6 BARÁNTAS GABHÁLA EORPACH

6.1    Tháinig an tAcht um Barántas Gabhála Eorpach, 2003 i bhfeidhm an 1 Eanáir 2004. Sainmhínítear an Barántas Gabhála Eorpach in Alt 2 den Acht mar chinneadh Cúirte i mballstát amháin de chuid an EU a dhíríonn ar Chúirt i mballstát eile de chuid an EU chun críche “conducting a criminal prosecution or the execution of a custodial sentence in the issuing member state”.

6.2    Cuireann aonad eiseachadta an Gharda Síochána iarratais maidir le hullmhú Barántas Gabhála Eorpach faoi bhráid Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Dréachtaíonn dlíodóir inár Rannán Aturnaetha an barántas agus cuireann sé nó sí faoi bhráid ár Rannán Treoracha é lena cheadú. Nuair a fhaightear treoir chun leanúint ar aghaidh leis an iarratas, déanann ár Rannán Aturnaetha iarratas ar bharántas sna cúirteanna. Déantar iarratais ar Barántas Gabhála Eorpach chuig breitheamh de chuid na hArd-Chúirte ina suí di i mBaile Átha Cliath de ghnáth. Nuair a dheonaítear an t-ordú, déantar an barántas a sheoladh chuig an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Tarchuireann an Roinn an barántas ansin chuig an tír ina meastar a bhfuil an duine iarrtha ina chónaí/ina cónaí.

6.3    Ó tugadh an tAcht um Barántas Gabhála Eorpach isteach i mí Eanáir 2004, fuair Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí 177 comhad ag iarraidh Barántais Gabhála Eorpach a ullmhú ó Rannán Eiseachadta an Gharda Síochána (39 in 2007). Ní dheachthas ar aghaidh leis an iarraidh ar Barántas Gabhála Eorpach i 16 ceann de na gcomhaid sin mar gur gabhadh an duine iarrtha go háitiúil in Éirinn, gur éag an duine iarrtha nó an gearánach nó gur ordaigh Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí amhlaidh. Tá an próiseas dréachtaithe agus feidhmithe leanúnach i 17 cás. I ndáil leis an gcuid eile, tá 144 Barántas Gabhála Eorpach eisithe ag cúirteanna na hÉireann (34 in 2007). Tarchuireadh 130 chun na Ríochta Aontaithe (chuaigh 23 ceann go Tuaisceart Éireann agus chuaigh 3 ceann go hAlbain) 6 cinn chun na Spáinne, 3 cinn chun na hÍsiltíre agus ceann amháin chuig gach tír díobh seo a leanas: chun na Beilge, na Gearmáine, na Laitvia, na Liotuáine agus na Portaingéile.

6.4    Ba Éireannaigh iad 93 de 144 duine iarrtha, ba Bhriotanaigh iad 34 duine, ba as an Liotuáin do 2 duine acu agus bhí náisiúnach amháin de chuid gach ceann de na tíortha seo a leanas ann ar an daoine iarrtha; Alba, Meiriceá, An Astráil; An Ísiltír, An Ghearmáin, Gána, An Laitvia, An Nigéir, An Pholainn, An Spáinn agus An Túinéis ann chomh maith le 3 chás nach fios cárbh as don duine iarrtha. Chlúdaigh na cionta a rabhthas sa tóir orthu ina leith raon leathan de chionta tromchúiseacha, lena n-áirítear dúnmharú, cionta gnéis, cionta drugaí, gadaíocht agus ionsaithe tromchúiseacha. Le hAlt 33 den Acht um Barántas Gabhála Eorpach, 2003, ní cheadaítear Barántas Gabhála Eorpach a eisiúint ach amháin má luaitear téarma príosúnachta de 12 mí ar a laghad leis an gcion ar chiontú a bhaint amach nó, nuair is duine ciontaithe é an duine iarrtha a bhfuil téarma príosúnachta de 4 mhí gearrtha air nó uirthi. Leis sin, cinntítear nach ndéantar iarratais ar Barántas Gabhála Eorpach ach do chionta tromchúiseacha.

6.5    As na 144 barántas a eisíodh go dtí seo, gabhadh 74 duine agus eiseachadadh iad ar ais go hÉirinn (25 in 2007). Níor diúltaíodh ach iarratas amháin ar eiseachadadh. Bhí an diúltú bunaithe ar imeacht ama agus breithnithe eile. Gabhadh 7 duine eile thar lear agus tá siad os comhair na gcúirteanna faoi láthair nó tá a ngéilleadh ordaithe nó curtha siar é mar go bhfuil siad ag cur isteach pianbhreithe sa tír iarrtha.

6.6    As na barántas eile, níor leanadh le 15 ceann díobh mar gur gabhadh an duine iarrtha go háitiúil in Éirinn i ndiaidh eisiúint Barántas Gabhála Eorpach nó mar go bhfuil an duine iarrtha nó an gearánach básaithe. Níor forghníomhadh an chuid eile fós mar nach bhfuil a fhios cá bhfuil an duine iarrtha, de bhrí gur athraíodh seoladh thart ar an am a seoladh an Barántas Gabhála Eorpach chuig an tír iarrthach. Sna cásanna sin, leanfaidh údaráis an Gharda Síochána lena gcaidreamh lena gcomhghleacaithe in Interpol mar iarracht an áit go díreach a bhfuil an duine iarrtha lonnaithe a dhéanamh amach.

6.7    Ó thaobh an ionchúisimh de, tá an Barántas Gabhála Eorpach ag cruthú mar uirlis anéifeachtach chun a chinntiú go gcuirfear daoine a bhíonn cúisithe ar ais. Le go n-oibreoidh sé chomh héifeachtach is a d’oibrigh sé go dtí seo, braithfidh an Barántas Gabhála Eorpach ar bhallstáit an EU leanúint le muinín a bheith acu as córais dlí a chéile agus braithfidh sé orthu glacadh le cinntí a gcúirteanna agus iad a aithint.

6.8    Ní phléann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le Barántais Ghabhála Eorpacha a dhíríonn tíortha eile ar an Stát. Pléann an tÚdarás Lárnach atá lonnaithe sa Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis na barántais sin faoi réir chomhairle dlí an Ard- Aighne.