- Baile
- Maidir linne
- Déan Teagmháil Linn
- Treoir Ghearr maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil
- Foilseacháin
- Íospartaigh & Finnéithe
- Slí Bheatha in Oifig an DPP
- Na Meáin
- Saoráil Faisnéise
- Naisc
Cúiseanna le Cinntí
Polasaí maidir le Cúiseanna a thabhairt le Cinntí Gan Ionchúiseamh a Dhéanamh:
Tá de rún ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí athrú ar bhonn píolótach a chur ar an bpolasaí maidir le cúiseanna nach ndéantar ionchúiseamh a nochtadh. Is ar an mbonn seo a leanas a chuirfear an polasaí sin i bhfeidhm:
1. Is le cionta líomhnaithe i gcásanna inar tharla bás duine agus leo sin amháin a bhainfidh an t-athrú polasaí, ina measc:
- dúnmharú
- dúnorgain
- naíonmharú
- bás sa láthair oibre
- tionóiscí marfacha bóthair
2. Luafar na cúiseanna nach ndearnadh ionchúiseamh, nó nár leanadh ar aghaidh le hionchúiseamh, ach iad sin a iarraidh, le páirtithe a bhfuil ceangal dlúth acu leis an té a fuair bás, mar shampla:
- daoine de mhuintir nó de theaghlach an té a fuair bás;
- comhairleoirí dlí nó leighis dá gcuid; nó
- oibrithe sóisialacha atá ag obair ar a son.
3. Ní luafar cúiseanna ach amháin sa chás gur féidir sin a dhéanamh gan éagóir a tharraingt ar dhuine eile. Thiocfadh sin i gceist i gcásanna ina dtarlódh, de bharr cúis a lua:
- go mbeadh finné ionchais nó duine eile á chur i mbaol éagóra, mar shampla baint óna gclú;
- go nochtfaí foinsí rúnda a bheith ar fáil nó an té atá ina fhoinse rúnda nó go nochtfaí modhanna nó nósanna rúnda a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí; nó
- go mbeadh tionchar na míbhuntáiste ar chur i bhfeidhm an dlí.
4. Ba cheart go mbeadh an chúis a luaitear sách mionsonraithe, nuair is féidir sin, agus go mbeadh ar chumas an pháirtí leasmhar an fáth a bhí leis an gcinneadh a thuiscint.
5. Bainfidh an polasaí le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh nó le cinneadh gan leanúint le hionchúiseamh i gcás cionta a mbaineann bás leo agus ar ar an 22 Deireadh Fómhair 2008 nó tráth is deireanaí ná sin a tharla an cion líomhnaithe.
6. Is i scríbhinn a chuirfear na cúiseanna le cinntí in iúl do pháirtithe leasmhara. Níl i gceist, leis an athrú píolótach seo ar an bpolasaí, go mbeadh scóip ann le cruinnithe ar aon láthair leis na páirtithe leasmhara a thairiscint. Ba cheart don té a thagann faoi scáth alt 2 thuas agus ar mhaith leis fios a bheith aige cén chúis nach ndearnadh ionchúiseamh nó nár leanadh ar aghaidh le hionchúiseamh scríobh go dtí an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, 14-16 Sráit Mhuirfeann Uachtarach, Baile Átha Cliath 2.
7. Tá ináirithe ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí go mbeidh an polasaí i bhfeidhm go dtí an 1 Eanáir 2010 ar a laghad. Déanfar meastóireacht chuimsitheach ar an bpolasaí le linn na tréimhse sin. Déanfar, faoi réir ag toradh sásúil ar an meastóireacht ar oibriú an pholasaí, an cheist maidir leis an bpolasaí a leathnú go dtugtar cásanna tromchúiseacha eile, cionta gnéis san áireamh, faoina scáth a mheas.
8. Is den tábhacht go dtugtar chun aire nach gcuirtear aon athrú leis an bpolasaí nua seo ar chearta seanbhunaithe an íospartaigh agus a dhaoine muinteartha agus go dtagann an polasaí nua sa bhreis ar na cearta sin:
- a iarraidh ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh ionchúisimh
- freastal ar chruinniú leis an bhfoireann ionchúisimh sula ndéantar an cás a thriail
- a iarraidh go n-éileodh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí athbhreithniú mar gheall ar phianbhreith is boige ná mar ba chóir
22 Deireadh Fómhair 2008
Plépháipéar - Eanáir 2008 (pdf - 319.4KB)
Achoimre Feidhmiúcháin - Eanáir 2008 (pdf - 77.3KB)
Tuarascáil Deiridh - Deireadh Fómhair 2008 (pdf - 148.8KB)
