- Baile
- Maidir linne
- Déan Teagmháil Linn
- Treoir Ghearr maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil
- Foilseacháin
- Íospartaigh & Finnéithe
- Slí Bheatha in Oifig an DPP
- Na Meáin
- Saoráil Faisnéise
- Naisc
An Cinneadh Cás a Ionchúiseamh
Tá an cinneadh an ndéanfar nó nach ndéanfar cás a ionchúiseamh fíor-thábhachtach. Má dhéantar duine a ionchúiseamh agus má fhaightear neamhchiontach é níos déanaí, d’fhéadfaidís fulaingt go mór. Ar an taobh eile den scéal, d’fhéadfadh an t-íospartach a bheith trína chéile agus faoi strus mura ndéantar cása ionchúiseamh. Ní mór don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí mar sin breithniú a dhéanamh go cúramach cibé an ndéanfar nó nach ndéanfar cás a ionchúiseamh.
Ta gach cás ar leithligh agus ní mór breithniú a dhéanamh air as féin. Níl aon fhoirmle shimplí ann a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun freagra simplí a thabhairt ar na ceisteanna a bhíonn os comhair an ionchúisitheora. Ach tá prionsabail ghinearálta ann a chaithfidh an t-ionchúisitheoir a chur i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh aige an ndéanfar nó nach ndéanfar cás a ionchúiseamh. Tá siad seo leagtha amach i gCaibidil 4 de na Treoirlínte d’Ionchúisitheoirí a fhoilsíonn an Oifig sin. Tá an chaibidil leagtha amach sa chuid seo den láithreán gréasáin ionas lena léiriú cad is cóir don ionchúisitheoir a bhreithniú sula ndéantar cinneadh.
An Cinneadh Maidir le hIonchúiseamh an Dhéanamh (PDF - 157.3KB)
