1 OBAIR GHINEARÁLTA NA hOIFIGE

1.1    Is í príomhfheidhm an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ionchúisimh phoiblí agus nithe gaolmhara coiriúla a threorú agus a mhaoirsiú.

1.2    Is ón nGarda Síochána, an phríomhghníomhaireacht imscrúdaithe náisiúnta a fhaigheann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí formhór na gcásanna lena ndéileálann an Oifig. Mar sin féin, tarchuireann gníomhaireachtaí imscrúdúcháin speisialta eile roinnt cásanna chuig an Oifig freisin, lena n-áirítear na Coimisinéirí Ioncaim, Ranna Rialtais, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, An Post, an tÚdarás Iomaíochta, an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus údaráis áitiúla.

1.3    Tá trí rannán in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí:

Tar éis comhad imscrúdaithe a scrúdú, déanann an Rannán Stiúrtha cinneadh maidir le cibé ar chóir nó nár chóir ionchúiseamh a bheith ann nó má tá sé tosaithe ag an nGarda Síochána cibé acu ar chóir nó nár chóir leanúint ar aghaidh leis. Cuirtear in iúl sa treoir a eisítear na cúisimh, más ann, a thabharfar os comhair na gcúirteanna. I gcásanna áirithe beidh gá le breis faisnéise agus imscrúdaithe sula bhféadfar cinneadh a dhéanamh. Bunaítear cinneadh chun dul ar aghaidh le hionchúiseamh ar chás prima facie - fianaise a d’fhéadfadh, cé nach gá go dtarlódh sé, cúirt nó giúiré a threorú chuig cinneadh go bhfuil an duine ciontach sa chion, thar amhras réasúnach.

Feidhmíonn Rannán na nAturnaetha, a bhfuil an Príomh-Aturnae Ionchúiseamh ina cheannaire air, mar phríomhaturnae an Stiúrthóra agus cásanna i gCúirteanna Dúiche agus Cuarda Bhaile Átha Cliath, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, sa Chúirt Choiriúil Speisialta, sa Chúirt Achomhairc Choiriúil, san Ardchúirt agus sa Chúirt Uachtarach á n-ullmhú agus á gcur i láthair. Fostaítear 32 aturnae stáit lasmuigh de cheantar Bhaile Átha Cliath, ar bhonn conartha chun seirbhís aturnae a chur ar fáil sa Chúirt Chuarda agus i roinnt ábhar na Cúirte Dúiche ina gceantair áitiúla féin.

Soláthraíonn an Rannán Riaracháin seirbhísí eagraíochta, bonneagair, riaracháin agus faisnéise a theastaíonn ón Oifig agus tugann sé tacaíocht freisin don Rannán Stiúrtha agus don Rannán Aturnaetha.

1.4    Áirítear ar obair na hOifige: