5.1 I dTuarascáil Bhliantúil na bliana 2002 agus i dTuarascáil na bliana 2004, shonraigh an Oifig dhá réiteach dlí, Coigistiú i gcás Coigistíochta agus Forghéilleadh Sócmhainní, a mb’fhiú aird ar leith orthu. Ba é údar a bhí leis sin gur léiríodh gur éifeachtach mar bhac ar chionta breise coireachta a dhéanamh sócmhainní na gcoirptheach a chiontaítear a ghabháil faoi fhorálacha an Achta um Cheartas Coiriúil 1994 (arna leasú).
5.2 Faoi fhorálacha alt 4 an Achta um Cheartas Coiriúil 1994 (arna leasú), ó chiontaítear duine ar dhíotú i gcion maidir le mangaireacht drugaí agus ó ghearrtar pianbhreith air, ní foláir do Chúirt na trialach a dheimhniú an raibh buntáiste ag an té a ciontaíodh as an gcion, cé mhéad de bhuntáiste a bhí as agus cén tsuim atá inréadaithe le hurscaoileadh le hOrdú Coigistíochta. Déanann an Chúirt ansin Ordú Coigistíochta i leith an fhigiúir sin. Imscrúdú éigeantach atá i gceist leis seo agus bíonn de chabhair ag an gCúirt maidir leis na fáltais ó mhangaireacht drugaí a shonrú go leagtar amach toimhdeana faoi alt 5 an Achta, i.e. toimhde gur mar íocaíocht nó mar dheonachán a bhaineann le mangaireacht drugaí aon airgead a fuair an té a cúisíodh le sé bliana anuas go dtí go dtionscnaítear imeachtaí ina aghaidh. Is féidir leis an gcúisí agóid a dhéanamh in aghaidh na dtoimhdeana sin agus ní foláir dó, go n-éireodh leis an agóid, a chruthú gur dóichí iad a bheith mícheart.
5.3 Baineann alt 8 an Achta um Cheartas Coiriúil 1994 (arna leasú) le cionta seachas cionta a bhaineann le drugaí a ndéantar a n-ionchúiseamh ar díotáil ach gur nuair a dhéanann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iarratas ina leith a dhéanann an Chúirt deimhniú sna cásanna sin. Níl na toimhdeana atá ar fáil ag an gCúirt i gcás fiosraithe faoi alt 4 ar fáil i gcásanna faoi alt 9. Is é an t-airgead sin amháin ón mbuntáiste a gnóthaíodh ón gcion áirithe inar ciontaíodh an duine atá le coigistiú i gcásanna faoi alt 9. Ó thaobh cruthúnais, is é an caighdeán a leagtar síos faoin Acht maidir leis an dá fhoráil caighdeán sibhialta an ní is dóichí.
5.4 Bíonn an tsuim a shocraíonn an Chúirt ina fhiach breithiúnais iníoctha ag an té a ciontaíodh agus is féidir, más gá, téarma príosúnachta a ghearradh leis an mbreith a chur i bhfeidhm.
5.5 Tá de chumhacht ag an Ard-Chúirt faoi alt 24 an Achta ordú srianta a dheonú lena ndéantar sócmhainní chúisí a chalcadh ón uair a chinneann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ionchúiseamh a dhéanamh. Is é cuspóir atá le horduithe dá sórt ídiú sócmhainní sula dtarlódh ciontú cúisí a chosc. Is féidir glacadóir a cheapadh freisin sula dtarlaíonn ciontú d’fhonn sócmhainní sonraithe a thiomsú, go háirithe sócmhainní a mbeadh laghdú ag teacht ar a luach, agus diúscairt a dhéanamh orthu nó bainistíocht a dhéanamh orthu d’fhonn cinntiú go mbíonn an luach is airde ar fáil ag an gCúirt sa chás go ndéantar ordú coigistíochta. Foráiltear faoi Alt 20 do ghlacadóir a cheapadh ón uair a dhéantar ordú coigistíochta d’fhonn na sócmhainní sonraithe a réadú chun freastal don tsuim a socraíonn an Chúirt gur ionann í agus an buntáiste atá gnóthaithe ag an gcúisí ón gcion.
5.6 Údaraítear faoi alt 38 an Achta airgead tirim a urghabháil sa chás go bhfuil cúis réasúnta ag duine den Gharda Síochána nó ag oifigeach Custaim agus Máil le hamhras gur ionann an tairgead tirim (airgead tirim san áireamh a dtagtar air le linn cuardaithe) agus gnóchan duine ó iompar coireachta. Ní féidir an t-airgead tirim a ghabhfadh Garda nó ag oifigeach Custaim agus Máil a choinneáil ar feadh tréimhse is faide ná 48 uair a chloig mura dtugann Breitheamh de chuid na Cúirte Dúiche údarás leis an airgead a choinneáil níos faide. Is féidir iarratais a dhéanamh leis an gCúirt le leanacht ag coinneáil an airgid ar feadh tréimhsí suas le dhá bhliain. Faoi alt 39 an Achta, is féidir le Breitheamh de chuid na Cúirte Cuarda forghéilleadh aon airgead a gabhadh faoi alt 38 an Achta a ordú má táthar sásta gur gnóthachtáil díreach nó indíreach ó choireacht an t-airgead nó go bhfuil rún é a chur in úsáid ag duine ar bith le haghaidh mangaireacht drugaí. Is é an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a chaitheann iarratas faoi alt 39 a dhéanamh agus bíonn an caighdeán cruthúnais ar chaighdeán sibhialta an ní is dóichí.
5.7 Foráiltear in alt 61 an Achta d’fhorghéilleadh aon mhaoin a úsáidtear i ndéanamh ciona nó i bhfreastal do chion, sa Chúirt Dúiche nó sa Chúirt Chuarda. Seasadh sa bhreith a tugadh le gairid sa chás Shane Howell v. Judge Patrick Moran and the Director of Public Prosecutions le cumhacht na cúirte ordú a dhéanamh faoin alt sin maidir leis an maoin a bhaineann le hábhar, agus is féidir leis an gCúirt sin a dhéanamh cibé an mbíonn plé ag an gCúirt le ciontóir maidir leis an gcion ar bhealach ar bith eile nó nach mbíonn. Cuireann an Oifig seo iarratais isteach faoin alt sin maidir le réimse leathan sócmhainní, mar shampla carranna a úsáidtear le coirpigh a thabhairt chuig láthair coire agus ón láthair, chomh maith le hairgead agus gaireas coirptheachta, mar shampla trealamh cóirithe drugaí a dtagtar air ar láthair coire nó ina chóngar.
5.8 Tá aonad faoi leith, an tAonad Urghabhála Sócmhainní, mar chuid de Rannóg na nAturnaetha san Oifig. Is ar an aonad sin a leagtar de chúram an straitéis a leag an Oifig amach i dTuarascáil Bhliantúil nab liana 2004 a chur i bhfeidhm agus monatóireacht agus comhordú a dhéanamh mar gheall ar gach iarratas a thugtar chun cinn faoin Acht. Thug an Oifig cúnamh don Gharda Síochána oiliúint a chur ar oifigigh den chuid an Gharda maidir le himscrúdú ar na ceisteanna seo.
5.9 Díríodh aird ar leith ar Urghabháil Sócmhainní ag na Seimineáir Bhliantúla d’Aturnaetha Stáit sa bhliain 2004 agus sa bhliain 2007 trí chur i láthair a dhéanamh leis na hAturnaetha Stáit ar fad.
5.10 Bíonn caidreamh leanúnach idir an Oifig agus an Garda Síochána, Aturnaetha Stáit agus na Coimisinéirí Ioncaim d’fhonn cinntiú go mbíonn an sárchleachtas i réim maidir le coigistíocht agus forghéilleadh sócmhainní.
5.11 Rinneadh tuairim is 28 ordú coigistíochta agus forghéillte in 2007. Tháinig na horduithe sin go tuairim is €412,300. Le linn na tréimhse sin, rinneadh orduithe coigistíochta ar thrí chás de chuid alt 39 a tháinig go tuairim is €221,570.
5.12 Tá an Oifig lándúthrachtach maidir lena chinntiú go mbaintear leas iomlán as gach réiteach atá ar fáil faoin Acht um Cheartas Coiriúil 1994 agus go ndírítear ar cheisteanna faoi ‘bhuntáiste’ i ngach ionchúiseamh ar díotáil agus nuair is cuí sin go sonraítear an ghnóthachtáil ó bheartaíocht choiriúil agus na deiseanna a úsáidtear d’fhonn na coireachta sin agus go ndéantar coigistiú orthu.