4 IONCHÚISIMH MAIDIR LE TIOMÁINT FAOI THIONCHAR DÍ

4.1    Is é cuspóir atá leis an gcaibidil seo tuairisc a thabhairt ar an gcásdlí a d’eascair ó ionchúiseamh ar chásanna maidir le tiomáint faoi thionchar dí i rith na bliana 2007.

Alt 49(4) – Cásanna maidir le hAnáileadán Intoxilyzer

4.2    Colm Fitzpatrick v. Director of Public Prosecutions – an Breitheamh O’Neill (20 Samhain 2007). Leagtar síos leis an gcás seo gur gá an Teastas maidir le halt 17 a thabhairt don Chúirt má tá an t-ionchúiseamh ag féachaint le brath ar an toimhde a luaitear in alt 21 an Achta um Thrácht ar Bhóithre 1994. Sonraítear an cion alcóil i sampla den anáil ar an Teastas maidir le halt 17. Baineann an cás freisin leis an gceist maidir lena inghlactha agus atá fianaise thánaisteach agus deirtear mar seo a leanas:

“Where the prosecution in a case such as this wish to prove the content of the statement produced by an Intoxilyzer machine pursuant to section 17(2) but do not produce the statement itself, in my view they should not be permitted to give secondary evidence of the content of that statement unless it is established by evidence that the original statement has been lost or destroyed or for some other reason, it is physically or legally impossible to produce the original.”

4.3    Fágann sin gur féidir cóip de Theastas maidir le halt 17 a thabhairt de bhun alt 20 an Achta um Fhianaise Choiriúil 1992 i gcásanna áirithe.

4.4    Director of Public Prosecutions v. Ryan Crumley - An Breitheamh Feeney (17 Nollaig 2007). Achomharc a bhí anseo i bhfoirm cás a shonrú maidir leis an ngá le tréimhse faire 20 nóiméad. Seo a leanas an cheist mar a cuireadh

“In a prosecution for an offence contrary to section 49(4) and (6) of the Road Traffic Act 1961 (as inserted by section 10 of the Road Traffic Act 1994, as amended by section 23 of the Road Traffic Act 2002), is it necessary for the prosecution to prove that the arrested person had been observed continuously for a period of 20 minutes prior to such a person being required to provide two specimens of his breath pursuant to section 13(1)(a) of the Road Traffic Act 1994?”

Ba é freagra a tugadh nach gá. Níl breith i scríbhinn ar fáil.

Cásanna maidir le Mainneachtain nó Diúltú Sampla den Anáil a chur ar fáil

4.5    Director of Public Prosecutions v. Shane Canavan – An Breitheamh Birmingham, (1 Lúnasa 2007). Tagann an cás seo tar éis bhreith na Cúirte Uachtaraí sa chás Director of Public Prosecutions v. McGarrigle. Ba é breith na Cúirt nach gá don ionchúiseamh a chruthú gur inis an Garda don chúisí na pianbhreitheanna a thiocfadh dá bharr dá ndéanfaí mainneachtain nó dá ndiúltófaí sampla a chur ar fáil.

4.6    Director of Public Prosecutions v. John Condon – An Breitheamh Hedigan (12 Deireadh Fómhair 2007). Sa chás seo, tugadh de bhreith nach raibh cruthúnas ar thréimhse faire 20 nóiméad faoi rialú ina chruthúnas riachtanach i gcás maidir le mainneachtain nó diúltú sampla den anáil a thabhairt.

4.7    Director of Public Prosecutions v. Sean Malone – An Breitheamh Hedigan (15 Deireadh Fómhair 2007). Rinne Breitheamh na hArd-Chúirte an cheist mar a cuireadh í sa Chás a Sonraíodh a chur sa riocht seo a leanas:

“In a prosecution under section 13(2) where the accused is found to have refused [to give a specimen of breath], is it a necessary proof that the Gardaí have gone through all the preparatory steps up to where the display on the Lion Intoxilyzer showed the message “give breath specimen, blow to fill space?”

4.8    Thug an Breitheamh Hedigan de bhreith, sa chás go dtagann an Chúirt ar an tuiscint ón bhfianaise gur dhiúltaigh an cúisí déanamh de réir mar a éilítear faoi alt 13(1)(a), go mbeadh sé ró-fhoirmiúlaíoch ar na Gardaí dul ar aghaidh leis an gcéad aon chéim déag agus an t-anáileadán Intoxilyzer a thairiscint don chúisí nuair ba léir nach ndéanfadh an cúisí de réir an chórais.

Alt 49 (Tiomáint faoi Thionchar Dí) – Ionchúiseamh go Ginearálta

4.9    Director of Public Prosecutions v. Seamus Deegan – An Breitheamh Dunne (26 Márta 2007). Baineann an cás seo le sampla fuail a chuir an Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre faoi anailís maidir leis an gcion alcóil sa sampla agus druga nó drugaí a bheith ann. Is é breith a tugadh go raibh sin de réir an chirt. Níl breith i scríbhinn ar fáil.

4.10    Director of Public Prosecutions v. Shelia O’Sullivan – An Breitheamh Herbert (31 Iúil 2007). Ba í an cheist a bhain leis an gcás seo an ndearna Garda go neamhdhleathach nuair a chuathas isteach ar chabhsa sráide an chosantóra gan barántas agus doras an chairr a oscailt. Ba é freagra na ceiste nach ndearna, thug an Chúirt chun aird nár chuir an cosantóir glas ar dhoras an chairr agus nach ndearna sí iarracht na Gardaí a stopadh óna oscailt agus nár cháin sí iad as sin a dhéanamh.

4.11     David O’Neill v. Judge Patrick McCarton & Director of Public Prosecutions – An Breitheamh Charleton (1 Lúnasa 2007). Sa chás seo, bhí amhras caite ag lucht na cosanta ar an achar ama a thóg sé ar Dhocthúir teacht go dtí an beairic ionas go bhféadfaí sampla fola nó fuail a éileamh ar an gcosantóir. Uair a chloig an t-achar ama a bhí i gceist agus ba é breith na Cúirte go mba mhaith an fónamh sin á dhéanamh sa saol dáiríre.

4.12     Director of Public Prosecutions v. Ronald Roper – An Breitheamh Birmingham (30 Iúil 2007). Ba é breith na Cúirte nach raibh an ceart ag Breitheamh de chuid na Cúirte Dúiche nuair a rinne na cúiseanna in aghaidh an chúisí a dhíbhe ar an mbunús nach ndearnadh próiseáil air faoi na Rialacháin faoin mBail a Chuirfear ar Dhaoine faoi Choimeád 1987 gan aon mhoill nár ghá, i gcás nach raibh ar chumas an ionchúisimh tuairisc a thabhairt ar suas le 17 nóiméad den tréimhse faoi choimeád.

Moill

4.13    Director of Public Prosecutions v. Judge O’Leary and various respondents, An Breitheamh Murphy (6 Nollaig 2007). Is é ab ábhar don chás seo roinnt cásanna os comhair na Cúirte Dúiche a cuireadh ar atráth go dtí go mbeadh toradh ar an agóid faoin mBunreacht in aghaidh ghaireas an Intoxilyzer. Ba é breith na cúirte nár tharla aon mhoill a gcuirfí a mhilleán ar an ionchúiseamh.