
Tá an-áthas orm an Tuarascáil Bhliantúil do 2007 a chur i láthair.
Fáiltím roimh an deis cuntas a thabhairt ar an obair a rinne Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí le linn na bliana féilire 2007 a chur os comhair an phobail. Ar ndóigh ionchúiseamh cásanna coiriúla an phríomhchuid den obair sin. Tá eolas staitisticiúil mionsonraithe a bhaineann leis an réimse sin dár gcuid oibre i gCaibidil 8 den tuarascáil seo agus tá súil agam go mbeidh sé úsáideach agus mar fhoinse eolais araon. Tháinig ardú ar mhéid agus ar chastacht obair chomhaid ionchúisimh na hOifige araon arís i 2007, agus tháinig ardú de 2.2% ar líon na gcásanna a tarchuireadh chun na hOifige le linn na bliana.
Táim sásta a thuairisciú gur ceapadh Ceann an Aonaid Polasaí Ionchúisimh nuabhunaithe ag deireadh 2007 agus go ndeachaigh an t-aonad i mbun oibre i mí Eanáir 2008. Cheap mé le fada go raibh Aonad Polasaí ag teastáil chun díriú ar bhuncheisteanna polasaí fadtréimhsigh, chun bainistiú a dhéanamh ar fhreagairtí ar thograí maidir leis an bpolasaí ceartais choiriúil náisiúnta agus idirnáisiúnta faoina lorgaítear ár gcuid tuairimí go minic, chun aghaidh a thabhairt ar ábhair ar nós treoirlínte agus caighdeán d’ionchúisimh, agus chun tograí a fhorbairt agus a fheidhmiú chun cúnamh a thabhairt maidir le cur chuige comhleanúnach a chinntiú i gcinntí ionchúisimh chomh maith lena chinntiú go mbeidh cur chuige comhleanúnach á fheidhmiú ag abhcóidí agus ag aturnaetha agus cásanna á gcur i láthair acu thar ceann na hOifige. Is forbairt a bhfearfar na mílte fáilte roimpi é teacht an aonaid nua.
Bhí tabhairt chun críche an scrúdaithe ar an bpolasaí reatha atá ag an Oifig gan na cúiseanna le cinntí ionchúisimh a thabhairt d’íospartaigh coiriúlachta nó do theaghlaigh íospartach éagtha ar cheann de na forbairtí is suntasaí le linn 2007. Dar liomsa, dá bhféadfaí teacht ar bhealach chun na cúiseanna sin a thabhairt do na híospartaigh gan éagóir a dhéanamh ar dhaoine eile, gur chóir dúinn iarracht a dhéanamh é sin a chur i ngníomh, ar mhaithe le cothromacht d’íospartaigh. Mar chuid den scrúdú bhí anailís mhionsonraithe ar pholasaithe na seirbhísí ionchúisimh i ndlínsí eile; dlí-eolaíocht na hÉireann maidir le déanamh cinnidh; agus dlí-eolaíocht na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Tugadh Plépháipéar a imlíníonn an anailís chun críche ag deireadh 2007 agus rinneadh é a fhoilsiú d’fhonn díospóireacht a spreagadh agus d’fhonn tús a chur le próiseas comhchomhairle poiblí fadréimseach. Ag tráth seo a scríofa, tá na haighneachtaí go léir a fuarthas agus na tuairimí go léir a nochtadh le linn an phróisis chomhchomhairle á mbreithniú ag m’Oifig. Tá súil agam go mbeidh mé in ann teacht ar chinneadh críochnaitheach maidir leis an ábhar go luath.
Tá fadhbanna suntasacha fós ag ár n-Oifig i ndáil le cóiríocht. Táimid lonnaithe go fóill in dhá fhoirgneamh agus táimid le dul isteach sa tríú foirgneamh ag deireadh 2008, agus muid ag fanacht le hathlonnú go suíomh amháin. Baineann go leor fadhbanna lena bheith scartha go fisiciúil mar sin ó thaobh comhtháthaithe agus forbartha de, agus i dtéarmaí praiticiúla chomh maith, mar gur gá dúbláil a dhéanamh ar na seirbhísí agus ar ndóigh dá bharr nílimid in ann oibriú chun an leibhéal éifeachtachta is fearr. Táimid ag tnúth áfach, san fhadtéarma, leis an aistriú atá beartaithe go suíomh amháin taobh le coimpléasc nua na cúirte coiriúla atáthar a thógáil faoi láthair ar Shráid Gheata na Páirce.
Mar fhocal scoir ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann na hOifige go léir as an obair dhícheallach a rinne siad i mbliana, agus as a ndíogras agus a dtiomantas maidir le seirbhís ionchúisimh a sheachadadh atá neamhspleách, cothrom agus éifeachtach. Gabhaim buíochas leis na haturnaetha stáit agus leis na habhcóidí a fheidhmíonn ar mo shon, a chuireann aghaidh phoiblí na hOifige i láthair agus a dhéanann sin ar bhealach an-ghairmiúil. Ní mór dom buíochas a ghabháil leis na Gardaí agus leis na gníomhaireachtaí imscrúdaithe eile lena n-oibrímid as an obair fhíorluachmhar a dhéanann siad.
James Hamilton
An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
Meitheamh 2008