20ú Comhdháil Náisiúnta Bhliantúil na nIonchúiseoirí

Tráchtanna Oscailte le Claire Loftus, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
Comhdháil Náisiúnta Bhliantúil na nIonchúiseoirí
7 Nollaig 2019

A bhaill den Bhreithiúnacht agus den Gharda Síochána, a Dhaoine Uaisle tugann sé an-phléisiúr dom fáilte a chur romhaibh chuig 20ú Comhdháil Náisiúnta Bhliantúil na nIonchúiseoirí.

Mar is gnách tá líon cainteoirí suimiúla againn ar réimse topaicí. Ar ár son ar fad gabhann buíochas leo as a gcuid ama agus a gcuid saineolais inniu.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun an leagan athbhreithnithe de na Treoirlínte le haghaidh hIonchúisitheoirí a fhógairt, a foilsíodh le gairid ar ár suíomh gréasáin agus scaipfear é ar gach ionchúisitheoir an tseachtain seo chugainn.  Is é seo an 5ú hEagrán de na Treoirlínte a d’fhoilsigh mo réamhtheachtaí James Hamilton ar dtús in 2001. Forbraíodh na Treoirlínte chun na prionsabail maidir le tionscnamh agus seoladh ionchúiseamh in Éirinn a leagan amach go ginearálta.  Is ráiteas an-tábhachtach iad maidir leis an mbeartas cóir, réasúnaithe agus comhsheasmhach lena gcuirtear bonn faoin bpróiseas ionchúisimh in Éirinn.

Foráiltear in Airteagal 30.3 de Bhunreacht na hÉireann gur cheart gach coir indíotáilte a ionchúiseamh in ainm na nDaoine.  Tríd na Treoirlínte a chur ar fáil go poiblí, creidim, go gcuirtear tuilleadh le tuiscint mhéadaithe na saoránach ar an bpróiseas ionchúisimh a dtionscnaítear ionchúisimh ar a son.

Tá na treoirlínte ar fáil go leictreonach ar shuíomh gréasáin na hOifige ag www.dppireland.ie.

Rinneadh na Treoirlínte a athbhreithíodh go deireanach in 2016. Theastaigh líon suntasach athruithe a dhéanamh le teacht le forbairtí ar an dlí ó shin.  Áirítear ar na caibidlí aonair a ndearnadh athruithe móra orthu: an chaibidil maidir le Nochtadh, maidir le hachomhairc ionchúisimh agus athbhreithniú ar phianbhreitheanna; maidir le coigistiú, forghéilleadh agus dícháiliú, agus maidir le cumarsáid leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (an chaibidil dheireanach sin mar iarmhairt den chuid is mó ar fhorbairtí sa réimse um chosaint sonraí).  Ar deireadh, rinneadh Caibidil 12 maidir le cearta íospartaigh na coireachta a nuashonrú agus a athbhreithniú chun teacht le forálacha an Achta um Cheartas Coiriúil (Suíomh Taisí Íospartach) 2017, an Achta um Cheartas Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2017 agus an Achta um Fhoréigean Baile 2018.

Tá gach ionchúisitheoir, lena n-áirítear baill den Gharda Síochána a dhéanann ionadaíocht ar son an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí faoi cheangal na dTreoirlínte seo i ngach cás.  Sílim gur treoir an-úsáideach iad chomh maith chun a lán ceisteanna a bhíonn le sárú againn sa chleachtas laethúil chomh maith.  Leanfar an t-athbhreithniú ar na Treoirlínte le haghaidh hIonchúisitheoirí i gcónaí, chun teacht le hathruithe reachtacha agus nós imeachta ar an gcóras ceartais choiriúil.

Bhí a lán daoine bainteach leis na Treoirlínte a thabhairt cothrom le dáta.  Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aonad Beartas faoi stiúir Tricia Harkin agus leis an Aonad Cumarsáide faoi stiúir Orlagh Flood mar aon leis na baill dhlíthiúla sin a chuir méid tábhachtach le topaicí aonair.

I m’urlabhra anuraidh sa Chomhdháil Náisiúnta Bhliantúil le haghaidh na nIonchúisitheorí 2018 luaigh mé an Coimisiún maidir le Todhchaí na Póilíneachta.  Rinneadh moltaí ann gur cheart deireadh a chur leis an gcleachtas go gcuireann an Garda Síochána cásanna i láthair na Cúirte Dúiche agus gur cheart gach cinneadh ionchúisimh a bhaint den Gharda Síochána.  Mar is eol duit, déanann Gardaí ag an rang Cigire agus Ceannfoirt líon suntasach cinntí ionchúiseacha faoi láthair i gcúrsaí níos mine, ar bhonn toscaireachta agamsa faoi Alt 8 d’Acht an Gharda Síochána 2005.

Ó bhí comhdháil na bliana anuraidh ann ghlac an Rialtas leis na moltaí sin i bprionsabail.  Cuirim fáilte roimh rún an Rialtais sainghrúpa a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar impleachtaí iomlána na moltaí sin, chun na costais agus na tairbhí a bheidh i gceist má chuirtear i bhfeidhm iad a dhearbhú, go hiomlán nó i bpáirt.  Beidh sé an-tábhachtach go mbreathnóidh na tíortha ar thaithí tíortha eile maidir leis an leagan seo de sheirbhís ionchúisimh a fheidhmiú.  Mar sin féin, faoi mar a léirigh mé go soiléir anuraidh, chun na moltaí a chur chun feidhme go hiomlán, chaithfí mór-atheagrú a dhéanamh ar an tseirbhís ionchúisimh agus leathnú suntasach ar an líon ball foirne reatha.  Fanfaimid le forbairtí.

Anois maidir leis na topaicí atá againn ar maidin, cloisfimid go luath ón Ollamh Maura Conway ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar saineolaí í sa réimse antoisceachais agus frithsceimhlitheoireachta ar líne. Tá níos mó agus níos mó imní ag baint leis an réimse sin i gcónaí. Mar ionchúisitheoirí ní mór don eolas a fáil faoi na treochtaí reatha agus na treochtaí amach anseo. Táim ag súil leis an méid atá le rá aici a chloisteáil.

Chloisfimid chomh maith ó Lorcan Staines S.C a bheith ag labhairt faoi chur i láthair leictreonach fianaise.

Cuirtear fáilte roimh aistriú an chórais cheartas choiriúil chun leas a bhaint as cur i láthair leictreonach fianaise. Is admháil é ar chastacht mhéadaithe na gcásanna atá ag teacht os comhair na gcúirteanna agus ar líon méadaithe na n-ábhar a chaithfidh giúiréithe agus breithiúna breithniú go rialta.  Baineadh úsáid go sonrach as Cur i Láthair Leictreonach Fianaise sna mórchásanna baincéireachta a tháinig as loiceadh an Bhainc Angla–Éireannaigh ach baineadh úsáid as chomh maith le toradh maith i roinnt cásanna an-mhór calaoise.

Ar dóigh baineann cur i láthair Lorcan le cur i láthair leictreonach fianaise agus ní cur i láthair fianaise leictreonaí ach téann cur i láthair fianaise leictreonaí chun tairbhe a lán cásanna ó chur i láthair leictreonach mar go bhfuil a oiread fianaise leictreonach iontu.  Mar ionchúisitheoirí tá cásanna á gcur i láthair againn le linn rud ar réabhlóid dhigiteach é go bunúsach.  Tá a fhios againn go bhfuil dul chun cinn as cuimse tagtha ar an teicneolaíocht dhigiteach le blianta beaga anuas ach corruair tá sé deacair againn a thuiscint cé chomh seismeach go díreach is atá an t-athrú.  De réir cosúlachta méadaíonn an líon iomlán sonraí sa domhan faoi dhó gach dá bhliain.  Tagann leath de thrácht gréasáin an domhain as fhóin phóca anois. I gcomhthéacs thionchar na meán sóisialta ar fhianaise leictreonach tuigim.  Déantar 14 bhilliún grianghraf a uaslódáil ar Facebook gach seachtain.

Is í an fhírinne anois gur gnáthrud é an fhianaise leictreonach i gcásanna seachas eisceacht. Cruthaítear leis sin ceisteanna ar leith lena nochtadh i lear mór dár gcásanna.  Is é ceann de na bearta a rinneamar chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán córas le haghaidh nochtadh leictreonach a aistriú go haturnaetha cosanta agus chomh maith leis sin trí idirghníomhú lenár n-ionchúisitheoirí ar bhonn leictreonach.

Creidim go gcaithfimid EPE a chuimsiú mar ghné riachtanach i cur i láthair rathúil cásanna níos mó agus níos casta i gcás gur gá méideanna ollmhóra doiciméad, ríomhphost, meán sóisialta, léarscáileanna, graf agus ábhair eile a chur i láthair i bhfianaise.  Tá sé níos éifeachtaí úsáid a bhaint as teicneolaíocht sa chúirt chun taispeántais a aisghabháil agus a chur i láthair don chúirt agus don ghiúiré.  Is féidir déileáil le taispeántais leis go tapa seachas bheith fanacht le gach duine leis an leathanach ceart atá á phlé a fháil.

Sna mórchásanna baincéireachta a lua mé níos luaithe, chuidigh EPE le giúiréithe tuiscint a fháil ar ábhartha agus ar sheicheamhú na n-eachtraí. Más theastaíonn giúiréithe uainn, a bhfuil a fhios againn fúthu go mbaineann siad úsáid níos mó agus níos mó as gléasanna leictreonacha in áit páipéir gach lá, chun oibriú ar chásanna coiriúla agus chun iad a thuiscint, ní mór dúinn ar fad EPE a chuimsiú.  Le himeacht ama ba mhaith liom go nglacfaí le EPE ar bhonn níos leithne agus go gcuirfear ar fáil é i níos mó agus níos mó i seomraí cúirte.  Táim ag súil leis an méid atá le rá ag Lorcan a chloisteáil, bunaithe ar a thaithí féin ar chuid de na mórchásanna sin.

Níos déanaí ar maidin cloisfimid ón gCoimisinéir Cúnta le haghaidh Oibríochtaí Speisialta i gcoinne Coireachta John O’Driscoll ón nGarda Síochána ar na dúshláin a bhaineann leis an gcoireacht a chomhrac. Tá flúirse taithí ag John le labhairt faoi ar a thopaic ag am ag a  ndeachaigh a lán cásanna i ndáil le coireacht eagraithe trí na cúirteanna nó ag a bhfuil siad ag dul trí na cuairteanna.  Molaim an Garda Síochána as a n-obair dhíograiseach as réimse sin agus as an rath imscrúdaitheach a bhí acu.

Ar deireadh, déileálfaidh an tOllamh Tom O’Malley B.L. agus an Coimisinéir um Athchóiriú Dlí le ceann dá lear mór réimsí saineolais, agus é sin pianbhreitheanna.  Pléifidh sé inter alia an treoir maidir le pianbhreitheanna in Éirinn (lena n-áirítear go déanaí ar dhúnorgain) agus na himpleachtaí a bhaineann le treoirlínte maidir le pianbhreitheanna san acht le déanaí, an tAcht um Chomhairle Bhreithiúnach 2019.

Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun ár bpleananna a chur ar aghaidh laistigh den Oifig ina ndéileáiltear le cásanna cionta gnéasacha. D’fhógair mé an mhí seo caite go mbeadh Aonad tiomanta Cionta Gnéasach á bhunú againn le linn 2020. Rinneadh anailís ina dhiaidh sin ar na tairbhí a bhaineann le haonad amháin a bheith ann chun déileáil le cionta gnéasach ón gcinneadh go dtí an t-ionchúiseamh go dtí conclúid na trialach. Déantar céimeanna éagsúla den phróiseas ionchúisimh a bhainistiú faoi láthair laistigh d’aonaid éagsúla. Bíonn sé sin an-éifeachtach de ghnáth agus cuireann na baill foirne ardleibhéal gairmiúlachta agus tiomantais ar fáil dá gcásanna.  Ní chiallaíonn sé sin easpa leanúnachais, áfach, maidir le cásanna an-íogair agus an-chasta a láimhseáil agus chinn mé go rachadh athrú ar chur chuige chun tairbhe na n-íospartach ar an iomlán.

Tá an-sásta go bhfuair an Oifig tacaíocht ón Rialtas chun tús a chur le bunú an aonaid le linn 2020, agus tá maoiniú iomlán ar fáil do 2021. Toisc go mbeidh an modh oibre sin níos déine ar acmhainní táim sásta chomh maith gur ceadaíodh 10 bpost. Tá sé beartaithe go ndéanfar na cionta gnéasach ar fad a ionchúiseofar sa Phríomh-Chúirt Choiriúil agus i gCúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath a bhainistiú ó thús go deireadh laistigh den aonad úr sin. Lena chois sin, déanfaidh an t-aonad cinntí ionchúiseacha maidir le gach cion gnéasach a thionscnófar lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Beidh sé i gceannas ar gach beartas a shocrú maidir le gach gné a bhaineann leis na cásanna sin ar fud na tíre, agus go sonrach na cúrsaí ar fad a bhaineann le heispéireas na n-íospartach sa phróiseas. Táim dearfach go gcuirfear feabhas ar an tseirbhís a fhaigheann íospartaigh uainne ón atheagrú sin, ar mórathrú tionscadail é don Oifig. Coinneoimid ar an eolas tú maidir le forbairtí.

Sílim go bhfuil sé tráthúil dúinn aistriú sa treo seo ag cur san áireamh an bhéim ar sheirbhísí d’íospartaigh go ginearálta laistigh den phróiseas coiriúil agus ag cur san áireamh an grúpa oibre atá ar bhun faoi láthair faoi chathaoirleacht Tom O’Malley a luadh roimhe seo agus atá thar a bheith gnóthach, chun scrúdú a dhéanamh ar fhinnéithe leochaileacha in imscrúdú agus ionchúiseamh cionta gnéasacha. Guím gach rath air agus a chuid oibre á cur i gcrích aige agus táim ag súil lena mholta a fheiceáil nuair a fhoilseofar iad.

Idir an dá linn leanadh le hobair chun feasacht a mhéadú idir ionchúisitheoirí ar gach beart speisialta atá ar fáil chun cuidiú le híospartaigh trí phróiseas na trialach. Le 9 mí anuas d’eagraigh ár nAonad Íospartach seisiúin oiliúna d’ionchúisitheoirí agus aturnaetha stáit ag suíomhanna éagsúla ar fud na tíre.  D’fhreastail a lán daoine orthu sin agus ba mhaith liom buíochas faoi leith a ghabháil le Caroline Biggs S.C as an méid a chuir sí go han-fhlaithiúil leis an oiliúint sin.

Sula críochnaím ba mhaith liom ár comh-ionchúisitheoir Noel Whelan SC a fuair bás i mí Iúil na bliana seo a luadh.  Chroith a bhás roimh am ag 50 bliain d’aois muid ar fad.  Comhbhrón ó chroí lena bhean chéile Sinéad, lena mhac Séamus, lena mháthair agus le clann Whelan.

Ag tráth a bháis bhí a lán fócais ar an bpróifíl náisiúnta, agus gach údar leis, mar thráchtaire polaitiúil, colúnaí, agus straitéisí a raibh meas air agus mar phríomhfheachtasóir sóisialta.  B’fhear fíor-ildánach é agus fear le haghaidh plé ginearálta agus beidh an tsochaí go ginearálta níos boichte mar gheall ar a bhás.  Cuimhnímid air chomh maith, áfach, mar dhlíodóir iontach, mar Abhcóide Sinsearach agus mar ionchúisitheoir ar éirigh leis a chuid gníomhaíochtaí go léir a chur le chéile le gairm an-rathúil ag an mBarra. Bhí sé ina ionchúisitheoir don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ar feadh beagnach 20 bliain, agus rinneadh ionchúisitheoir de do Chontae Loch Garman (a chontae dúchais) agus ionchúisitheoir in 2006 ansin do chontae Phort Láirge atá níos gnóthaí fós in 2008.  Maidir leis sin agus gnéithe eile dá shaol a bhí an-lán thug sé seirbhís phoiblí thábhachtach.  Glaodh chun an Bharra Inmheánaigh é anuraidh díreach.

Bhí an-mheas ar fad againn ar Noel mar ionchúisitheoir. Bhí sé críonna agus meáite agus cionta á n-ionchúiseamh aige. Táimid go mór faoi chomaoin aige as an méid a rinne sé i roinnt cásanna tábhachtacha, b’fhéidir gurb é an ceann is tábhachtaí DPP i leith. JC a thionscain i bPort Láirge agus a tugadh chun críche sa Chúirt Uachtarach in 2015.  D’athbhreithnigh sé an dianriail eisiatach a bhí leagtha síos in DPP i leith Kenny IR199 agus d’fhorbair sé riail úr eisiatach maidir le hinghlacthacht fianaise.  Thug Neol a intleacht agus a chríonnacht mhór chuig an gcás sin mar a thug sé i ngach cás eile. Tá a lán ráite faoi fhlaithiúlacht mhór Noel agus is féidir liom an fhlaithiúlacht sin lena am, lena chomhairle agus lena thacaíocht a dhearbhú go pearsanta.  Go ndéana Dia trócaire air.

Ar deireadh, mar is gnách, ba mhaith liom buíochas a ghabháil libhse ar fad, foireann na hOifige, lenár n-aturnaetha stáit ar fad agus leis an gcuid mhór abhcóidí neamhspleácha a dhéanann ionadaíocht ar son an ionchúisimh, as bhur dtiomantas leanúnach agus bhur n-obair chrua. Táimid fíorbhuíoch as. Ba mhaith liom fáilte ar leith a chur roimh ár nAturnaetha Stáit úra agus leis an abhcóide ionchúisimh chuig a gcéad chomhdháil.

Buíoch chomh maith le Orlagh Flood, Kevin Graham, Patrick Morrissey, Grace Stenson agus Joseph O’Connor a d’eagraigh an chomhdháil seo.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil chomh maith leis na páirtithe leasmhara eile sa Chóras Ceartais Choiriúil, a bhfuil a lán acu anseo inniu, as bhur tacaíocht agus comhoibriú leanúnach linn.

Go raibh maith agaibh as bhur aird agus tá súil agam go mbainfidh siad sult as an gcomhdháil.