Aithníonn Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí a thábhachtaí atá sé a chinntiú go bhfuil ár suíomh Gréasáin inrochtana don phobal is leithne agus is féidir, lena n-áirítear daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas a bhfuil teicneolaíocht chúnta in úsáid acu.  Dearadh ár suíomh Gréasáin chun go mbainfeadh sé leibhéal comhréireachta Dhá A ar a laghad amach, de réir na dTreoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán ón Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasáin.

Méid an Téacs a Athrú

Is coibhneasta atá méid an téacs ar ár suíomh Gréasáin.  Má mhéadaíonn/laghdaíonn tú an zúmáil nó an cló ar an leathanach, athróidh an t-ábhar ar an suíomh Gréasáin ag an am céanna.

Áiseanna Nascleanúna

  • Tá nasc mionrianaithe ar fáil ag barr gach leathanaigh chun cabhrú leat an suíomh a nascleanúint
  • Is féidir leat úsáid a bhaint as an eochair Táb ar do mhéarchlár chun aistriú ó nasc amháin chuig an gcéad cheann eile
  • Is féidir leat úsáid a bhaint as an nasc Scipeáil Nascleanúint i gceanntásc an tsuímh chun an nascleanúint a scipeáil agus chun dul go díreach chuig an bpríomhábhar ar gach leathanach

Íomhánna

Tá tréithe tuairisciúla (ALT) ar áireamh i ngach ábhar agus i ngach ábhar maisiúil ar an suíomh seo. Soláthraítear teidil ALT anseo chun míniú a thabhairt ar an ábhar nó ar chuspóir na híomhá atá i gceist.

Dathanna

Tá na dathanna a úsáidtear ar an suíomh Gréasáin seo bunaithe ar na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán.

Déan Teagmháil Linn

Má thagann tú ar aon deacrachtaí le linn duit ár suíomh Gréasáin a úsáid, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig accessofficer@dppireland.ie. Cabhróidh aon aiseolas a gheobhaimid linn feabhsuithe a dhéanamh ar ár suíomh.