Céim 1: Seolann na Gardaí comhad chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
Nuair a dhéanann an Garda Síochána (na Gardaí) imscrúdú ar choir, seolann siad comhad chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ina dtugtar sonraí faoin gcoir agus faoin imscrúdú. Is féidir leis na Gardaí a mholadh sa chomhad go dtriailfí an cion sa Chúirt Choiriúil Speisialta Má dhéanann siad amhlaidh, ní mór dóibh tuarascáil mhionsonraithe i scríbhinn a chur isteach ina luaitear an fáth a bhfuil sé sin á dhéanamh acu.
Tugann na Gardaí breac-chuntas ar a gcuid eolais oibríochta agus ar a gcuid faisnéise faoi na nithe seo a leanas:
- cúlra aon duine a mheastar a bheith páirteach (amhrastaigh);
- aon eagraíocht choiriúil nó neamhdhleathach nó aon ghrúpa coireachta eagraithe a gcreidtear go bhfuil baint ag na amhrastaigh leo; agus
- cén fáth a gcreideann na Gardaí go bhféadfadh an eagraíocht nó an grúpa cur isteach ar ghiúiré, dá leanfadh an cás ar aghaidh os comhair na gnáthchúirteanna.
Céim 2: Déanann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí athbhreithniú ar an gcomhad
Nuair a fhaigheann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (DPP) moltaí ó na Gardaí chun ionchúiseamh a dhéanamh sa Chúirt Choiriúil Speisialta, déanann líon beag dlíodóirí sinsearacha in Oifig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí athbhreithniú orthu. Áirítear leis sin cásanna a bhaineann le cionta sceidealaithe agus neamhsceidealaithe araon.
Más gá, rachaidh Oifig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i dteagmháil leis na Gardaí má theastaíonn tuilleadh eolais uathu nó soiléiriú ar aon sonraí.
Céim 3: Cinneann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cén chúirt ar cheart di an cás a éisteacht
Déantar gach cás aonair a scrúdú agus a mheasúnú de réir a fhíricí agus a chúinsí sonracha de réir an dlí mar atá leagtha amach san Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cinneadh a dhéanamh an bhfuil na gnáthchúirteanna leordhóthanach chun riaradh éifeachtach an cheartais a chinntiú agus chun síocháin agus ord poiblí a chaomhnú. Cinneann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, nó dlíodóir sinsearach arna tharmligean ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, cibé an gcuirtear cás ar aghaidh chuig an gCúirt Choiriúil Speisialta nó nach gcuirtear.
Cuirtear an chuid is mó de na cionta sceidealta ar aghaidh chun trialach sna gnáthchúirteanna.