Skip Navigation

Conas a dhéanaimid cinntí faoi ionchúisimh

Tá an cinneadh faoi cé acu ionchúiseamh a dhéanamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh an-tábhachtach.

Má dhéanaimid an cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh, is féidir leis bheith ina údar le suaitheadh agus strus mór d’íospartaigh agus do theaghlaigh.  Ar an taobh eile den phingin, má ionchúisítear duine agus má dheimhnítear ina dhiaidh sin go bhfuil siad neamhchiontach, féadfaidh sé díobháil a dhéanamh dá gcáil agus féadfaidh siad bheith thíos le go leor díobhála. Mar sin, is gá dúinn breithniú an-chúramach a dhéanamh ar cé acu ionchúiseamh a dhéanamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh.

 

1. Cé a dhéanann an cinneadh?

Déanann an DPP nó duine dá dlíodóirí an cinneadh cé acu ionchúiseamh a dhéanamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh i gcásanna tromchúiseacha coiriúla, ar nós dúnmharú, dúnorgana, cionta gnéasacha nó teagmhais mharfacha bhóithre.

Tá Oifig an DPP neamhspleách. Ciallaíonn seo nach féidir le haon duine nó comhlacht eile, ar nós an Rialtais, sinn a threorú chun ionchúiseamh a dhéanamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh in aon chás ar leith.

 

2. Conas a dhéanaimid cinneadh?

Nuair a dhéanaimid cinntí, leanaimid na treoirlínte a leagtar amach inár dTreoirlínte d’Ionchúisitheoirí. Chomh maith leis sin, ní mór d’ionchúisitheoirí na caighdeáin a leagtar amach sa Cód Eitice d’Ionchúisitheoirí a leanúint. Cabhraíonn an dá cheann de na cóid chleachtais seo a chinntiú go bhfuil ár gcinntí cothrom agus comhsheasmhach.

 

3. Cad a ndéanaimid breithniú air?

Nuair a dhéanaimid cinneadh, ní mór dúinn na ceisteanna a leanas a chur orainn féin:

  • an bhfuil an fhianaise láidir a dhóthain chun ionchúiseamh a dhéanamh sa chás?;
  • agus má tá,
  • an dtéann sé chun leasa an phobail an cás a thabhairt chun na cúirte?

 

4. Conas a dhéanaimid breithiúnas ar láidreacht na fianaise?

Ní mór dúinn bheith sásta go bhfuil an fhianaise láidir a dhóthain sula ndéanaimid an cinneadh chun ionchúiseamh a dhéanamh.

Ciallaíonn seo go ndéanaimid scrúdú ar an bhfianaise féachaint an bhfuil sí:

  • inghlactha (ceadaithe sa chúirte);
  • iontaofa; agus
  • leordhóthanach lena thaispeáint go ndearna an té a bhfuil amhras faoi/fúithi cion coiriúil.

Ina theannta sin, is gá dúinn breithniú a dhéanamh, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil, ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil deis réasúnta ann go ndéanfar ciontú.

Is gá don fhianaise a bheith láidir a dhóthain ionas go bhféadfadh giúiré cinneadh a dhéanamh gan amhras réasúnach go bhfuil an té a bhfuil amhras faoi/fúithi ciontach sa chion a gcúisítear iad ina leith.  Tá caighdeán an-ard le baint amach le bheith in ann cás a chruthú ‘gan amhras réasúnach’.

Nuair a dhéantar breithniú ar an bhfianaise, ní mór dúinn breithniú a dhéanamh ar roinnt tosca. Mar gheall go bhfuil gach cás éagsúil, ní féidir linn liosta iomlán a thabhairt de gach rud is féidir a chur i gcuntas, ach seo a leanas roinnt samplaí den mhéid a ndéanaimid breithniú air:

  • éagsúlachtaí san fhianaise a thugann finnéithe;
  • cé acu an bhfuil nó nach bhfuil fianaise neamhspleách ann chun tacú leis an méid a deir finné;
  • cé acu an bhfuil nó nach bhfuil cuntas finné iontaofa;
  • cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na finnéithe ar fáil chun fianaise a thabhairt sa chúirt;
  • má tá sainaithint an té a bhfuiltear in amhras faoi/fúithi ina shaincheist, cé acu an bhfuil nó nach bhfuil fianaise an fhinné a mhaíonn gur féidir leo an té a bhfuil amhras faoi/fúithi a shainaithint iontaofa;
  • cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an fhianaise atá ar fáil inghlactha (ceadaithe) sa chúirt.

5. Conas a dhéanaimid cinneadh má théann sé ‘chun leasa an phobail’ ionchúiseamh a dhéanamh?

Fiú má tá dóthain fianaise ann, ní mór don DPP cinneadh a dhéanamh, chomh maith, ar cé acu an dtéann nó nach dtéann sé chun leasa an phobail ionchúiseamh a dhéanamh.

Nuair a dhéantar breithniú ar leas an phobail, ní mór don DPP roinnt tosca a chur san áireamh, leasanna an íospartaigh, an té a bhfuil amhras faoi/fúithi agus an pobal níos fairsinge ina measc.

Is soiléir go dtéann sé chun leasa an phobail a chinntiú go ndéantar an té a rinne leatrom a ionchúiseamh, a chúiseamh agus chun pionós a ghearradh air/uirthi nuair a dhéantar coir. Dá thromchúise an choir agus dá láidre an fhianaise, is é is dóichí go rachaidh sé chun leasa an phobail chun ionchúiseamh a dhéanamh.

Nuair a dhéantar measúnú ar leas an phobail, déanaimid breithniú ar thosca ar nós an mhéid a leanas:

  • tromchúise na coire;
  • an tionchar a imrítear ar an íospartach;
  • aois agus cúinsí pearsanta an íospartaigh agus an té a bhfuil amhras faoi/fúithi;
  • tionchar an ionchúisimh ar an té a bhfuil amhras faoi/fúithi agus an t-íospartach;
  • an baol go ndéanfaidh an té a bhfuil amhras faoi/fúithi athchiontú;
  • na roghanna eile ar ionchúiseamh (más ann dóibh).

Samplaí de dhá rogha ar ionchúiseamh iad:

  1. an Scéim um Rabhadh Aosach, inar féidir leis na Gardaí rabhadh a thabhairt do dhuine 18 mbliana d’aois nó os a chionn, seachas iad a ionchúiseamh, i gcásanna áirithe; agus

  2. an Clár Athstiúrtha Ógánach, nuair a thugtar rabhadh do dhuine faoi bhun 18 mbliana d’aois agus go bhféadfaidh na Gardaí é/í a mhaoirsiú ar feadh tréimhse ama.

Féadfaidh tú teacht ar fhaisnéis níos mionsonraithe faoi bhreithniúcháin leas an phobail inár dTreoirlínte d’Ionchúisitheoirí ar an láithreán gréasáin seo.

 

6. An dtugaimid cúiseanna lenár gcinntí gan ionchúiseamh a dhéanamh?

Tugaimid. Má dhéanaimid an cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh, féadfaidh íospartach iarraidh orainn ar achoimre ar na cúiseanna a bhí lenár gcinneadh. Baineann seo le gach cinneadh a dhéantar an 16 Samhain 2015 nó ina dhiaidh sin.

I gcásanna ina bhfuair an t-íospartach bás, féadfaidh duine muinteartha an íospartaigh éagtha iarraidh orainn ár gcúiseanna a thabhairt lenár gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh. Baineann seo le gach cás ina bhfuair duine bás an 22 Deireadh Fómhair 2008 nó ina dhiaidh sin.

Má rinne na Gardaí an cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh, féadfaidh íospartach iarraidh ar na Gardaí achoimre ar na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh a thabhairt dóibh.

 

7. Conas a iarraim ar achoimre ar na cúiseanna a bhí le cinneadh a rinne an DPP?

Féadfaidh tú iarraidh ar achoimre ar na cúiseanna a bhí le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh trí Fhoirm Iarrata ar Chúiseanna a chomhlánú. Tá an fhoirm ar fáil ar an láithreán gréasáin seo www.dppireland.ie nó is féidir í a fháil ó do Stáisiún Gardaí áitiúil.

Ní mór duit iarratas a dhéanamh laistigh de 28 lá tar éis an dáta a chuirtear ar an eolas thú ar an gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh.  I roinnt cásanna, féadfaidh an DPP an teorainn ama seo a shíneadh.  Ní dhéanfaidh sí é seo ach má tá údar maith ann agus má théann sé chun leasa an cheartais.

 

8. An féidir liom iarraidh ar an DPP athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh?

Is féidir le daoine áirithe iarraidh ar an DPP athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh. Ina measc seo, tá:

  • íospartach na coireachta;
  • duine muinteartha de chuid íospartaigh i gcás marfach;
  • aturnae atá ag gníomhú thar ceann ceachtar de na daoine thuas.

9. Conas is féidir liom iarraidh ar athbhreithniú ar chinneadh a rinne an DPP?

Más mian leat iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar chinneadh a rinne an DPP, is féidir leat scríobh chuig ár nAonad Cumarsáide agus Idirchaidrimh Íospartach ag an seoladh thíos.

 

10. An bhfuil teorainn ama ann chun athbhreithniú a iarraidh?

Tá. Má d’iarr tú orainn cúis a thabhairt a bhí lenár gcinneadh, ní mór d’iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh laistigh de 28 lá tar éis an dáta atá ar an litir a chuireann ar an eolas thú ar an gcúis a bhí leis an gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh i do chás.

Murar iarr tú orainn cúis a thabhairt a bhí lenár gcinneadh, féadfaidh tú iarraidh ar athbhreithniú fós féin.  Má dhéanann tú seo, ní mór d’iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh laistigh de 56 lá (8 seachtaine) tar éis an dáta a chuirtear ar an eolas thú ar an gcinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh.

I roinnt cásanna, féadfaidh an DPP na teorainneacha ama seo a shíneadh.  Ní dhéanfaidh sí é seo ach má tá údar maith ann agus má théann sé chun leasa an cheartais.

 

11. Cár féidir liom teacht ar bhreis faisnéise?

Féadfaidh tú teacht ar bhreis faisnéise faoi conas a oibrímid ar an láithreán gréasáin seo.

Chomh maith leis sin, féadfaidh tú teacht ar na foilseacháin a leanas ar ár láithreán gréasáin:

12. Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh le hOifig an DPP?

Is iad ár sonraí teagmhála:

An tAonad Cumarsáide agus Idirchaidrimh Íospartach
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Bóthar na hOtharlainne
Baile Átha Cliath 7.

Guthán:  (01) 858 8444 (líne dhíreach)
Facs:      (01) 642 7406

 

Tá súil againn go gcabhraíonn an faisnéise seo leat chun míniú a thabhairt ar conas a dhéanaimid cinntí ionchúisimh. Tabhair faoi deara, le do thoil, ní dhéileálann sé le gach uile chás féideartha agus ní thugtar comhairle dlí ann. Má cheapann tú go dteastaíonn comhairle dlí uait, ba cheart duit labhairt le haturnae.

 

 Arabic(Arabic)  [pdf - 289kb]  中文 (Mandarin)  [pdf - 313kb]
 ESPAÑOL (Spanish)  pdf - 123kb]  POLSKI (Polish)  [pdf - 131kb]
 FRANÇAIS (French)  [pdf - 126kb]  PORTUGUÊS (Portuguese)  [pdf - 125kb]
 LATVIEŠU (Latvian)  [pdf - 122kb]  РУССКИЙ (Russian)  [pdf - 134kb]
 LIETUVIŲ (Lithuanian)  [PDF - 125kb]  ROMÂNEаTE (Romanian)  [pdf - 123kb]

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

get Adobe Rader