Ráiteas faoi Thoradh na Bliana 2007
Nóta: Tá sé de chuspóir ag an Ráiteas Aschuir na haschuir agus na tionchair straitéiseacha lárnacha a chur leis na hionchuir airgeadais agus foirne do bhliain féilire. Tá na haschuir sa ráiteas bunaithe ar an mbliain 2007 agus léiríonn siad an obair go léir a rinneadh ar chomhaid ionchúisimh agus ar imeachtaí dlíthiúla le linn 2007 cibé acu an bhfuarthas na comhaid in 2007 nó sna blianta roimhe sin. Mar gheall air sin, ní féidir na staitisticí atá luaite sa ráiteas a chur i gcomparáid dhíreach leis na staitisticí a luaitear i gCaibidil 8 den tuarascáil seo a thiomsaítear ar bhonn na bliana a fuarthas an comhad san Oifig.
Is é feidhm bhunúsach atá le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí stiúrú agus maoirseacht a dhéanamh mar gheall ar ionchúisimh phoiblí agus cúrsaí coireachta a bhaineann leis sin. Is ón nGarda Síochána, an phríomháisíneacht náisiúnta maidir le himscrúdúchán, a thagann an chuid is mó de na cásanna a chuirtear faoi bhráid na hOifige. Ina dhiaidh sin féin, bíonn roinnt cásanna á gcur faoi bhráid na hOifige freisin ag áisíneachtaí imscrúdúcháin sainspeisialta, ina measc na Coimisinéirí Ioncaim, Ranna Rialtais, an tÚdaráis Sláinte agus Sábháilteachta, An Post, an tÚdarás Iomaíochta, an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus údaráis áitiúla.
Cuspóir Ardleibhéil
Seirbhís ionchúisimh neamhspleách, cóir, éifeachtúil a chur ar fáil ar son Phobal na hÉireann.
Táscaire Tionchair
A oiread agus a choinnítear seirbhís ionchúisimh neamhspleách, éifeachtúil, cóir sa tsiúl.
Aidhmeanna an Chláir
Na comhaid imscrúdúcháin choiriúla a chuirtear faoi bhráid na hOifige a bhreithniú agus cinneadh tráthúil ar choir ionchúiseamh a thionscnamh nó nár chóir nó ar chóir leanúint ar aghaidh le hionchúiseamh atá tionscanta cheana féin ag an nGarda Síochána.
Cinntiú go ndéantar beart de réir chinntí ionchúiseamh a thionscnamh go tráthúil agus ar bhealach a thagann leis na Treoirlínte d’Ionchúisitheoirí mar a fhoilsítear iad.
Vóta de chuid an Oireachtais ciste na hOifige. Is leis an Vóta sin a dhéantar soláthar do thuarastail agus do chostais an Stiúrthóra agus a chuid foirne, tuarastail agus costais Sheirbhís an Aturnae Stáit, táillí le híoc le habhcóidí a fhostaíonn an Stiúrthóir le cásanna a ionchúiseamh i gcúirteanna éagsúla agus costais a dhámhtar in aghaidh an Stáit ó Athbhreithniú Breithiúnach agus imeachtaí eile dlí. Is de réir an éilimh an caiteachas ar an dá mhír dheireanacha sin agus braitheann sé ar líon na gcásanna coiriúla a chuirtear trí na Cúirteanna i rith nab liana. Baineann an figiúr maidir le Leithreas i gCabhair le haisghabháil ar chostais a dhámhtar don Stát in imeachtaí coiriúla go príomha. Ó tharla go mbíonn éagsúlacht mhór idir figiúirí ó bhliain go bliain, figiúr ainmiúil a luaitea
Is mar gheall ar aistriú Sheirbhís an Aturnae Stáit go dtí Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí an t-ardú i gcaiteachas na bliana 2008 i gcomparáid leis an mbliain 2007.
|
BUISÉAD 2007 € milliún |
ToradhSealadach 2007 € milliún |
BUISÉAD 2008 € milliún |
% Athrúsa Toradh |
|
|
Caiteachas a Vótáladh |
35.81 |
34.70 |
44.55 |
+28% |
|
Neamhvótáilte (foinse Stáit |
- |
- |
- |
- |
|
Ollchaiteachas Iomlán |
35.81 |
34.70 |
44.55 |
+28% |
|
Leithreas i gcabhair |
0.02 |
0.09 |
0.02 |
- |
|
Caiteachas Glan |
35.79 |
34.60 |
44.53 |
+29% |
Clár amháin oibre a dhéanann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, seirbhís ionchúisimh neamhspleách, cóir, éifeachtúil a chur ar fáil ar son Mhuintir na hÉireann.
IONCHUR
|
BRISEADH SÍOS DE RÉIR AIDHMEANNA STRAITÉISE AR AN OLLCHAITEACHAS IOMLÁN |
|||||
|
2007 |
2008 |
% d’Athrú2007 i gComparáid le 2006 |
|||
|
Buiséad € Milliún |
Toradh € Milliún |
Buiséad € Milliún |
|||
|
Caiteachas ar Riarachán |
Pá |
2.48 |
2.18 |
2.88 |
33% |
|
Neamhphá |
4.08 |
3.02 |
4.29 |
42% |
|
|
Caiteachas ar Chláir |
Pá |
10.32 |
9.50 |
11.53 |
21% |
|
Neamhphá |
18.92 |
20.02 |
25.85 |
29% |
|
|
Ollchaiteachas Iomlán |
35.80 |
34.70 |
44.55 |
28% |
|
|
Leithreas-i-gCabhair |
-0.02 |
-0.09 |
-0.02 |
-78% |
|
|
Caiteachas Glan |
35.78 |
34.61 |
44.53 |
29% |
|
|
2007 |
|||||
|
Líon na Foirne a bhí fostaithe ag deireadh na bliana 2007 (lánaimseartha agus a chomhionann) |
183 |
||||
TORADH
|
Sprioc do Thoradh 2007 |
Toradh 2007 |
Sprioc do Thoradh 2008 |
|
Treoir a eisiúint maidir le timpeall is 7,500 – 8,000 comhad a chuireann gníomhaireachtaí imscrúdúcháin faoi bhráid. |
Eisíodh treoir maidir le 10,300 amhrastach ar 8450 comhad |
Treoir a eisiúint maidir le timpeall is 10,000 amhrastach ar chomhaid a chuireann gníomhaireachtaí imscrúdúcháin faoi bhráid. |
|
Cinntí ionchúisimh taobh istigh de spriocthráthanna ama: 40% de na cásanna taobh istigh de 2 sheachtain 50% de na cásanna taobh istigh de 4 seachtaine 75% de na cásanna taobh istigh de 3 mhí |
51% de na cásanna taobh istigh de 2 sheachtain 64% de na cásanna taobh istigh de 4 seachtaine 83% de na cásanna taobh istigh de 3 mhí |
Cinntí ionchúisimh taobh istigh de spriocthráthanna ama: 40% de na cásanna taobh istigh de 2 sheachtain 50% de na cásanna taobh istigh de 4 seachtaine 75% de na cásanna taobh istigh de 3 mhí |
|
Déileáil go díreach le thar ar 2.500 comhad ionchúisimh Cúirteanna Dúiche Bhaile Átha Cliath. |
2,200 comhad a cuireadh faoi bhráid agus ar déileáladh leo. |
Déileáil go díreach le thar ar 2,500 comhad ionchúisimh Cúirteanna Dúiche Bhaile Átha Cliath. |
|
Déileáil le timpeall is 2,000 achomharc ón gCúirt Dúiche, ina measc achomhairc maidir le cásanna arna n-ionchúiseamh ag an nGarda Síochána faoi údarás tarmligthe. |
2,600 comhad a cuireadh faoi bhráid agus ar déileáladh leo. |
Déileáil le timpeall is 2,000 achomharc ón gCúirt Dúiche, ina measc achomhairc maidir le cásanna arna n-ionchúiseamh ag an nGarda Síochána faoi údarás tarmligthe. |
|
Déileáil go díreach le timpeall is 1,300 cás indíotála nua agus le cásanna indíotála ar lean ó bhlianta roimhe seo nach bhfuil tagtha chun críche go fóill. |
Déileáladh le 1,900 cás indíotála nua chomh maith le cásanna indíotála ar lean ó bhlianta roimhe seo. |
Déileáil go díreach le timpeall is 1,800 cás indíotála nua agus le cásanna indíotála ar lean ó bhlianta roimhe seo nach bhfuil tagtha chun críche go fóill. |
|
(Níl aon toradh luaite don bhliain 2007 ó tharla gur i rith na bliana a aistríodh an tseirbhís seo go hOifig an Stiúrthóra.) |
(Níl aon toradh luaite don bhliain 2007 ó tharla gur i rith na bliana a aistríodh an tseirbhís seo go hOifig an Stiúrthóra.) |
Bainistíocht a dhéanamh maidir leis an 32 aturnae i gcleachtadh príobháideach a dhéanann suas Seirbhís an Aturnae Stáit agus a dhéileáileann le hionchúiseamh coiriúil i gCuarda seachas Cuaird Bhaile Átha Cliath. |
|
(Níl aon toradh luaite don bhliain 2007 ó tharla gur i rith na bliana a aistríodh an tseirbhís seo go hOifig an Stiúrthóra.) |
(Níl aon toradh luaite don bhliain 2007 ó tharla gur i rith na bliana a aistríodh an tseirbhís seo go hOifig an Stiúrthóra.) |
Déileáil le timpeall is 1,500 cás indíotála nua, ag feidhmiú trí Sheirbhís an Aturnae Stáit agus le cásanna indíotála ar lean ó bhlianta roimhe seo nach bhfuil tagtha chun críche go fóill |
|
Déileáil le timpeall is 1,700 Iarratas ar Bhannaí san Ard-Chúirt agus timpeall is 350 cás faoi Athbhreithniú Breithiúnach. |
san Ard-Chúirt agus timpeall is 350 cás faoi Athbhreithniú Breithiúnach. 1,700 Iarratas ar Bhannaí agus 400 cás faoi Athbhreithniú Breithiúnach a cuireadh faoi bhráid agus ar déileáileadh leo. |
Déileáil le timpeall is 1,700 Iarratas ar Bhannaí san Ard-Chúirt agus timpeall is 350 cás faoi Athbhreithniú Breithiúnach. |