8.1 Foráiltear in Alt 46(1)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI), 1997 do cheart rochtana i ndáil le taifid a bhaineann le riaradh ginearálta na hOifige agus leo sin amháin. Ciallaíonn sé sin i ndáiríre nach féidir rochtain a fháil ar thaifid a bhaineann le comhaid ionchúisimh choiriúil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
8.2 Leantar ar aghaidh san Oifig ag cur eolas Saorála Faisnéise ar fáil chomh héasca agus is féidir. Tá ár Leabhar Tagartha d'Ailt 5 agus 6 ar fáil go forleathan i leabharlanna poiblí ar fud an tíre mar aon lenár láithreán gréasáin ag www.dppireland.ie. Leagtar amach gnó na hOifige san fhoilseachán sin, lena n-áirítear na cineálacha taifead a choinnítear.
8.3 Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Saorála Faisnéise ar an teileafón nó trí ríomhphost chuig foi@dppireland.ie. Is féidir an seoladh ríomhphoist sin a úsáid d'fhiosruithe ginearalta maidir le Saoráil Faisnéise ach ní féidir é a úsáid chun iarratas a chur isteach a n-éilítear táille iarratais ina leith.
8.4 Cuireadh líon iomlán de naoi n-iarratas faoi bhráid na hOifige i rith na bliana 2006. Diúltaíodh seacht gcinn de na hiarratais faoin Acht agus tarraingíodh iarratas amháin siar. Deonaíodh iarratas amháin eile i bpáirt. Ba é an chúis a bhí leis na diúltuithe ná nach raibh baint ag na taifid a rabhthas á lorg le riaradh ginearálta na hOifige.
8.5 Ba iriseoir a chuir ceann de na hiarratais isteach agus ba dhaoine den phobal a rinne na hocht n-iarratas eile agus bhí baint ag seacht gcinn de na hiarratais sin le comhaid choiriúla.
8.6 Níor lorg ach duine amháin as na daoine a rinneadh iarratas sna seacht gcás a diúltaíodh athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh bunaidh. Sa chás sin, seasadh leis an gcinneadh bunaidh. D'achomharc an t-iarrthóir an cinneadh chuig an gCoimisinéir Faisnéise, a sheas leis an gcinneadh bunaidh freisin.
|
Iarrataí a Fuarthas 2006 |
|
|---|---|
| Diúltaithe faoi alt 46 (1) (b) | 7 |
| Tarraingthe siar/déileáilte leo lasmuigh den tSaoráil Faisnéise | 1 |
| Deonaíodh Iarraidh | 1 |
| IOMLÁN NA N-IARRATAÍ | 9 |
|
Iarratóirí 2006 |
|
|---|---|
| Iriseoir | 1 |
| An Pobal i gCoitinne | 8 |
|
Athbhreithnithe |
|
|---|---|
| Iarrataí ar Athbhreithniú Inmheánach | 1 |
| Iarrataí chuig an gCoimisnéir Faisnéise ar Athbhreithniú | 1 |