9 Staitisticí

Nóta Míniúcháin i nDáil le Staitisticí

9.1 Tá na staitisticí a léirítear sa tuarascáil seo tiomsaithe ó shonraí a tógadh ónár gcórais Teicneolaochta Eolais a úsáidtear go príomha mar chóras rianaithe cás agus níl sé mar chuspóir príomha leo staitisticí a chruthú. Tá na córais faoi réir ag forbairt leanúnach chun cur le hardchaighdeán na sonraí a chuirtear ar fáil.

9.2 Tá an chaibidil deighhilte ina thrí alt ar leithligh:

9.3 Tagraíonn na teorainneacha bliantúla go léir sna táblaí staitisticí don bhliain a bhfuarthas an comhad san Oifig. Is í an chúis le dul siar chomh fada i gCairteacha 7 go dtí 11 ná chun an difríocht ama idir treoir a dhéanamh agus taifeadadh ar fhíorasc na trialach a chur san áireamh. Dá mba rud é go mbeadh staitisticí i ndáil le torthaí chásanna 2006 le cur ar fáil bheadh cion mór de na cásanna fós rangaithe mar 'le héisteacht'.

9.4 Sa tuarascáil seo d'fhéachamar i bhformhór na gcásanna leaganacha cothrom le dáta a thabhairt de na sonraí atá leagtha amach i dTuarascálacha Bhliantúla roimhe chun cuntas níos iomláine a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta ó foilsíodh na sonraí sin roimhe seo. De bharr athrú leanúnach ar stádas cásanna, mar shampla, d'fhéadfadh go mbeadh cás a bhí ar feitheamh ag tráth na tuarascála deireanaí curtha i gcrích anois, beidh an fhaisnéis a thugtar sa tuarascáil seo difriúil ón fhaisnéis don chohórt céanna cásanna i dtuarascálacha roimhe seo. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh sé nach mbeadh sonraí ó dhá bhliain dhifriúla go hiomlán inchomparáideach mar gheall de réir mar a bhíonn am á chaitheamh go dtugtar níos mó cásanna chun críche agus mar sin go gcaitheann go mbíonn faisnéis ó bhlianta níos túisce níos iomláine ná ó bhlianta níos deireanaí. Mura bhfuil a mhalairt luaite, tugadh sonraí atá sna staitisticí seo cothrom le dáta amhail Meitheamh 2007.

9.5 Ní mór cúram a ghlacadh i gcás go mbíonn na staitisticí seo á mbreithniú i bhfianaise staitisticí a fhoilsíonn eagraíochtaí eile ar nós an tSeirbhís Chúirteanna nó An Garda Síochána. Tá na staitisticí atá foilsithe anseo bunaithe ar ár gcórais rangaithe agus catagóirithe féin agus d'fhéadfadh sé nach mbeadh siad, i gcásanna áirithe, ag teacht le córais rangaithe eagraíochtaí eile.

Léiríonn Cairt 1 líon iomlán na gcomhad a fuair Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí idir 1976 agus 2006.

Is le himscrúdú coireachta a bhain formhór na gcomhad a fuair an Oifig. Bhain an chuid eile le ceisteanna ginearálta, nithe le haghaidh athbhreithnithe breithiúnacha nó iarratais ar chomhairle dhlíthiúil ón nGarda Síochána nó aturnaetha stáit áitiúla. Tá líon na gcásanna méadaithe i gcoitinne ó bhliain go bliain ó bunaíodh an Oifig, ó thaobh líon na gcomhad a fhaightear agus castacht na saincheisteanna a gcaithfear dul i ngleic leo.

Tá laghdú suntasach os cionn 1,000 comhad sna figiúirí don tréimhse 2000 go 2001 mar thoradh ar athrú ar na socruithe riaracháin lena gceadaítear don Gharda Síochána cionta áirithe a ionchúiseamh gan comhaid a chur faoi bhráid na hOifige roimh ré le treoracha a fháil. Is ann don mhéadú mór sna figiúirí ó 2001 go dtí 2002 mar gheall ar Roinn Choiriúil Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit a aistriú go dtí Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí i Nollaig 2001 chun Roinn Athurnaetha na hOifige a chruthú.

SOILÉIRIÚ (Lúnasa 2007)

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil mionathrú déanta ar chairteacha 8 agus 8b den Tuarascáil Bhliantúil 2006 ó foilsíodh an Tuarascáil i Meitheamh 2007. Is í is cúis leis seo miondífríocht maidir le catagóiriú cionta sna cairteacha mar gheall ar roinnt athruithe i gcás rogha réimse ar ár ríomhchórais i 2005 a chur i gceart.
Ce nach bhfuil athrú ar líon foriomlán na gcásanna agus a dtorthaí ar leithligh, cuireadh ceithre shainchatagóir chiona (timpistí marfacha ag an obair; pornagrafaíocht leanaí; gnéas le cailín faoi aois; agus cionta ioncaim) san áireamh ar dtús i gcatagóir 'cionta gnéis eile' nó 'cionta eile'. Tá sé sin curtha ina cheart anois agus tá líon na n-ionchúiseamh sna ceithre chatagóir seo san áireamh faoin sainchatagóir dá dtagraíonn siad.

Cairt 1 LÍON IOMLÁN NA gCOMHAD A FUARTHAS

Bliain

Comhaid

Bliain

Comhaid

Bliain

Comhaid

1976 2298 1987 3902 1998 7066
1977 2542 1988 3829 1999 7321
1978 2715 1989 3724 2000 7815
1979 2698 1990 3849 2001 6821
1980 2806 1991 4255 2002 14586
1981 3249 1992 4880 2003 14696
1982 3738 1993 5356 2004 14613
1983 4309 1994 6393 2005 14475
1984 4759 1995 6674 2006 15214
1985 4335 1996 6687    
1986 4263 1997 6915    

Soláthraíonn Roinn Aturnaetha Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí seirbhís aturnae don Stiúrthóir agus gníomhaíonn thar a cheann. Déileálann an roinn freisin le cásanna nach gcaitear a tharchur go díreach chuig an Roinn Treorúcháin chun treoir a fháil.

Léiríonn Cairt 2 an líon cásanna ar dhéileáil Roinn na nAturnaetha, agus an roinn sin amháin, leo agus áirítear inti comhaid ionchúisimh don Chúirt Dúiche, achomhairc ón gCúirt Dúiche go dtí an Chúirt Chuarda agus iarratais ar Bhannaí san Ard-Chúirt. Léiríonn an figiúr d'Achomhairc ón gCúirt Dúiche an líon comhad a sealbhaíodh agus ní an líon cúiseamh aonair a ndearnadh achomharc orthu. D'fhéadfadh roinnt cúiseamh a bheith faoi achomharc ag aon chosantóir amháin.

Déileálann Roinn na nAturnaetha le hiarratais ar athbhreithniú breithiúnach freisin. Cé gurb í Roinn na nAturnaetha, agus an roinn sin amháin, a dhéileálann le cuid de na hiarratais sin, caithtear cuid eile a chur ar aghaidh chuig an Roinn Treorúcháin le treoir a fháil. Mar gheall go bhfuil an Roinn Athbhreithnithe Bhreithiúnacha lonnaithe i Roinn na nAturnaetha, áfach, tá an líon iomlán d'iarratais ar athbhreithniú breithiúnach ar déileáladh leo sa chairt seo. Tá na hiarratais sin arbh éigin treoir a thabhairt ina leith san áireamh freisin sna figiúirí don Roinn Treorúcháin (Cairt 3) faoin gcatagóir 'comhaid dhlíthiúla eile'. Is féidir leis an Stiúrthóir Athbhreithniú Breithiúnach a ghlacadh nó is féidir athbhreithniú breithiúnach a ghlacadh ina aghaidh

Cairt 2 COMHAID A nDÉILEÁILTEAR LEO I ROINN NA nATURNAETHA
 

2006

%

2005

%

2004

%

Comhaid Ionchúisimh Cúirte Dúiche 2509 37% 2306 37% 1808 25%
Achomhairc ón gCúirt Dúiche chun na Cúirte Cuarda 2132 32% 1885 30% 3130 44%
Iarratais ar Bhannaí Ard-Chúirte 1707 25% 1727 27% 1958 27%
Iarratais Athbhreithnithe Breithiúnacha 358 5% 373 6% 299 4%
IOMLÁN 6706   6291   7195  

Déanann Cairt 3 comparáid idir líon na gcomhad a fuair an Roinn Treorúcháin agus na ndaoine atá faoi amhras is ábhar do na comhaid seo. Baineann go leor díobh le níos mó ná duine amháin agus d'fhéadfaí dul amú a chruthú i dtaobh ualach oibre na hOifige dá ndéileálfaí le comhad den sórt sin mar chás aonar. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach aird a thabhairt ar líon iomlán na ndaoine atá faoi amhras chomh maith le líon iomlán na gcomhad.

NÓTA: Faightear roinnt comhad freisin sa Rannán Stiúrtha gach bliain nach mbaineann le hionchúisimh. Áirítea orthu sin iarratais ar chomhairle dhlithiúil ón nGarda Síochána agus ó aturnaetha stáit áitiúla mar aon le hiarratais ar athbhreithniú breithiúnach arna bhfáil ó Roinn na nAturnaetha i gcomhair treorach. Tá imlíne tugtha ar na comhaid sin sa chairt mar 'comhaid dhlíthiúla eile' .

Cairt 3 CUR SÍOS AR NA COMHAID A FUAIR AN ROINN TREORÚCHÁIN
 

2006

2005

2004

Líon comhad ionchúiseamh a fuair an Roinn Treorúcháin 7791 7476 6698
Líon daoine is ábhar do chomhaid ionchúiseamh 10701 9954 9475
An líon comhad dlíthiúil eile a fuarthas nach mbaineann le
hionchúisimh faoi leith
717 708 720

Tá cur síos sa chairt seo ar na comhaid a fuair an Roinn Treorúcháin agus a ndearna sí iad a dhiúscairt i 2004, 2005 agus 2006 (suas go dtí Meitheamh 2007). Cuireann an Garda Síochána agus gníomhaireachtaí imscrúdúcháin speisialta na comhaid faoi bhráid Roinn na nAturnaetha go díreach nó faoi bhráid aturnae stáit áitiúil le haghaidh treorach faoi dhul ar aghaidh nó gan dul ar aghaidh le hionchúiseamh. Déantar cinneadh mar seo a leanas, ag tabhairt tromchúiseacht an chiona agus an fhaisnéis atá sa chomhad i gcuntas:

Ionchúiseamh ar bith: Déantar cinneadh gan dul ar aghaidh le hionchúiseamh. Is de bharr ganntanas fianaise sa chuid is mó a dhéantar cinneadh gan dul ar aghaidh le hionchúiseamh Léiríonn na figiúirí, áfach, na cúiseanna go léir gan dul ar aghaidh le hionchúiseamh.

Ionchúiseamh ar Díotáil: Déantar cinneadh dul ar aghaidh le hionchúiseamh sa Chúirt Chuarda, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil nó i gCúirt Speisialta Choiriúil.

Diúscairt Achomair: Bíonn an cion le hionchúiseamh sa Chúirt Dúiche.

Faoi Bhreithniú: Comhaid nach mbíonn cinneadh déanta maidir leo. Ar áireamh anseo tá na comhaid ina raibh gá le tuilleadh faisnéise nó imscrúdaithe sula bhféadfaí cinneadh a dhéanamh. Is chun an cás a neartú a dhéantar tuilleadh faisnéise a lorg go hiondúil seachas de bharr aon locht a bheith ar an imscrúdú.

NÓTA: Tá na figiúirí do 2004 agus 2005 tugtha suas chun data ó foilsíodh Tuarascálacha Bliantúla roimhe seo. Léiríonn an laghdú ar líon na gcomhad atá 'Faoi Bhreithniú' i gcomparáid le blianta roimhe seo an dul chun cinn ata déanta maidir leis na comhaid sin ó shin. Ar áireamh sna 'hIonchúisimh ar Díotáil' tá na cásanna sin inar roghnaíodh cosantóirí le haghaidh trialach agus cásanna inar dhiúltaigh an Breitheamh Dúiche dlínse, d'ainneoin gur roghnaigh an Stiúrthóir diúscairt achomair ar dtús.

Cairt 4 DIÚSCAIRT COMHAD AN ROINN TREORÚCHÁIN DE RÉIR LÍON DAOINE IS ÁBHAR DO NA COMHAID A FUARTHAS

Treoir Déanta

2006

%

2005

%

2004

%

Ionchúiseamh ar Bith 3722 35% 3832 38% 3979 42%
Ionchúiseamh nó Indíotail 3513 33% 2997 30% 2769 29%
Diúscairt Achomair 2932 27% 2945 30% 2542 27%
Líon Iomlán Comhad a Diúscraíodh 10167 95% 9774 98% 9290 98%
Faoi Bhreithniú 534 5% 180 2% 185 2%
IOMLÁN 10701   9954   9475  

Bíonn cúiseanna éagsúla ann, seachas na príomhchúiseanna a leagtar amach sa chairt seo ('eile') gan dul ar aghaidh le hionchúiseamh i ndáil le comhad áirithe. Cúpla sampla de na cúiseanna seo ná, bás nó dul ar iarraidh an duine atá faoi amhras, bás nó dul ar iarraidh an ghearánaí nó diúltú an ghearánaí fianaise a thabhairt.

Cairt 4a CUR SÍOS AR NA PRÍOMHCHÚISEANNA AR THREOIR GAN DUINE ATÁ FAOI AMHRAS A IONCHÚISEAMH

Príomhchúiseanna gan dul ar aghaidh

2006

%

2005

%

2004

%

Ganntanas Fianaise 2948 79% 2871 75% 2904 73%
Clár Athstiúrtha Óige 162 4% 196 5% 224 6%
Leas an Phobail 155 4% 199 5% 176 4%
Forais Simpiteacha 50 1% 74 2% 50 1%
Tréimhse Ama Caite 162 4% 193 5% 270 7%
Moill Mhíchuí 57 2% 93 2% 119 3%
Eile 188 5% 206 5% 236 6%
IOMLÁN 3722   3832   3979  

Is briseadh síos atá i gCairt 4b de na treoracha a tugadh ionchúiseamh ar díotáil a dhéanamh, de réir an chontae ina ndearnadh an cion. Cuirtear san áireamh inti cásanna a treoiríodh a éisteacht sa Chúirt Choiriúil, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil agus sna Cúirteanna Coiriúla Speisialta. Tabhair ar aird, go bhfuil líon cásanna ar cásanna iad 'atá á mbreithniú' (féach Cairt 4). Áirítear anseo cásanna ina bhfuarthas comhad ach ina dteastaíonn breis faisnéise. Ní féidir a dhéanamh amach cé mhéad de na cásanna sin a bhféadfadh treoir d'ionchúiseamh ar díotáil a bheith mar thoradh orthu.

Cairt 4b CUR SÍOS AN LÍON IONCHÚISEAMH AR DÍOTÁIL TREORAITHE DE RÉIR CONTAE AN CHIONA

                     

Cássanna an 1,000 Dúinne

Meáin Rolta 3 Bliana

 

Daonra
2006 *

Daonra
2005 *

Daonra
2004 *

Daonra
2003 *

Daonra
2002 *

2006

2005

2004

2003

2002

2006

2005

2004

2003

2002

2004
-2006

2003
-2005

2002
-2004

Ceatharlach 50,349 49,235 47,982 47,035 46,014 30 41 22 23 27 0.60 0.83 0.46 0.49 0.59 0.63 0.59 0.51
An Cabhán 64,003 60,936 59,959 58,728 56,546 36 28 29 31 44 0.56 0.46 0.48 0.53 0.78 0.50 0.49 0.60
An Clár 110,950 107,722 105,612 104,634 103,277 65 70 62 68 51 0.59 0.65 0.59 0.65 0.49 0.61 0.63 0.58
Corcaigh 481,295 471,489 461,745 455,172 447,829 315 320 249 304 295 0.65 0.68 0.54 0.67 0.66 0.62 0.63 0.62
Dún na nGall 147,264 143,983 141,675 138,766 137,575 52 48 39 66 40 0.35 0.33 0.28 0.48 0.29 0.32 0.36 0.35
Baile Átha Cliath 1,187,176 1,160,100 1,144,400 1,133,900 1,122,821 1901 1541 1416 1465 1513 1.60 1.33 1.24 1.29 1.35 1.39 1.29 1.29
Gaillimh 231,670 225,207 218,717 215,333 209,077 97 58 84 46 47 0.42 0.26 0.38 0.21 0.22 0.35 0.29 0.27
Ciarraí 139,835 138,211 135,355 133,428 132,527 59 61 58 69 45 0.42 0.44 0.43 0.52 0.34 0.43 0.46 0.43
Cill Dara 186,335 178,456 172,500 167,687 163,944 100 78 102 74 84 0.54 0.44 0.59 0.44 0.51 0.52 0.49 0.51
Cill Chainnigh 87,558 85,785 83,602 81,950 80,339 64 33 55 26 22 0.73 0.38 0.66 0.32 0.27 0.59 0.45 0.42
Laois 67,059 64,074 62,465 60,750 58,774 22 27 33 20 30 0.33 0.42 0.53 0.33 0.51 0.43 0.43 0.46
Liatroim 28,950 27,675 27,231 26,672 25,799 8 13 4 18 2 0.28 0.47 0.15 0.67 0.08 0.30 0.43 0.30
Luimneach 184,055 180,700 177,161 175,520 175,304 137 127 84 107 83 0.74 0.70 0.47 0.61 0.47 0.64 0.60 0.52
An Longford 34,391 33,331 32,494 31,602 31,068 20 9 13 16 16 0.58 0.27 0.40 0.51 0.51 0.42 0.39 0.47
111,267 107,714 105,987 103,811 101,821 70 38 73 79 96 0.63 0.35 0.69 0.76 0.94 0.56 0.60 0.80
Maigh Eo 123,839 123,288 119,735 117,883 117,446 53 47 52 27 29 0.43 0.38 0.43 0.23 0.25 0.41 0.35 0.30
An Mhí 162,831 151,228 146,181 142,103 134,005 70 67 52 54 48 0.43 0.44 0.36 0.38 0.36 0.41 0.39 0.36
Muineachán 55,997 54,891 54,011 52,902 52,593 22 40 22 30 41 0.39 0.73 0.41 0.57 0.78 0.51 0.57 0.58
Uíbh Fhailí 70,868 68,503 66,782 64,949 63,663 19 20 18 29 11 0.27 0.29 0.27 0.45 0.17 0.28 0.34 0.30
Ros Comáin 58,768 57,505 55,848 54,984 53,774 15 18 23 25 13 0.26 0.31 0.41 0.45 0.24 0.33 0.39 0.37
Sligeach 60,894 60,201 59,236 58,020 58,200 49 48 41 41 19 0.80 0.80 0.69 0.71 0.33 0.76 0.73 0.58
Tiobraid Árann 149,244 146,823 143,462 141,285 140,131 62 59 46 48 49 0.42 0.40 0.32 0.34 0.35 0.38 0.35 0.34
Port Láirge 107,961 107,045 104,321 102,260 101,546 72 61 64 96 72 0.67 0.57 0.61 0.94 0.71 0.62 0.71 0.75
An Iarmhí 79,346 76,992 75,059 72,999 71,858 56 42 25 42 35 0.71 0.55 0.33 0.58 0.49 0.53 0.48 0.47
Loch Garman 131,749 126,889 123,659 121,217 116,596 51 42 40 50 34 0.39 0.33 0.32 0.41 0.29 0.35 0.36 0.34
Cill Mhantáin 126,194 122,716 118,620 115,310 114,676 68 61 63 59 74 0.54 0.50 0.53 0.51 0.65 0.52 0.51 0.56
IOMLÁN 4,239,848 4,130,699 4,043,799 3,978,900 3,917,203 3513 2997 2769 2913 2820                
* Tá figiúirí daonra do 2002 agus do 2006 tógtha ó na figiúirí daonáirimh a foilsíodh maidir leis na blianta sin. Ríomhtar figiúirí daonra do na blianta eatarthu bunaithe ar dháileadh cionmhar/proration na meastachán Daonra & Imirce is déanaí do na Limistéir Údaráis Réigiúnacha mar a d'fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh i 2006, a bhfuil figiúirí bliantúla athbhreithnithe do 2003 go dtí 2005 san áireamh ann.

Léiríonn Cairt 5 an t-am idir comhad ionchúisimh críochnaithe a fháil san Oifig agus treoir a eisiuint maidir le cibé acu ar chóir nó nár chóir dul ar aghaidh le hionchúiseamh. Cinneadh an fhaisnéis seo a léiriú de réir "duine atá faoi amhras" seachas de réir comhad mar go dtarlaíonn sé i gcásanna áirithe go mbíonn níos mó ná duine amháin i gceist agus nach ndéantar an cinneadh céanna i leith gach duine acu i gcónaí.

Bíonn comhaid éagsúil ó thaobh méid agus chomh coimpléascach a bhíonn siad. I gcásanna áirithe, bhí gá le breis faisnéise agus imscrúdaithe sula bhféadfaí cinneadh a dhéanamh. Féadfar tuilleadh faisnéise a lorg chun cruthúnas cáis a fheabhsú, cé nach comhartha é seo go raibh aon locht ar an imscrúdú.

Rinneadh an t-am a caitheadh a ríomh ar bhonn na gcásanna a bhfuil treoir eisithe ina leith amháin. Níor cuireadh comhaid atá á mbreithniú fós san áireamh agus léirítear iad mar chatagóir ar leithligh

Cairt 5 AN tAM A CAITHEADH SULAR EISÍODH CINNEADH

An tAm a Caitheadh

2006

%

2005

%

2004

%

0 - Dhá Sheachtain 5521 52% 4665 47% 4081 43%
Dhá - Cheithre Sheachtain 1338 13% 1423 14% 1220 13%
Ceithre Seachtaine - Trí Mhí 1999 19% 2227 22% 2234 24%
Trí Mhí - Sé Mhí 910 9% 907 9% 963 10%
Sé Mhí - Dhá Mhí Dhéag 369 3% 372 4% 509 5%
Os Cionn Bliana 30 0% 180 2% 283 3%
LÍON IOMLÁN COMHAD DIÚSCARTHA 10167 95% 9774 98% 9290 98%
Faoi Bhreithniú 534 5% 180 2% 185 2%
IOMLÁN 10701   9954   9475  

Forálann Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993, go bhféadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Achomhairc Choiriúil pianbhreith a fhorchuireann an chúirt thrialach a athbhreithniú, más dealraitheach go raibh an phianbhreith a forchuireadh sa dlí trócaireach go mí-chuí.

Tugann Cairt 6 thíos mionsonraí den líon iarratas a rinneadh ó tugadh isteach an tAcht.

I dTuarascálacha Bliantúla roimhe 2004, leagadh torthaí na n-iarratas amach de réir na bliana inar taisceadh iad. Ní bhíodh na hiarratais go léir a taisceadh don bhliain dá raibh an Tuarascáil Bhliantúil ag tuairisciú, áfach, éiste ag dáta fhoilsiú na Tuarascála Bliantúla agus bhíodh na torthaí do na hiarratais sin liostaithe mar ar feitheamh. Cinneadh dá bhrí sin, ón mbliain 2003 ar aghaidh, torthaí na n-iarratas a leagan amach de réir na bliana inar éisteadh iad.

Tugann Cairt 6a thíos imlíne ar thorthaí na n-iarratas, ó na blianta 1994 go dtí 2002, de réir na bliana inar taisceadh an t-iarratas (mar a bhí sna Tuarascálacha Bliantúla roimhe seo).

Tugann Cairt 6b imlíne de thorthaí na n-iarratas, ón mbliain 2003 ar aghaidh, de réir na bliana inar éisteadh an t-iarrratas.

Cairt 6 IARRATAÍS AR PHIANBHREITHEANNA A ATHBHREITHNIÚ AR FHORAS ROTHRÓCIARE

Bliain an Iarratais

An Líon Iarratas a Taisceadh

Bliain an Iarratais

An Líon Iarratas a Taisceadh

1994 2 2001 23
1995 2 2002 23
1996 3 2003 26
1997 4 2004 21
1998 12 2005 37
1999 34 2006 41
2000 31    

Cairt 6a TORTHAÍ NA nIARRATAS DE RÉIR NA BLIANA AR TAISCEADH IAD

Bliain Thaisceadh
an Iarratais

D'éirigh leo

Diúltaithe

Iarratas Caite Amach nó Tarraingthe Siar

IOMLÁN

1994 - 1 1 2
1995 - 1 1 2
1996 1 1 1 3
1997 2 2 - 4
1998 6 3 3 12
1999 17 16 1 34
2000 15 13 3 31
2001 17 3 3 23
2002 14 9 - 23
Cairt 6b TORTHAÍ NA nIARRATAS DE RÉIR NA BLIANA AR ÉISTEADH IAD

Bliain Thaisceadh
an Iarratais

D'éirigh leo

Diúltaithe

Iarratas Caite Amach nó Tarraingthe Siar

IOMLÁN

2003 11 8 1 20
2004 13 8 1 22
2005 18 9 2 29
2006 33 15 2 50

Torthaí ionchúiseamh a tógadh ar díotáil

Cuireann cairteanna 7 go dtí 11 eolas ar fáil d'ionchúisimh ar díotáil a thóg an Stiúrthóir i ndáil le comhaid a fuair an Oifig idir 2003 agus 2005. Mar a dúradh sa nóta míniúcháin tosaigh, ba chóir cúram a ghlacadh sula ndéanfaí comparáid le figiúirí a chuireann aon eagraíocht eile ar fáil, mar gur dócha gur tiomsaíodh ar bhonn difriúil iad.

Baineann na figiúirí sna cairteanna seo le daoine aonair a bhfuil amhras fúthu agus a bhfuil treoir tugtha iad a ionchúiseamh ar díotáil. Soláthraítear na staidrimh ar bhonn duine ar dhuine seachas a bheith bunaithe ar na comhaid a fuarthas. Sin mar gheall go ndéantar treoir i ndáil le gach duine aonair a bhfuil amhras faoi nó fúithi atá i gcomhad seachas in aghaidh an chomhaid ina iomláine mar eintiteas ann féin. Ag brath ar an bhfianaise a thugtar, is minic go ndéantar treoracha dirfriúla i ndáil le daoine éagsúla a bhfuil amhras fúthu a fhaightear mar chuid den chomhad céanna. Déanann tagairtí sna cairteanna seo do 'chásanna' tagairt d'ionchúisimh den sórt sin a thógáil in aghaidh daoine aonair a bhfuil amhras fúthu. Cé gur féidir daoine aonair a bhfuil amhras fúthu atá luaite i gcomhad a chur ar a dtriail le chéile i gcás go mbíonn treoir tugtha iad a ionchúiseamh i gcúirteanna den dlínse chéanna, déanfar an bhreith i gcás gach duine aonair a bhfuil amhras faoi nó fúithi a chóimheas ar leithligh chun críche na staidreamh seo.

Cuirtear staidrimh ar fáil ar bhonn toradh amháin do gach duine atá faoi amhras; beag beann ar an líon cúiseamh a d'fhéadafaí a ionchúiseamh in aghaidh an duine sin i ndáil leis an gcomhad sin. I gcás go gciontaítear duine atá faoi amhras in aon chúiseamh, cuirfear an duine sin i gcatagóir 'ciontaithe' is cuma an bhfuil an ciontú don phríomhchúiseamh nó do chúiseamh níos lú nó do chúisimh ar díotáil. Is gcás go gcuirtear duine atá faoi amhras i gcatagóir 'éigiontaithe', ciallaíon sé sin go mbíonn an duine a bhfuil amhras faoi nó fúithi éigiontaithe ar na cúisimh go léir. Maidir le cásanna a éistear sa Phríomh-Chúirt Choiriúil d'éigniú agus dúnmharú, tugtar briseadh síos breise i ndáil le ciontuithe do chion nach bhfuil chomh tromhchúiseach (m.sh. dúnorgain seachas dúrmharú). Níl an fhaisnéis sin ar fáil inár gcórais ríomhaireachta maidir leis na cúirteanna eile agus mar sin ba chóir é sin a chur san áireamh nuair a bhítear ag baint brí as na staidrimh dóibh. Déantar daoine a bhfuil amhras fúthu a bhíonn os comhair na gcúirteanna sin a rangú bunaithe ar an gcion is tromchúisí a chuirtear ina leith, ach d'fhéadfadh an cion nó na cionta ina gciontaítear iad a bheith difriúil ó na cionta faoina bhfuil siad rangaithe sna cairteanna.

Ba chóir a thabhairt ar aird, go mbaineann na staidrimh atá sna cairteanna seo lenar tharla sa chúirt thrialach amháin agus ní in aon chúirt achomhairc ina dhiaidh sin. I bhfocail eile, i gcás go gciontaítear duine agus go gcealaítear an ciontú sin ina dhiaidh sin ar achomharc, taispeáintear toradh na trialach inár gcuid staidreamh fós mar chiontú.

Ba chóir cúram a ghlacadh i ndáil le léirmhíniú na rátaí ciontaithe agus éigiontaithe maidir le blianta níos deireanaí, mar go bhfuil líon mór cásanna ann nach bhfuil tugtha chun críche. Ní bheidh an íomhá a thugann na staidrimh seo chomh hiomlán agus dá bhrí sin ní bheidh siad chomh hionadaíoch leis an íomhá do na staidrimh do bhlianta níos túisce. Ní gá gur sampla ionadaíoch den iomlán a bheadh i gcásanna a thionóltar réasúnta luath.

Léiríonn Cairt 7 an toradh a bhí ar na hionchúisimh ar díotáil a tugadh i ndáil le cúisithe ar thosaigh na hionchúisimh ina leith sna blianta 2003 go 2005 (suas go Meitheamh 2007). Baineann na figiúirí le:

Ciontú: Ciontú i ndáil le ceann amháin ar a laghad de na cúiseanna a bhí i gceist.

Scaoileadh saor: An cosantóir neamhchiontach i leith gach cúis a bhí i gceist.


Gan éisteacht go fóill: Cinneadh déanta dul ar aghaidh le hionchúiseamh agus iad le dul os comhair cúirte.

NÓTA: Níl figiúirí don bhliain 2006 ar áireamh mar nach bhfuil déileáilte fós ag na cúirteanna lena bhformhór.

Cairt 7 TORTHAÍ na gCÁSANNA - IONCHÚISIMH AR DÍOTÁIL

Toradh

2005

%

2004

%

2003

%

Ciontú 1931 64% 1970 71% 2075 71%
Scaoileadh saor 120 4% 156 6% 194 7%
Gan Éisteacht go Fóill 858 29% 478 17% 445 15%
Caite amach/Éiríodh as 88 3% 165 6% 199 7%
IOMLÁN 2997   2769   2913  

Cairt 7a ACHOIMRE - CIONTAITHE/SCAOILEADH SAOR (CÁSANNA NÁR ÉISTÍODH GO FÓILL GAN BHEITH SAN ÁIREAMH)
 

2005

%

2004

%

2003

%

Ciontaithe ag Giúiré 101 5% 138 6% 148 7%
Ciontú tar éis Pléadáil Ciontach 1830 89% 1832 86% 1927 85%
CIONTAITHE - IOMLÁN 1931 94% 1970 92% 2075 92%
Scaoilte Saor ag Giúiré 75 4% 82 4% 119 5%
Scaoilte Saor ar Threoir ón mBreitheamh 45 2% 74 3% 75 3%
SCAOILEADH SAOR - IOMLÁN 120 6% 156 7% 194 8%
IOMLÁN 2051   2126   2269  

Tugann Cairt 8 briseadh síos ar na hionchúisimh a treoraíodh ar díotáil a éisteacht sa Chúirt Chuarda. Is iad na cásanna atá rangaithe mar 'Le hÉisteacht' ná na cásanna sin nach bhfuil fíorasc taifeadta go fóill ina leith. I gcuid de na cásanna seo, d'fhéadfadh tús a bheith curtha ag triail le héisteachtaí, ach go mbeadh na himeachtaí stoptha ag iarratas ar Athbhreithniú Breithiúnach. I gcásanna eile, d'fhéadfadh sé go bhfuil an cosantóir éalaithe roimh an triail agus go bhfuil barántas binse agus/nó imeachtaí eiseachadta i bhfeidhm. B'fhéidir le cásanna eile, go háirithe iad sin de chineál casta, nach bhfuil siad tagtha chun trialach go fóill. Mar gheall ar an gcion mór de chásanna 'Le hÉisteacht' atá ann, níl na figiúirí sna blianta is déanaí chomh hionadaíoch. Tá feidhm ag an gcoinníoll sin freisin i gcás Chairteanna 9-11. I gcás go mbíonn easaontas faoi thoradh trialach, déileáiltear leis an gcás fós mar 'Le hÉisteacht' mura mbíonn nolle prosequi iontráilte.

Cairt 8 TORTHAÍ NA gCÁSANNA A IONCHÚISIODH SA CHÚIRT CHOIRIÚIL CHUARDA
 

IOMLáINIOMLáN

Ciontú ag Giúiré

Ciontú ar Phléadáil

Éigiontú ag Giúiré

Éigiontú ag Threoir an Bhreithimh

Le hÉisteacht

Diúscairt ar Shlí Eile

 

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

Timpistí Marfacha ag an Obair 14 8 9 0 0 2 4 4 6 0 0 0 1 0 0 9 4 1 0 0 0
Timpistí Marfacha Tráchta Bóthair 53 54 37 6 7 4 20 32 22 2 4 3 6 2 2 19 9 5 0 0 1
Dúnorgain 11 8 9 1 3 2 7 1 3 1 1 1 0 1 3 2 2 0 0 0 0
Cionta Marfacha Eile 3 0 2 0 0 0 0 0 1 0 0 0 0 0 0 3 0 1 0 0 0
IOMLÁIN - CIONTA MARFACHA 81 70 57 7 10 8 31 37 32 3 5 4 7 3 5 33 15 7 0 0 1
Buirgléireacht 286 249 267 1 6 4 198 182 204 4 4 5 8 5 5 68 34 36 7 18 13
Calaois 62 68 52 0 4 0 30 39 35 0 1 0 0 3 3 29 20 12 3 1 2
Robáil 496 404 401 1 3 14 398 320 314 2 5 2 3 8 3 80 45 41 12 23 27
Cionta Eile in Aghaidh Maoine 174 204 235 6 8 4 110 130 148 4 3 5 3 6 9 48 41 45 3 16 24
IOMLÁIN - CIONTA IN AGHAIDH MAOIN 1018 925 955 8 21 22 736 671 701 10 13 12 14 22 20 225 140 134 25 58 66
Bugaireacht 2 11 5 0 1 1 0 4 3 0 0 0 0 0 0 2 6 1 0 0 0
Pornagrafaíocht Leanaí 8 8 30 0 1 0 4 5 25 0 0 0 0 0 1 4 2 3 0 0 1
Ionsaí Gnéis 75 72 86 3 8 5 27 40 47 2 3 10 1 1 2 37 16 13 5 4 9
Gnéas le Cailín Mionaoise 12 19 18 0 0 0 2 8 12 0 0 0 0 0 0 4 9 3 6 2 3
Cionta Gnéis Eile 8 21 23 0 1 1 5 9 10 0 0 1 0 0 2 3 10 8 0 1 1
IOMLÁIN - CIONTA GNÉIS 105 131 162 3 11 7 38 66 97 2 3 11 1 1 5 50 43 28 11 7 14
Cionta Drugaí 481 395 451 6 18 13 328 302 345 0 1 3 2 3 7 139 52 68 6 19 15
Cionta Arm Tine agus Pléascán 116 122 142 3 6 6 69 80 100 3 5 5 2 3 3 38 22 19 1 6 9
Cionta Neamh-Mharfacha in Aghaidh an Duine 706 695 699 35 33 39 380 420 413 40 46 57 14 33 26 204 109 112 33 54 52
Cionta Oird Phoiblí 103 104 88 0 5 3 49 59 35 8 1 6 2 0 2 42 26 27 2 13 15
Cionta Ioncaim 15 14 12 0 1 0 2 4 4 0 1 0 0 1 0 13 6 8 0 1 0
Cionta Eile 265 213 217 8 7 7 167 159 149 2 1 4 3 1 3 75 42 36 10 3 18
MÓR-IOMLÁN 2890 2669 2783 70 112 105 1800 1798 1876 68 76 102 45 67 71 819 455 439 88 161 190

Cairt 8a BRISEADH SÍOS MAR 'DÍUSCAIRT AR SHLÍ EILE' Ó CHAIRT 8
 

2005

2004

2003

An Cuisi Basaithe 1 1 8
Nolle Prosequi Iontrailte 77 136 118
Caite Amach 9 8 17
Cúisimh nár Iontráladh athuair 0 2 12
Cúisimh Tarraingthe Siar 0 6 20
Cúisithe sa Chúirt Dhúiche 0 0 4
A Déileáladh leis go hAchomair 0 8 9
Neamh-Inniúil ar Phléideáil 0 0 1
Cás Foirceannta ag Athbhreithniú Breithiúnach 1 0 1
IOMLÁN 88 161 190
Cairt 8b IOMLÁN CÁSANNA CRÍOCHNAITHE AGUS CÉATADÁN CIONTUITHE
   

IOMLáN

   

Ciontú

 
 

2005

2004

2003

2005

2004

2003

Timpistí Marfacha ag an Obair 5 4 8 80% 100% 100%
Timpistí Marfacha Tráchta Bóthair 34 45 31 76% 87% 84%
Dúnorgain 9 6 9 89% 67% 56%
Cionta Marfacha Eile 0 0 1 N/A N/A 100%
IOMLÁIN - CIONTA MARFACHA 48 55 49 79% 85% 82%
Buirgléireacht 211 197 218 94% 95% 95%
Calaois 30 47 38 100% 91% 92%
Robáil 404 336 333 99% 96% 98%
Cionta Eile in Aghaidh Maoine 123 147 166 94% 94% 92%
IOMLÁIN - CIONTA IN AGHAIDH MAOIN 768 727 755 97% 95% 96%
Bugaireacht 0 5 4 N/A 100% 100%
Pornagrafaíocht Leanaí 4 6 26 100% 100% 96%
Ionsaí Gnéis 33 52 64 91% 92% 81%
Gnéas le Cailín Mionaoise 2 8 12 100% 100% 100%
Cionta Gnéis Eile 5 10 14 100% 100% 79%
IOMLÁIN - CIONTA GNÉIS 44 81 120 93% 95% 87%
Cionta Drugaí 336 324 368 99% 99% 97%
Cionta Arm Tine agus Pléascán 77 94 114 94% 91% 93%
Cionta Neamh-Mharfacha in Aghaidh an Duine 469 532 535 88% 85% 84%
Cionta Oird Phoiblí 59 65 46 83% 98% 83%
Cionta Ioncaim 2 7 4 100% 71% 100%
Cionta Eile 180 168 163 97% 99% 96%
MÓR-IOMLÁN 1983 2053 2154 94% 93% 92%

Leagann an chairt thíos amach torthaí cásanna a treoraíodh i gcomhair ionchúisimh sa Chúirt Choiriúil Speisialta.

Cairt 9 TORTHAÍ NA gCÁSANNA A IONCHÚISIODH AR DÍOTÚIL SA CHÚIRT CHOIRIÚIL SPESIALTA
 

Iomlán

Ciontú ag Breithiúnaes

Ciontú ag Phléadáil

Ciontú ar Chúiseamh Níos Lú

Éigiontú ag Breithiúna

Le hÉisteacht

 

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

Cionta Arm Tine & Pléascán 5 0 12 0 0 1 2 0 11 0 0 0 0 0 0 3 0 0
Comhaltas d'EagraíochtMhídhleathach & Cionta Gaolmhara 
6 
9 
24 
2 2 
7 
1 
4 
3 
0 
0 
12 
1 
1 
2 
2 
2 
0
IOMLÁN 11 9 36 2 2 8 3 4 14 0 0 12 1 1 2 5 2 0
Chart 9a BRISEACH SÍOS MAR 'CIONTUITHE AR CHÚISEAMH NÍOS LÚ'
 

Iomlán

Ciontú ag Giúiré

Ciontú ag Phléadáil

 

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

Cionta Arm Tine & Pléascán 0 0 12 0 0 0 0 0 12
IOMLÁN 0 0 12 0 0 0 0 0 12
Cairt 9b IOMLÁN CÁSANNA CRÍOCHNAITHE AGUS CÉATADÁN CIONTUITHE
 

Iomlán

Ciontú

 

2005

2004

2003

2005

2004

2003

Cionta Arm Tine & Pléascán 2 0 12 100% N/A 100%
Comhaltas d'Eagraíocht Mhídhleathach & Cionta Gaolmhara 4 7 24 75% 86% 92%
IOMLÁN 6 7 36 83% 86% 94%

Tugann Cairt 10 imlíne ar thoradh na gcásanna a treoraíodh lena n-ionchúiseamh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil agus briseadh síos ar na cásanna go léir tríd de réir an chúisimh ba thromhchúisí in aghaidh an chosantóra. Déanann na cairteanna forlíontacha briseadh síos ar thorthaí 'ciontuithe ar chúiseamh níos lú' agus 'diúscairt ar shlí eile'..

Cairt 10 TORADH NA gCÁSANNA A IONCHÚISÍODH AR DÍOTÚIL SA PHRÍOMH-CHÚIRT CHOIRIÚIL

An Cion is Tromchúisí Lenar Cúisíodh

Iomlán

Ciontú le Giúiré

Ciontú le Phléadáil

Ciontú ar Chúiseamh Níos Lú

Éigiontú le Giúiré

Éigiontú le Treoir ón mBreitheamh

Diúscairt ar Shlí Eile

Le hÉisteacht

 

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

Dúnmharú 31 33 43 12 14 18 3 4 4 7 5 13 2 1 2 0 2 4 0 1 1 7 6 1
Dhúnmharú a Shireadh 1 0 0 0 0 0 1 0 0   0 0 0 0 0 0 0 0 0 0 0 0 0 0
Éigniú 62 55 48 9 8 7 19 18 12 3 3 4 4 3 12 0 5 0 0 3 8 27 15 5
Iarracht Dúnmharaithe 0 0 1 0 0 0 0 0 0 0 0 1 0 0 0 0 0 0 0 0 0 0 0 0
Iarracht Éignithe 1 1 2 1 0 0 0 1 0 0 0 1 0 0 1 0 0 0 0 0 0 0 0 0
Tromionsaí Gnéis 1 2 0 0 0 0 1 1 0 0 0 0 0 1 0 0 0 0 0 0 0 0 0 0
IOMLÁN NA gCÁSANNA 96 91 94 22 22 25 24 24 16 10 8 19 6 5 15 0 7 4 0 4 9 34 21 6
Cairt 10a BRISEADH SÍOS MAR 'CIONTUITHE AR CHÚISEAMH NÍOS LÚ' DO CHASANNA RANGAITHE MAR DHÚNMHARÚ NÓ IARRACHT AR DHÚNMHARÚ
 

Iomlán

Ciontú le Giúiré

Ciontú le Phléadáil

 

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

Dúnorgain 6 4 12 6 2 8 0 2 4
Bac a Chur ar Ghabháil nó Ionchúiseamh Dhuine Éigin Eile 0 1 0 0 0 0 0 1 0
Faisnéis a Choinneáil Siar 0 0 0 0 0 0 0 0 0
Bac a chur ar Gharda 0 0 1 0 0 0 0 0 1
Ionsaí is Cúis Díobhála 0 0 1 0 0 0 0 0 1
Ionsaí is Cúis Leis Díobháil Thromchúiseach a Dhéanamh 1 0 0 0 0 0 1 0 0
IOMLÁN 7 5 14 6 2 8 1 3 6
Cairt 10b BRISEADH SÍOS MAR 'CIONTUITHE AR CHÚISEAMH NÍOS LÚ' DO CHÁSANNA RANGAITHE MAR ÉIGNIÚ NÓ IARRACHT AR ÉIGNIÚ
 

Iomlán

Ciontú ag Giúiré

Ciontú ag Phléadáil

 

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

Tromionsaí Gnéis 0 2 1 0 0 0 0 2 1
Ionsaí Gnéis 2 1 2 0 0 1 2 1 1
Gnéas le Cailin Mionaoise 0 0 1 0 0 0 0 0 1
Seilbh ar Arim Thine agus é Beartaithe Saol a chur i gContúirt 0 0 0 0 0 0 0 0 0
Beartú Saol a chur i gContúirt 0 0 0 0 0 0 0 0 0
Iarracht Éignithe 1 0 1 1 0 1 0 0 0
IOMLÁN 3 3 5 1 0 2 2 3 3
Cairt 10c BRISEADH SÍOS MAR 'DIÚSCAIRT AR SHLÍ EILE'
 

2005

2004

2003

Nolle Prosequi Iontrailte 0 4 7
Neamh-Inniúil ar Thriail 0 0 1
Caite Amach 0 0 1
IOMLÁN 0 4 9
Cairt 10d IOMLÁN CÁSANNA CRÍOCHNAITHE AGUS CÉATADÁN CIONTUITHE (LENA n-ÁIRÍEAR CIONTUITHE AR CHÚISEAMH NÍOS LÚ)
 

Iomlán

Ciontú

 

2005

2004

2003

2005

2004

2003

Dúnmharú 24 26 41 92% 88% 85%
Dhúnmharú a Shireadh 1 0 0 100% N/A N/A
Éigniú 35 37 35 89% 78% 66%
Iarracht Dúnmharaithe 0 0 1 N/A N/A 100%
Iarracht Éignithe 1 1 2 100% 100% 50%
Tromionsaí Gnéis 1 2 0 100% 50% N/A
IOMLÁN 62 66 79 90% 82% 76%

Tugann Cairt 11 briseadh síos ar fhíoraisc na gcás do gach cúirt choiriúil chuarda. Murab amhlaidh le Cairt 8, ní áirítear inti cásanna 'atá le hÉisteacht' nó cásanna a raibh aon toradh eile orthu seachas ciontú nó éigiontú. Tabhair ar aird i roinnt cásanna, go bhféadfadh triail a bheith i gcúirt chuarda nach í an cúirt chuarda í don chontae ina ndearnadh an cion.

Cairt 11 TORTHAÍ NA gCÁSANNA A IONCHÚISÍODH AR DÍOTÁIL SA CHÚIRT CHOIRIÚIL CHUARDA DE RÉIR CONTAE
 

Iomlán

Ciontú le Giúiré

Ciontú le Phléadáil

Éigiontú ag Giúiré

Éigiontú le Treoir ón mBreitheamh

 

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

2005

2004

2003

Ceatharlach 16 5 15 2 0 2 14 5 10 0 0 2 0 0 1
An Cabhán 12 22 23 1 0 0 10 21 21 0 1 2 1 0 0
An Clár 30 46 49 5 0 3 21 40 38 4 2 7 0 4 1
Corcaigh 250 193 224 8 13 10 221 164 195 11 0 9 10 16 10
Dún na nGall 22 29 45 0 2 3 22 26 39 0 1 3 0 0 0
Baile Átha Cliath 1113 1142 1152 27 46 41 1046 1037 1046 24 33 36 16 26 29
Gaillimh 31 56 31 0 4 0 30 51 27 1 1 3 0 0 1
Ciarraí 31 47 50 1 6 1 26 37 41 2 4 5 2 0 3
Cill Dara 63 62 45 1 13 4 59 38 37 2 8 4 1 3 0
Cill Chainnigh 21 35 14 1 9 1 16 24 11 2 1 2 2 1 0
Laois 16 18 10 0 0 2 15 17 8 1 0 0 0 1 0
Liatroim 4 3 14 0 0 1 4 3 13 0 0 0 0 0 0
Luimneach 56 48 60 5 2 2 45 41 49 1 5 5 5 0 4
An Longford 8 8 9 1 0 1 7 8 8 0 0 0 0 0 0
18 53 47 1 2 8 13 47 35 2 2 4 2 2 0
Maigh Eo 38 37 26 2 5 2 30 25 21 6 6 1 0 1 2
An Mhí 52 31 41 2 0 0 46 29 39 2 2 1 2 0 1
Muineachán 13 16 21 0 0 1 11 14 19 1 1 1 1 1 0
Uíbh Fhailí 14 9 22 0 0 5 14 7 16 0 1 0 0 1 1
Ros Comáin 12 18 17 0 1 0 11 17 17 0 0 0 1 0 0
Sligeach 32 30 37 2 2 3 28 22 32 1 1 0 1 5 2
Tiobraid Árann 20 23 33 3 0 2 15 20 26 2 1 1 0 2 4
Port Láirge 35 38 64 4 3 4 27 34 48 3 0 7 1 1 5
An Iarmhí 22 18 28 4 0 2 17 16 23 1 0 3 0 2 0
Loch Garman 17 23 39 0 2 7 15 18 23 2 3 4 0 0 5
Cill Mhantáin 37 43 29 0 2 0 37 37 25 0 3 2 0 1 2
IOMLÁN 1983 2053 2145 70 112 105 1800 1798 1867 68 76 102 45 67 71
Cairt 11a IOMLÁN CÁSANNA CRíOCHNAITHE AGUS CÉATADÁN CIONTUITHE
   

Iomlán

   

Ciontú

 
 

2005

2004

2003

2005

2004

2003

Ceatharlach 16 5 15 100% 100% 80%
An Cabhán 12 22 23 92% 95% 91%
An Clár 30 46 49 87% 87% 84%
Corcaigh 250 193 224 92% 92% 92%
Dún na nGall 22 29 45 100% 97% 93%
Baile Átha Cliath 1113 1142 1152 96% 95% 94%
Gaillimh 31 56 31 97% 98% 87%
Ciarraí 31 47 50 87% 91% 84%
Cill Dara 63 62 45 95% 82% 91%
Cill Chainnigh 21 35 14 81% 94% 86%
Laois 16 18 10 94% 94% 100%
Liatroim 4 3 14 100% 100% 100%
Luimneach 56 48 60 89% 90% 85%
An Longford 8 8 9 100% 100% 100%
18 53 47 78% 92% 91%
Maigh Eo 38 37 26 84% 81% 88%
An Mhí 52 31 41 92% 94% 95%
Muineachán 13 16 21 85% 88% 95%
Uíbh Fhailí 14 9 22 100% 78% 95%
Ros Comáin 12 18 17 92% 100% 100%
Sligeach 32 30 37 94% 80% 95%
Tiobraid Árann 20 23 33 90% 87% 85%
Port Láirge 35 38 64 89% 97% 81%
An Iarmhí 22 18 28 95% 89% 89%
Loch Garman 17 23 39 88% 87% 77%
Cill Mhantáin 37 43 29 100% 91% 86%
IOMLÁN 1983 2053 2145 94% 93% 92%

Tá cur síos i gCairt 12 ar chaiteachas na hoifige i 2006, 2005 & 2004.

Tuarastail & Pá: Léiríonn sé seo tuarastail na foirne atá ar fostú san Oifig. 168.53 an líon iomlán foirne ar an 1 Eanáir 2006.

Caiteachais Oifige: Baineann sé seo le costais ghinearálta riaracháin na hoifige e.g. trealamh oifige a cheannach agus a chothabháil, soláthairtí oifige, costais leabharlainne, áitreabh oifige a chothabháil, taisteal agus caiteachais teagmhasacha eile.

Táillí Abhcóide: Táillí iad seo a íoctar le habhcóidí a dhéanann cásanna a ionchúiseamh thar ceann an Stiúrthóra sna cúirteanna coiriúla éagsúla. Leagtar amach na táillí laistigh de pharaméadair a shocraíonn an tAire Airgeadais.

Caiteachais Ghinearálta Dlí: Baineann siad seo le costais dlíthiúla a ndéanann na cúirteanna iad a dhámhachtain i ndáil le nithe a bhaineann le hathbhreithniú breithiúnach agus iarratais eile i dtaca le himeachtaí dlíthiúla i gcoinne an Stiúrthóra.

Cairt 12 CAITEACHAS NA hOIFIGE
 

2006

%

2005

%

2004

%

 

 

 

 
Tuarastail Pá & Liúntais 10,132,015 32% 9,527,979 32% 8,458,701 30%
Caiteachais Oifige 2,960,447 10% 3,011,535 10% 2,926,165 10%
Táillí Abhcóide 12,085,966 38% 13,004,323 43% 12,374,056 43%
Caiteachais Ginearálta Dlí 6,304,827 20% 4,615,021 15% 4,902,298 17%
IOMLÁN 31,483,255   30,158,858   28,661,220  

Léiríonn Cairteanna 13 & 14 an caiteachas ar tháillí abhcóide sna cúirteanna coiriúla éagsúla agus de réir réigiúin i leith na Cuirte Cuarda Coirúila.

I measc na dtáillí a íocadh le habhcóidí sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, i gCúirteanna Speisialta Coiriúla agus sa Chúirt Chuardal, bhí táillí a bhain le comhairle maidir le cruthúnas, dréachtú, comhairleoireacht, díotchúiseacht, cásanna a chur i láthair agus láithriú i gcásanna eile ina raibh gá déanamh amhlaidh, mar shampla, pianbhreitheanna.

Is de bharr iarratais ar bhannaí agus obair ullmhúcháin a bhain le hathbhreithnithe bhreithiúnacha formhór na dtáillí san Ard-Chúirt.

Cairt 13 TÁILLÍ ÍOCHA AG AN gCÚIRT LE hABHCÓIDÍ
 

2006

%

2005

%

2004

%

 

 

 

 
An Chúirt Chuarda 5,969,616 50% 6,136,922 48% 5,659,687 46%
An Phríomh-Chúirt Choiriúil 3,388,237 28% 4,052,328 31% 3,961,620 32%
An Ard-Chúirt 1,370,451 11% 1,446,021 11% 1,496,433 12%
An Chúirt Uachtarach 278,533 2% 158,891 1% 217,260 2%
An Chúirt Achomhairc Choiriúil 845,148 7% 763,712 6% 710,182 6%
Cúirt Choiriúil Speisialta 208,341 2% 415,263 3% 267,303 2%
An Chúirt Dúiche 25,640 0% 31,188 0% 61,571 0%
IOMLÁN 12,085,966   13,004,325   12,374,056  

Cairt 14 TÁILLÍ ÍOCHA AG AN GCÚIRT LE CUARDA
 

2006

%

2005

%

2004

%

 

 

 

 
Baile Átha Cliath 3,154,658 53% 3,510,505 57% 3,688,480 64%
Corcaigh 475,056 8% 572,634 9% 226,288 4%
An tOirthear 566,842 10% 435,435 7% 384,148 7%
Lártíre 476,537 8% 350,921 6% 337,059 6%
Oirdheisceart 558,824 9% 555,370 9% 548,822 10%
Iardheisceart 167,750 3% 221,661 4% 147,058 3%
An tIarthar 186,221 3% 237,047 4% 169,800 3%
An Tuaisceart 383,728 6% 253,349 4% 158,032 3%
IOMLÁN 5,969,616   6,136,922   5,659,687