{"id":10500,"date":"2019-01-24T15:45:39","date_gmt":"2019-01-24T15:45:39","guid":{"rendered":"https:\/\/www.dppireland.ie\/our-organisation\/"},"modified":"2025-10-28T14:47:34","modified_gmt":"2025-10-28T14:47:34","slug":"our-organisation","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/about-us\/our-organisation\/","title":{"rendered":"\u00c1r nEagra\u00edocht"},"content":{"rendered":"<div class=\"wpb-content-wrapper\"><p>[vc_row][vc_column][vc_column_text]Is \u00e9 at\u00e1 san fhaisn\u00e9is th\u00edos n\u00e1 forbhreathn\u00fa ar an obair a dh\u00e9anann gach ceann de na rann\u00f3ga dl\u00ed in Oifig an Sti\u00farth\u00f3ra Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed. M\u00e1s \u00edospartach n\u00f3 finn\u00e9 th\u00fa, is f\u00e9idir go mbeidh fonn ort dul chuig \u00e1r rann\u00e1n su\u00edmh Ghr\u00e9as\u00e1in ar an <a href=\"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/criminal-justice-system\/\"><strong>gC\u00f3ras Ceartais Choiri\u00fail<\/strong><\/a> chun faisn\u00e9is n\u00edos mine a fh\u00e1il faoi na nithe a tharla\u00edonn sna c\u00e1sanna seo:<\/p>\n<ul>\n<li>nuair a thuairisc\u00edtear coir<\/li>\n<li>nuair a sheoltar comhad chuig an Sti\u00farth\u00f3ir Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed<\/li>\n<li>nuair a chinneann an Sti\u00farth\u00f3ir Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed c\u00e1s a ionch\u00faiseamh <strong>n\u00f3<\/strong> gan c\u00e1s a ionch\u00faiseamh<\/li>\n<li>nuair a th\u00e9ann c\u00e1s chun na c\u00fairte<\/li>\n<\/ul>\n<p>[\/vc_column_text]<div id=\"accordion-organisation\" class=\"accordion\">\n    <div class=\"card\">\n    <div class=\"card-header\" id=\"heading-an-rannan-stiurtha\">\n\n        <h2 class=\"mb-0\"><a class=\"collapsed\" href=\"#accordion-organisation-collapse-an-rannan-stiurtha\" data-toggle=\"collapse\" data-target=\"#accordion-organisation-collapse-an-rannan-stiurtha\" aria-expanded=\"false\" aria-controls=\"accordion-organisation-collapse-an-rannan-stiurtha\">An Rann\u00e1n Sti\u00fartha<\/a><\/h2>\n\n    <\/div>\n    <div id=\"accordion-organisation-collapse-an-rannan-stiurtha\" class=\"collapse\" aria-labelledby=\"heading-an-rannan-stiurtha\" data-parent=\"#accordion-organisation\" style=\"\">\n        <div class=\"card-body\">\n            <p>Scr\u00fada\u00edonn na hionch\u00faisitheoir\u00ed sa Rann\u00e1n Sti\u00fartha na comhaid imscr\u00fadaithe agus cinneann siad c\u00e9 acu:<\/p>\n<ul>\n<li>ba cheart n\u00f3 n\u00e1r cheart ionch\u00faiseamh a thionscnamh <strong>n\u00f3<\/strong><\/li>\n<li>ba cheart n\u00f3 n\u00e1r cheart lean\u00faint le hionch\u00faiseamh ar thionscain an Garda S\u00edoch\u00e1na \u00e9<\/li>\n<\/ul>\n<p>Cuirfear in i\u00fal sa chinneadh \u00f3n ionch\u00faisitheoir na c\u00faiseanna, m\u00e1s ann, at\u00e1 le tabhairt os comhair na gc\u00fairteanna.\u00a0 I roinnt c\u00e1sanna, is f\u00e9idir go n-iarrfaidh an t-ionch\u00faisitheoir go dtabharfa\u00ed tuilleadh faisn\u00e9ise agus go nd\u00e9anfa\u00ed imscr\u00fad\u00fa sula nd\u00e9anann s\u00e9\/s\u00ed cinneadh.<\/p>\n<p>Chun ionch\u00faiseamh, is g\u00e1 go bhfuil fianaise ann a <strong>d\u2019fh\u00e9adfadh<\/strong> cur ina lu\u00ed ar ch\u00fairt n\u00f3 ar ghi\u00fair\u00e9 a chinneadh, gan aon amhras r\u00e9as\u00fanach, gur ciontach sa chion at\u00e1 an duine, c\u00e9 nach g\u00e1 go gcuirfeadh s\u00ed ina lu\u00ed air\/uirthi d\u00e9anamh amhlaidh. Tugtar fianaise <em>prima facie<\/em> ar an gcine\u00e1l sin fianaise.<\/p>\n<p>D\u00e9anann an Rann\u00e1n Sti\u00fartha cinnt\u00ed eile freisin, lena n-\u00e1ir\u00edtear cinnt\u00ed ar c\u00e9 acu ba cheart n\u00f3 n\u00e1r cheart:<\/p>\n<ul>\n<li>glacadh le pl\u00e9ad\u00e1lacha ciontacha i gcionta n\u00edos neamh-thromch\u00fais\u00ed<\/li>\n<li>achomhairc a thabhairt chuig c\u00fairteanna n\u00edos uachtara\u00ed (amhail an Ch\u00fairt Achomhairc agus an Ch\u00fairt Uachtarach) maidir le point\u00ed dl\u00ed <strong>n\u00f3<\/strong><\/li>\n<li>athbhreithni\u00fa a lorg ar <a href=\"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/criminal-justice-system\/sentencing-and-appeals\/#accordion-sentencing-collapse-an-feidir-leis-an-dpp-achomharc-a-dheanamh-i-gcoinne-na-pianbhreithe\">phianbhreith at\u00e1 tr\u00f3caireach go m\u00edchu\u00ed<\/a> (i gc\u00e1s go bhfuiltear den tuairim nach raibh an ceart ag an mbreitheamh, de r\u00e9ir an dl\u00ed, pianbhreith \u00e9adrom a thabhairt)<\/li>\n<\/ul>\n<h3><strong>An tAonad um Chionta Tromch\u00faiseacha agus Gn\u00e9asacha <\/strong><\/h3>\n<p>Is sainaonad \u00e9 an tAonad um Chionta Tromch\u00faiseacha agus Gn\u00e9asacha a dh\u00e9ile\u00e1lann le cinnt\u00ed chun ionch\u00faiseamh a dh\u00e9anamh i gc\u00e1sanna gn\u00e9is chomh maith le gach c\u00e1s tromch\u00faiseach a ionch\u00fais\u00edtear sa Phr\u00edomh-Ch\u00fairt Choiri\u00fail n\u00f3 sa Ch\u00fairt Choiri\u00fail Speisialta. D\u00e9ile\u00e1lann an t-aonad seo le:<\/p>\n<ul>\n<li>c\u00faiseanna a ionch\u00fais\u00edtear sa <strong>Phr\u00edomh-Ch\u00fairt Choiri\u00fail<\/strong> (ar a dtugtar an Ard-Ch\u00fairt freisin). \u00c1ir\u00edtear leo sin d\u00fanmhar\u00fa, \u00e9igni\u00fa, agus c\u00faisimh \u00e1irithe ionsaithe gn\u00e9is. Is f\u00e9idir go dtiocfaidh na c\u00e1sanna \u00f3 \u00e1it ar bith sa St\u00e1t. Sanntar thart ar 14 breithi\u00fana chun d\u00e9ile\u00e1il le c\u00e1sanna sa Phr\u00edomh-Ch\u00fairt Choiri\u00fail, an chuid is m\u00f3 i mBaile \u00c1tha Cliath ach f\u00e9adfaidh an Phr\u00edomh-Ch\u00fairt Choiri\u00fail su\u00ed in \u00e1iteanna eile ar n\u00f3s Corcaigh, Port L\u00e1irge, Cill Chainnigh agus Luimneach.<\/li>\n<li>c\u00faiseanna a ionch\u00fais\u00edtear sa <strong>Ch\u00fairt Choiri\u00fail Speisialta<\/strong>. Su\u00edonn an ch\u00fairt seo gan ghi\u00fair\u00e9 agus t\u00e1 <strong>tri\u00far breithi\u00fana<\/strong> aici, a chuims\u00edonn breitheamh amh\u00e1in \u00f3n Ard-Ch\u00fairt, breitheamh amh\u00e1in \u00f3n gC\u00fairt Chuarda agus breitheamh amh\u00e1in \u00f3n gC\u00fairt D\u00faiche de ghn\u00e1th. D\u00e9ile\u00e1lann an Ch\u00fairt Choiri\u00fail Speisialta le:\n<ul>\n<li>cionta a bhaineann le sceimhlitheoireacht, amhail ballra\u00edocht d\u2019eagra\u00edocht neamhdhleathach (IRA n\u00f3 INLA, mar shampla), cionta arm tine agus cionta pl\u00e9asc\u00e1n agus<\/li>\n<li>c\u00faiseanna de chine\u00e1l fearann feadhna i gc\u00e1s go bhfuil imn\u00ed ann go gcuirfear isteach ar ghi\u00fair\u00e9.<\/li>\n<\/ul>\n<\/li>\n<\/ul>\n<h3>An tAonad\u200b Speisialta \u200bum Choireacht Airgeadais<\/h3>\n<p>Is \u00e9 pr\u00edomhr\u00f3l an Aonaid Speisialta um Choireacht Airgeadais coireanna tromch\u00faiseacha eacnama\u00edocha agus corpar\u00e1ideacha a bhreithni\u00fa agus, m\u00e1s g\u00e1, a ionch\u00faiseamh. Oibr\u00edonn siad go pr\u00edomha le <a href=\"https:\/\/www.garda.ie\/ga\/fuinn\/coireacht-eagraithe-agus-tromchoireacht\/biuro-naisiunta-an-gharda-siochana-um-choireacht-eacnamaioch\/biuro-naisiunta-an-gharda-siochana-um-choireacht-eacnamaioch.html\">Bi\u00far\u00f3 N\u00e1isi\u00fanta an Gharda S\u00edoch\u00e1na um Choireacht Eacnama\u00edoch (GNECB)<\/a> agus an <a href=\"https:\/\/cea.gov.ie\/ga-ie\/\">t\u00dadar\u00e1s Forfheidhmithe Corpar\u00e1ideach (CEA)<\/a>.<\/p>\n<p>T\u00e1 an tAonad roinnte i dtr\u00ed fhoireann a dh\u00edr\u00edonn go speisialta ar r\u00e9ims\u00ed ar leith den choireacht eacnama\u00edoch:<\/p>\n<p><strong>Foireann Calaoise Tromch\u00faiseach<\/strong> \u2013 d\u00e9anann siad speisialt\u00f3ireacht i gc\u00e1sanna calaoise ardluacha, a bhaineann le sc\u00e9imeanna casta n\u00f3 sreabhadh airgid<\/p>\n<p><strong>Foireann S\u00f3cmhainn\u00ed\/Sci\u00faradh Airgid<\/strong> \u2013 d\u00e9ile\u00e1lann an fhoireann seo le:<\/p>\n<ul>\n<li>c\u00e1sanna casta sci\u00fartha airgid a bhaineann le cumas\u00f3ir\u00ed gairmi\u00fala, is \u00e9 sin, cuntas\u00f3ir\u00ed, dl\u00edod\u00f3ir\u00ed, saineolaithe airgeadais n\u00f3 gairm\u00ed \u00e9igin eile a fheidhm\u00edonn mar chumas\u00f3ir coire eacnama\u00edoch<\/li>\n<li>sc\u00e9imeanna a bhaineann le h\u00fas\u00e1id s\u00f3cmhainn\u00ed f\u00edor\u00fala<\/li>\n<li>c\u00e1sanna a bhaineann le rianta airgeadais mionsonraithe<\/li>\n<li>comhairle a chur ar ionch\u00faisitheoir\u00ed i rann\u00f3ga c\u00fairte eile an Sti\u00farth\u00f3ra Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed agus tac\u00fa leo maidir le f\u00e1ltais na coireachta a reo agus a choigisti\u00fa<\/li>\n<\/ul>\n<p><strong>Foireann Chorpar\u00e1ideach\/Coireachta Tr\u00e1cht\u00e1la<\/strong> \u2013 d\u00e9ile\u00e1lann siad le coireanna a dh\u00e9antar i gc\u00farsa gn\u00f3 ag n\u00f3 thar ceann cuideachta\u00ed n\u00f3 ag gairmithe gn\u00f3<\/p>\n\n        <\/div>\n    <\/div>\n<\/div><div class=\"card\">\n    <div class=\"card-header\" id=\"heading-an-rannan-aturnaetha\">\n\n        <h2 class=\"mb-0\"><a class=\"collapsed\" href=\"#accordion-organisation-collapse-an-rannan-aturnaetha\" data-toggle=\"collapse\" data-target=\"#accordion-organisation-collapse-an-rannan-aturnaetha\" aria-expanded=\"false\" aria-controls=\"accordion-organisation-collapse-an-rannan-aturnaetha\">An Rann\u00e1n Aturnaetha<\/a><\/h2>\n\n    <\/div>\n    <div id=\"accordion-organisation-collapse-an-rannan-aturnaetha\" class=\"collapse\" aria-labelledby=\"heading-an-rannan-aturnaetha\" data-parent=\"#accordion-organisation\" style=\"\">\n        <div class=\"card-body\">\n            \n<h3>Rann\u00f3g na C\u00fairte D\u00faiche<\/h3>\n<p>D\u00e9anann Rann\u00f3g na C\u00fairte D\u00faiche ionada\u00edocht don Sti\u00farth\u00f3ir Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed i mBaile \u00c1tha Cliath ag <a href=\"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/criminal-justice-system\/charging-the-accused\/#accordion-charging-collapse-cad-iad-na-cuirteanna-inar-feidir-casanna-coiriula-a-eisteacht\">\u00e9isteachta\u00ed achoimre<\/a> (\u00e9isteachta\u00ed arna re\u00e1cht\u00e1il ag breitheamh ar choireanna n\u00edos neamh-thromch\u00fais\u00ed) sa Ch\u00fairt D\u00faiche agus ag achomhairc chun na C\u00fairte Cuarda.\u00a0 T\u00e1 na nithe seo a leanas i gceist leis freisin:<\/p>\n<ul>\n<li>comhairle a chur ar an nGarda S\u00edoch\u00e1na maidir le saincheisteanna dl\u00edthi\u00fala<\/li>\n<li>a shainaithint c\u00e9n fhianaise agus c\u00e9 na finn\u00e9ithe agus na taispe\u00e1nt\u00e1in a theasta\u00edonn le haghaidh \u00e9isteachta.<\/li>\n<\/ul>\n<p>Cinnt\u00edonn na hionch\u00faisitheoir\u00ed i Rann\u00f3g na C\u00fairte D\u00faiche go gcosna\u00edtear cearta an \u00edospartaigh fud fad na h\u00e9isteachta.<\/p>\n<p>Ullmha\u00edonn na hionch\u00faisitheoir\u00ed i Rann\u00f3g na C\u00fairte D\u00faiche Leabhair Fianaise le haghaidh c\u00e1sanna a rachaidh ar aghaidh chuig c\u00fairt n\u00edos uachtara\u00ed (amhail C\u00fairt Chuarda Bhaile \u00c1tha Cliath, an Phr\u00edomh-Ch\u00fairt Choiri\u00fail n\u00f3 an Ch\u00fairt Choiri\u00fail Speisialta). \u00c1ir\u00edtear le Leabhar Fianaise na r\u00e1itis go l\u00e9ir \u00f3 fhinn\u00e9ithe agus na taispe\u00e1nt\u00e1in go l\u00e9ir a bhaineann le c\u00e1s. Cinneann ionch\u00faisitheoir\u00ed na C\u00fairte D\u00faiche c\u00e9n fhianaise (r\u00e1itis \u00f3 fhinn\u00e9ithe agus taispe\u00e1nt\u00e1in) a theasta\u00edonn le haghaidh an Leabhair Fianaise. M\u00e1s g\u00e1, f\u00e9adfaidh siad iarraidh ar an nGarda S\u00edoch\u00e1na tuilleadh fianaise n\u00f3 taispe\u00e1nt\u00e1n a thabhairt.<\/p>\n<p>Oibreoidh na hionch\u00faisitheoir\u00ed i Rann\u00f3g na C\u00fairte D\u00faiche le Rann\u00f3g na nAthbhreithnithe Breithi\u00fanacha san Oifig i dtaca le hAthbhreithnithe Breithi\u00fanacha n\u00f3 le C\u00e1sanna Sonraithe.<\/p>\n<p>D\u00e9ile\u00e1lann an Garda S\u00edoch\u00e1na le formh\u00f3r na gc\u00e1sanna sa Ch\u00fairt D\u00faiche i mBaile \u00c1tha Cliath, gan p\u00e1irt a thabhairt don Sti\u00farth\u00f3ir Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed iontu.<\/p>\n<h3>Rann\u00f3g na C\u00fairte Cuarda<\/h3>\n<p>D\u00e9ile\u00e1lann an rann\u00f3g seo le cionta at\u00e1 n\u00edos tromch\u00fais\u00ed n\u00e1 iad sin a nd\u00e9ile\u00e1lann Rann\u00f3g na C\u00fairte D\u00faiche leo.\u00a0 Is sa Ch\u00fairt D\u00faiche a thosa\u00edtear gach c\u00e1s ach f\u00e9adfar an c\u00e1s a tharchur chun na C\u00fairte Cuarda m\u00e1s rud \u00e9:<\/p>\n<ul>\n<li>go n-orda\u00edonn an Sti\u00farth\u00f3ir Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed go nd\u00e9ile\u00e1lfa\u00ed leis an gc\u00e1s sa Ch\u00fairt Chuarda<\/li>\n<li>go dtugann Breitheamh C\u00fairte D\u00faiche breith go bhfuil an c\u00e1s r\u00f3-thromch\u00faiseach le d\u00e9ile\u00e1il leis sa Ch\u00fairt D\u00faiche agus nach m\u00f3r \u00e9 a aistri\u00fa chun na C\u00fairte Cuarda<\/li>\n<li>gur mhaith le c\u00fais\u00ed go nd\u00e9ile\u00e1lfa\u00ed lena c(h)\u00e1s sa Ch\u00fairt Chuarda (n\u00ed bhaineann s\u00e9 sin ach le roinnt bheag cionta, amhail buirgl\u00e9ireacht, rob\u00e1il, gada\u00edocht agus ionsa\u00ed gn\u00e9asach).<\/li>\n<\/ul>\n<p>Na <strong>pr\u00edomhdhifr\u00edochta\u00ed<\/strong> idir na c\u00e1sanna a nd\u00e9ile\u00e1iltear leo sa Ch\u00fairt D\u00faiche agus na c\u00e1sanna a nd\u00e9ile\u00e1iltear leo sa Ch\u00fairt Chuarda:<\/p>\n<table class=\"table\">\n<thead>\n<tr>\n<th><strong>An Ch\u00fairt D\u00faiche<\/strong><\/th>\n<th><strong>An Ch\u00fairt Chuarda<\/strong><\/th>\n<\/tr>\n<\/thead>\n<tbody>\n<tr>\n<td>Coireanna n\u00edos neamh-thromch\u00fais\u00ed<\/td>\n<td>Coireanna n\u00edos tromch\u00fais\u00ed<\/td>\n<\/tr>\n<tr>\n<td>Tugann an breitheamh breith ar c\u00e9 acu at\u00e1 an c\u00fais\u00ed neamhchiontach n\u00f3 at\u00e1 s\u00e9\/s\u00ed ciontach<\/td>\n<td>Tugann an gi\u00fair\u00e9 breith ar c\u00e9 acu at\u00e1 an c\u00fais\u00ed neamhchiontach n\u00f3 at\u00e1 s\u00e9\/s\u00ed ciontach<\/td>\n<\/tr>\n<tr>\n<td>T\u00e1 roghanna teoranta ag an mbreitheamh maidir le pianbhreitheanna.<br \/>\nSampla\u00ed:\n<ul>\n<li>Pianbhreitheanna suas go dt\u00ed 12 mh\u00ed ar a mh\u00e9ad as an aon chion amh\u00e1in<\/li>\n<li>F\u00edne\u00e1lacha beaga agus \u00edoca\u00edochta\u00ed c\u00faitimh<\/li>\n<\/ul>\n<\/td>\n<td>T\u00e1 n\u00edos m\u00f3 roghanna ag an mbreitheamh maidir le pianbhreitheanna.<br \/>\nSampla\u00ed:\n<ul>\n<li>t\u00e9arma\u00ed pr\u00edos\u00fanachta n\u00edos faide<\/li>\n<li>f\u00edne\u00e1lacha n\u00edos m\u00f3<\/li>\n<\/ul>\n<\/td>\n<\/tr>\n<\/tbody>\n<\/table>\n<p>Comhl\u00edonann an fhoireann dl\u00ed i Rann\u00f3g na C\u00fairte Cuarda l\u00edon ard c\u00faraim\u00ed, lena n-\u00e1ir\u00edtear:<\/p>\n<ul>\n<li>tac\u00fa le habhc\u00f3id\u00ed pr\u00edobh\u00e1ideacha at\u00e1 ag obair don Sti\u00farth\u00f3ir Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed chun c\u00e1s an ionch\u00faisimh a chur i l\u00e1thair i gc\u00fairt i mBaile \u00c1tha Cliath<\/li>\n<li>freastal ar chruinnithe (cruinnithe r\u00e9amhthrialach) le h\u00edospartaigh agus le habhc\u00f3id\u00ed an ionch\u00faisimh<\/li>\n<li>\u00e1bhair \u00e1bhartha ar a dtugtar \u2018nochtadh\u2019 (amhail taifid ar choime\u00e1d, r\u00e1itis \u00f3 fhinn\u00e9ithe, agus meabhr\u00e1in agallamh) a ullmh\u00fa lena dtabhairt don chosaint<\/li>\n<li>c\u00e1sanna a ullmh\u00fa le haghaidh trialach, lena n-\u00e1ir\u00edtear orduithe finn\u00e9 (ord\u00fa ar an bhfinn\u00e9 freastal ar an gc\u00fairt chun fianaise a thabhairt) agus fianaise bhreise, i measc nithe eile, a ullmh\u00fa<\/li>\n<li>teagmh\u00e1il a dh\u00e9anamh leis an nGarda S\u00edoch\u00e1na agus leis an ionch\u00faisitheoir in\u00e1r Rann\u00e1n Sti\u00fartha a rinne an cinneadh i ngach c\u00e1s<\/li>\n<li>d\u00e9ile\u00e1il le ceisteanna agus iarrata\u00ed \u00f3n gcosaint.<\/li>\n<\/ul>\n<h3>Rann\u00f3g na nAchomharc<\/h3>\n<p>Bainist\u00edonn Rann\u00f3g na nAchomharc r\u00f3l an Sti\u00farth\u00f3ra Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed sa Ch\u00fairt Achomhairc (c\u00e1sanna coiri\u00fala) agus sa Ch\u00fairt Uachtarach. Glacann an Ch\u00fairt Achomhairc le hachomhairc \u00f3 na c\u00fairteanna n\u00edos \u00edochtara\u00ed (seachas an Ch\u00fairt D\u00faiche).\u00a0 Tr\u00edd is tr\u00edd, tagann achomhairc faoi thr\u00ed chatag\u00f3ir:<\/p>\n<ol>\n<li>achomhairc a dtionscna\u00edonn an duine ciontaithe iad in aghaidh a c(h)iontaithe <strong>n\u00f3<\/strong> in aghaidh dh\u00e9ine a p(h)ianbhreithe<\/li>\n<li>achomhairc a dtionscna\u00edonn an Sti\u00farth\u00f3ir Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed iad in aghaidh pianbhreitheanna at\u00e1 tr\u00f3caireach go m\u00edchu\u00ed (i gc\u00e1s go ndearna breitheamh meanc\u00f3g ar phointe dl\u00ed) agus ar roinnt point\u00ed eile dl\u00ed<\/li>\n<li>achomhairc chun na C\u00fairte Uachtara\u00ed ar phoint\u00ed dl\u00ed i gc\u00e1sanna lena mbaineann t\u00e1bhacht dhl\u00edthi\u00fail speisialta. F\u00e1gann s\u00e9 sin go bhf\u00e9achann an Ch\u00fairt Uachtarach ar dh\u00e1 n\u00ed sula dtugann s\u00ed breith ar c\u00e9 acu a \u00e9istfidh n\u00f3 nach n-\u00e9istfidh s\u00ed an t-achomharc:\n<ol>\n<li>c\u00e9 acu is amhlaidh n\u00f3 nach amhlaidh go n-iarrtar ar an gC\u00fairt Uachtarach san achomharc freagra a thabhairt ar cheisteanna lena mbaineann t\u00e1bhacht ghinear\u00e1lta don phobal, n\u00f3<\/li>\n<li>c\u00e9 acu is amhlaidh n\u00f3 nach amhlaidh gur cheart don Ch\u00fairt Uachtarach an t-achomharc a \u00e9isteacht ar mhaithe leis an gceartas<\/li>\n<\/ol>\n<\/li>\n<\/ol>\n<h3>Rann\u00f3g na nAthbhreithnithe Breithi\u00fanacha<\/h3>\n<p>T\u00e1 s\u00e9 phr\u00edomhr\u00e9imse freagrachta ar an rann\u00f3g seo.<\/p>\n<ol>\n<li><strong>Athbhreithni\u00fa Breithi\u00fanach<\/strong><br \/>\nIn Athbhreithni\u00fa Breithi\u00fanach, athbhreithn\u00edonn an Ard-Ch\u00fairt an bhreith \u00f3 ch\u00fairt n\u00edos \u00edochtara\u00ed chun a fh\u00e1il amach an raibh an pr\u00f3iseas cinnteoireachta c\u00f3ir n\u00f3 nach raibh. Mar shampla, i gc\u00e1s gur tr\u00ed earr\u00e1id a ghearrann Breitheamh pianbhreith at\u00e1 n\u00edos airde n\u00e1 an phianbhreith uasta a cheada\u00edtear le dl\u00ed.<\/li>\n<li><strong>C\u00e1sanna Habeas Corpus<br \/>\n<\/strong><span style=\"font-size: 1rem;\">Is \u00e9 at\u00e1 anseo n\u00e1 iarratais chun na hArd-Ch\u00fairte maidir le c\u00e9 chomh dl\u00edthi\u00fail agus at\u00e1 s\u00e9 duine a choime\u00e1d.\u00a0 Mar shampla, is f\u00e9idir go ma\u00edfidh cosant\u00f3ir gur coime\u00e1dadh go neamhdhleathach \u00e9\/\u00ed toisc gur chuir an ch\u00fairt n\u00edos \u00edochtara\u00ed faoi choime\u00e1d \u00e9\/\u00ed gan \u00e9isteacht chu\u00ed banna\u00ed a thabhairt d\u00f3\/di.<\/span><\/li>\n<li><strong><span style=\"font-size: 1rem;\">C\u00e1sanna Sonraithe<\/span><\/strong><span style=\"color: #174d95; font-family: 'Roboto Slab', sans-serif; font-size: 1.5rem;\"><br \/>\n<\/span>Is c\u00e1sanna iad seo a dtarchuireann breitheamh iad chun na hArd-Ch\u00fairte (\u00f3n gC\u00fairt D\u00faiche) <strong style=\"font-size: 1rem;\">n\u00f3<\/strong><span style=\"font-size: 1rem;\"> chun na C\u00fairte Achomhairc (\u00f3n gC\u00fairt Chuarda). D\u00e9anann an breitheamh \u00e9 sin i gc\u00e1s gur mian leis\/l\u00e9i iarraidh ar an gc\u00fairt n\u00edos uachtara\u00ed soil\u00e9iri\u00fa a thabhairt ar cheist dl\u00ed a th\u00e1inig chun cinn le linn c\u00fais\u00ed a ionch\u00faiseamh.<\/span><\/li>\n<li><strong>C\u00e1sanna banna\u00ed san Ard-Ch\u00fairt<\/strong><br \/>\nIs \u00e9 at\u00e1 i gceist le banna\u00ed n\u00e1 c\u00e1s ina n-aonta\u00edonn duine c\u00faisithe le coinn\u00edollacha \u00e1irithe agus ina n-\u00edocann s\u00e9\/s\u00ed, n\u00f3 ina ngeallann s\u00e9\/s\u00ed go n-\u00edocfaidh s\u00e9\/s\u00ed, suim airgid. Tugann an breitheamh cead don duine ansin fanacht amach as an bpr\u00edos\u00fan go dt\u00ed an triail.\u00a0 Mura bhfreastala\u00edonn an duine ar an gc\u00fairt nuair ba cheart d\u00f3\/di, is f\u00e9idir go mbeidh air\/uirthi airgead a \u00edoc.<br \/>\nIs chun na C\u00fairte D\u00faiche a dh\u00e9antar an chuid is m\u00f3 de na hiarratais ar bhanna\u00ed.\u00a0 Mar sin f\u00e9in, i gc\u00e1sanna ina gc\u00fais\u00edtear an c\u00fais\u00ed i gcion tromch\u00faiseach (amhail d\u00fanmhar\u00fa n\u00f3 comhcheilg chun d\u00fanmhar\u00fa), n\u00edl de chumhacht ag an gC\u00fairt D\u00faiche g\u00e9illeadh do bhanna\u00ed a dheon\u00fa.\u00a0 N\u00ed m\u00f3r na hiarratais sin a dh\u00e9anamh chun na hArd-Ch\u00fairte. D\u00e9ile\u00e1lann Rann\u00f3g na nAthbhreithnithe Breithi\u00fanacha le hiarratais ar bhanna\u00ed san Ard-Ch\u00fairt.<br \/>\nPr\u00f3ise\u00e1lann an rann\u00f3g sin na hachomhairc bhanna\u00ed go l\u00e9ir a dh\u00e9antar chun na hArd-Ch\u00fairte \u00f3 na c\u00fairteanna n\u00edos \u00edochtara\u00ed. Is f\u00e9idir go nd\u00e9anfar achomhairc in aghaidh di\u00falt\u00fa g\u00e9illeadh do bhanna\u00ed sna c\u00fairteanna n\u00edos \u00edochtara\u00ed <strong style=\"font-size: 1rem;\">n\u00f3<\/strong><span style=\"font-size: 1rem;\"> go nd\u00e9anfar iarratais ar athr\u00fa a dh\u00e9anamh ar th\u00e9arma\u00ed na mbanna\u00ed a socra\u00edodh sna c\u00fairteanna n\u00edos \u00edochtara\u00ed.<\/span><\/li>\n<li><strong>Aisghabh\u00e1il Costas agus \u00cdoca\u00edocht<br \/>\n<\/strong>T\u00e1 Aonad Costas ag Rann\u00f3g na nAthbhreithnithe Breithi\u00fanacha. Pr\u00f3ise\u00e1lann an tAonad sin orduithe le haghaidh costas a dh\u00e9antar i gc\u00e1sanna coiri\u00fala i bhfabhar an Sti\u00farth\u00f3ra <strong style=\"font-size: 1rem;\">n\u00f3<\/strong><span style=\"font-size: 1rem;\"> in aghaidh an Sti\u00farth\u00f3ra.<\/span><\/li>\n<li><strong>Toghairmeacha Ioml\u00e1nacha<\/strong><br \/>\nBaintear \u00fas\u00e1id as Toghairm Ioml\u00e1nach le haghaidh dam\u00e1ist\u00ed den chuid is m\u00f3. Is sampla \u00e9 caingean le haghaidh dam\u00e1ist\u00ed a dtionscna\u00edonn duine \u00ed in aghaidh an St\u00e1it (is \u00e9 sin, in aghaidh an Sti\u00farth\u00f3ra Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed, an Gharda S\u00edoch\u00e1na agus <a style=\"background-color: #ffffff; font-size: 1rem;\" href=\"https:\/\/www.gov.ie\/ga\/eagraiocht\/09291907-chief-state-solicitors-office-ga-\/?\">an Phr\u00edomh-Atu<\/a><a style=\"background-color: #ffffff; font-size: 1rem;\" href=\"http:\/\/www.attorneygeneral.ie\/csso\/gaeilge\/index.html\">St\u00e1i<\/a><a style=\"background-color: #ffffff; font-size: 1rem;\" href=\"https:\/\/www.gov.ie\/ga\/eagraiocht\/09291907-chief-state-solicitors-office-ga-\/?\">rnae t<\/a><span style=\"font-size: 1rem;\">) i gc\u00e1s go ma\u00edonn s\u00e9\/s\u00ed gur neamhdhleathach a bh\u00ed a c(h)oime\u00e1d de bharr ghn\u00edomhartha bhreitheamh na trialach. Mar shampla, cuireann an ch\u00fairt n\u00edos \u00edochtara\u00ed duine faoi choime\u00e1d (tar \u00e9is \u00e9\/\u00ed a ionch\u00faiseamh i gcion agus di\u00falt\u00fa g\u00e9illeadh do bhanna\u00ed) agus scaoileann an Ard-Ch\u00fairt \u00e9\/\u00ed \u00f3 choime\u00e1d mar thoradh ar \u00e9ileamh <\/span><em style=\"font-size: 1rem;\">habeas corpus<\/em><span style=\"font-size: 1rem;\">.<\/span><\/li>\n<\/ol>\n\n        <\/div>\n    <\/div>\n<\/div><div class=\"card\">\n    <div class=\"card-header\" id=\"heading-an-rannan-seirbhisi-tacaiochta-ionchuiseamh\">\n\n        <h2 class=\"mb-0\"><a class=\"collapsed\" href=\"#accordion-organisation-collapse-an-rannan-seirbhisi-tacaiochta-ionchuiseamh\" data-toggle=\"collapse\" data-target=\"#accordion-organisation-collapse-an-rannan-seirbhisi-tacaiochta-ionchuiseamh\" aria-expanded=\"false\" aria-controls=\"accordion-organisation-collapse-an-rannan-seirbhisi-tacaiochta-ionchuiseamh\">An Rann\u00e1n Seirbh\u00eds\u00ed Taca\u00edochta Ionch\u00faiseamh<\/a><\/h2>\n\n    <\/div>\n    <div id=\"accordion-organisation-collapse-an-rannan-seirbhisi-tacaiochta-ionchuiseamh\" class=\"collapse\" aria-labelledby=\"heading-an-rannan-seirbhisi-tacaiochta-ionchuiseamh\" data-parent=\"#accordion-organisation\" style=\"\">\n        <div class=\"card-body\">\n            \n<h3>An tAonad um Chosaint Sonra\u00ed<\/h3>\n<p>T\u00e1 an fhoireann um Chosaint Sonra\u00ed i gceannas ar obair chosanta sonra\u00ed na heagra\u00edochta agus cuireann s\u00ed le comhl\u00edonadh reachta\u00edocht chosanta sonra\u00ed na hOifige tr\u00ed fhaisn\u00e9is agus taca\u00edocht a shol\u00e1thar maidir le bainist\u00edocht sonra\u00ed pearsanta laistigh den ODPP, agus tr\u00ed iarratais \u00f3 \u00e1bhair sonra\u00ed faoina sonra\u00ed pearsanta a l\u00e1imhse\u00e1il.<\/p>\n<h3>An tAonad Idirn\u00e1isi\u00fanta<\/h3>\n<p>D\u00e9ile\u00e1lann an t-aonad seo leis an dl\u00ed coiri\u00fail idirn\u00e1isi\u00fanta, lena n-\u00e1ir\u00edtear:<\/p>\n<ul>\n<li>Bar\u00e1ntais Ghabh\u00e1la Eorpacha<\/li>\n<li>Bar\u00e1nta Gabh\u00e1la Comhaont\u00fa Tr\u00e1d\u00e1la agus Comhoibri\u00fach\u00e1in<\/li>\n<li>eiseachadadh (coirpeach a thabhairt ar l\u00e1imh don t\u00edr ina ndearnadh an choir),<\/li>\n<li>iarrata\u00ed ar ch\u00fanamh dl\u00edthi\u00fail frithph\u00e1irteach.<\/li>\n<\/ul>\n<p>D\u00e9ile\u00e1lann s\u00e9 freisin le c\u00e1sanna lena mbaineann urghabh\u00e1il s\u00f3cmhainn\u00ed coiri\u00fala agus a tharchuirtear chuig Oifig an Sti\u00farth\u00f3ra Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed.<\/p>\n<h6>Bar\u00e1ntais Ghabh\u00e1la Eorpacha<\/h6>\n<p>F\u00e9adfaidh c\u00fairt i mBallst\u00e1t amh\u00e1in den Aontas Eorpach iarraidh ar ch\u00fairt i mBallst\u00e1t eile bar\u00e1ntas gabh\u00e1la a eisi\u00faint le haghaidh duine at\u00e1 \u00e1 lorg i nd\u00e1il le coir.<\/p>\n<p>D\u00e9ile\u00e1lann an tAonad Idirn\u00e1isi\u00fanta in Oifig an Sti\u00farth\u00f3ra Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed le hiarrata\u00ed amach chuig an Aontas Eorpach i gc\u00e1s go bhfuil c\u00fais\u00ed \u00e1 lorg in \u00c9irinn chun go bhf\u00e9adfar \u00e9\/\u00ed a ionch\u00faiseamh i gcion sa t\u00edr seo.<\/p>\n<p>Mar shampla, m\u00e1s mian leis na Garda\u00ed duine a bhfuil c\u00f3na\u00ed air\/uirthi i mBallst\u00e1t eile den Aontas Eorpach a ghabh\u00e1il, f\u00e9adfaidh siad iarraidh ar Oifig an Sti\u00farth\u00f3ra Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed iarratas a dh\u00e9anamh chun na hArd-Ch\u00fairte ar Bhar\u00e1ntas Gabh\u00e1la Eorpach. Seoltar \u00e9 sin ansin chuig an t\u00edr a bhfuil c\u00f3na\u00ed ar an duine inti. Iarradh Bar\u00e1ntais Ghabh\u00e1la Eorpacha i nd\u00e1il le raon leathan cionta tromch\u00faiseacha, lena n-\u00e1ir\u00edtear:<\/p>\n<ul>\n<li>d\u00fanmhar\u00fa<\/li>\n<li>cionta gn\u00e9asacha<\/li>\n<li>cionta druga\u00ed<\/li>\n<li>goid<\/li>\n<li>ionsaithe tromch\u00faiseacha<\/li>\n<\/ul>\n<h6>Bar\u00e1nta Gabh\u00e1la Comhaont\u00fa Tr\u00e1d\u00e1la agus Comhoibri\u00fach\u00e1in<\/h6>\n<p><span class=\"jCAhz ChMk0b\"><span class=\"ryNqvb\">Faoi fhor\u00e1lacha an Chomhaontaithe Tr\u00e1d\u00e1la agus Comhair a rinneadh idir an AE agus an R\u00edocht Aontaithe, is f\u00e9idir le c\u00fairt i mballst\u00e1t AE amh\u00e1in iarraidh ar ch\u00fairt sa RA n\u00f3 i dTuaisceart \u00c9ireann bar\u00e1ntas gabh\u00e1la a eisi\u00faint do dhuine \u00e9igin at\u00e1 ag teast\u00e1il i dtaca le.<\/span><\/span> <span class=\"jCAhz\"><span class=\"ryNqvb\">coir.<\/span><\/span> <span class=\"jCAhz ChMk0b\"><span class=\"ryNqvb\">D\u00e9ile\u00e1lann an tAonad Idirn\u00e1isi\u00fanta in Oifig an Sti\u00farth\u00f3ra Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed le hiarratais amach nuair a bh\u00edonn duine c\u00faisithe ag iarraidh in \u00c9irinn chun coir a ionch\u00faiseamh anseo.<\/span><\/span><\/p>\n<h6>Eiseachadadh<\/h6>\n<p>M\u00e1 t\u00e1 c\u00f3na\u00ed ar dhuine lasmuigh den Aontas Eorpach, f\u00e9adfaidh Aonad Eiseachadta an Gharda S\u00edoch\u00e1na iarraidh ar an Sti\u00farth\u00f3ir Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed iarraidh eiseachadta a eisi\u00faint. Is \u00e9 is iarraidh eiseachadta ann n\u00e1 iarraidh go dtabharfa\u00ed coirpeach ar l\u00e1imh don t\u00edr ina ndearnadh an choir. Seoltar iarrata\u00ed den s\u00f3rt sin chuig an t\u00edr iomchu\u00ed tr\u00ed chain\u00e9il taidhleoireachta ansin.<\/p>\n<p>San am i l\u00e1thair, t\u00e1 comhaontuithe dl\u00edthi\u00fala dh\u00e1 bhealach i bhfeidhm ag \u00c9irinn le St\u00e1it Aontaithe Mheirice\u00e1, le Hong Cong, an Astr\u00e1il, agus leis na Aontas na n\u00c9im\u00edr\u00edochta\u00ed Arabacha. Tugtar conartha\u00ed eiseachadta d\u00e9thaobhacha ar na comhaontuithe sin. Rinne \u00c9ire an <a href=\"https:\/\/www.coe.int\/en\/web\/conventions\/full-list\/-\/conventions\/treaty\/024\">Coinbhinsi\u00fan Eorpach um Eiseachadadh<\/a> a dhaingni\u00fa (a chead\u00fa go hoifigi\u00fail) freisin. Is \u00e9 an toradh at\u00e1 air sin go bhf\u00e9adfar coirpigh a eiseachadadh chuig an t\u00edr ina ndearnadh an choir chun ceann amh\u00e1in de na nithe seo a leanas a dh\u00e9anamh:<\/p>\n<ul>\n<li>dul faoi thriail<\/li>\n<li>pianbhreith a fh\u00e1il tar \u00e9is iad a chiont\u00fa<\/li>\n<li>pianbhreith a chuir c\u00fairt na t\u00edre orthu cheana f\u00e9in a chur isteach.<\/li>\n<\/ul>\n<p>D\u00e9ile\u00e1lann an tAonad Idirn\u00e1isi\u00fanta in Oifig an Sti\u00farth\u00f3ra Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed le hiarrata\u00ed eiseachadta amach i gc\u00e1s go bhfuil c\u00fais\u00ed \u00e1 lorg in \u00c9irinn chun go bhf\u00e9adfar \u00e9\/\u00ed a ionch\u00faiseamh i gcion sa t\u00edr seo.<\/p>\n<h6>Iarrata\u00ed ar Ch\u00fanamh Dl\u00edthi\u00fail Frithph\u00e1irteach<\/h6>\n<p>Faoin <a href=\"http:\/\/www.irishstatutebook.ie\/eli\/2008\/act\/7\/enacted\/en\/html\">Acht um Cheartas Coiri\u00fail (C\u00fanamh Frithph\u00e1irteach), 2008<\/a>, f\u00e9adfaidh \u00c9ire c\u00fanamh dl\u00edthi\u00fail frithph\u00e1irteach a thabhairt do th\u00edortha eile, agus c\u00fanamh dl\u00edthi\u00fail frithph\u00e1irteach a iarraidh uathu, le linn imscr\u00faduithe coiri\u00fala n\u00f3 imeachta\u00ed coiri\u00fala. Mar shampla, is f\u00e9idir gur mhaith leis an nGarda S\u00edoch\u00e1na iarraidh ar na h\u00fadar\u00e1is iomchu\u00ed i dt\u00edr eile agallamh a chur ar fhinn\u00e9ithe n\u00f3 sonra\u00ed a thabhairt faoi dhuine aonair is \u00e1bhar d\u2019imscr\u00fad\u00fa coiri\u00fail. Is f\u00e9idir go mbeidh na nithe seo a leanas i gceist leis na sonra\u00ed sin:<\/p>\n<ul>\n<li>taifid bhainc<\/li>\n<li>taifid chiontuithe<\/li>\n<li>r\u00edomhphoist<\/li>\n<li>post\u00e1lacha me\u00e1n s\u00f3isialta \u00f3 dhuine aonair is \u00e1bhar d\u2019imscr\u00fad\u00fa coiri\u00fail<\/li>\n<\/ul>\n<p>Seolann an Garda S\u00edoch\u00e1na, na Coimisin\u00e9ir\u00ed Ioncaim, agus roinnt gn\u00edomhaireachta\u00ed seachtracha eile iarratais ar ch\u00fanamh dl\u00edthi\u00fail frithph\u00e1irteach chuig an Aonad Idirn\u00e1isi\u00fanta in Oifig an Sti\u00farth\u00f3ra Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed lena gcead\u00fa.\u00a0 A luaithe a thugtar iad chun cr\u00edche agus a sh\u00edn\u00edtear iad, seoltar na hiarrata\u00ed chuig an <a href=\"http:\/\/www.justice.ie\/en\/JELR\/Pages\/mutual_legal_assistance\">L\u00e1r\u00fadar\u00e1s sa Roinn Dl\u00ed agus Cirt agus Comhionannais<\/a>, a sheolann iad ar aghaidh ansin chuig an t\u00edr iomchu\u00ed.<\/p>\n<h3>An tAonad Beartais agus Taighde Ionch\u00faiseamh<\/h3>\n<p>\u00c1ir\u00edtear iad seo a leanas leis na freagrachta\u00ed at\u00e1 ar an aonad seo in Oifig an Sti\u00farth\u00f3ra Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed:<\/p>\n<ul>\n<li>freagairt\u00ed beartais a fhorbairt do raon saincheisteanna ar bhonn inmhe\u00e1nach agus seachtrach araon, i gcomhar le daoine eile at\u00e1 ag pl\u00e9 leis an gceartas coiri\u00fail sa t\u00edr seo agus thar lear<\/li>\n<li>seirbh\u00eds taighde a shol\u00e1thar d\u2019ionch\u00faisitheoir\u00ed<\/li>\n<li>leabharlann na hOifige a bhainisti\u00fa agus a fhorbairt<\/li>\n<li>strait\u00e9is\u00ed bainist\u00edochta eolais agus faisn\u00e9ise a fhorbairt agus a chur chun feidhme<\/li>\n<li>a chinnti\u00fa go bhfuil an Oifig ag comhl\u00edonadh na reachta\u00edochta um chosaint sonra\u00ed tr\u00ed fhaisn\u00e9is agus taca\u00edocht a shol\u00e1thar maidir le bainisti\u00fa sonra\u00ed pearsanta laistigh d\u2019Oifig an Sti\u00farth\u00f3ra Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed agus tr\u00ed iarratais ar a sonra\u00ed pearsanta \u00f3 dhaoine is \u00e1bhar do na sonra\u00ed a l\u00e1imhse\u00e1il.<\/li>\n<\/ul>\n<h4>An tAonad um Chaighde\u00e1in Ionch\u00faisimh<\/h4>\n<p>Tac\u00f3idh an t-aonad nua seo agus rannchuideoidh s\u00e9 le cur i bhfeidhm mholta\u00ed an <a href=\"https:\/\/www.gov.ie\/ga\/foilsiuchan\/5970b-an-grupa-athbhreithnithe-ardleibheil-ar-rol-an-gharda-siochana-sa-choras-ionchuiseamh-poibli-tuarascail-don-rialtas\/?\">Ghr\u00fapa Athbhreithnithe Ardleibh\u00e9il ar R\u00f3l an Gharda S\u00edoch\u00e1na sa Ch\u00f3ras Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed<\/a> agus an Choiste Sti\u00fartha Achoimre um Athch\u00f3iri\u00fa Ionch\u00faisimh. Is \u00e9ard a bheidh i gceist lena rolladh amach faoi dheireadh n\u00e1 tac\u00fa le hardchaighde\u00e1in de chleachtas ionch\u00faisimh ar fud an ch\u00f3rais.<\/p>\n<h3>An tAonad Idirchaidrimh \u00cdospartach<\/h3>\n<p>T\u00e1 an tAonad Idirchaidrimh \u00cdospartach freagrach as a chinnti\u00fa go gcomhl\u00edonann Oifig an Sti\u00farth\u00f3ra Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed na hoibleag\u00e1id\u00ed at\u00e1 uirthi i dtaca le cearta, taca\u00edocht agus cosaint \u00edospartach, mar at\u00e1 leagtha amach san <a href=\"http:\/\/www.irishstatutebook.ie\/eli\/2017\/act\/28\/enacted\/en\/html\">Acht um Cheartas Coiri\u00fail (\u00cdospartaigh na Coireachta), 2017<\/a>.<\/p>\n<p>San Acht sin, sainmh\u00edn\u00edtear \u00edospartach na coireachta mar dhuine a ndearnadh dochar fisici\u00fail, meabhrach n\u00f3 moth\u00fach\u00e1nach d\u00f3\/di n\u00f3 a d\u2019fhulaing caillteanas eacnama\u00edoch a th\u00e1inig go d\u00edreach as cion. \u00c1ir\u00edtear leis na daoine sin na baill teaghlaigh le duine ar th\u00e1inig a b(h)\u00e1s go d\u00edreach as cion coiri\u00fail, ar daoine iad a ndearnadh dochar d\u00f3ibh de bharr bh\u00e1s an duine sin.<\/p>\n<p>T\u00e1 raon r\u00e9ims\u00ed \u00e9ags\u00fala i gceist le hobair an Aonaid Idirchaidrimh \u00cdospartach:<\/p>\n<ul>\n<li><strong>I gc\u00e1s go gcinnfear c\u00e1s a ionch\u00faiseamh:<\/strong> cinnteoidh an tAonad Idirchaidrimh \u00cdospartach go bhfuil ag \u00edospartaigh na coireachta an fhaisn\u00e9is a theasta\u00edonn uathu chun p\u00e1irt a ghlacadh sa phr\u00f3iseas ionch\u00faisimh choiri\u00fail agus cinnteoidh s\u00e9 gur f\u00e9idir leo leas a bhaint as na cosaint\u00ed at\u00e1 ar f\u00e1il d\u00f3ibh.<\/li>\n<li><strong>I gc\u00e1s go gcinnfear gan c\u00e1s a ionch\u00faiseamh: <\/strong>m\u00edneoidh an tAonad Idirchaidrimh \u00cdospartach, ar iarraidh a fh\u00e1il i scr\u00edbhinn, c\u00e9n f\u00e1th ar cinneadh gan an c\u00e1s a ionch\u00faiseamh. M\u00e1 t\u00e1 \u00edospartach na coireachta ag iarraidh go nd\u00e9anfa\u00ed athbhreithni\u00fa ar an gcinneadh gan c\u00e1s a ionch\u00faiseamh, d\u00e9anfaidh an tAonad Idirchaidrimh \u00cdospartach socruithe le haghaidh an t-athbhreithni\u00fa sin a dh\u00e9anamh.<\/li>\n<li>Sol\u00e1thra\u00edonn an tAonad Idirchaidrimh \u00cdospartach <strong>seirbh\u00eds faisn\u00e9ise teileaf\u00f3in d\u2019\u00edospartaigh<\/strong>. Ar mhaithe le sl\u00e1nd\u00e1il agus r\u00fandacht, \u00e1fach, n\u00ed fh\u00e9adfaidh an t-aonad na sonra\u00ed faoi aon ch\u00e1s a phl\u00e9 le h\u00edospartaigh na coireachta thar an teileaf\u00f3n.<\/li>\n<li>Cuireann an tAonad Idirchaidrimh \u00cdospartach oili\u00faint i saincheisteanna a th\u00e9ann i bhfeidhm ar \u00edospartaigh na coireachta ar bhaill foirne, ar Aturnaetha St\u00e1it, ar abhc\u00f3id\u00ed ionch\u00faisimh, ar Gharda\u00ed, ar Dhl\u00ed-Chumann na h\u00c9ireann, ar Chomhairle Bharra na h\u00c9ireann, ar eagra\u00edochta\u00ed neamhrialtasacha amhail gr\u00fapa\u00ed taca\u00edochta \u00edospartach, agus ar dhaoine eile.<\/li>\n<li>Buaileann an tAonad Idirchaidrimh \u00cdospartach le heagra\u00edochta\u00ed neamhrialtasacha taca\u00edochta \u00edospartach agus glacann s\u00e9 p\u00e1irt i ngr\u00fapa\u00ed oibre idir-rialtasacha (i gcomhar le ranna amhail an Roinn Dl\u00ed agus Cirt agus Comhionannais) thar ceann na hOifige ar bhonn rialta.<\/li>\n<\/ul>\n\n        <\/div>\n    <\/div>\n<\/div><div class=\"card\">\n    <div class=\"card-header\" id=\"heading-an-rannan-seirbhisi-corparaideacha\">\n\n        <h2 class=\"mb-0\"><a class=\"collapsed\" href=\"#accordion-organisation-collapse-an-rannan-seirbhisi-corparaideacha\" data-toggle=\"collapse\" data-target=\"#accordion-organisation-collapse-an-rannan-seirbhisi-corparaideacha\" aria-expanded=\"false\" aria-controls=\"accordion-organisation-collapse-an-rannan-seirbhisi-corparaideacha\">An Rann\u00e1n Seirbh\u00eds\u00ed Corpar\u00e1ideacha<\/a><\/h2>\n\n    <\/div>\n    <div id=\"accordion-organisation-collapse-an-rannan-seirbhisi-corparaideacha\" class=\"collapse\" aria-labelledby=\"heading-an-rannan-seirbhisi-corparaideacha\" data-parent=\"#accordion-organisation\" style=\"\">\n        <div class=\"card-body\">\n            <p>T\u00e1 an Rann\u00e1n Seirbh\u00eds\u00ed Corpar\u00e1ideacha mar chuid l\u00e1rnach de na strucht\u00fair taca\u00edochta in Oifig an SIP.\u00a0 An pr\u00edomhchusp\u00f3ir at\u00e1 ag an Rann\u00e1n n\u00e1 seirbh\u00eds\u00ed c\u00e1il\u00edochta \u00e9ifeachtacha agus \u00e9ifeacht\u00fala a chur ar f\u00e1il a chuireann ar chumas na hoifige ina hioml\u00e1ine \u00e1r gcuid aidhmeanna a shol\u00e1thar agus seirbh\u00eds ionch\u00faisimh a cur ar f\u00e1il at\u00e1 neamhsple\u00e1ch, cothrom agus \u00e9ifeachtach.<\/p>\n<p>Cuireann an Rann\u00e1n Seirbh\u00eds\u00ed Corpar\u00e1ideacha le strait\u00e9is ghinear\u00e1lta na hOifige tr\u00ed r\u00e9imse feidhmeanna gn\u00f3, lena n-\u00e1ir\u00edtear acmhainn\u00ed daonna agus forbairt eagra\u00edochta, airgeadas, teicneola\u00edocht faisn\u00e9ise agus chumars\u00e1ide (ICT), bainisti\u00fa \u00e1iseanna, sol\u00e1thar, oifig na me\u00e1n, cumars\u00e1id agus rial\u00fa.<\/p>\n<p>\u00c1ir\u00edtear iad seo a leanas i measc chusp\u00f3ir\u00ed an Rann\u00e1in:<\/p>\n<ul>\n<li>An fheidhm acmhainn\u00ed daonna againn a sti\u00faradh agus a bhainisti\u00fa agus sol\u00e1thar a dh\u00e9anamh ar Strait\u00e9is, ar phlean\u00e1il an fh\u00f3rsa saothair agus ar fhoghlaim agus ar fhorbairt na n-acmhainn\u00ed daonna againn.<\/li>\n<li>A chinnti\u00fa go bhfuil acmhainn oiri\u00fanach ag an Oifig againn agus go bhfuil s\u00e9 ar a cumas a cuid spriocanna ginear\u00e1lta a bhaint amach.<\/li>\n<li>Tac\u00fa leis an bhfoireann againn tr\u00ed thionscnaimh foll\u00e1ine agus roghanna sol\u00fabtha oibre a chur i bhfeidhm, le cinnti\u00fa go mb\u00edonn cothroma\u00edocht shl\u00e1inti\u00fail oibre is saoil ag gach duine;<\/li>\n<li>A chinnti\u00fa go mb\u00edonn c\u00f3rais i bhfeidhm ar fud na hOifige againn le rannph\u00e1irt\u00edocht ghn\u00edomhach a spreagadh i measc na bhfostaithe;<\/li>\n<li>Faisn\u00e9is \u00e9ifeachtach agus \u00e9ifeacht\u00fail a shol\u00e1thar agus a bhainisti\u00fa, chomh maith le seirbh\u00eds\u00ed agus taca\u00edochta\u00ed Cumars\u00e1ide agus Teicneola\u00edochta (ICT) at\u00e1 ag teast\u00e1il le cabhr\u00fa le rann\u00f3ga uile na hOifige a gcuid pr\u00edomhchusp\u00f3ir\u00ed a bhaint amach.<\/li>\n<li>Le dul ag obair i gcomhar le p\u00e1irtithe eile laistigh den ch\u00f3ras dl\u00ed choiri\u00fail ar thionscnaimh le tairbhe a dh\u00e9anamh do ch\u00f3ras dl\u00ed choiri\u00fail n\u00edos \u00e9ifeachta\u00ed;<\/li>\n<li>Bainisti\u00fa a dh\u00e9anamh ar bhuis\u00e9ad na hOifige againn agus na c\u00f3rais airgeadais againn a mhaoirsi\u00fa, an pr\u00f3iseas meastach\u00e1in san \u00e1ireamh;<\/li>\n<li>A chinnti\u00fa go mb\u00edonn barr feabhais \u00e1 l\u00e9iri\u00fa ag an Oifig againn maidir leis an rial\u00fa corpar\u00e1ideach, lena n-\u00e1ir\u00edtear bainist\u00edocht agus ini\u00fachadh riosca, a chuirfidh le hoscailteacht agus le tr\u00e9dhearcacht agus a chinnteoidh luach an airgid;<\/li>\n<li>A chinnti\u00fa go mb\u00edonn r\u00e9imse dualgas reacht\u00fail \u00e1 gcomhl\u00edonadh ar n\u00f3s Saor\u00e1il Faisn\u00e9ise, Acht na dTeangacha Oifigi\u00fala agus Nochta\u00ed Cosanta;<\/li>\n<li>Timpeallacht oibre ar ardchaighde\u00e1n a chur ar f\u00e1il a thaca\u00edonn le riachtanais reatha na hOifige, chomh maith leo si\u00fad a bheidh ann amach anseo;<\/li>\n<li>Polasaithe na hOifige againn a chur i bhfeidhm maidir le sol\u00e1thar agus le sl\u00e1inte agus s\u00e1bh\u00e1ilteacht;<\/li>\n<li>\u00cdomh\u00e1 agus \u00e9ifeachtacht na hOifige a fhorbairt agus a fheabhs\u00fa tr\u00ed thionscnaimh chumars\u00e1ide feabhsaithe inmhe\u00e1nacha agus sheachtracha a chur chun cinn.<\/li>\n<li>A bheith rannph\u00e1irteach go hioml\u00e1n i leas\u00fa na seirbh\u00eds\u00ed poibl\u00ed agus in Athnuachan na St\u00e1tseirbh\u00edse tr\u00ed roinnt mhaith tionscnamh inmhe\u00e1nach.<\/li>\n<\/ul>\n\n        <\/div>\n    <\/div>\n<\/div><\/div>[\/vc_column][\/vc_row]<\/p>\n<\/div>","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>[vc_row][vc_column][vc_column_text]Is \u00e9 at\u00e1 san fhaisn\u00e9is th\u00edos n\u00e1 forbhreathn\u00fa ar an obair a dh\u00e9anann gach ceann de na rann\u00f3ga dl\u00ed in Oifig an Sti\u00farth\u00f3ra Ionch\u00faiseamh Poibl\u00ed. M\u00e1s \u00edospartach n\u00f3 finn\u00e9 th\u00fa, is f\u00e9idir go mbeidh fonn ort dul chuig \u00e1r rann\u00e1n su\u00edmh Ghr\u00e9as\u00e1in ar an gC\u00f3ras Ceartais Choiri\u00fail chun faisn\u00e9is n\u00edos mine a fh\u00e1il faoi na &hellip; <a href=\"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/about-us\/our-organisation\/\">Continued<\/a><\/p>\n","protected":false},"author":1,"featured_media":0,"parent":13233,"menu_order":2,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"","meta":{"_acf_changed":false,"om_disable_all_campaigns":false,"_relevanssi_hide_post":"","_relevanssi_hide_content":"","_relevanssi_pin_for_all":"","_relevanssi_pin_keywords":"","_relevanssi_unpin_keywords":"","_relevanssi_related_keywords":"","_relevanssi_related_include_ids":"","_relevanssi_related_exclude_ids":"","_relevanssi_related_no_append":"","_relevanssi_related_not_related":"","_relevanssi_related_posts":"","_relevanssi_noindex_reason":"","_monsterinsights_skip_tracking":false,"_monsterinsights_sitenote_active":false,"_monsterinsights_sitenote_note":"","_monsterinsights_sitenote_category":0,"_uf_show_specific_survey":0,"_uf_disable_surveys":false,"footnotes":""},"class_list":["post-10500","page","type-page","status-publish","hentry"],"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.4 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>\u00c1r nEagra\u00edocht - Office of the Director of Public Prosecutions<\/title>\n<meta name=\"description\" content=\"Office of the Director of Public Prosecutions - Providing a prosecution that is independent, fair and effective\" \/>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/about-us\/our-organisation\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"\u00c1r nEagra\u00edocht - Office of the Director of Public Prosecutions\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"Office of the Director of Public Prosecutions - Providing a prosecution that is independent, fair and effective\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/about-us\/our-organisation\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Office of the Director of Public Prosecutions\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2025-10-28T14:47:34+00:00\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"16 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\\\/\\\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.dppireland.ie\\\/ga\\\/about-us\\\/our-organisation\\\/\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.dppireland.ie\\\/ga\\\/about-us\\\/our-organisation\\\/\",\"name\":\"\u00c1r nEagra\u00edocht - Office of the Director of Public Prosecutions\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.dppireland.ie\\\/#website\"},\"datePublished\":\"2019-01-24T15:45:39+00:00\",\"dateModified\":\"2025-10-28T14:47:34+00:00\",\"description\":\"Office of the Director of Public Prosecutions - Providing a prosecution that is independent, fair and effective\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.dppireland.ie\\\/ga\\\/about-us\\\/our-organisation\\\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\\\/\\\/www.dppireland.ie\\\/ga\\\/about-us\\\/our-organisation\\\/\"]}]},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.dppireland.ie\\\/ga\\\/about-us\\\/our-organisation\\\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Home\",\"item\":\"https:\\\/\\\/www.dppireland.ie\\\/ga\\\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"Maidir Linne\",\"item\":\"https:\\\/\\\/www.dppireland.ie\\\/ga\\\/about-us\\\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":3,\"name\":\"\u00c1r nEagra\u00edocht\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.dppireland.ie\\\/#website\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.dppireland.ie\\\/\",\"name\":\"Office of the Director of Public Prosecutions\",\"description\":\"Providing a prosecution that is independent, fair and effective\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\\\/\\\/www.dppireland.ie\\\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"\u00c1r nEagra\u00edocht - Office of the Director of Public Prosecutions","description":"Office of the Director of Public Prosecutions - Providing a prosecution that is independent, fair and effective","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/about-us\/our-organisation\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"\u00c1r nEagra\u00edocht - Office of the Director of Public Prosecutions","og_description":"Office of the Director of Public Prosecutions - Providing a prosecution that is independent, fair and effective","og_url":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/about-us\/our-organisation\/","og_site_name":"Office of the Director of Public Prosecutions","article_modified_time":"2025-10-28T14:47:34+00:00","twitter_card":"summary_large_image","twitter_misc":{"Est. reading time":"16 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/about-us\/our-organisation\/","url":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/about-us\/our-organisation\/","name":"\u00c1r nEagra\u00edocht - Office of the Director of Public Prosecutions","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.dppireland.ie\/#website"},"datePublished":"2019-01-24T15:45:39+00:00","dateModified":"2025-10-28T14:47:34+00:00","description":"Office of the Director of Public Prosecutions - Providing a prosecution that is independent, fair and effective","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/about-us\/our-organisation\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/about-us\/our-organisation\/"]}]},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/about-us\/our-organisation\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Home","item":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"Maidir Linne","item":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/about-us\/"},{"@type":"ListItem","position":3,"name":"\u00c1r nEagra\u00edocht"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.dppireland.ie\/#website","url":"https:\/\/www.dppireland.ie\/","name":"Office of the Director of Public Prosecutions","description":"Providing a prosecution that is independent, fair and effective","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.dppireland.ie\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"}]}},"jetpack_sharing_enabled":true,"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/10500","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/1"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=10500"}],"version-history":[{"count":13,"href":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/10500\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":27675,"href":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/10500\/revisions\/27675"}],"up":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/13233"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.dppireland.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=10500"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}