- Baile
- Maidir linne
- Déan Teagmháil Linn
- Treoir Ghearr maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil
- Foilseacháin
- Íospartaigh & Finnéithe
- Comhlíonadh
- Slí Bheatha in Oifig an DPP
- Na Meáin
- Naisc
An Clár um Dhíolúine Cairtéil
-
An Clár Díolúine maidir le Cairtéil (leasaíodh an 22 Eanáir 2015) (PDF - 191.3KB)
Leagtar amach san fhógra seo an polasaí agus an nós imeachta a ghabhann le hiarratas ar dhíolúine ó ionchúiseamh i gcionta coiriúla faoin Acht Iomaíochta, 2002.
Tá sonraithe ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (an Coimisiún) go bhfuil príomhthábhacht á leagan ar dhul i ngleic le cairtéil. Déanann iompar cairtéil díobháil do thomhaltóirí i mbeagnach gach cás ós é toradh a bhíonn air go mbíonn orthu níos mó a íoc ar earraí agus ar sheirbhísí ná mar ba chóir. Bíonn comhcheilg i gceist le cairtéil, óna gcineál. Bíonn na rannpháirtithe an-rúnda agus tá de cháil ar chairtéil chrua go mbíonn an-deacracht lena dtabhairt chun aire agus ionchúiseamh a dhéanamh ina leith. Leis an gClár seo, spreagtar ciontóirí le féintuairiscíocht a dhéanamh an tráth is luaithe faoi chairtéil mhídhleathacha.
Léirítear go follasach leis an bhfógra seo a bhfuil de pholasaí ag an gCoimisiún agus ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (an DPP) araon maidir le hiarratais ar dhíolúine i gcás féintuairiscíochta den sórt sin a mheas. Leagtar amach go hachomair freisin an próiseas nach mór do na páirtithe aontú comhoibriú a dhéanamh ina leith ionas go mbeifí incháilithe maidir le díolúine.
Tháinig Clár nua i bhfeidhm an 22 Eanáir 2015.
