Réamhrá

Is mór an phribhléid dom arís Tuarascáil Bhliantúil Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí a chur i láthair an phobail. Clúdaíonn an tuarascáil an bhliain fhéilire 2006.

Tréimhse d'athrú eagraíochtúil san Oifig a bhí sa bhliain. Bhíothas ag súil go gcuirfí Alt 8 d'Acht an Gharda Síochána 2005 i bhfeidhm i 2006 ach níor cuireadh i bhfeidhm é go críochnaitheach go dtí 1 Feabhra 2007. Tugann an fhoráil do chomhaltaí den Gharda Síochána an chumhacht ionchúisimh choiriúla a thionscnamh agus a dhéanamh i gcúirteanna dlínsí achoimre in ainm an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Tugann an tAcht cumhacht reachtúil dom treoracha ginearálta agus sonracha a thabhairt do na Gardaí chomh maith maidir le hionchúisimh den sórt sin. Le linn 2006 rinneadh cuid mhaith oibre mar ullmhúchán do theacht i bhfeidhm an ailt, agus tá tuairisc níos mionsonraithe air sin i gCaibidil 3.

Níor cuireadh an moladh deireanach a bhí fágtha ón Tuarascáil ón nGasra Staidéir ar an gCóras Ionchúiseamh Poiblí (Tuarascáil Nally), maidir le freagracht as an tseirbhís aturnae stáit áitiúil a aistriú ón Ard-Aighne go dtí m'Oifig, i bhfeidhm i 2006 in ainneoin ár sáriarrachtaí é sin a bhaint amach. Agus an réamhrá seo á scríobh agam (Bealtaine 2007), tá áthas orm a rá go bhfuil an t-aistriú sin curtha i bhfeidhm againn ar deireadh. Críochnaíonn sé sin cuid ríthábhachtach den obair maidir le seirbhís ionchúisimh náisiúnta a dhéanamh den Oifig.

An bhliain seo caite scríobh mé faoin gá a bhí le haonad polasaí ionchúisimh a bhunú laistigh den Oifig. Tá áthas orm a thuairisciú go bhfuair mé cead ón Rialtas go deireanach i 2006 chun aonad mar sin a bhunú agus tá an Oifig i mbun próisis earcaíochta foirne faoi láthair. Nuair a bheidh an t-aonad sin ar bun beidh sé ábalta díriú ar cheisteanna fadtéarma bunúsacha a bheidh tábhachtach maidir leis an tslí a rachaidh an Oifig i mbun ionchúiseamh coiriúil amach anseo. Tabharfaidh an t-aonad aghaidh ar nithe mar threoirlínte, caighdeáin agus treoracha le haghaidh ionchúisimh, comhairle maidir leis na himpleachtaí praiticiúla a bhaineann le reachtaíocht choiriúil atá beartaithe sa chás go n-iarrfar an chomhairle sin orainn, polasaí i dtreo íospartaigh choireachta agus anailís ar chinnteoireacht ionchúisimh le súil agus feabhas a chur ar chaighdeáin a leagan amach agus leanúnachas a chinntiú maidir le cur chuige.

Is cúis imní i gcónaí é fadhb chóiríochta na hOifige. Táimid fós roinnte idir dhá fhoirgneamh agus ciallaíonn an t-ardú sa líon daoine san Oifig go mbeidh orainn roinnt dár bhfoireann a lonnú sa tríú foirgneamh go luath. Mar sin féin, tá cóiríocht oiriúnach cóngarach don choimpléasc cúirteanna cóiriúla nua atá á thógáil gar do Stáisiún Heuston aitheanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí agus táimid ag súil go mór le bheith in ann an Oifig go léir a lonnú in aon suíomh amháin nuair a dhéanfar an t-aistriú sin.

Ag croílár na Tuarascála Bliantúla seo tá an fhaisnéis staitistiúil i gCaibidil 9. Tháinig ardú 5% ar an líon comhad a tarcuireadh chuig an Oifig sa bhliain 2006. Léiríonn an tuarascáil feabhas ar na hagaí freagartha ina dtugtar treoracha ar chomhaid, gur tugadh treoracha ar 52% de na comhaid ar fad a fuarthas laistigh de choicís agus gur déileáladh le 84% de na comhaid ar fad laistigh de thrí mhí.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil arís le m'fhoireann féin as a dtiomantas agus a gcuid oibre crua i rith 2006, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an iliomad daoine agus gníomhaireachtaí eile a d'oibrigh linn i rith na bliana agus a chomhoibrigh linn chun cúnamh a thabhairt dúinn maidir lenár sprioc de sheirbhís ionchúisimh atá neamhspleách, cóir agus éifeachtach a chur ar fáil a bhaint amach.

James Hamilton
Director of Public Prosecutions
May 2007