Achoimre Fheidhmeach ar an bPléphaipéar um an Beartas Ionchúisimh maidir le Cúiseanna Cinntí a Thabhairt
Is é atá sa phríomhfheidhm a chomhlíonann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ná na hionchúisimh choiriúla go léir a sheoladh atá chomh tromchúiseach sin gur ceart iad a thriail os comhair giúiré. Mar chuid thábhachtach den fheidhm sin is é an chéad chinneadh atá le déanamh ná an ndéanfar ionchúiseamh. Sa plé-pháipéar seo, déileálaimid go príomha leis an gcinneadh sin go háirithe nuair a fheidhmítear é trí chinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh. Tá neamhspleáchas iomlán ag an Oifig le linn a dualgais a chomhlíonadh agus tugadh an neamhspleáchas sin di ionas go mbeidh an Oifig in ann na dualgais sin a chur i gcrích go héifeachtach agus saor ó thionchar míchuí. Tá freagracht throm ag gabháil leis an neamhspleáchas sin ar freagracht í nach mór a fheidhmiú de réir na gcaighdeán is airde is féidir i ndáil le cothroime agus ceartas. Ní leor ceartas a chur i bhfeidhm ach ní mór gur léir go bhfuil sé á chur i bhfeidhm agus, chomh maith lena bheith cothrom agus cóir, is ceart gur léir go bhfuil an t-ionchúisitheoir ag feidhmiú go cothrom agus go cóir. D’fhéadfadh sé gur dealraitheach go bhfuil an beartas reatha, is é sin le rá, gan cúiseanna a thabhairt le cinntí ar neamhréir leis sin agus le hídé na trédhearcachta agus na cuntasaíochta i dtaca le riarachán poiblí de. De réir mar a léirítear i gCaibidil 3, áfach, le linn breithniú a dhéanamh i dtaobh athruithe ionchasacha ar an mbeartas láithreach, ní mór a bheith an-chúramach chun a chinntiú nach é a leanann as athchóiriú, arb é is aidhm dó cuntasacht agus trédhearcacht a mhéadú d’íospartaigh na coireachta, ná éagothroime agus éagóir do pháirtithe eile.
Tá an beartas gan cúiseanna a thabhairt le cinntí ann le tamall fada. Fiú amháin sular bunaíodh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí níor ghnách cúiseanna a thabhairt le cinntí ionchúisitheacha. Níltear i gcoinne cúiseanna a thabhairt anois, agus ní rabhthas riamh ina choinne sin, gan fáthanna maithe. Bhí an beartas bunaithe ar fháthanna praiticiúla a bhí ceaptha chun cothroime agus urraim a áirithiú do chearta daoine cúisithe, do chearta gearánach agus do chearta finnéithe.
Tá sé sin soiléir i gcomhthéacs an ráitis a rinne Stiúrthóir na bliana 1983 tráth ar thug sé an admháil seo a leanas:
“Más féidir modh éigin a cheapadh ar tríd a d’fhéadfadh an Stiúrthóir, gan éagóir a dhéanamh, na cúiseanna lena chinntí a chur in iúl don phobal cuirfidh sé an modh sin i ngníomh go han-toilteanach.” 1
Tá léiriú tugtha ag an Stiúrthóir reatha, freisin, go bhfuil sé toilteanach an cleachtas reatha a athrú más féidir teacht ar shásra oiriúnach. Éiríonn na deacrachtaí as sainaithint sásra oiriúnaigh chun an t-athrú sin dhéanamh.
Táthar toilteanach athrú a chur i bhfeidhm más féidir sin a dhéanamh gan éagóir a dhéanamh. Tá roinnt rudaí ann a thugann tacaíocht i leith na tuairime sin. Áirítear orthu sin:
De thoradh cáis a chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine 2 sa bhliain 2003, i gcás cinntí gan ionchúiseamh a dhéanamh, ní mór cúiseanna a thabhairt do ghaoil de chuid duine éagtha a mharaítear de bharr fórsa mharfaigh arna úsáid ag gníomhairí de chuid an stáit. I gcás tíortha ag a bhfuil córais dhlíthiúla den tsamhail chéanna linn féin, tá aghaidh tugtha acu ar an bhfadhb chéanna agus tá athrú déanta acu ar a gcleachtas. Chun forléargas a fháil ar an gcur chuige a úsáidtear sna tíortha sin, féach an achoimre san Aguisín a ghabhann leis an bpáipéar. inmhianaithe atá sé, más féidir, go ndéantar an réasúnú atá taobh thiar de chinntí a d’fhéadfadh tionchar mór a bheith acu ar a saoil a chur in iúl d’íospartaigh.
An t-aitheantas atá ann maidir le feabhas a chur ar mhuinín an phobail i leith cothroime an chórais ceartais choiriúil trí na cúiseanna le cinntí maidir le hionchúisimh a chur in iúl don phobal.
I gCaibidil 3, déantar breithniú ar an argóint i leith athrú a dhéanamh agus béim ar leith á cur ar chearta bunreachtúla na bpáirtithe a ndéanann an próiseas coiriúil difear dóibh. Go bunúsach, tá an argóint i gcoinne athrú a dhéanamh ar an mbeartas reatha, mar aon leis an argóint i gcomhair cúram a ghlacadh maidir le haon athrú ionchasach, bunaithe ar an imní go bhféadfadh roinnt torthaí diúltacha gan choinne leanúint as cúiseanna a thabhairt le cinntí, go háirithe na nithe seo a leanas:
D’fhéadfadh sé tarlú, i roinnt cásanna, dá dtabharfaí cúiseanna sonracha, seachas cúiseanna leathana ‘ginearálta’, go gcaithfí amhras ar neamhchiontacht daoine nach bhfuil iontu ach daoine a bhfuil drochamhras ann ina leith i ndáil le coir a dhéanamh. Ar ndóigh, tá daoine den sórt sin i dteideal a ndeachlú a bheith acu go dtí go ndéantar iad a chiontú iarbhír i gcion coiriúil. I roinnt cásanna, dá dtabharfaí cúiseanna d’fhéadfaí toimhde na neamhchiontachta a shárú ar toimhde í is bonnchloch dár gcóras dlíthiúil agus d’fhéadfaí éagóir shuntasach a chruthú. Ní mór breithniú cúramach a dhéanamh ar an gcóimheá idir an tábhacht a bhaineann le nochtadh don pháirtí éagóraithe, agus don phobal i gcoitinne b’fhéidir, agus an gá le clú agus toimhde na neamhchiontachta a chosaint. Is gá freisin leasanna eile sochaíocha a chur sa mheá go cúramach. Mar shampla, tá se tábhachtach nach ndéantar dochar d’imeachtaí eile.
D’fhéadfadh sé tarlú gurb e a leanfadh as cúiseanna a thabhairt ná an bonn a bhaint de sheasamh nó de chlú finné, lena n-áirítear gearánach. Mar shampla, dá ndéarfaí go gceaptar nach bhfuil finné iontaofa d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha síceolaíochta a bheith ann dá bharr agus d’fhéadfadh sé tarlú gurb ionann é sin agus ionsaí ar cheart finné chun a dheachlú nó chun a dea-chlú, go háirithe dá mba é a bheadh intuigthe, chomh maith lena rá go raibh finné mícheart, ná go raibh bréag á hinsint d’aon turas aige nó aici Ceanglaítear le hAirteagal 40.3.2° den Bhunreacht go ndéanfaidh an Stát dea-chlú gach saoránaigh a chosaint agus a shuíomh.
Éiríonn an coimhlint idir ‘leasanna iomaíocha’ nuair atá riachtanais na trédhearcachta agus na cuntasaíochta inár bpróiseas ionchúisitheach á chóimheá le riachtanais na slándála náisiúnta agus riachtanais dhualgas an Stáit beatha agus pearsa gach saoránaigh a shuíomh agus a chosaint de réir mar a ráthaítear le hAirteagal 40.3.2° de Bhunreacht na hÉireann. D’fhéadfaí sin a chur i gcontúirt, mar shampla, trí aitheantas faisnéiseora Garda a nochtadh nó trína nochtadh go bhfuil faisnéiseoir ann.
I dteannta na ndeacrachtaí sin, tá ceisteanna praiticiúla ann nár mhór a scrúdú i gcás ina ndéanfaí aon athrú ar an mbeartas. Áirítear orthu sin an baol go dtarlódh tuilleadh moille sa phróiseas coiriúil, acmhainní breise a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón Oifig, agus an gá le hoiliúint. Dá mbeadh athchóiriú ann bheadh ceisteanna ann i dtaobh conas cinntí a chur in iúl do ghearánaigh. An mbeadh sé inmhianaithe nó indéanta go gcuirfí faoi deara gurb é déantóir an chinnidh a chuirfeadh an fhaisnéis in iúl? Cad is ceart a chur san áireamh? An ceart go mbeadh an pobal agus an gearánach araon i dteideal na cúiseanna a éisteacht? Tá na príomhcheisteanna praiticiúla ar ina leith a d’fháilteofaí roimh thuairimí an phobail leagtha amach i Réamhrá an Stiúrthóra agus i gcuid 5 den achoimre feidhmiúcháin seo.
Cé go n-aithnítear an gá le breithniú a dhéanamh ar shriantachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le haon athchóiriú ar an mbeartas reatha, leantar ar aghaidh sa phlé-pháipéar chun an argóint i leith athchóirithe a leagan amach. Ní amháin go bhfuil an seans ann, má dhéantar athchóiriú, go méadófar muinín an phobail as eagraíocht fhíorthábhachtach laistigh den chóras ceartais choiriúil ach, freisin, d’fhéadfadh sé feabhas a chur ar shoiléire agus ar thuiscint i dtaca leis an bpróiseas déanta cinntí ionchúisitheacha.
Déantar scrúdú sa pháipéar ar roinnt cur chuige a d’fhéadfaí a bhreithniú, lena n-áirítear: Modhnuithe den chineál is lú ar an mbeartas bunaidh chun ceanglais an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine a chorprú. Dá mbeadh cur chuige den sórt sin ann, níor mhór cúiseanna a thabhairt do ghaoil le duine a fhaigheann bás mar gheall ar ghníomhartha gníomhaire de chuid Stáit. B’ionann an rogha seo agus an beartas atá ann faoi láthair.
Gan cúiseanna a thabhairt ach amháin i ndáil le hearnáil cionta réamh-shainmhínithe. Mar shampla, an ceart cúiseanna a thabhairt i gcásanna a bhaineann le héigniú agus le dúnmharú amháin; i ngach cás ina dtarlaíonn cionta foréigneacha; nó i ngach cás ina dtarlaíonn díobháil is cuma cé chomh tromaí atá sí?
Dá gcuirfí cur chuige níos leithne i bhfeidhm, thabharfaí cúiseanna, dá mb’fhéidir é, maidir le réimse leathan cásanna agus, in imthosca nach bhféadfaí déanamh amhlaidh, cúiseanna de chineál níos ginearálta a thabhairt. Ní thabharfaí cúiseanna ar bith i gcásanna arb é a leanfadh as ráiteas d’aon chineál a thabhairt, nó inar dócha gurb é a leanfadh as ráiteas d’aon chineál a thabhairt, ná dochar a dhéanamh do leas tábhachtach. Is léir gurb ionann sin agus cur chuige níos forleithne agus d’fhéadfaí a rá gurb é atá ann ná beartas maidir le cúiseanna ‘ginearálta’ a thabhairt le cinntí.
Ní mór na ceisteanna sonracha seo a leanas a fhreagairt freisin:-
Mar fhocal scoir, tá an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ag iarraidh ar dhaoine den phobal ar díol spéise dóibh an t-ábhar seo a dtuairimí a thabhairt faoi na saincheisteanna atá luaite sa phlé-pháipéar. D’fháilteodh sé go háirithe roimh thuairimí faoi na ceisteanna atá leagtha amach i gcuid 5 den achoimre feidhmiúcháin seo.
Tá sé beartaithe, tar éis aighneachtaí a fháil, breithniú cúramach a dhéanamh ar na tuairimí roimh chinneadh a dhéanamh i dtaobh conas is ceart leanúint ar aghaidh.
D’fhéadfadh sé tarlú go ndéanfaidh an Oifig seo tagairt d’aon tuairimí a gheofar, nó go bhfoilseofar iad, ina niomláine nó go páirteach, in anailís chríochnaitheach ar na haighneachtaí go léir a gheofar. Ní shainaithneofar daoine aonair faoina n-ainm, áfach, agus ní chuirfear tuairimí i leith daoine ach amháin de réir tagairtí d’earnálacha ginearálta daoine e.g. íospartach coire, duine den phobal, etc.
|
Is ceart aon tuairimí a sheoladh mar a leanas: Ríomhphost: reasons.project@dppireland.ie Post: ‘TIONSCADAL CÚISEANNA’ Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, 14-16 Sráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2. le go sroichfear an Oifig tráth nach déanaí ná Dé Luain, an 10 Márta 2008 |
Sliocht as an ‘bPlé-Pháipéar maidir le Polasaí Ionchúisimh i Leith Cúiseanna le Cinntí a Thabhairt’ a foilsíodh in Eanáir 2008.