Ó Chlé: Claire Loftus, An Príomh-Aturnae Ionchúisimh; James Hamilton, An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí; Al McHugh, Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána; Marian Finucane, An Coimisiún um Thacú le hÍospartaigh Choireachta; Fachtna Murphy, Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána
7.1 Inár dTuarascáil Bhliantúil don bhliain 2005, thugamar tuairisc ar an obair a rabhthas ina bun san Oifig chun caidrimh a fhorbairt le grúpaí ionadaíocha íospartach (obair atá á comhordú anois ag an gCoimisiún um Thacú le hÍospartaigh Choireachta) agus ar ár gcomhoibriú leanúnach leis an nGarda Síochána chun cumarsáid éifeachtach le híospartaigh a bhaint amach. Leanadh leis an obair sin sa bhliain 2006 agus bhíothas rannpháirteach i seimineáir éagsúla do ghníomhaireachtaí chun tacú le híospartaigh agus bhí comhráití leanúnacha ar siúl leis an nGarda Síochána ag leibhéal sinsearach.
7.2 Bunaíodh Coiste uile-Oifige sa bhliain 2006 chun ár nósanna imeachta go léir i ndáil le cumarsáid le híospartaigh a athbhreithniú agus chun moltaí a dhéanamh maidir le feabhsuithe nuair is gá. Cé go raibh nósanna imeachta a bhí ann maidir le cumarsáid le híospartaigh ag obair go maith de réir dealraimh, rinneadh roinnt athruithe, mar thoradh ar obair an Choiste sin, atá dírithe go príomha ar a chinntiú go bhfaigheann íospartaigh eolas ar shlí thráthúil maidir le forbairtí ina gcás agus ar a chinntiú go gcuirtear in iúl dóibh go bhfuil siad i dteideal cruinniú réamhthrialach a bheith acu leis an bhfoireann dlí ionchúisimh. Tá obair an Choiste ar siúl go leanúnach.
7.3 Leantar ar aghaidh san Oifig ag obair go dlúth leis an nGarda Síochána agus ceapadh comhalta sinsearach den Gharda Síochána le déanaí chun cumarsáid le híospartaigh a chomhordú.
Ellen O'Malley Dunlop, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, An tIonad Éigeandála um Éigniú
Táthar ag leanúint ar aghaidh san Oifig seo ag cloí le polasaí cumarsáid a bheith ann le híospartaigh nuair is féidir tríd an gcomhalta ionchúisimh arb é nó í an duine a mbeidh caidreamh forbartha aige nó aici leis an íospartach coireachta de ghnáth
ó Chlé: Maeve Ryan, Líne Chabhrach d'Íospartaigh Choireachta; Caroline Ryan, An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh; Lisa Kennedy, Gníomhaireacht na hÉireann um Chúnamh Turasóireachta
Fáiltíonn an Stiúrthóir roimh thionscnamh de chuid an Gharda Síochána le déanaí ina gcuirtear, ó mhí na Nollag 2006, litreacha chuig an íospartach trí chóras IT PULSE an Gharda Síochána ina gcuirtear eolas riachtanach maidir le seirbhísí tacaíochta d'íospartaigh ar fáil dóibh agus in gcuirtear an dul chun cinn sa chás in iúl dóibh.
Barry Donoghue, An Leas-Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus Rory Benville, Aturnae Stáit, Cill Mhantáin Thoir - ar comhaltaí den Choiste um Chumarsáid le hÍospartaigh iad beirt
7.4 Athbhreithníodh agus foilsíodh an dara leagan de na leabhráin eolais Ról an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus Ag Freastal sa Chúirt mar Fhinné sa bhliain 2006 freisin.
Tom Murphy, Ard-Cheannfort an Gharda Síochána agus Olive O'Neill, Tacaíocht d'Íospartaigh
Cé gur éacht ann féin na foilseacháin sin a bheith ann, aithnimid gurb é an dúshlán atá ann i ndáiríre a chinntiú go bhfaigheann na daoine is mó a dteastaíonn siad uathu na foilseacháin sin ag na tráthanna cuí. Táimid ag obair go dlúth leis an nGarda Síochána, leis an tSeirbhís Chúirteanna agus le grúpaí eile a thugann eolas don phobal chun iarracht a dhéanamh a chinntiu go bhfuil an t-eolas seo ar fáil do na daoine sin a dteastaíonn sé uathu.
Ó Chlé: An Dr. Derek Deasy, Síceolaí Cliniciúil Sinsearach, Aonad Naomh Clár, an tOspidéal Ollscoile Leanaí, Sráid an Teampaill; James Hamilton, An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí; Claire Loftus, An Príomh-Aturnae Ionchúisimh; An Dr. Graham Connon, An Roinn Síceolaíochta Cliniciúil, UCD
7.5 Ag leanúint as an gcomhdháil a reáchtáil Oifig an DPP i gcomhar le Aonad Naomh Clár, Ospidéal na Leanaí, Sráid Teampaill, Baile Atha Cliath agus Aonad Naomh Louise, Ospidéal na Leanaí, Croimghlinn i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2004, cuireadh obair mhór taighde i gcrích sa bhliain 2006 ina rabhthas ag déileáil le taithí íospartach ar leanaí iad agus a dteaghlaigh laistigh den chóras ceartais choiriúil. Bhí an taighde, a ndeachaigh dhá mhac léinn dochtúireachta ina bhun faoi mhaoirseacht Scoil na Síceolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar an chéad taighde dá shórt ó thaobh iarracht a dhéanamh tuairimí tuismitheoirí agus leanaí a fhiosrú go cáilíochtúil agus chun dearcadh daoine gairmiúla éagsúla a bhíonn ag obair laistigh den chóras ceartais choiriúil a mheas.
7.6 Chuidigh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí leis sin trí chásanna a raibh baint acu le híospartaigh mhí-úsáid ghnéasach ar leanaí iad a aithint agus comhordú leis an nGarda Síochána le go bhféadfaí, ar bhonn rúnda, a fháil amach cé chomh sásta is a bheadh an leanbh agus a dteaghlach a bheith rannpháirteach sa taighde sin. Bhain go leor fiúntais leis an taighde sin, a bhfuil sé beartaithe é a fhoilsiú in irisí dlí agus in irisí chúram sláinte, ó thaobh tuairimí agus taithí leanaí atá ag croílár cásanna den sórt sin a léiriú. Is cuid de staidéar leanúnach atá ar siúl ar fud na tíre é an taighde sin. Beidh sampla níos mó de thuismitheoirí agus de leanaí sa staidéar.
7.7 Rinneadh ráiteas tábhachtach maidir leis an dlí i ndáil le ráitis tionchair íospartaigh sa Chúirt Achomhairc Choiriúil i mbliana agus eisíodh treoirlínte i ndáil lena n-úsáid i gcásanna coiriúla. I gcás an Director of Public Prosecutions v. Wayne O'Donoghue (18/10/06), tugadh na nithe seo a leanas ar aird:
Ó Chlé: Gemma Moran, An Rannán Aturnaetha, Oifig an DPP; Mark Kelly, Stiúrthóir, An Chomhairle um Chearta Daonna; Joan Deane, ADVIC
James Hamilton, An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí in éineacht le Jim McHugh, Cathaoirleach an Choimisiúin um Thacú le hÍospartaigh Choireachta