- Baile
- Maidir linne
- Déan Teagmháil Linn
- Treoir Ghearr maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil
- Foilseacháin
- Íospartaigh & Finnéithe
- Comhlíonadh
- Slí Bheatha in Oifig an DPP
- Na Meáin
- Naisc
Íospartaigh & Finnéithe
Más íospartach ó choiriúlacht tú féin nó duine de do mhuintir nó más finné tú ar choir, beidh baint agat leis an gcóras ceartais choiriúil. D’fhéadfadh sé sin cur as duit agus tú a chur trína chéile. D’fhéadfadh sé go bhféachfadh an córas ceartais choiriúil an-chasta, go háirithe nuair a bhíonn tú ag déileáil le tionchair na coire féin.
Tá an chuid seo den láithreán gréasáin atá againn dírithe ar íospartaigh agus ar fhinnéithe agus déantar iarracht freagraí a thabhairt ar na ceisteanna is minice a chuireann daoine orainn. Míníonn an Treoir Ghearr maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil cad a tharlaíonn nuair:
- a thuairiscítear coir
- a chuirtear comhad chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
- a chinneann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an ndéanfar nó nach ndéanfar cás a ionchúiseamh
- a théann cás chun cúirte
Más íospartach nó finné tú, tá súil againn go mbeidh an Treoir úsáideach duit agus go gcabhróidh sí leat tuiscint a fháil ar cén chaoi a bhfeidhmíonn an córas ceartais choiriúil. Is féidir an dá leabhrán eolais atá againn Ról an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus Ag dul chuig an gCúirt mar Fhinné a léamh freisin, áit ina bhfuil an t-eolas céanna agus atá sa Treoir. Tá siad ar fáil ar líne nó is féidir cóipeanna clóbhuailte a iarraidh trí ghlao gutháin ar +353 (0)1 858 8500 nó trí r-phost ag gaeilge@dppireland.ie.
Beidh eolas úsáideach eile le fáil sa chuid seo den láithreán gréasáin, lena n-áirítear Teagmhálacha Úsáideacha agus mionsonraí Chabhairlíne d’Íospartaigh Choire a sholáthraíonn seirbhís tacaíochta d’íospartaigh.
