- Baile
- Maidir linne
- Déan Teagmháil Linn
- Treoir Ghearr maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil
- Foilseacháin
- Íospartaigh & Finnéithe
- Comhlíonadh
- Slí Bheatha in Oifig an DPP
- Na Meáin
- Naisc
Maidir Linne
Bunaíodh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí leis an Acht um Iionchúiseamh i gCionta, 1974. D'fhoráil an tAcht d'aistriú chuig an Stiúrthóir na feidhmeanna ar fad a dhéanadh an tArd-Aighne roimhe sin i ndáil le hábhair choiriéla agus i ndáil le hachainí toghcháin augs reifrinn. Tá an Stiúrthóir neamhspleách i ndéanamh a chuid feidhmeanna.
Cuireann sé an dlí coiriúil i bhfeidhm sna cúirteanna thar ceann phobal na hÉireann; stiúrann agus maoirsíonn sé ionchúisimh phoiblí ar díotáil sna cúirteanna; agus tugann sé treoir ghinearálta agus comhairle don Gharda Síochána i ndáil le cásanna achoimre agus tugann sétreoir shainiúil sna cásanna sin nuair a iarrtar é. Cuireann an Príomh-Aturnae Ionchúisimh seirbhís aturnae ar fail, laistigh d'Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, chun gníomhú thar ceann an Stiúrthóra.
Tá trí phríomhrannán in Oifig an Stiúrthóra:
- Tá an Rannán Stiúrtha comhdhéanta d'abhcóidí agus d'aturnaetha a scrúdaíonn comhaid imscrúdaithe agus a chinneann cibé ar chóir ionchúiseamh a thionscnamh nó gan a thionscnamh.
- Tá an Rannán Aturnaetha comhdhéanta d'aturnaetha ionchúisimh agus d'fheidhmeannaigh dlíthiúla a ullmhaíonn agus a sheolann cásanna thar ceann an Stiúrthóra i ngach suí den Chúirt i mBaile Átha Cliath.
- Tá an Rannán Riaracháin comhdhéanta de ghráid seirbhíse ginearálta den státseirbhís agus soláthraíonn tacaíocht agus seirbhísí eile don Rannán Stiúrtha agus don Rannán Aturnaetha ionas go mbeidh ar chumas na hOifige a feidhm reachtúil a chomhlíonadh.
Cliceail anseo (Cairt Eagrúcháin)
Ní thugann an Stiúrthóir ná a fhoireann comhairle dhlíthiúil do dhaoine den phobal. Ba choir do dhaoine a bhíonn ag lorg comhairle den sort sin dul i gcomhar lena gcomhairleoirí féin.