2 ATHBHREITHNIÚ AR AN MBLIAIN

2.1    Chuir Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí tús le cur i bhfeidhm a Ráitis Straitéise trí bliana don tréimhse 2007 – 2009 i mí Eanáir 2007. Cuireadh síos ar na príomhthosaíochtaí don Oifig le linn na tréimhse sin mar chothabháil caighdeán in ionchúisimh; freagrachtaí nua a cuireadh i leith na hOifige a bhainistiú; agus leanúint ar aghaidh leis an gclár oibre a bhaineann leis an státseirbhís a thabhairt cothrom le dáta.

2.2    Rinne an Ráiteas Straitéise cur síos chomh maith ar roinnt dúshlán don Oifig, lena náiríodh tabhairt chun críche idirbhearta chun an fhreagracht as an tSeirbhís Aturnae Stáit a aistriú chuig an Oifig, seirbhís a phléann le trialacha coiriúla lasmuigh de Bhaile Átha Cliath; íospartach na coire a chur i gcroílár an chórais cheartais choiriúil gan dochar a dhéanamh don phrionsabal atá ann go ndéanann an Oifig ionadaíocht ar dhaoine na hÉireann ina hiomláine; agus cinnte a dhéanamh de go gcuirtear an ról nua maoirseachta a bronnadh ar an Oifig le halt 8(4) d’Acht an Gharda Síochána 2005 i ndáil le hionchúisimh a thugann baill an Gharda Síochána cuig an gCúirt Dúiche i gcrích go héifeachtach.

2.3    Déanann an chaibidil seo cur síos ar an dul chun cinn a rinne an Oifig i rith 2007 maidir leis na cuspóirí a leagadh amach ina Ráiteas Straitéise a sheachadadh agus maidir leis na forbairtí a tharla d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin os comhair na hOifige le linn an ama sin.

THUAS: Aturnaetha Stáit ar ócáid d’fhonn aistriú Sheirbhís na nAturnaetha Stáit ón Ard-Aighne go dtí an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a chomóradh.

Ó CHLÉ (chun deiridh): Seamus Boyle, Cill Dara Thuaidh; Frank Hutchinson, Port Láirge; Hugh Sheridan, Sligeach; Kevin O’Doherty, Loch Garman; John Brosnan, Corcaigh Thoir Theas; Barry Healy, Muineachán; Gerry Meaney, Cill Chainnigh; Seamus Hughes, Maigh Eo; Kieran Madigan, Ros Comáin; Michael D. Murray, Cathair Luimnigh; Rory Benville, Cill Mhantáin Thoir; Mark Connellan, an Longfort; Ciaran Liddy, Dún na nGall. Ó CHLÉ (chun tosaigh): Malachy Boohig, Corcaigh Thiar Theas; Geraldine Gillece, Cill Dara Theas; Declan Hoban; Barry Donoghue; Director; Claire Loftus; Frank Nyhan, Corcaigh Thoir Thuaidh; Peter Jones, an Iarmhí; Rory Hayden, An Cábhán; Martin Linnane, an Clár.

Timpeallacht Dlí

2.4    Ba é ceann de na forbairtí ba shuntasaí i rith 2007 cur i gcrích aistriú na Seirbhíse Aturnae Stáit ón Ard-Aighne go dtí an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí. Shínigh an Taoiseach Ionstraim Reachtúil an 15 Bealtaine 2007 ag tabhairt éifeacht don aistriú tar éis idirbhearta fada faoi chonarthaí nua a leag amach tiomantais shainiúila agus chuimsitheacha seachadta seirbhíse. Ba é an t-aistriú an moladh deiridh don Ghrúpa Staidéir um Chóras Ionchúiseamh Poiblí le cur i bhfeidhm agus is éacht ollmhór é don Oifig. Tugadh faoi mhéid shuntasach oibre sa chuid deireanach de 2007 maidir le struchtúir a chur i bhfeidhm le haghaidh riaradh agus bhainistiú na Seirbhíse Aturnae Stáit. Mar chuid den tionscnamh sin, thug an Príomh-Aturnae Ionchúiseamh faoi chlár taithíoch ar thug sí cuairt ar aturnaetha stáit timpeall na tíre mar chuid de. Dhaingnigh an clár gaolmhaireachtaí idir an Oifig agus na haturnaetha stáit agus chuir sé deis ar fáil chun saincheisteanna sonracha chomh maith le saincheisteanna de chineál straitéiseach níos ginearálta a phlé.

2.5    Forbairt eile thábhachtach a tharla i rith 2007 ab ea cead a fháil chun Aonad um Beartas Ionchúisimh a chruthú laistigh den Oifig. Beidh an tAonad freagrach as beartas ionchúisimh a chur le chéile agus as comhairle a thabhairt maidir le cáipéisí beartais a tarcuireadh chuig an Oifig seo le breathnú a dhéanamh orthu. Roghnaíodh Ceann an Aonaid Bheartais faoi mhí na Nollag 2007 tar éis comórtais oscailte, cé nár ghlac an ceapaí leis an gceapachán go dtí an 2 Eanáir 2008. Reáchtáladh comórtas eile ag tús 2008 le haghaidh poist mar Leas-Cheann an Aonaid.

2.6    D’fhonn a thuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar an obair atá déanta ag an Oifig seo le blianta beaga anuas maidir le coigistiú na bhfáltas ó choireacht, rinneadh an cinneadh chun aonad a bhunú a bheadh tiomanta do na nósanna imeachta um aisghabháil sócmhainní a fhorbairt a thuilleadh. Bunaíodh an tAonad um Choigistiú Sócmhainní laistigh den Oifig i mí Lúnasa 2007 agus ceapadh bainisteoir sinsearach mar Cheann an Aonaid. Déantar mionchur síos ar obair an Aonaid i gCaibidil 5 den tuarascáil seo.

2.7    Tháinig Alt 8 d’Acht an Gharda Síochána i bhfeidhm an 1 Feabhra 2007. Cruthaíonn an t-alt ról nua maoirseachta don Oifig seo i ndáil le hionchúisimh a thugann baill den Gharda Síochána chuig an gCúirt Dúiche. D’eisigh an Oifig seo Treorú Ginearálta don Gharda Síochána i mí Eanáir 2007 a raibh treoracha ann a bhain leis an institiúid agus stiúradh ionchúiseamh ag an nGarda Síochána. D’fhoilsigh an Oifig seo eagrán athbhreithnithe dár dTreoirlínte d’Ionchúisitheoirí chomh maith agus réamheolas faoi alt 8 den Acht á chur san áireamh. Tugadh cóipeanna de na Treoirlínte don Gharda Síochána le dáileadh ar shairsintí, cigirí agus ceannfoirt a bhfuil freagracht feidhme orthu as tosú agus bainistiú na n-ionchúiseamh faoin Acht.

2.8    Lorgaíodh cead i rith 2007 chun baill foirne bhreise a earcú de bhun freagrachtaí dlí leathnaithe agus níos coimpléascaí a bheith á gcomhlíonadh ag an Oifig agus fuarthas an cead sin. Ar an iomlán, fógraíodh sé phost trí earcaíocht oscailte, lena n-áirítear an post mar Cheann an Aonaid um Beartas Ionchúisimh. Ina theannta sin, rinneadh poist dlí as roinnt ceapachán ag leibhéil éagsúla sna Rannáin Aturnaetha agus Stiúrtha den Oifig. Áiríodh orthu sin ceapadh Leas-Phríomhaturnae Ionchúiseamh i mí Iúil 2007. Faoi dheireadh 2007 ba ionann lánlíon na mball foirne don Oifig agus 203, i gcomparáid le 174 ag an am céanna den bhliain roimhe sin.

  

THUAS: Kate Mulkerrins a ceapadh i bpost Cheannasaí Aonad an Pholasaí Ionchúisimh

2.9    Déanann an Oifig infheistiú mór in oiliúint dlí agus fhorbarthach do bhaill foirne ghairmiúla agus aitheantas á thabhairt aici gur acmhainn fhíorthábhachtach í an fhoireann maidir le seirbhísí a sholáthar. Úsáideadh €141,347.20 den €494,014 (4.28% de chostais phárolla) a infheistíodh in oiliúint agus forbairt foirne i rith 2007, go sonrach chun oiliúint dlí a chur ar fáil, lena n-áirítear freastal ar sheimineáir agus comhdhálacha dlí, go náisiunta agus go hidirnáisiúnta araon.

2.10    Déanann Grúpa Stiúrtha Oiliúna Dlí na hOifige monatóireacht agus athbhreithniú ar riachtanais oiliúna agus déanann sé maoirseacht ar fhorbairt agus cur i bhfeidhm cláir um oideachas leanúnach dlí a reáchtáiltear do bhaill foirne ghairmiúla.

2.11    Ar mhaithe le comhtháthú agus forbairt an dá rannáin dlí den Oifig atá lonnaithe in dhá fhoirgneamh ar leithligh, lean an Oifig ar aghaidh i rith 2007 le cur i bhfeidhm cláir um Chruinnithe Líonra Dlí. Cuireann na cruinnithe sin deis ar fáil do bhaill foirne chun teacht le chéile le comhghleacaithe ar bhonn rialta d’fhonn saincheisteanna ábharthacha dlí a phlé agus d’fhonn spreagadh a thabhairt do líonrú trasna an dá rannán dlí. Reáchtáladh ceithre chruinniú den saghas sin i rith 2007 agus áiríodh ar na hábhair a clúdaíodh Fianaise agus an tAcht um Cheartas Coiriúil 2006.

2.12    Lean an tSeirbhís Leabharlainne agus Faisnéise ar aghaidh i rith 2007 chun faisnéis thráthúil ábhartha cothrom le dáta a chur ar fáil do bhaill foirne trí chóras bainistíochta na leabharlainne, a cartlann dhigiteach agus seomra cuimsitheach d’acmhainní leictreonacha. Rinne an tSeirbhís Leabharlainne agus Faisnéise forbairt ar Chlár Oiliúna Scileanna Faisnéise chomh maith i rith 2007 chun spreagadh a thabhairt d’úsáideoirí an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainní leabharlainne agus chun cur lena gcumais aisghabhála faisnéise. Dhírigh an chéad mhodúl den chlár ar fhios gnó dlíthiúil agus faisnéis inmheánach dhlíthiúil atá ar fáil ar iLink. Cuireann an chatalóg iLink rochtain ar fáil ar an mbailiúchán leabharlainne, cuntais phearsantaithe leabharlainne agus ár seomra lán d’acmhainní leictreonacha. Dhírigh an dara modúl ar an mbailiúchán nua irisleabhar dlí leictreonach, ar sheirbhís roinnte í le hOifig an Ard-Aighne agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit.

THUAS: Eileen Creedon a ceapadh i bpost an Leas-Phríomh-Aturnae Ionchúisimh

Bainistíocht Straitéiseach

2.13    Bhí an Oifig dírithe i gcónaí i rith 2007 ar raon saincheisteanna bainistíochta straitéisí ag féachaint do sholáthar seirbhíse éifeachtaí agus éifeachtúla ar ardchaighdeán a chinntiú. Áiríodh ar na tionscnaimh athruithe eagraíochtúla, raon tionscnamh Acmhainní Daonna, mórthionscadal IT agus forbairt chóras reatha IT chun éifeachtúlachtaí agus leibhéil na seirbhíse a mhéadú do sholáthraithe agus baill foirne araon.

2.14    Cuireadh Prótacal Tarmligin i gcrích idir Rannán Stiúrtha agus Rannán Aturnaetha na hOifige lenar féidir, i gcásanna iomchuí, le haturnaetha sa Rannán Aturnaetha cinntí ionchúisimh a dhéanamh gan tagairt a dhéanamh don Rannán Stiúrtha. Laghdóidh sé sin ar deireadh líon na gcomhad atá á gcur ar aghaidh chuig an Rannán Stiúrtha le cinneadh a dhéanamh orthu agus seachnófar dúbailtí oibre ar an mbealach sin agus cuirfidh sé próiseáil níos tapúla agus níos éifeachtaí chomhad chun cinn i roinnt catagóirí cionta.

2.15    Cuireadh comhaontú i gcrích i rith 2007 mar thoradh ar phlé idir an lucht bainistíochta agus ceardchumainn, go n-osclófar na harduithe céime inmheánacha go léir chuig phoist dlí laistigh den Oifig do bhaill foirne dlí san dá Rannán de chuid na hOifige. Beidh comórtais um ardú céime níos iomaíche mar thoradh ar chomhaontú faoi ardú céime trasrannáin trí ghrúpa na n-iarrthóirí a bheidh in ann a chur isteach ar phoist ardaithe chéime a leathnú agus cuirfidh sé deiseanna gairme níos leithne ar fáil do bhaill foirne ghairmiúla. Beidh feidhm aige chomh maith maidir le comhtháthú níos mó idir baill foirne ón dá rannán dlí a chur chun cinn.

2.16    Leathnaíodh an dáta feidhmithe do chur i gcrích an chórais nua um Rianú Cásanna, Bainistíochta Cáipéise agus Comhad, i rith na bliana d’fhonn éascaíocht a dhéanamh d’fhorbairt bhogearraí a bhí níos casta ar deireadh ná mar a measadh ar dtús. Glacadh níos mó ama chomh maith chun sreabhadh oibre uathoibrithe a fhorbairt agus a thástáil chun a thacú le hobair na hOifige ná mar a measadh ar dtús. Ní mór, áfach, an mhoill sa chur i bhfeidhm a chur i gcothromaíocht leis an ngá atá ann chun a chinntiú go dtagann an táirge deiridh leis an gcaighdeán éilithe agus nach ndéanann sé dochar do dhea-oibriú na seirbhíse ionchúisimh. Ní imreoidh an mhoill tionchar ar chostas foriomlán an chórais toisc go bhfuil sé á fhorbairt faoi chonradh costas seasta.

2.17    Feidhmeoidh an chórais um Rianú Cásanna, Bainistíochta Cáipéise agus Comhad mar phointe singil rochtana dár gcásanna dlí ar fud an dá rannán dlí agus cuirifidh sé córas comhtháite ar fáil chun comhaid ionchúisimh ar fud na heagraíochta a bhainistiú. Bhí an t-aiseolas a fuarthas ón gcéad tástáil ar úsáideoirí i rith na bliana, idir úsáideoirí riaracháin agus dlí, an-dearfach ar fad. Is é mí Dheireadh Fómhair 2008 an dáta nua feidhme le haghaidh chur i bhfeidhm an chórais agus meastar anois, agus an cháipéis seo á scríobh, go bhfuilimid chun an spriocdháta sin a chomhlíonadh.

2.18    Thuairiscíomar inár dTuarascáil Bhliantúil dheireanach, go raibh uasghrádú á dhéanamh ar ár mbogearraí cuntasaíochta chun éascaíocht a dhéanamh d’íocaíochtaí a phróiseáil le Ríomhaistriú Airgid. Leanamar ar aghaidh i rith 2007 ag féachaint don tsaoráid sin a leathnú amach chuig líon méadaitheach ár soláthraithe. Faoi dheireadh 2007, bhí thart ar 70% dár soláthraithe rialta, lena n-áirítear, abhcóidí ar ár bpainéal ionchúisimh, á n-íoc go leictreonach. Chuir sé sin feabhsú mór ar éifeachtúlacht agus slándáil na n-íocaíochtaí. Cuireadh íoc speansas le baill foirne trí ríomhaistriú airgid a úsáid i bhfeidhm go hiomlán ag tús 2007, a bhfuil na héilimh go léir taistil agus cothaithe á bpróiseáil go leictreonach anois mar thoradh air.

2.19    Ghlac an Oifig seo an fhreagracht as íoc na speansas taistil agus teagmhasach leis na haturnaetha stáit go léir tar eis aistriú na Seirbhíse Aturnae Stáit chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i mí na Bealtaine 2007. Cinneachadh an fhreagracht as na híocaíochtaí go léir dlite do na haturnaetha stáit faoina gconarthaí don Oifig seo ó Oifig an Phríomh- Aturnae Stáit an 1 Eanáir 2008. Cé go bhfuil méadú suntasach san obair don Oifig i gceist leis sin, cuireann sé ar ár gcumas seirbhís níos éifeachtaí agus níos líomhchóirithe a sholáthar go díreach ón Oifig seo d’aturnaetha an stáit.

2.20    Rinneadh ár gcóras cuntasaíochta Integra a mhodhnú i gcaitheamh na bliana chun éascaíocht a dhéanamh do chur i bhfeidhm an chomhéadain nua le hOifig an Phámháistir Ghinearálta. Tugadh oiriúnú éilithe ár bpacáiste chuntasaíochta chun críche i mí Lúnasa 2007 agus éiríodh go maith lena chur i bhfeidhm. Aistrítear mionsonraí ár n-idirbheart airgeadais go leicreonach anois chuig chóras an Phámháistir Ghinearálta. Feabhsóidh an modhnú slándáil na n-íocaíochtaí agus déanfaidh sé nósanna imeachta casta a ghlac roinnt mhaith oibre roimhe seo a uathoibriú.

2.21    Chuir an Oifig a chéad Ráiteas Vóta Aschuir faoi bhráid Choiste na Dála um Airgeadas agus an tSeirbhís Phoiblí in 2007. Is príomhghné í an Ráiteas de na bearta leasaithe um Buiséad agus Meastacháin a d’fhógair an tAire Airgeadais in 2006. Dearadh é chun nasc a chruthú idir na príomh-aschuir agus tionchar straitéiseach agus acmhainní airgeadais agus soláthair foirne don bhliain. Tá cóip den Ráiteas Aschuir faoi iamh le hAguisín I den tuarascáil seo.

2.22    Ceapadh baill den fhoireann dlí mar Oifigeach Costas tiomanta laistigh den Rannán Aturnaetha i mí an Mhárta 2007. Is í an fheidhm aonair atá ag an Oifigeach Costas na comhaid go léir a phróiseáil inar bronnadh costais ar Stiúrthóir nó ina choinne nó ina coinne. Bhunaigh an Oifig Grúpa Costas i mí na Samhna 2007 chomh maith. Is í freagracht an ghrúpa ardleibhéil seo imscrúdú a dhéanamh ar an mbeartas atá againn maidir le costais agus feidhmiú mar ghrúpa stiúrtha um íoc costas dlí na hOifig agus um aisghabháil chostas a bronnadh inár bhfabhar.

2.23    Lean an Oifig ar aghaidh i rith 2007, ag déanamh monatóireacht in éineacht leis an Ionad um Fhorbairt Bhainistíochta agus Eagraíochtúil sa Roinn Airgeadais, ar ár gCóras Bainistíochta Acmhainní Daonna Peoplesoft tar éis an tionscadail uasghrádaithe in 2006. Chuir an tIonad um Fhorbairt Bhainistíochta agus Eagraíochtúil oiliúint ar fáil ar Pension Pages, saoráid a úsáidfear chun mionsonraí pinsin do gach ball foirne a ionchur ar an gcóras. Chomh maith leis sin, tá taifead déanta de mhionsonraí Fhoirmeacha Athbhreithnithe Bhliantúil an Chórais Bhainistíochta agus Fhorbartha Ghníomhúcháin ar an gCóras Bainistíochta Acmhainní Daonna Peoplesoft.

2.24    Tá an Oifig rannpháirteach chomh maith sa tástáil a dhéantar ar an nasc géineasach do Chóras Bainistíochta Acmhainní Daonna Peoplesoft agus Vision Time (Córas Ama agus Tinrimh) a bhfuil úsáid phíolótach á bhaint ag Roinn an Taoisigh as. Táthar ag súil go mbeidh an t-éadan i bhfeidhm san Oifig seo faoi dheireadh 2008. Nuair a bheidh sé i bhfeidhm, gheobhaidh an nasc réidh le dúbailt iontrálacha sonraí agus méadófar éifeachtúlacht mar thoradh air sin.

2.25    Cuireadh an tsamhail nua den Chóras Bainistíochta agus Forbartha Gníomhúcháin i bhfeidhm i rith 2007. Déanann an tsamhail nua próisis mhéasúnachta le haghaidh faomhadh incrimintí, sannadh scálaí níos airde agus ardú céime a chomhtháthú sa tsamhail reatha an Córas Bainistíochta agus Forbartha Gníomhúcháin. Thug an Oifig faoi iarracht thrialach ar an tsamhail chomhtháite i rith 2006, agus ina dhiaidh sin thug foghrúpa de chuid ár gCoiste Comhpháirtíochta faoi shuirbhé ar a chur i bhfeidhm. Léirigh torthaí an tsuirbhé go raibh a thuilleadh treorach ag teastáil ó bhainisteoirí agus baill foirne maidir le gnéithe áirithe den tsamhail nua. Mar thoradh air sin, socraíodh ceardlanna agus oiliúint bhreise do bhainisteoirí agus baill foirne. Bhí an tsamhail nua chomhtháite i bhfeidhm go hiomlán faoi mhí na Nollag 2007.

2.26    Chomhaontaigh Foghrúpa ár gCoiste Comhpháirtíochta ar nósanna imeachta nua promhaidh. Cuirfear mionsonraí ar fáil do mhaoirseoirí agus bainisteoirí faoi na nósanna imeachta sin, a dhéanann foráil d’ionduchtú agus bainistíocht ball foirne nua a ceapadh faoin tréimhse conartha phromhaidh bliain amháin, mar a leagtar amach in Acht Rialaithe na Státseirbhíse 2005. Tabharfar na ceanglais ábhartha rialaithe státseirbhíse san áireamh mar chuid den oiliúint.

THUAS: Chartlotte Points, Comhairleoir Oiliúna, ag déanamh soirbhis ar cheardlann oiliúna maidir le Samhail Slánchóirithe an Córas Bainistíochta agus Forbartha Gníomhúcháin i mí na Nollag 2007.

Rialachas

2.27    Lean an Oifig i rith na bliana 2007 ag cur oiread eolais agus ab fhéidir ar fáil don phobal maidir leis na bealaí a gcomhlíontar feidhmeanna na hOifige, trí Thuarascálacha Bliantúla, Ráitis Straitéise, Treoirlínte Ionchúisitheoirí agus leabhráin eolais a fhoilsiú. Bíonn an suíomh gréasáin freisin ina fhoinse eolais ag an bpobal agus tá réimse eolais ar fáil ansin faoin gcaoi a n-oibríonn an Oifig. Tugadh 85,434 cuairt in iomláine ar an suíomh gréasáin i rith na bliana 2007, líon is ionann le hardú 30% i gcomparáid le figiúr na bliana 2006.

2.28    Is den riachtanas é go mbeadh muinín ag an bpobal as iontaofacht an eolais a chuireann an Oifig seo ar fáil. Dá bhrí sin, tá Coiste Iniúchta ar bun ar a leagtar de chúram athbhreithniú a dhéanamh de réir córais ar ghnóthaí rialála agus ar nósanna rialachais san Oifig. Bíonn ról ag an gCoiste i gcur chun cinn an deachleachtais i gcúrsaí cuntasaíochta, i gcinntiú go dtarlaíonn cinntí níos fearr agus iad lán eolais agus go mbíonn béim níos mó ar luach an airgid ar fud na heagraíochta. I rith na bliana 2007, scrúdaigh an Coiste Iniúchta an Phleanáil maidir le Leanúnachas Gnó san Oifig; rinneadh athbhreithniú ar éifeachtúlacht an chórais maidir le rialáil inmheánach; agus tugadh faoi athbhreithniú ar an gcur i bhfeidhm maidir le bearta a moladh i dTuarascálacha Iniúchta roimhe sin.

2.29    Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí dúthrachtach maidir le clár nuachóiriúcháin na seirbhíse poiblí agus cuireadh dhá thuarascáil ar an dul chun cinn faoi bhráid Ghrúpa Fíoraithe Feidhmíochta na Státseirbhíse i rith na bliana 2007 inar leagadh amach an dul chun cinn atá déanta ag an Oifig maidir le maith a dhéanamh de na geallúintí a tugadh faoin gcomhaontú comhpháirtíochta sóisialta I dTreo 2016. Tháinig ionadaithe thar ceann na hOifige os comhair an Ghrúpa i mí Bealtaine 2007 d’fhonn eolas níos mine a chur ar fáil faoi ghnéithe éagsúla de na tuairiscí ar an dul chun cinn. Ba é meas an Ghrúpa go raibh dlite an babhta ginearálta arduithe pá a íoc arna bhunú ar an dul chun cinn a bhí bainte amach ag an Oifig le linn na dtréimhsí a bhí faoi athbhreithniú.

THUAS:  Grianghraf tógtha ag cruinniú de chuid an Choiste Iniúchta na hOifige an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí - Ó CHLÉ (chun deiridh): Michael Liddy, Stiúrthóir na hOibre ar Chásanna; Clare O’Meara, O’Meara Consulting; Declan Hoban, Ceannasaí Riaracháin; Claire Loftus, an Príomh-Aturnae Ionchúisimh. Ó CHLÉ (chun tosaigh): Mary Keane, Leas- Stiúrthóir Ginearálta, Dlí-Chumann na hÉireann; Tom O’Higgins, Cathaoirleach an Choiste; Mary Lane, Rúnaí an Choiste Iniúchta.

Caidreamh le gníomhaireachtaí eile de chuid an Chórais Dlí Choiriúil

2.30    Is den riachtanas maidir le seirbhís ionchúisimh sainiúil, comhtháite, éifeachtach ar ardchaighdeán a chur ar fáil go mbeadh caidreamh agus comhoibriú ar siúl le gníomhaireachtaí eile a bhaineann le córas an dlí choiriúil. Cuireadh roinnt tionscnamh i bhfeidhm i rith na bliana d’fhonn treisiú leis an gcaidreamh le gníomhaireachtaí eile a bhaineann le córas an dlí choiriúil. Beidh de thoradh ar na tionscnaimh seo go dtabharfar caomhchóiriú ar an tseirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil trí chomhoibriú agus comhairliúchán idir na gníomhaireachtaí atá i gceist.

2.31    Ba daoine den Gharda Síochána a chuir faoi bhráid mórchuid mhór na gcomhad ionchúisimh a tháinig chuig Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Is den riachtanas dá bhrí sin go n-oibrítear go dlúth leis na Gardaí d’fhonn cinntiú go gcoinnítear ar an eolas iad agus go gcuirtear cora nua i gcúrsaí dlí maidir leis an ionchúiseamh i gcás cionta coiriúlachta ar a súile dóibh. Rinne baill d’fhoireann na hOifige fónamh d’aon cheann déag de chúrsaí oiliúna do dhaoine den Gharda Síochána i rith na bliana 2007, ó leibhéal an Gharda ar Promhadh go dtí leibhéal an Cheannfoirt.

THUAS AR CHLÉ: Ó CHLÉ: Raymond Kitson, An Stiúrthóir Cúnta Sinsearach, An tSeirbhís Ionchúisimh Phoiblí, Tuaisceart Éireann; James Hamilton, An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí; Barry Donoghue, an Leas-Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, ag an Ochtú Comhdháil Náisiúnta Bhliantúil d’Ionchúisitheoirí an 19 Bealtaine 2007 i gCaisleán Bhaile Átha Cliat

2.32    Lean an Oifig i rith na bliana faoi chaibidil ag déanamh cion oibre maidir le cúrsaí oiliúna Dhlí-Chumann na hÉireann. Chuir dlíodóirí ón Oifig 50 uair a chloig oiliúna ar fáil don Dlí-Chumann i rith na bliana 2007. I measc na n-ábhar a raibh trácht orthu, bhí diúscairt ar chionta indíotála; ionad na trialach; abhcóideacht; cionta maidir le trácht ar bhóithre; agus coireacht chorparáide.

2.33    Bhí dlíodóir sinsearach de chuid na hOifige páirteach ar Ghrúpa Stiúrtha a chuir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar bun d’fhonn cúrsa oiliúna a chur i dtoll a chéile d’oifigigh ó na húdaráis áitiúla a leagtar de chúram orthu imscrúdú a dhéanamh maidir le bainistiú dramhaíola agus coireanna a bhaineann leis an gcomhshaol. Chuir ionadaí na hOifige comhairle ar fáil maidir lena mbíonn riachtanach ionas go n-éireodh le hionchúiseamh agus an modh inar ceart comhad imscrúdúcháin a chur le chéile. Mar gheall ar an bplé a rinne an Grúpa, tugadh dianchúrsa oiliúna chun cinn. Leagadh amach é ionas go bhféadfaí a thabhairt do ghrúpaí beaga oifigeach feidhme le linn roinnt laethanta. Reachtáladh dhá chúrsa den chineál sin i rith na bliana 2007.

2.34    Lean an Oifig den obair i gcomhar leis an gCeannasaí Gnóthaí Dlí i gCoimisiún nuabhunaithe Ombudsman an Gharda Síochana d’fhonn teacht ar phrótacal idir an dá oifig. Cuirfear bonn leis an bprótacal faoin gcaidreamh idir an Oifig seo agus an Coimisiún maidir le comhaid ionchúisimh a ullmhú agus a chur faoi bhráid. Tugadh an obair ar an bprótacal chun críche ag deireadh na bliana 2007 agus síníodh thar ceann an dá oifig é i dtús na bliana 2008.

THUAS AR DHEIS: James Hamilton, An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, ag labhairt ag Seimineár an Chumann Dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh i mí Feabhra 2007.

2.35    I mí Eanáir 2007, reachtáil an Oifig an seachtú ceann de na Seimineáir Bhliantúla d’Aturnaetha Stáit. Is é cuspóir a bhíonn leis na seimineáir sin deis a thabhairt d’fhoireann na hOifige seo castáil leis an 32 aturnae stáit áitiúil a fheidhmíonn thar ceann an Stiúrthóra i gcúiseanna coiriúla taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, agus plé a dhéanamh ar chora nua i ndlí na coiriúlachta agus ar reachtaíocht nua. I measc an ábhair a pléadh le linn sheimineár na bliana 2007, bhí gnéithe den Acht um Cheartas Coiriúil 2006, Urghabháil Sócmhainní agus cora nua maidir le caidreamh le híospartaigh na coireachta.

2.36    Eagraíodh an t-ochtú Comhdháil Náisiúnta Bhliantúil d’Ionchúisitheoirí in Ionad Comhdhála Chaisleán Bhaile Átha Cliath i mí Bealtaine 2007. Tugtar deis iontach leis an ócáid bhliantúil seo, a eagraíonn an Oifig, casadh leis na geallsealbhóirí agus plé a dhéanamh ar chora nua sa dlí agus ar cheisteanna faoin dlí coiriúil go ginearálta. Bhí isteach is amach le 250 toscaire i láthair ag an gcomhdháil a bhain le réimsí éagsúla oibre ar fud chóras an dlí choiriúil. I measc na n-ábhar a ndearnadh plé orthu ag an gcomhdháil, bhí Cosaint na Freagrachta Laghdaithe; Ráitis ó Fhinnéithe mar Fhianaise; Pianbhreith an Chiontóra maidir le Drugaí; agus Ról an Ionchúisitheora maidir le Pianbhreitheanna.

THUAS AR CHLÉ: Cainteoirí ag an ag an Ochtú Comhdháil Náisiúnta Bhliantúil d’Ionchúisitheoirí - Isobel Kennedy SC, An Leabharlann Dlí & Sean Guerin BL, An Leabharlann Dlí, sa ghrianghraf leis an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, James Hamilton.

2.37    Lean Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí i rith na bliana atá faoi chaibidil de pháirt a ghlacadh i ngrúpaí idirghníomhaireachtaí agus cion oibre a dhéanamh maidir leo: an Grúpa Athbhreithnithe maidir leis an gCothrom i nDlí na Coireachta; Grúpa Stiúrtha an Achta um Cheartas Coiriúil; an Grúpa Feidhme maidir le hAgallamh ar Fhístéip i gcás Finné Linbh; an Grúpa Idirghníomhaireachta maidir le Ceartas Aisiríoch; Grúpa Comhairle an Tionscnaimh Idirrialtais maidir le Cúnamh Taca d’Íospartaigh Coireachta; an Coiste Comhairleach ar Chódú an Dlí Choiriúil; agus Grúpaí Úsáideoirí éagsúla de chuid na Seirbhíse Cúirteanna.

2.38    Lean an Oifig de theagmháil a dhéanamh le forais acadúla d’fhonn cur lenár n-eolais agus lenár dtuiscint ar shaincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le ceartas coiriúil i 2007. Tá tús áite ag staidéar atá á dhéanamh ag Conor Hanly as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh thar ceann Ghréasán Éigeandála um Éigniú na hÉireann i measc na dtionscadal sin. Chuireamar go mór leis an tionscadal, atá dírithe ar thuiscint níos fearr a fháil ar an ráta ard tnáite i measc na ngearánaithe i gcásanna éignithe, agus tnáitheadh, sa chomhthéacs seo, ag tagairt don laghdú atá tagtha ar líon na gcásanna a n-éiríonn leo gach céim leanúnach den phróiseas ceartais choiriúil a bhaint amach, ó stáisiún na nGardaí go dtí an chúirt.

2.39    Bhain an pháirt a bhí againne sa tionscadal le bunábhar a chur ar fháil ar ghné ionchúisimh an staidéir. Scrúdaíodh 642 comhad éignithe ar déileáladh leo idir 2000 agus 2004, d’fhonn na cúiseanna agus na pointí tnáite a ainmniú. Trína bheith rannpháirteach sa tionscadal, tugadh deis dúinn machnamh a dhéanamh ar na nósanna imeachta atá ann chun déileáil le comhaid a bhaineann le foréigean gnéis, go háirithe i dtéarmaí thráthúlacht na dtreoracha, ionas go bhféadfaimid cinneadh a dhéanamh ar cibé acu an bhféadfaí cleachtais a fhorbairt a chuirfeadh le laghdú sa ráta gearánaithe a tharraingíonn siar.

THUAS AR DHEIS: James Hamilton, An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sa ghrianghraf le húdair Standards for Prosecutors: an analysis of the United Kingdom national prosecuting agencies, Barry Hancock (ar clé), iar-Chigire Sinsearach leis an Crown Prosecution Service of England & Wales agus agus iar-Abhcóide Ginearálta Chumann Idirnáisiúnta na nIonchúisitheoirí, agus John Jackson (ar dheis), Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.

2.40   Ghlacamar páirt i staidéar atá á sheoladh ag an Ollamh Dermot Walsh agus Jennifer Schweppe chomh maith a scrúdaíonn éifeachtúlacht an dlí choiriúil in aghaidh ciníochais. Cuirimid sonraí faoi mhinicíocht agus faoi thorthaí ionchúiseamh ar fáil ina leith sin faoin reachtaíocht ar Ghríosú chun Fuatha. Treisíodh ár gceangal le dámha an dlí sna hollscoileanna a thuilleadh i 2007 de réir mar a leanamar lenár gclár intéirneachta do mhic léinn dlí na bliana deiridh agus d’iarchéimithe dlí.

2.41    Bíonn baint ag an Oifig freisin le forbairt an dlí choiriúil go hidirnáisiúnta agus bhíothas páirteach i rith na bliana i roinnt tionscnamh le heagraíochtaí éagsúla idirnáisiúnta. Leanadh freisin ag déanamh cion oibre i gcomhlachtaí agus in eagrais idirnáisiúnta, ina measc EUROJUST; GRECO; OLAF; Eurojustice, Cumann Idirnáisiúnta na nIonchúisitheoirí; agus Comhlachas Idirnáisiúnta an Bharra.

2.42    I mí Feabhra 2007, ag cruinniú de chuid mheitheal Oibre an OECD maidir le Forfheidhmiúchán Iomaíochta i bPáras, rinne dlíodóir ó Rannóg Stiúrtha na hOifige, i gcomhar le dlíodóir ón Údarás Iomaíochta, cur i láthair maidir leis an gcomhordú agus an comhoibriú idir ionchúisitheoirí agus na húdaráis iomaíochta i gcórais défheidhme. Díríodh go mór mhór sna haitheasca a cuireadh i láthair ar chúrsaí a bhaineann le próiseas dhéanta na gcinntí faoi ionchúiseamh agus tugadh tuairisc ghinearálta ar an ionchúiseamh mar gheall ar chionta cairtéal in Éirinn a raibh toradh fónta air.

2.43    I mí na Samhna 2007, rinne an Oifig urraíocht ar seimineár i gcomhar le hIonad na hÉireann do Dhlí na hEorpa agus Acadamh Dhlí na hEorpa in Trier. I mBaile Átha Cliath a cuireadh an seimineár ar siúl agus bhí toscairí i láthair ó gach réimse den cheartas coiriúil. Ba é ábhar an tseimineáir The Impact of the Fight Against Terrorism on EU Law agus bhí cur i láthair lena linn ó chainteoirí as Éirinn agus thar sáile isteach.

2.44    Bhí dlíodóir de chuid na hOifige seo ar dhuine de mheitheal saineolaithe idirnáisiúnta a rinne meastóireacht ar ghlacadh na Fionlainne le Coinbhinsiún Dlí Choiriúil Chomhairle na hEorpa maidir le hÉilliú. D’iarr Stiúrthóireacht Ghinearálta Chomhairle na hEorpa maidir le Gnóthaí Dlí ar an Stiúrthóir dréacht de na dlíthe a bhí á mbeartú maidir le hoifig an ionchúisitheora poiblí sa Mholdóiv a scrúdú agus tuairim mheasta a thabhairt ar a raibh á bheartú d’fhonn treisiú leis an mbreithiúnacht sa tír sin. Chuir an Stiúrthóir dhá thuarascáil ar fáil don Chomhairle ina dhiaidh sin.

2.45    Thug ionchúisitheoirí as Västmanland sa tSualainn cuairt ar Éirinn i mí Lúnasa 2007. Bhí clár taithí maidir le seirbhís ionchúisimh na hÉireann i gceist mar chuid den chuairt. Rinne baill d’fhoireann na hOifige cur i láthair faoi ghnéithe éagsúla de chóras dlí na hÉireann agus rinneadh freastal do chuairteanna ar Bheairic an Gharda sa Bridewell agus ar Theach na Cúirte i Sráid Greene.

THUAS AR DHEIS: Denis Butler, Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, ag déanamh cur i láthair le meitheal ionchúisitheoirí as Västmanland sa tSualainn a tháinig ar cuairt chuig an Oifig i mí Lúnasa 2007

2.46    I mí na Samhna 2007, arna iarraidh air ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha, thug an Stiúrthóir cuairt oifigiúil don Bhulgáir le freastal ar chruinniú leis an Ionchúisitheoir Ginearálta. Le linn na cuairte oifigiúla sin, thapaigh an Stiúrthóir an deis roinnt oibre ullmhúcháin a dhéanamh maidir le tuairim mheasta a d’iarr Coimisiún Veinéise Chomhairle na hEorpa air a chur ar fáil faoin leasúchán ar an gcóras breithiúnachta agus ar an gcóras ionchúisimh a thagann i gceist le Bunreacht na Bulgáire.

2.47    Bhí an Stiúrthóir ina chathaoirleach ar Mheitheal Oibre a chuir Cumann Idirnáisiúnta na nIonchúisitheoirí ar bun le prótacal a chur le chéile ina leagtar amach na híoschaighdeáin maidir le cúrsaí slándála i ndáil le hionchúisitheoirí agus a gcuid gaolta. Chuir an Mheitheal Oibre dréacht de mholadh faoi bhráid Choiste Feidhmiúcháin an Chumainn i mí Meán Fómhair 2007 lena bhreithniú.

Ionchas an Phobail maidir leis an tSeirbhís

2.48    Ceann de na dúshláin mhóra a chuirtear roimh an Oifig a theacht ar an mbealach is fearr leis an té a fhulaingíonn ó choireacht a chur i lár báire sa chóras dlí choiriúil gan dochar don bhunphrionsabal gur thar ceann mhuintir na tíre ar fad a fheidhmíonn an Oifig. D’fhonn beart a dhéanamh maidir leis an gceist sin, chuir an Stiúrthóir tús le scrúdú ar an bpolasaí atá i réim faoi láthair nach dtugtar le fios d’íospartach coireachta ná do ghaolta an íospartaigh nach maireann cén chúis a bhí le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh. Tugadh an tiniúchadh chun críche roimh dheireadh na bliana 2007. Foilsíodh Plépháipéar go luath i mí Eanáir 2008 agus tugadh dáileadh forleathan air sin chomh maith le haighneachtaí a iarraidh ó dhaoine den phobal agus ó pháirtithe leasmhara. Tugtar cóip den Achoimre Feidhmiúcháin a bhain leis an bPlépháipéar in Aguisín II leis an tuarascáil seo. Foilseoidh an Stiúrthóir an dara tuarascáil i rith na bliana 2008 nuair a bhíonn anailís déanta ar na haighneachtaí ar fad, na bearta comhairliúcháin agus a dtagann i gceist faoin dlí.

  

THUAS: Cainteoirí ag an Seiminéar ar Pholasaí Ionchúisimh i Leith Cúiseanna le Cinntí Ionchúisimh a Thabhairt - Ó CHLÉ: Barry Hancock, iar-Chigire Sinsearach leis an Crown Prosecution Service of England & Wales agus iar-Abhcóide Ginearálta Chumann Idirnáisiúnta na nIonchúisitheoirí; Sue Moody, Leas-Cheannasaí na Rannóige Polasaí leis an Crown Office & Procurator Fiscal Service, Albain; agus, Jim McHugh, Cathaoirleach an Choimisiúin maidir le Cúnamh d’Íospartaigh Coireachta

2.49    Ar sin a iarraidh don Choimisiún maidir le Cúnamh d’Íospartaigh, leasaigh an Oifig Cairt na Seirbhíse Ionchúisimh lena chur isteach mar chuid d’eagrán nua de Chairt an Íospartaigh atá á ullmhú ag an gCoimisiún. Tugadh an obair ar an eagrán leasaithe de Chairt na Seirbhíse Ionchúisimh chun críche i mí Bealtaine 2007 agus rinne Gníomhaireacht Náisiúnta Litearthacht an Duine Fásta eagarthóireacht air maidir le Béarla gnáthúsáide. Leagtar amach ról an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí sa Chairt chomh maith leis na seirbhísí a bhféadfaidh an t-íospartach súil a bheith aige leo ón Oifig. Tá cóip den Chairt leasaithe leis an tuarascáil seo in Aguisín III.

2.50    Lean an Oifig, i rith na bliana faoi chaibidil, den chaidreamh le háisíneachtaí taca na n-íospartach agus rinneadh cion maidir leis an oiliúint a chuireann na háisíneachtaí sin ar fáil d’oibrithe deonacha. An aidhm atá againn tuiscint níos fearr a thabhairt do dhaoine deonacha a bhíonn earcaithe ag áisíneachtaí taca na n-íospartach ar oibriú an phróiseas choiriúil agus ar ról na hOifige laistigh den phróiseas sin.

2.51    Tá an Oifig dúthrachtach maidir le maith a dhéanamh de na dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Bíonn foilseacháin uile na hOifige dátheangach; tá suíomh gréasáin na hOifige dátheangach go huile agus go hiomlán; agus an comhfhreagras a dhéantar leis an Oifig i nGaeilge, is i nGaeilge a fhreagraítear é. Bíonn plé ag an Oifig le líon beag cásanna i nGaeilge freisin i Rannóg na nAturnaetha agus i Rannóg na Stiúrthóireachta. Tá tús curtha leis an obair ar an dara Scéim i leith na Gaeilge a bhainfidh leis an tréimhse 2008 - 2011. Meastar go mbeidh an scéim á cur faoi bhráid an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i rith an chéad leath den bhliain 2008.