10 AN tACHT UM ÍOCPRAS CUNTAS, 1997

Rialacháin um Íocaíochtaí Déanacha in Idirbhearta Tráchtála, 2002

Feidhmiú an Achta sa Tréimhse ó1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2007

10.1    Í ocann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí soláthróirí tar éis na hearraí nó na seirbhísí atá i gceist a sholáthar go sásúil agus laistigh de 30 lá ón lá a bhfaightear sonrasc ón soláthróir. I gcás taillí abhcóidí, cé nach bhfaightear sonraisc, is é cleachtas na hOifige iad a íoc laistigh de 45 lá tar éis tuarascáil a fháil maidir le gach cás ón aturnae stáit.

10.2    Sa tréimhse atá i gceist, rinne an Oifig 16 íocaíocht a bhí mall a chosain os cionn €317.50. B’ionann luach iomlán na n-íocaíochtaí sin agus €56,409.44. B’ionann luach iomlán na níocaíochtaí malla sa bhliain agus €56,616.85 as líon iomlán na n-íocaíochtaí de €3.46 milliún agus gearradh ús de €463.03 air sin.

Ráiteas an Oifigigh Chuntasaíochta

10.3    Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar cheann de na heagraíochtaí a thagann faoi réir théarmaí an Achta um Íoc Pras Cuntas, 1997 agus na Rialacháin maidir le hÍocaíocht Mhall in Idirbhearta Tráchtála, 2002. Tháinig an tAcht i bhfeidhm an 2 Eanáir 1998, agus tá téarmaí an Achta á gcomhlíonadh ag an Oifig ó shin i leith.

10.4    Stampáiltear na sonraisc go léir a fhaightear ó sholáthróirí nuair a fhaightear iad. Ceadaítear na sonraisc agus cuirtear isteach iad lena n-íoc go tráthúil chun a chinntiú go ndéantar iad a íoc laistigh den tréimhse iomchuí. Nuair a bhíonn na sonraisc á n-íoc cuirtear an dáta a bhfuarthas iad i gcomparáid le dáta na híocaíochta, agus má bhíonn an teorainn ama iomchuí sáraithe, déantar íocaíocht úis go huathoibríoch. I gcásanna ina dteastaíonn íocaíocht úis, cuirtear in iúl é don bhainistíocht le go bhféadfar cibé gníomh feabhais is gá a ghlacadh.

10.5    Ní féidir leis na nósanna imeachta atá curtha ar bun ach dearbhú réasúnach, agus ní dearbhú iomlán, a thabhairt maidir le neamhchomhlíonadh ábhartha an Achta.

Barry Donoghue

Oifigeach Cuntasaíochta

Aibréan 2008