Skip Navigation

Conas Iarraidh ar Chúiseanna agus Athbhreithnithe

Mínítear sa bhileog seo conas iarraidh ar chúiseanna a bhí le cinntí agus ar athbhreithnithe ar chinntí nuair a dhéanann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (an DPP) an cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh.

 

1. Cén fhaisnéis ar féidir iarraidh uirthi má dhéanann an DPP an cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh?

Féadfaidh tú iarraidh ar an DPP ar achoimre ar na cúiseanna a bhí le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh.  Mura bhfuil tú sásta leis na cúiseanna, féadfaidh tú iarraidh ar an DPP chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh. 

 

Cliceáil anseo chun íoslódáil an FHOIRM IARRATAIS a iarraidh achoimre ar chúiseanna (nuair a dhéanann an DPP an cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh)

 

2. Cé ar féidir leis iarraidh ar an bhfaisnéis seo?

Féadfaidh tú iarraidh ar an DPP ar na cúiseanna a bhí le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh nó ar athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin:

  • más íospartach na coireachta thú;
  • más duine muinteartha de chuid íospartaigh i cás marfach thú;
  • más aturnae thú atá ag gníomhú thar ceann ceachtar de na daoine thuas.

Ní féidir leat fiafraí, áfach, ach faoi chinntí a rinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh:   

  • an 16 Samhain 2015 nó ina dhiaidh sin; agus
  • i gcásanna marfacha ina bhfuair duine bás an 22 Deireadh Fómhair 2008 nó ina dhiaidh sin.

3. An dtabharfaidh an DPP cúiseanna i ngach cás?

Ní thabharfaidh.  Má rinne na Gardaí an cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh, féadfaidh íospartach iarraidh ar na Gardaí achoimre ar na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh a thabhairt dóibh.

Ní féidir leis an DPP cúiseanna a thabhairt a bhí le cinntí a rinneadh i gcásanna ina ndéileáiltear leis an té a bhfuil amhras faoi/fúithi faoi Scéim um Rabhadh Aosach an Gharda Síochána nó faoin gClár Athstiúrtha Ógánach.  Chomh maith leis sin, ní féidir leis an DPP cúiseanna a thabhairt a bhí le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh dá ndéanfaí an méid a leanas tríd an bhfaisnéis a thabhairt:

  • cur isteach ar imscrúdú leanúnach coiriúil;
  • dochar a dhéanamh do chás cúirte amach anseo;
  • sábháilteacht phearsanta aon duine a chur i mbaol;
  • slándáil an Stáit a chur i mbaol.

4. Conas a iarraim ar achoimre ar na cúiseanna a bhí le cinneadh a rinne an DPP?

Ní mór duit Foirm Iarrata ar Chúiseanna a chomhlánú agus í a sheoladh chuig ár nAonad Cumarsáide agus Idirchaidrimh Íospartach.   Leagtar na sonraí teagmhála don Aonad amach ar leathanach 10.

Tá an Fhoirm Iarrata ar Chúiseanna ar fáil ar an láithreán gréasáin seo nó is féidir í a fháil ó do Stáisiún Gardaí áitiúil.

 

5. An bhfuil teorainn ama ann chun cúiseanna a iarraidh?

Tá.  Ní mór duit d’iarratas ar chúiseanna a sheoladh laistigh de 28 lá tar éis an dáta a chuirtear ar an eolas thú ar an gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh.   I roinnt cásanna, féadfaidh an DPP an teorainn ama seo a shíneadh.   Ní dhéanfaidh sí é seo ach má tá údar maith ann agus má théann sé chun leasa an cheartais.

 

6. Cé chomh fada a ghlacfaidh sé chun achoimre ar chúiseanna a fháil?

Scríobhfaidh dlíodóir san Aonad Cumarsáide agus Idirchaidrimh Íospartach chugat agus tabharfaidh sé/sí an achoimre ar chúiseanna duit.  Is gnách go dtarlaíonn seo laistigh de 28 lá.  I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé níos faide a ghlacadh.   Má tharlaíonn seo, scríobhfaimid chugat agus cuirfimid ar an eolas thú cathain ar féidir leat súil a bheith leis na cúiseanna atá lenár gcinneadh a fháil.

 

7. Cad a tharlaíonn mura bhfuil mé sásta leis na cúiseanna?

Mura bhfuil tú sásta leis na cúiseanna atá lenár gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh, féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar an gcinneadh.

 

8. Conas is féidir liom iarraidh ar athbhreithniú ar chinneadh a rinne an DPP?

Is féidir leat scríobh chuig an Aonad Cumarsáide agus Idirchaidrimh Íospartach agus a iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar an gcinneadh.  Tá an seoladh ar fáil thíos.

 

9. An bhfuil teorainn ama ann chun athbhreithniú a iarraidh?

Tá.  Má d’iarr tú orainn cúis a thabhairt a bhí lenár gcinneadh, ní mór d’iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh laistigh de 28 lá tar éis an dáta atá ar an litir a chuireann ar an eolas thú ar an gcúis a bhí leis an gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh i do chás.

Murar iarr tú orainn cúis a thabhairt a bhí lenár gcinneadh, féadfaidh tú iarraidh ar athbhreithniú fós féin.  Má dhéanann tú seo, ní mór d’iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh laistigh de 56 lá (8 seachtaine) tar éis an dáta a chuirtear ar an eolas thú ar an gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh.  

I roinnt cásanna, féadfaidh an DPP na teorainneacha ama seo a shíneadh. Ní dhéanfaidh sí é seo ach má tá údar maith ann agus má théann sé chun leasa an cheartais.

 

10. Conas a thugtar faoin athbhreithniú?

Tabharfaidh dlíodóir nach raibh baint aige/aici leis an mbunchinneadh a dhéanamh faoin athbhreithniú. Déanfaidh an dlíodóir seo breithniú ar an bhfianaise go léir arís eile ar aon dul lenár dTreoirlínte d’Ionchúisitheoirí. Nuair a bhíonn an t-athbhreithniú críochnaithe, scríobhfaidh an dlíodóir chugat agus cuirfidh sé/sí ar an eolas tú ar an gcinneadh.

 

11. Cé chomh fada a ghlacfaidh sé chun tabhairt faoi athbhreithniú?

Is gnách go dtabharfar athbhreithniú chun críche laistigh de shé seachtaine tar éis d’iarratas a fháil.  D’fhéadfadh sé níos faide a ghlacadh i gcásanna áirithe casta, áfach.  Má tharlaíonn seo, scríobhfaimid chugat agus cuirfimid ar an eolas thú cathain ar féidir leat súil a bheith leis go ndéanfar cinneadh.

 

12. Cad iad na torthaí féideartha a bhíonn ar athbhreithniú?

dhá thoradh fhéideartha ann nuair a thiteann athbhreithniú ar chinneadh amach gan ionchúiseamh a dhéanamh:

  1. Déanann an t-athbhreithneoir an cinneadh gur cheart an bunchinneadh a aisiompú agus gur cheart ionchúiseamh a dhéanamh. Má tharlaíonn seo, ordóimid na Gardaí chun tús a chur le himeachtaí cúirte a luaithe is féidir.
  2. Déanann an t-athbhreithneoir an cinneadh go bhfuil an bunchinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh i gceart. Más é seo an toradh, níl aon cheart breise ann chun athbhreithniú a dhéanamh.    

13. Conas is féidir liom gearán a dhéanamh?

Mura bhfuil tú sásta le conas a déileáladh le d’iarratas ar chúiseanna nó le d’iarratas ar athbhreithniú, féadfaidh tú scríobh chuig:

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bóthar na hOtharlainne
Baile Átha Cliath 7.

Déileálfar le do ghearán ar aon dul lenár mBeartas Gearán atá ar fáil ar an láithreán gréasáin seo.

 

14. Cár féidir liom teacht ar bhreis faisnéise?

Féadfaidh tú teacht ar bhreis faisnéise ar an mír ‘Íospartaigh agus Finnéithe’ ar an láithreán gréasáin seo. 

Chomh maith leis sin, tá foilseacháin áisiúla ar ár láithreán gréasáin, an méid a leanas san áireamh:

Sonraí teagmhála:

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh lenár nAonad Cumarsáide agus Idirchaidrimh Íospartach ag:

An tAonad Cumarsáide agus Idirchaidrimh Íospartach
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bóthar na hOtharlainne
Baile Átha Cliath 7.

Guthán:  (01) 858 8444
Facs:      (01) 642 7406

 

Tá súil againn go gcabhraíonn an faisnéise seo leat chun míniú a thabhairt ar conas iarraidh ar chúiseanna agus ar athbhreithnithe. Tabhair faoi deara, le do thoil, ní dhéileálann sé le gach uile chás féideartha agus ní thugtar comhairle dlí ann. Má cheapann tú go dteastaíonn comhairle dlí uait, ba cheart duit labhairt le haturnae.

 

 

 

 

عربي (Arabic)

中文 (Mandarin)

(pdf - 419kb) ﻛﻴﻒ ﺗﻄﻠﺐ اﻷﺳﺒﺎب و إﻋﺎدة اﻟﻨﻈﺮ

(pdf - 158kb) نموذج الطلب (ﻃﻠﺐ ﻣﻠﺨﺺ ﻟﻸﺳﺒﺎب)

如何获得DPP做 出不起诉决定 的理由以及提 出复议请求 (pdf - 330kb)

申请表 (理由综述请求) [pdf - 58kb]

ESPAÑOL (Spanish)

POLSKI (Polish)

Cómo solicitar motivos y revisiones (pdf - 118kb)

Formulario de aplicación (Solicitud de resumen de motivos) (pdf - 199kb)

Jak wnosić o podanie powodów decyzji lub o ponowne jej rozpatrzenie [pdf - 125kb]

Forma Aplikacji (Wniosek o streszczenie powodów decyzji) [pdf - 109kb]

FRANÇAIS (French)

PORTUGUÊS (Portuguese)

Comment demander des motifs et un réexamen (pdf - 123kb)

Formulaire de demande (Demande pour un résumé des motifs) - pdf 74kb

Como requerer justificações e revisões [pdf - 120kb]

Formulário de aplicação (Requerimento de Resumo de Justificações) [pdf - 203kb]

LATVIEŠU (Latvian)

РУССКИЙ (Russian)

Kā pieprasīt lēmuma iemeslus un pārskatīšanu (pdf - 118kb)

Pieteikuma forma (Pieprasījums iemeslu pārskatam) - pdf 101kb

Как запрашивать основание и пересмотр [pdf - 129kb]

Заявка на участие (Запрос на обоснования) [pdf - 109kb]

LIETUVIŲ (Lithuanian)

ROMÂNEаTE (Romanian)

Kaip kreiptis dėl peržiūros ir informacijos apie priežastis (pdf - 120kb)

Prašymo forma (Prašymas pateikti priežasčių santrauką) - pdf 106kb

Cum să solicitaţi o motivare şi o revizuire [pdf - 119kb]

Formular de aplicare (Solicitare rezumat motivare) [pdf - 104kb]

 

 

get Adobe Rader