- Baile
- Maidir linne
- Déan Teagmháil Linn
- Treoir Ghearr maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil
- Foilseacháin
- Íospartaigh & Finnéithe
- Slí Bheatha in Oifig an DPP
- Na Meáin
- Saoráil Faisnéise
- Naisc
Cad a tharlaíonn nuair a théann comhad go dtí an DPP?
Is cinneadh fíor-thábhachtach é an ndéanfar nó nach ndéanfar cás a ionchúiseamh. D’fhéadfadh sé an-dochar a dhéanamh don duine a ionchúisítear agus a gheobhfaí neamhchiontach ag tráth níos déanaí. Ach d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh an cinneadh gan cás a ionchúiseamh isteach go mór ar an bpáirtí éagóirithe agus é/í a chur faoi an-strus. Dá bhrí sin caithfidh an DPP breithniú go han-chúramach an ndéanfar nó nach ndéanfar cás a ionchúiseamh.
Tá an DPP neamhspleách le linn feidhmeanna an phoist a chomhlíonadh. Ciallaíonn sé sin nach féidir leis an Rialtas nó leis na Gardaí a thabhairt ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblíionchúiseamh a thionscnamh in aon chás áirithe ná ní féidir leo cosc ar chur ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí déanamh amhlaidh.
Conas a dhéanann an DPP cinneadh maidir le hionchúiseamh?
Cad iad na cúiseanna a socródh an DPP gan ionchúiseamh a dhéanamh maidir le cás?
Cá fhad a thógann sé ar an DPP cinneadh a dhéanamh?
An ndéanann an DPP cásanna a ionchúiseamh thar ceann íospartach coireachta?
An dtugann an DPP cúiseanna lena chinntí?
An féidir cinneadh a dhéanann an DPP a athrú?
An féidir le híospartach coire bualadh le duine d’fhoireann an DPP chun cinneadh áirithe a phlé?
An féidir le duine den phobal eolas atá ar chomhad ionchúisimh a fháil trí iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997?
-
Conas a dhéanann an DPP cinneadh maidir le hionchúiseamh?
Nuair a bhíonn imscrúdú na nGardaí críochnaithe cuirtear comhad chuig an DPP. Ní mór don ionchúisitheoir an comhad a léamh go han-chúramach agus cinneadh a dhéanamh féachaint an bhfuil dóthain fianaise ann le cur os comhair na cúirte. Caithfidh an breitheamh nó an giúiré a bheith cinnte thar amhras réasúnach go bhfuil duine ciontach. Ní leor go gceapann siad gur dócha go ndearna an duine cúisithe an rud atá i gceist.
Ar an ábhar sin, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach eolas a bheith ann go bhfuil fianaise neamhspleách ann chun tacú le scéal an pháirtí éagóirithe. D’fhéadfadh ráiteasó fhinné a bheith i gceist, sin nó fianaise ar nós méarlorg nó rian fola a d’fhéadfadh eolas DNA a thabhairt. Nuair a bhíonnfianaise neamhspleách ann bíonn an cás níos láidre i gcomórtas le cás nach bhfuil i gceist ann ach focal duine amháin i gcoinne focal duine eile.
Return to Top -
Cad iad na cúiseanna a socródh an DPP gan ionchúiseamh a dhéanamh maidir le cás?
Easpa fianaise an chúis is minice le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh. Sa chás nach bhfuil dóthain fianaise ann le go mbeadh an chúirtcinnte thar amhras réasúnach go bhfuil duine ciontach, níéireoidh le hionchúiseamh. Ní leor go gcreidfeadh an chúirt scéal an íospartaigh. Ní mór don chúirt an scéal a chreidiúint thar amhras réasúnach.
I líon beag cásanna, cé go mbíonn an fhianaise láidir, déantar cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh ar chúiseanna eile. Mar shampla:
- Sa chás nach bhfuil 18 mbliana slán ag an gciontóir agus más cás é atá oiriúnach le cur faoi bhráid an Chláir Athstiúrtha d’Ógánaigh;
- Sa chás go dtugtar rabhadh do dhuine fásta faoin Scéim Rabhaidh do Dhaoine Fásta maidir le mionchionta seachas ionchúiseamh a dhéanamh; nó
- Sa chás gurb é leas an phobail gan ionchúiseamh a dhéanamh, mar shampla sa chás go bhfuil an ciontóir go dona easlán.
Tugtar cur síos níos mine san fhoilseacháin Treoirlínte d’Ionchúisitheoirí maidir leis an gcaoi a socraíonn an DPP ionchúiseamh a dhéanamh. Is féidir cóip den fhoilseachán sin a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifignó is féidir é a fháil ar an láithreán gréasáin ach cliceáil ar an nasc seo >> Treoirlínte d'Ionchúisitheoirí.
Return to Top -
Cá fhad a thógann sé ar an DPP cinneadh a dhéanamh?
Is cás ar leith gach cás agus ní mór gach cás a bhreithniú go cúramach. Mura bhfuil cás áirithe casta, déanfaidh an DPP cinneadh laistigh de 1 sheachtain de ghnáth. D’fhéadfadh an tréimhse sin a bheith níos faide mar gheall ar na cúiseanna seo a leanas:
- Cásanna casta atá i gceist;
- Tá méid mór fianaisele breithniú;
- Tá níos mó ná duine cúisithe amháin i gceist sa chás;
- Teastaíonn tuilleadh eolais ón DPP sular féidir cinneadh a dhéanamh.
-
An ndéanann an DPP cásanna a ionchúiseamh thar ceann íospartach coireachta?
Déanann an DPP cásanna a ionchúiseamh thar ceann Mhuintir na hÉireann agus ní ar mhaithe le leasanna duine aonair ar leithligh. Ar an ábhar seo, ní hiad tuairimí agus leasanna an íospartaigh amháin a chaithfear a bhreithniú nuair atá cinneadh á dhéanamh i dtaobh ionchúiseamh a dhéanamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh.
Ach cuirfidh an DPP san áireamh i gcónaí na hiarmhairtí don íospartach a ghabhann le cinneadh chun ionchúiseamh a dhéanamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh agus breithneoidh sé aon tuairimí a nochtfaidh an t-íospartach nó teaghlach an íospartaigh.
Return to Top -
An dtugann an DPP cúiseanna lena chinntí?
Nuair a chinneann an DPP gan ionchúiseamh a dhéanamh, tugtar na cúiseanna leis an gcinneadh sin don Gharda Síochána, nó don ghníomhaireacht imscrúdaithe eile i bhformhór na gcásanna. Coinnítear na cúiseanna seo faoi rún. Ní thugann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cúiseanna lena chinntí d'aon pháirtí eile. Tá tacaíocht don pholasaí sin le fáil i roinnt cinntí de chuid na nUaschúirteanna le blianta beaga anuas.
Thug an DPP scéim phíolóta isteach an 22 Deireadh Fómhair, áfach, faoina dtabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh i gcásanna áirithe inar bhásaigh duine mar gheall ar choir líomhnaithe. Tabharfaidh sé cúis lena chinneadh maidir leis na cásanna sin má bhíonn an méid seo a leanas fíor:
- go ndearnadh an choir an 22 Deireadh Fómhair nó ina dhiaidh; agus
- gur duine muinteartha nó duine de líon tí an íospartaigh, nó a ndlíodóir, a ndochtúir nó a n-oibrí sóisialta a iarrann an chúis; agus
- gur féidir leis an DPP cúis a thabhairt gan éagóir a dhéanamh ar aon duine eile, gan dochar a dhéanamh do dhea-chlú an duine mar shampla.
Áirítear iad seo a leanas ar na cásanna inar féidir cúiseanna a thabhairt:
- dúnmharú
- dúnorgain
- bás a tharla san áit oibre
- tionóiscí tráchta bóthair marfacha
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi pholasaí an DPP ar chúiseanna le cinntí a thabhairt ar an láithreán gréasáin - cliceáil ar an nasc seo Tionscadal Cúiseanna
Return to Top
. -
An féidir cinneadh a dhéanann an DPP a athrú?
Tá daoine áirithe ann ar féidir leo a iarraidh ar an DPP athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh atá déanta aige, ina measc:
- Íospartach coire;
- Duine muinteartha le híospartach coire;
- Cúisí;
- Duine muinteartha le cúisí;
Is féidir le dochtúir, dlíodóir nó oibrí sóisialta freisin a iarraidh ar an DPP thar ceann cliant dá gcuid, athbhreithniú a dhéanamh mar gheall ar chinneadh.
Má athraíonn an DPP cinneadh a bhí déanta aige, is iondúil gur mar gheall ar fhianaise nua a fhoilsiú dó an t-athrú.
Return to Top -
An féidir le híospartach coire bualadh le duine d’fhoireann an DPP chun cinneadh áirithe a phlé?
Ní féidir. Ní bhuaileann foireann Oifig an DPP le híospartaigh choireachta chun cinntí a phlé. Ach is féidir le híospartaigh choireachta scríobh chuig Oifig an DPP más mian leo aon phointe a ardú faoi chinneadh áirithe.
Return to Top -
An féidir le duine den phobal eolas atá ar chomhad ionchúisimh a fháil trí iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997?
Ní féidir. Faoi alt 46(1)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, ní féidir aon taifid a scaoileadh seachas taifid a bhaineann le riarachán na hOifige i gcoitinne. Ciallaíonn sé sin nach féidir le daoine den phobal eolas a fháil ó chomhaid a bhaineann le cásanna ar leithligh.
Return to Top