- Baile
- Maidir linne
- Déan Teagmháil Linn
- Treoir Ghearr maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil
- Foilseacháin
- Íospartaigh & Finnéithe
- Slí Bheatha in Oifig an DPP
- Na Meáin
- Saoráil Faisnéise
- Naisc
An Clár um Dhíolúine Cairtéil
-
An Clár um Dhíolúine Cairtéil (PDF - 53.1KB)
Tugann an fógra seo imlíne ar an bpolasaí agus na nósanna imeachta a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó ionchúiseamh i gcionta coiriúla faoi na hAchtanna Iomaíochta, 1991 agus 1996.
Tá dul sa tóir ar chairtéil aitheanta mar ard-tosaíocht ag an Údarás Iomaíochta (an tÚdarás). Bíonn iompar cairtéil beagnach i gcónaí dochrach do thomhaltóirí mar gurb é an toradh a bhíonn air go gcaitheann siad níos mó a íoc ná ba chóir dóibh ar earraí agus seirbhísí. Baineann uisce faoi thalamh le cairtéil de réir a nádúir. Bíonn na rannpháirtithe rúnmhar agus tá de cháil ar chairtéil lárnacha go bhfuil sé deacair iad a bhrath agus iad a ionchúiseamh go rathúil. Spreagann an clár seo féin-tuairisciú ó chiontóiri faoi chairtéil mhídhleathacha chomh luath agus is féidir.
Soiléiríonn an fógra seo polasaí an Údaráis agus an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí i mbreithniú na n-iarratas ar dhíolúine i gcásanna féin-tuairiscithe den sórt sin. Tugann sé imlíne chomh maith ar an bpróiseas trína gcaithfidh páirtithe comhoibriú le bheith incháilithe do dhíolúine.
Tháinig an Clár seo i bhfeidhm an 20ú Nollaig 2001.
