7 SAORÁIL FAISNÉISE

7.1    Foráiltear in Alt 46(1)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI), 1997 do cheart rochtana i ndáil le taifid a bhaineann le riaradh ginearálta na hOifige agus leo sin amháin. Ciallaíonn sé sin i ndáiríre nach féidir rochtain a fháil ar thaifid a bhaineann le comhaid ionchúisimh choiriúil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

7.2    Leantar ar aghaidh san Oifig ag cur eolas Saorála Faisnéise ar fáil chomh héasca agus is féidir. Tá ár Leabhar Tagartha d’Ailt 5 agus 6 ar fáil go forleathan i leabharlanna poiblí ar fud an tíre mar aon lenár láithreán gréasáin ag www.dppireland.ie . Leagtar amach gnó na hOifige san fhoilseachán sin, lena n-áirítear na cineálacha taifead a choinnítear.

7.3    Is féidir caidreamh a dhéanamh leis an Aonad Saorála Faisnéise ar an teileafón nó trí ríomhphost chuig foi@dppireland.ie . Is féidir an seoladh ríomhphoist sin a úsáid maidir le fiosrú ginearálta faoi Shaoráil Faisnéise ach ní féidir é a úsáid maidir le hiarratas a chur isteach, éilítear táille iarratais ina leith sin.

Iarrataí a Fuarthas 2007  
Diúltaithe faoi alt 46 (1) (b) 13
Tarraingthe siar/déileáilte leo lasmuigh den tSaoráil Faisnéise 2
Deonaíodh Iarraidh 2
IOMLÁN NA N-IARRATAÍ 17

7.4    Cuireadh líon iomlán seacht n-iarratas déag faoi bhráid na hOifige i rith na bliana 2007. Diúltaíodh trí cinn déag de na hiarratais faoin Acht agus tarraingíodh siar dhá iarratas. Bhí dhá iarratas eile a deonaíodh i bpáirt. Ba é an chúis a bhí le hiarratais a dhiúltú nach raibh baint ag na taifid a bhí á lorg le riarachán ginearálta na hOifige.

7.5    Iriseoir a chuir ceann amháin de na hiarratais isteach agus ba dhaoine den phobal a rinne na sé iarratas déag eile agus bhí baint ag cúig cinn déag de na hiarratais ar fad le comhaid ionchúisimh choiriúla.

7.6    Ní raibh ach beirt a d’iarr athbhreithniú inmheánach mar gheall ar an gcéad chinneadh sna trí chás déag ar tugadh diúltú do na hiarratais. Seasadh leis an gcéad chinneadh sa dá chás sin. Rinne iarratasóir amháin achomharc ina dhiaidh sin leis an gCoimisinéir Faisnéise, a sheas leis an gcéad chinneadh freisin.

Iarratóirí 2007
Iriseoir 1
An Pobal i gCoitinne 16

 

Athbhreithnithe
Iarrataí ar Athbhreithniú Inmheánach 2
Iarrataí chuig an gCoimisnéir Faisnéise ar Athbhreithniú 1