Cairt an Íospartaigh
Nuair a thugann duine tuairisc faoi choir thromchúiseach, déanann na Gardaí (nó gníomhaireachtaí eile) imscrúdú mar gheall air agus seoltar comhad chuig Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Déantar scrúdú san Oifig ar an gcomhad d’fhonn a fheiceáil an bhfuil dóthain fianaise ar fáil le duine a ionchúiseamh sa choir agus a dhéanamh amach cén chúis ba cheart a thabhairt.
Is cinneadh tromchúiseach an cinneadh ionchúiseamh a dhéanamh – d’fhéadfadh tionchar fadtéarmach a bheith aige ar íospartach na coire agus ar an té a chúisítear ann. Is é an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí amháin nó duine dá chuid oifigeach ar féidir leo socrú an ndéanfar ionchúiseamh i gcásanna tromchúiseacha, mar shampla dúnmharú, ionsaí gnéis nó tionóisc bóthair a dtagann bás dá bharr.
D’fhéadfadh na Gardaí socrú ionchúiseamh a dhéanamh maidir le coireanna nach bhfuil chomh tromchúiseach. Is in ainm an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí a dhéantar an t-ionchúiseamh agus tá de cheart ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí treoir a thabhairt do na Gardaí faoin modh a ndéileáiltear leis an gcás.
Sa chás go socraítear gan ionchúiseamh a dhéanamh, is do na Gardaí a rinne imscrúdú ar an gcás amháin a thabharfar na cúiseanna leis an gcinneadh. Ní thugtar na cúiseanna d’íospartaigh ná dá gcuid gaolta. Tá breithniú á dhéanamh ag an Stiúrthóir ar an bpolasaí sin faoi láthair féachaint an bhféadfar na cúiseanna a thabhairt san am atá ag teacht.
Feidhmítear go neamhspleách agus cinneadh á dhéanamh an ndéanfar ionchúiseamh nó nach ndéanfar. Ciallaíonn sin nach féidir le haon duine eile, fiú amháin an Rialtas, a rá leis an Oifig ionchúiseamh a dhéanamh nó gan ionchúiseamh a dhéanamh maidir le cás ar bith.
Cuirfidh na Gardaí in iúl duit má cinneadh ionchúiseamh a dhéanamh agus, más amhlaidh gur cinneadh, tráth agus ionad an chás cúirte. Nuair is i mBaile Átha Cliath a dhéantar cás a ionchúiseamh, is iad na Gardaí nó aturnae de chuid na hOifige a dhéanann ionadaíocht thar ceann na hOifige sa chúirt. Nuair is taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath a bhíonn an chúirt, is iad na Gardaí nó an t-aturnae stáit áitiúil a dhéanann an ionadaíocht.
Is sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, an Chúirt Chuarda Choiriúil nó an Chúirt Choiriúil Speisialta a éistítear na cásanna is tromchúisí. I gcásanna den chineál sin, déanfaidh an t-aturnae ionchúisimh nó an t-aturnae stáit áitiúil:
Cinntí faoi ionchúisimh
Sa chás gur finné atá ionat
Pianbhreith
Sa chás go bhfuil ceist ort nó gearán le déanamh agat faoin Oifig, is féidir comhfhreagras a dhéanamh le:
An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
14-16 Sráid Mhuirfean Uacht.
Baile Átha Cliath 2
Teil: + 353 (0)1 678 9222
Faics: + 353 (0)1 661 0915
Suíomh idirlín: www.dppireland.ie
Tá na leabhráin eolais Ról an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus Freastal na Cúirte i d’Fhinné duit le fáil ar an suíomh idirlín.
Cairt an Íospartaigh - Athbhreithnithe i Meitheamh 2008