3 FORBAIRTÍ DLÍTHIÚLA 2007

3.1    Is é cuspóir atá leis an gcaibidil seo cuntas gairid a thabhairt ar chinntí agus ar chora inspéise eile den tábhacht maidir le réimse dhlí na coireachta i rith na bliana 2007.

3.2    Mar a rinneadh blianta eile roimhe seo, roghnaíodh cúiseanna a dtugtar blas leo ar chineál na gceisteanna dlí a thagann chun cinn maidir le dlí na coireachta. Ní hé atá i gceist leis an gcaibidil seo go mbeadh léargas cuimsitheach as ar gach cor nua i ndlí na coireachta i rith na bliana.

Pianbhreitheanna i gCásanna maidir le hÉigniú

3.3    Sa chás People (Director of Public Prosections) v. Drought, gan tuairisc, An Phríomh-Chúirt Choiriúil, 4 Bealtaine 2007, thug an Breitheamh Charleton faoi anailís chuimsitheach ar phianbhreitheanna i gcásanna maidir le héigniú. Ciontaíodh an cúisí sa chás in aon chion éignithe amháin. Sular gearradh an phianbhreith, rinne an Breitheamh Charleton iniúchadh ar gach breith de chuid na nArd-Chúirteanna a tuairiscíodh agus nár tuairiscíodh a bhain le hábhar agus anailís ar na pianbhreitheanna a gearradh. Ceadaíodh freisin cásanna ar tugadh tuairisc orthu sna meáin chumarsáide. Sonraíodh ar an gcéad dul síos na prionsabail ghinearálta a bhaineann le pianbhreitheanna a ghearradh i gcásanna éignithe agus féachadh ansin leis na gnéithe nó na tosca a shonrú a mbíonn claonadh dá réir pianbhreitheanna de réimse éagsúla, idir bog agus géar, a ghearradh ar an té a chiontaítear in éigniú. Luaigh an breitheamh na nithe a bhfuil de nós ag na cúirteanna breathnú orthu mar thosca forthromaíochta

Glacadh le Fianaise Nua le linn Achomhairc

3.4    Sa chás People (Director of Public Prosections) (respondent) v. O’Regan (appellant) [2008] 1 ILRM 247, thug an Chúirt Uachtarach na critéir maidir leis an gceist an nglacfaí le fianaise nua le linn achomhairc faoi mheas. Cúisíodh an t-achomharcóir i gcion éignithe amháin agus ciontaíodh tar éis an dara triail. Rinne an t-achomharcóir achomharc leis an gCúirt Achomhairc Choiriúil maidir leis an gciontú. I measc na bhforas achomhairc, bhí iarratas go gceadófaí fianaise úr ó bheirt finné saineolais míochaine a chur i láthair. Éistíodh an t-iarratas sin mar cheist réamhchúise. Dhiúltaigh an Chúirt Achomhairc Choiriúil an t-iarratas agus diúltaíodh anuas air sin ceist ar an gCúirt Uachtarach de bhun alt 29 an Achta um Cheartas Coiriúil 1924 a dheimhniú.

3.5    Ar an iarratasóir sin a iarraidh, rinne an tArd- Aighne an cheist seo a leanas ar an gCúirt Uachtarach a dheimhnniú: an raibh an ceart ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil de réir na gcúinsí ar fad diúltú glacadh le fianaise saineolais arb é éirim a bheadh léi, gur chinnte nár tharla éigniú mar a bhí líomhanta ag an ngearánaí; agus gur dhócha nár tharla éigniú ar bith; agus go háirithe: (a) An dtarlaíonn ar na critéir ar ina leith a chinntear an nglacfar le fianaise úr sa Chúirt Achomhairc Choiriúil coinníoll nach raibh an fhianaise ar fáil don achomharcóir roimh an triail; nó arb é amháin a bhaineann leis an gceist sin gur toisc den tábhacht é agus a n-éileofaí de réir ceartais á i gcúinsí uile an cháis á mheas; (b) Sa chás go ndéantar iarratas maidir le fianaise úr a chur i láthair a bhí ar fáil roimh an triail, ar gá iompar ainmheasartha, míréasúnach, neamhloighiciúil, nó failíoch maidir leis an gcosaint ag an triail a dhearbhú agus a dheimhniú? I bhfreagairt na gceisteanna seo don Chúirt Uachtarach, tugadh de bhreith go raibh an ceart ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil diúltú glacadh leis an bhfianaise nua a bhí i gceist. Tugadh de bhreith gurb iad na critéir a gcinntear dá réir má tá glacadh le fianaise úr ar achomharc a éisteacht na critéir sin a leag an Chúirt Achomhairc Choiriúil amach sa chás Director of Public Prosections v. Willoughby, gan tuairisc, An Chúirt Achomhairc Choiriúil, 18 Feabhra 2005: ós é a éilítear ar mhaithe le leas an phobail go gcuireann an cosantóir iomlán an cháis i láthair le linn na trialach. Níor mhór cúinsí eisceachta a chruthú sula nglacfadh an chúirt le fianaise úr le linn achomharc a éisteacht agus is trom an dualgas a bhaineann le fianaise saineolais ó tharla saineolas ar fáil ó fhoinsí go leor. Níor mhór gan eolas ar an bhfianaise tráth na trialach a bheith ar eolas agus í den sórt nach bhféadfaí bheith ag súil go réasúnach go mbeadh sí ar eolas ná faighte tráth na trialach. Níor mhór don fhianaise bheith inchreidte agus den sórt a mbeadh tionchar ábhartha den tábhacht aige ar thoradh na cúise. Ní mór an inchreidteacht agus an ábharthacht a mheas trí thagairt don fhianaise eile le linn na trialach agus ní ar leithligh. Ba é breith na Cúirte nach gá a dhearbhú ná a dheimhniú gur tharla failí maidir leis an gcosaint le linn na trialach lena n-éilítear trína leagtar amach i gcás Willoughby a shásamh.

Cionta maidir le Drugaí – cibé an bhfuil gné mens rea ag baint le luach drugaí

3.6    Sa chás People (Director of Public Prosections) v. Power [2007] 2 IR 509, bhreithnigh an Chúirt Uachtarach an mba gné riachtanach den chion in aghaidh alt 15A an Achta um Mí-Úsáid Drugaí 1977, mar a chuirtear isteach le halt 4 an Acht um Cheartas Coiriúil 1999, go mbeadh ar eolas ag an gcúisí go mb’airde luach an mhargaidh ar an ndruga rialaithe a líomhnaítear a bheith ina sheilbh ná an tsuim faoin reachtaíocht. Ba é breith na Cúirte Achomhairc Coiriúla nach n-éilítear faoi alt 15A go mbeadh luach na ndrugai a bhain leis an gcion ar eolas. Rinne an t-achomharcóir iarratas ar theastas faoi alt 29 an Achta Cúirteanna Breithiúnais 1924 agus dheimhnigh an Chúirt Achomhairc Choiriúil go raibh ponc dlí ag baint leis an mbreith a raibh tábhacht phoiblí eisceachtúil leis, agus ionchúiseamh á dhéanamh maidir le cion in aghaidh alt 15A an Achta um Mí-Úsáid Drugaí, 1977 cén ghné mheabhrach is gá don ionchúiseamh a chruthú?

3.7    Ba é breith na Cúirte Uachtaraí nár ghá nuair a bhí ionchúiseamh á dhéanamh mar gheall ar chion in aghaidh alt 15A an Achta um Mí-Úsáid Drugaí 1977, go gcruthódh an t-ionchúiseamh go raibh eolas ag an gcúisí nó gur chóir go mbeadh eolas ag an gcúisí ar luach an mhargaidh nó luach carnaithe an mhargaidh i leith na ndrugaí rialaithe a bheith ionann le €13,000 nó os a chionn. Ba é breith na Cúirte gur ghá an ghné mheabhrach a chruthú maidir le gach gné de chion reachtúil mura bhforáiltear dá mhalairt sa reacht go sainráite nó go hintuigthe ón riachtanas. Arna léamh as féin, ní fhoráiltear dá mhalairt in alt 15A go sainráite ná go hintuigthe ón riachtanas. Ina dhiaidh sin féin, agus socrú á dhéanamh faoina gciallaíonn reacht, níor mhór don Chúirt riocht an dlí an tráth ar ritheadh an t-achtachán a thabhairt san áireamh. Ní mór Cuid II an Achta um Cheartas Coiriúil, 1994 (orduithe coigistíochta) a léamh in éineacht leis na hAchtanna um Mí-Úsáid Drugaí 1977 agus 1984 agus is cód dlí na hAchtanna sin in éineacht le Cuid II Acht na bliana 1994. Dá réir sin, is gá don ionchúiseamh, ionas go n-éireodh le hionchúiseamh faoi alt 15A, a chruthú go bhfuil drugaí rialaithe ar luach is airde ná luach oibiachtúil áirithe ina sheilbh ag an gcúisí agus ba den “áiféis alt 15A a fhorléiriú ar nós gur ghá don ionchúiseamh a chruthú go raibh luach na ndrugaí ar eolas aige”.

Seanchásanna cionta gnéasacha – ionsaí mígheanasach ar an bhfireann

3.8    Sa chás M (S) v. Ireland & Others, gan tuairisc, an Ard-Chúirt, 12 Iúil 2007, rinneadh a mheas an dtagann alt 62 an Achta um Chiontaí in aghaidh na Pearsan 1861 leis an mBunreacht. Cúisíodh an gearánaí i 31 cion in aghaidh alt 62 an Achta um Chiontaí in aghaidh na Pearsan 1861 arna líomhain go ndearnadh iad i rith na 1960idí agus na 1970idí. D’éiligh an gearánaí dearbhú gur sárú alt 62 an Achta um Chiontaí in aghaidh na Pearsan ar Airteagal 40.1 na Bunreachta ar an mbunús go mb’ionann é agus éagothroime dochosanta faoin dlí, ó tharla go ngearrtar pianbhreith uasta deich mbliana príosúnachta maidir le ionsaí mígheanasach ar an bhfireann, nuair is dhá bhliain an phianbhreith uasta ar an gcéad chiontú in ionsaí mígheanasach ar an mbaineann, faoi mar a fhoráiltear dó le halt 6 Acht Leasaithe an Dlí Choiriúil 1935.

3.9    Á dhearbhú nach raibh an phianbhreith uasta faoin reachtaíocht a bhforáiltear di in alt 62 Acht na bliana 1861 ag teacht leis an mBunreacht, dúirt an Breitheamh Laffoy go raibh dóthain seasamh faoin ngearánaí le bunreachtúlacht alt 62 a chur faoi iniúchadh ó tharla é curtha chun a thrialach agus é i ngarbhaol breithe a bhféadfadh cur isteach ar a chuid ceart ag baint léi. Dúirt an breitheamh go raibh alt 62, ar a chosúlacht, idirdhealaitheach ar fhoras inscne, ní a bheadh in aghaidh Airteagal 40.1 na Bunreachta mura mbeadh bonn ceartais faoin idirdhealú de bharr é a bheith bunaithe ar éagsúlacht cumais, cibé fisiciúil nó morálta, nó difríocht ó thaobh feidhm shóisialta idir an fear agus an bhean ar bhealach nach raibh déistineach, treallach ná guagach. Ba í breith an Bhreithimh Laffoy áfach, nach raibh aon ní in Acht na bliana 1861 ná in aon bhreithniúnas oibiachtúil ar na difríochtaí maidir le hacmhainn fhisiciúil, acmhainn morálta ná feidhm shóisialta idir fear agus bean a bheadh ina údar dlisteanach reachtaíochta le pianbhreith uasta níos géire a ghearradh i gcás ionsaí mígheanasach ar fhear ná i gcás cion den chineál céanna in aghaidh mná.

Gearáin agus Ionchúiseamh mar gheall ar Chionta

3.10    Sa chás People (Director of Public Prosections) v. Monaghan, gan tuairisc, An Ard-Chúirt, 14 Iúil 2007, ba é a bhí i gceist ar ghá gearán foirmeálta sula bhféadfaí ionchúiseamh achoimre a thabhairt. Bhain fíricí an cháis le bruíon i dteach ósta. Rinne an cúisí gearán gur ionsaíodh é. Ar an gcomhad a bhreithniú, shocraigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gurbh é an cúisí an té ba chóir a chúisiú. Cúisíodh an cúisí in ionsaí a dhéanamh ar an íospartach líomhanta agus i mí-iompar in áitreabh ceadúnaithe. Nuair a tháinig an cás lena éisteacht thug an t-íospartach líomhanta le fios nach ndearna sé riamh aon ghearán foirmeálta leis na Gardaí faoin gcúisí. D’áitigh an cúisí go raibh locht bunúsach ar chúis an ionchúisitheora ó tharla gan aon fhianaise ar fáil go ndearnadh aon ghearán foirmeálta in aghaidh an chúisí.

3.11    Shonraigh an Chúirt Dúiche cás chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil an bhféadfaí cúisí a ionchúiseamh go hachomair i gcás ciona in aghaidh an duine nár tharla bás dá bharr nuair a bhunaítear an cinneadh ionchúiseamh a dhéanamh ar fhianaise a thiomsaítear de droim gearán a rinne an cúisí féin agus gan aon ghearán déanta ag duine ar bith in aghaidh an chúisí. Ba é breith na hArd-Chúirte nach raibh dlisteanas an ionchúisimh ag brath ar ghearán a bheith ar fáil. Is iad cearta an phobail a bhfuil buntábhacht leo san ionchúiseamh ar chionta coiriúla. Ní gá dá réir sin go ndéanfadh aon duine gearán faoi bheith ina íospartach, cibé an ndéantar cion dealraitheach a ionchúiseamh go hachomair nó ar díotáil. Ní raibh cur isteach ar leas an phobail i ndeireadh báire más duine seachas an té a ndearnadh an gearán ina aghaidh ar dtús a ionchúisíodh sa deireadh nó más é an té a rinne an chéad ghearán a ionchúisíodh.

Comhthacaíocht

3.12    Bhain an cás People (Director of Public Prosections) v. Dolan, gan tuairisc, An Chúirt Achomhairc Choiriúil, 3 Bealtaine 2007, le rabhadh comhthacaíochta. Achomharc atá i gceist leis an gcás in aghaidh chiontú an iarratasóra sa Phríomh-Chúirt Choiriúil in éigniú anasach agus ionsaí a d’éirigh ón eachtra chéanna. Ag deireadh na trialach sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, d’iarr abhcóid thar ceann an iarratasóra ar bhreitheamh na trialach rabhadh maidir le comhthacaíocht a thabhairt i ndáil le fianaise an ghearánaí, mar a fhoráiltear dó le halt 7(1) an Achta um an Dlí Coiriúil (Éigniú) (Leasú) 1990. Ciallaíonn rabhadh maidir le comhthacaíocht go ndeirtear leis an ngiúiré go bhféadfadh nár shlán ciontú a dhéanamh mura bhfuil fianaise neamhspleách ar fáil mar bhonn taca le tuairisc an ghearánaí. Arna dhéanamh sin don abhcóid, dúradh le breitheamh na trialach nach raibh aon ábhar a bhain leis an gcás a bhféadfaí a cheapadh gur ábhar comhthacaíochta é faoi mar a éilítear faoin dlí in Éirinn. Baineann an t-achomharc leis an gCúirt Achomhair Choiriúil leis an mbealach inar dhéileáil breitheamh na trialach leis an iarratas go dtabharfaí an rabhadh don ghiúiré.

3.13    Ba é breith na Cúirte Achomhairc Coiriúla nach raibh i gceist leis na forais bhunriachtanais ar chosúil breitheamh na trialach ag brath orthu sa bhreithiúnas a thug sé nach dtabharfaí rabhadh gur chreid sé gur luaigh an Breitheamh McGuinness i mbreith éigin roimhe sin gurbh ionann agus masla do mhná rabhadh mar é a thabhairt agus go raibh an Chúirt Achomhairc Chóiriúil, i mbreith éigin a thug an Chúirt sin maidir le ceist an rabhaidh, ag féachaint le rialú in aghaidh dhlíthe a bhí rite ag an Oireachtas. Níorbh fhéidir teacht ar cheachtar den dá bhreith sin. Ba é breith na Cúirte Achomhairc Coiriúla nach raibh aon bhunús réasúnaithe le cinneadh bhreitheamh na trialach gan rabhaidh a thabhairt maidir le comhthacaíocht. Bhí béim ag an gCúirt ina dhiaidh sin féin ar bhreith nach bhféadfaí a bheith ag súil go dtabharfadh breitheamh trialach breith mhionsaothraithe lena linn ar gach ceist dlí a thagann chun cinn mar gheall ar rialú dá chuid nó dá cuid, ach nach mór gach rialú den tábhacht a bheith réasúnaithe agus bunaithe ar phrionsabal dlí. Níor sásaíodh ceachtar den dá riachtanas sin le cinneadh bhreitheamh na trialach sa chás seo.

Nochtadh agus Leas na Meán Cumarsáide

3.14    Bhí ceisteanna go leor a tugadh chun cinn sa chás People (Director of Public Prosections) v. Dundon & Others, gan tuairisc, An Chúirt Achomhairc Choiriúil, 25 Iúil 2007. Bhí na hiarratasóirí sa chás sin ag achomharc in aghaidh a gciontaithe i ndúnmharú Kieran Keane, san iarracht ar dhúnmharú a nia siúd, Owen Treacy, agus i bpríosúnú neamhdhleathach na beirte acu. Ní raibh aon chur in aghaidh baint a bheith ag na heachtraí le bearta leanúnacha foréigin idir dronga i Luimneach. D’áitigh na hiarratasóirí nach mb’iontaofa na ciontuithe ar fhorais go leor. Áitíodh, i measc nithe eile, gur tharla mainneachtain i gcás an ionchúisimh nochtadh iomlán a dhéanamh do lucht na cosanta roimh an triail agus nár cheart go dtarlódh triail ar bith mar gheall ar an tsuim a bhí ag an bpobal ann agus an trácht a bhí sna meáin chumarsáide air.

3.15    Maidir leis an áiteamh gur theip ar an ionchúiseamh nochtadh iomlán a dhéanamh do lucht na cosanta roimh an triail, ba é breith na Cúirte Achomhairc Coiriúla nár chuir nochtadh mall an ábhair maidir le heachtraí ar i ndáil leo a gabhadh Owen Treacy go mór leis an eolas a bhí ag lucht na cosanta cheana féin faoi chomhluadar Owen Treacy, ciontuithe roimhe sin, a chuid iontaofachta agus an bhaint a bhí aige le coireacht agus achrann drongchoirpeachta. Anuas air sin, ba é breith na Cúirte gur beag ábhar breise don chroscheistiú a bhí as an ábhar nár nochtaíodh. Luaigh an Chúirt nárbh ionann sin agus a rá go bhfuil aon cheart ag an ionchúiseamh neamhaird a dhéanamh den dualgas faoi leith atá air nochtadh iomlán a dhéanamh, seachas i gcomhthéacs fhíricí agus chúinsí an cháis, nach raibh an neamhchomhlíonadh maidir le gach cáipéis uile go léir a mbeadh tagairt iontu do Owen Treacy a chur ar fáil chomh tromchúiseach agus a d’fhéadfadh a bheith i gcás eile.

3.16    Maidir leis an bhforas achomhairc i ndáil leis na meáin chumarsáide agus poiblíochta, luaigh an Chúirt nárbh ionadh mór gur tharraing triail na n-iarratasóirí aird fhorleathan nuair a thugtar san áireamh gur cúis mhór buartha ar fud na tire ar fad an t-achrann leanúnach drongchoirpeachta i Luimneach. Á chur sin san áireamh, ba é breith na Cúirte nár dhóigh gurbh indéanta giúiré a rollú a mbeadh na comhaltaí aineolach ar fad ar na deacrachtaí sin. Dhiúltaigh an Chúirt chomh maith d’áiteamh lucht na cosanta gur cheart an triail a bheith curtha ar athló d’fhonn ligean do chúrsaí ‘fuarú’.

Fianaise Cúlra ar Mhí-Iompar i gCásanna maidir le Mí-Úsáid Ghnéis

3.17    Sa chás Director of Public Prosecutions v. McNeill, gan tuairisc, An Chúirt Achomhairc Choiriúil, 31 Iúil 2007, breithníodh an cheist maidir le fianaise ar mhí-iompair i gcásanna faoi mí-úsáid gnéis arís agus arís eile. Bhain an cás seo le líomhaintí faoi mhí-úsáid gnéis in aghaidh an chúisí, fear idir leathchéad bliain agus trí fhichead bliain, i rith na tréimhse ina raibh an gearánaí idir ocht mbliana agus seacht mbliana déag d’aois. Ciontaíodh an cúisí in ocht gcinn de chionta gnéasacha le linn na tréimhse sin. I rith thriail an iarratasóra, glacadh le fianaise inar cuireadh síos go mion ar an gcaidreamh idir an gearánaí agus an cúisí, fianaise san áireamh ar mhí-úsáid nach mb’ábhar d’aon chúis faoi leith. Bhí an gearánaí ag iarraidh cead achomhairc ar an údar nár cheart fianaise den sórt sin a cheadú mar gheall go mba fianaise neamh-inghlactha a bhí ann ar mhí-iompar roimh ré.

3.18    Agus cead achomhairc á dhiúltú, bhreithnigh an Chúirt Achomhairc Choiriúil cásanna ‘fianaise cúlra ar mhí-iompar’: nuair a bhí an fhianaise sin ina chuid de chúlra leanúnach an chaidrimh nach mbeadh an fhianaise a cuireadh os comhair an ghiúiré intuigthe dá uireasa. Maidir le cinneadh cén fhianaise ‘cúlra’ ar cheart glacadh a bheith léi, ba é breith na Cúirte gur airde an tairseach ná ‘cuidiúlacht’ amháin ach go raibh beart stuama cothromaíochta i gceist. Tugadh de bhreith nár cheart fianaise cúlra ar mhí-iompar a mheas ach amháin sa chás go raibh fiúntas suntasach léi ó thaobh míniúcháin agus gur ghá ar mhaithe le leas an cheartais glacadh a bheith léi, fiú agus an éifeacht dhochrach a d’fhéadfadh a bheith léi á chur san áireamh. Sa chás go nglactar le fianaise dá sórt, ba é breith na Cúirte go bhféadann breitheamh na trialach a chur in iúl don ghiúiré go bhfuil baol ann nach fírinneach gach a ndeireann an gearánaí faoi na líomhaintí atá i gceist leis an bhfianaise cúlra. Maidir leis an gcás idir lámha, ba é breith na Cúirte gur chuir breitheamh na trialach an triail chothromaíochta maidir le hinghlacthacht fianaise ar mhí-iompar sa chás i bhfeidhm mar ba chóir.