Skip Navigation

Cairt an Íospartaigh

RÓL OIFIG AN STIÚRTHÓRA IONCHÚISEAMH POIBLÍ (DPP)

Nuair a thugann duine tuairisc faoi choir thromchúiseach, déanfaidh na Gardaí í a imscrúdú agus seolfar comhad chuig Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Léifidh an Oifig an comhad d'fhonn a fheiceáil an bhfuil dóthain fianaise ar fáil le duine a ionchúiseamh sa choir agus a dhéanamh amach cén chúis ba cheart a thabhairt.

Cinneadh an ndéanfar ionchúiseamh

Is cinneadh tromchúiseach an cinneadh ionchúiseamh a dhéanamh - d'fhéadfadh tionchar fadtéarmach a bheith aige ar íospartach na coire agus ar an gcúisí. Ní féidir ach leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó le dlíodóirí na hOifge amháin a chinneadh an ndéanfar ionchúiseamh i gcásanna tromchúiseacha, mar shampla dúnmharú, cionta gnéis nó tionóisc bóthair a mbíonn bás mar thoradh uirthi.

D'fhéadfadh na Gardaí socrú ionchúiseamh a dhéanamh maidir le coireanna nach bhfuil chomh tromchúiseach. Is in ainm an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí a dhéantar an t-ionchúiseamh agus tá de cheart ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí treoir a thabhairt do na Gardaí faoin modh a ndéileáiltear leis an gcás.

Feidhmítear go neamhspleách agus cinneadh á dhéanamh an ndéanfar ionchúiseamh nó nach ndéanfar. Ciallaíonn sin nach féidir le haon duine eile, fiú amháin an Rialtas, a rá leis an Oifig cás a ionchúiseamh nó gan a ionchúiseamh.

Gan Ionchúiseamh a Dhéanamh

Má chinnimid gan ionchúiseamh a dhéanamh tabharfaimid na cúiseanna do na Gardaí a d'fhiosraigh an cás agus iadsan amháin. Nuair is féidir, áfach, tabharfaimid na cúiseanna a bhí le gan ionchúiseamh a dhéanamh, i gcásanna inar tharla bás, do dhuine de theaghlach an íobartaigh nó dá líon tí má iarrann siad sin orainn. Ní thabharfaimid na cúiseanna ach amháin nuair is féidir sin a dhéanamh gan éagóir a dhéanamh ar dhuine éigin eile. Déanfaimid sin maidir le cásanna inar tharla bás an 22 Deireadh Fómhair 2008 nó ina dhiaidh.

Cionta a ionchúiseamh sa chúirt

Cuirfidh na Gardaí in iúl duit má cinneadh ionchúiseamh a dhéanamh agus, más amhlaidh, tráth agus ionad an cháis chúirte.

Sa:

  • Phríomh-Chúirt Choiriúil;
  • Chúirt Chuarda Choiriúil; nó
  • Chúirt Choiriúil Speisialta

a éistítear na cásanna is tromchúisí.

Sna cásanna sin, ionchúiseoidh dlíodóir a bheidh ag gníomhú thar ceann an DPP an cás sa chúirt.

Sa Chúirt Chuarda a éistítear cásanna nach bhfuil chomh tromhchúiseach. Sna cásanna sin ionchúiseoidh na Gardaí nó dlíodóir a bheidh ag gníomhú thar ceann an DPP an cás sa chúirt.

A MBEIDH SÚIL AGAT LEIS Ó OIFIG AN STIÚRTHÓRA IONCHÚISEAMH POIBLÍ
Más íobartach tú féadfaidh tú iarraidh orainn:
  • do chuid tuairimí a ghlacadh san áireamh is muid ag cinneadh cibé ionchúiseamh a dhéanamh nó gan a dhéanamh
  • féachaint arís ar chinneadh atá glactha againn ach nach n-aontaíonn tú leis.
Más duine de do theaghlach nó do líon tí an t-íospartach i gcás inar tharla bás féadfaidh tú iarraidh orainn agus déanfaimid:
  • a insint duit, nuair is féidir, na cúiseanna le gur shocraimid gan ionchúiseamh a dhéanamh. Déanfaimid sin i gcásanna ar tharla bás an 22 Deireadh Fómhair 2008 nó ina dhiaidh.
Sa chás gur finné atá ionat
  • Caithfimid go measúil leat agus glacfar do chúrsaí pearsanta, do chearta agus do dhínit san áireamh.
  • Oibreoimid i gcomhar leis na Gardaí lena chinntiú go gcoinnítear ar an eolas tú faoin gcás, go háirithe más cion foréigin nó gnéis atá i gceist.
  • Socróimid é go bhféadfaidh tú labhairt le haturnae agus le habhcóide an ionchúisimh más mian leat sin sula dtosaíonn an cás cúirte. Míneoidh siadsan an ní a tharlóidh sa chúirt ach ní féidir leo labhairt leat faoin bhfianaise a thabharfaidh tusa.
Má bhíonn pianbhreith geartha ar an gcúisí, is féidir linn:
  • iarraidh ar an gCúirt Achomhairc Choiriúil athbhreithniú a dhéanamh ar an bpianbhreith má cheapaimid go bhfuil sí níos boige ná mar is cóir - i bhfocail eile chomh bog nach bhfuil sí ceart sa dlí. Féadfaimid iarraidh go ndéanfaí pianbhreitheanna ón bPríomh-Chúirt Choiriúil, an Chúirt Chuarda Choiriúil agus an Chúirt Choiriúil Speisialta a athbhreithniú. Ní féidir linn achomharc a dhéanamh ar phianbhreith de chuid na Cúirte Dúiche.
SA CHÁS NACH SÁSTA A BHÍTEAR LEIS AN OBAIR

Má bhíonn aon cheisteanna na gearáin agat faoin tseirbhís is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis:

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
14-16 Sráid Mhuirfean Uacht
Baile Átha Cliath 2.


Teil: + 353 (0)1 678 9222
Faics: + 353 (0)1 661 0915
Láithreán Gréasáin: www.dppireland.ie

 

Is féidir leat freisin cuairt a thabhairt ar ár láithreán gréasáin agus teacht ar:

  • leabhrán eolais faoi Ról an DPP;
  • leabhrán eolais ar Ag Freastal sa Chúirt mar Fhinné;
  • Treoir Ghearr maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil; agus
  • Íospartaigh & Finnéithe.

(Eagrán: Márta 2010)