- Baile
- Maidir linne
- Déan Teagmháil Linn
- Treoir Ghearr maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil
- Foilseacháin
- Íospartaigh & Finnéithe
- Slí Bheatha in Oifig an DPP
- Na Meáin
- Saoráil Faisnéise
- Naisc
Aturnaetha Ionchúisimh
Aturnaetha Ionchúisimh (An Rannán Aturnaetha)
Is poist dhlíthiúla ghairmiúla i Rannán Aturnaetha na hOifige iad na poist Aturnaetha Ionchúisimh. Le bheith incháilithe do phost Aturnae Ionchúisimh caithfidh go mbeidh glactha le hiarratasóirí mar Aturnae sa Stát agus iad a bheith ar an rolla amhlaidh.
Faigheann aturnaetha i Rannán Aturnaetha Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí taithí eisceachtúil i dteoiric agus i gcleachtas dhlí coiriúil na hÉireann. Bíonn neart deiseanna ann chun scileanna abhcóideachta a fhorbairt.
Áirítear ar na réimsí cleachtais:
- gníomhú mar aturnae don Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus oibriú le An Garda Síochána in ullmhú agus i gcur i láthair gach ionchúiseamh coirúil indíotáilte a bhíonn liostaithe gCathair agus i gContae Bhaile Átha Cliath
- láithriú thar ceann an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí in ionchúisimh choiriúla agus i gCúirteanna Dúiche Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath agus in achomhairc chuig an gCúirt Chuarda
- gníomhú mar aturnae don Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí in athbhreithnithe breithiúnacha, iarratais habeas corpus, cásanna sonraithe agus iarratais ar bhannaí sna huaschúirteanna
Bíonn deiseanna ag Aturnaetha Ionchúisimh forchéimniú a dhéanamh sa tslí bheatha trí roinnt post gairmiúil dlíthiúil sinsearach san Oifig, faoi réir ag ceanglais seirbhíse agus ceanglais iomchuí eile de réir mar is cuí.