27 October 2021

Tá Catherine Pierse Uasal ceaptha ag an Rialtas ar an gcéad Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí eile. Tiocfaidh Catherine Pierse i gcomharbacht ar an Stiúrthóir reatha, Claire Loftus, nuair a chríochnóidh sí a téarma oifige an 7 Samhain seo chugainn.

Tá taithí os cionn 20 bliain ag Catherine Pierse mar aturnae cleachtach i raon róil dlí coiriúil agus rialála.  Thosaigh sí le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí mar Cheann na Rannóige Seirbhísí Tacaíochta Ionchúisimh in 2018.  Roimhe seo bhí róil an Cheann Dlí agus Beartais san Údarás Póilíneachta ag Catherine; Dlíodóir Forfheidhmithe Sinsearach i mBanc Ceannais na hÉireann; agus Comhairleoir Dlí i gCoimisiún Ombudsman an Gharda Síochána.  Cuireadh oideachas uirthi i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, cháiligh Catherine mar aturnae i 2001.

27 Deireadh Fómhair 2021