25 January 2024

Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ag earcú Ionchúisitheoirí faoi láthair.

An bhfuil tú cáilithe, nua-cháilithe, ar tí cáiliú mar Aturnae nó mar Abhcóide? An bhfuil tú spreag chun seirbhís ionchúisimh a bheith cothrom, neamhspleách agus éifeachtach a sholáthar ar son mhuintir uile na hÉireann? Más é ‘Tá’ an freagra ar na ceisteanna thuas, d’fhéadfadh sé seo ann díreach ar do shon.

Ní mór do gach iarrthóir, faoin Dé Céadaoin, 28ú Feabhra 2024 nó roimh ré a bheith cláraithe mar Aturnae sa Stát, nó, glaodh chun an Bharra faighte acu. Ní mór d’iarrthóirí freisin, taithí ar chleachtas (le linn oiliúna nó iarcháilíochta) a bheith acu i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas, Dlí um Rialáil Choiriúil nó Forfheidhmiú, Dlí Riaracháin, Bunreachtúil nó Eorpach, Dlíthíocht agus/nó dlíthíocht a bhaineann le comhlachtaí poiblí agus Dlí Fostaíochta. Stair mhaith acu maidir le torthaí a chur i gcrích go héifeachtach, go háirithe i bhfoirm líon cásanna s’acu a bhainistiú. Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta ar ardleibhéal acu agus tuiscint ar an dóigh chun plé a dhéanamh le páirtithe leasmhara seachtracha. Scileanna láidir anailíse agus cinnteoireachta. Taithí nó cumas le bheith ag obair i dtimpeallacht oifige ríomhairithe, lena n-áirítear úsáid na gcóras leictreonach do chásanna a bhainistiú nó aon fheidhmchlár TFC eile le haghaidh cleachtas dlí.

Cuirfear an comórtas i gcrích de réir na gcód cleachtais atá foilsithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí agus atá ar fáil ag www.cpsa.ie.

Le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, léigh an Leabhrán Faisnéise le do thoil.

Ba cheart d’iarratasóirí a bhFoirm Iarratais a chur ar aghaidh go leictreonach chuig: recruitment@dppireland.ie le teacht tráth nach déanaí ná 3:30pm Dé Céadaoin 14 Feabhra 2024.

Tá faisnéis faoi Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil anseo ar an suíomh Gréasáin seo.