta gnéasacha faoi chathaoirleacht Tom O’Malley BL.”

Tá Tuarascáil Bhliantúil iomlán 2019 d’Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh gréasáin seo.  Ba chóir fiosruithe ar bith a sheoladh le ríomhphost chuig media.liaison@dppireland.ie.

Dé hAoine, an 30 Deireadh Fómhair 2020