6.1 Seoladh na Treoirlínte d'Ionchúisitheoirí don chéad uair sa bhliain 2001. Foilsíodh leagan athbhreithnithe de na Treoirlínte agus sheol an Breitheamh Catherine McGuinness Oinigh, Breitheamh na Cúirte Uachtaraí agus Uachtarán an Choimisiúin um Athchóiriú Dlí é i mí Iúil 2006. Agus prionsabail á leagan amach go ginearálta ar chóir dóibh tionscnamh agus seoladh ionchúiseamh in Éirinn a threorú, is é príomhchuspóir na dTreoirlínte bonn a chur ar fáil do pholasaí ionchúisimh cothrom, réasúnach agus comhleanúnach.
6.2 I bhformhór na ndlínsí, is ionchúisitheoirí a thionscnaíonn agus a sheolann ionchúisimh go hiomlán. Ní hamháin go ndéanann siad cinntí maidir le hionchúisimh ach seolann siad na hionchúisimh sa chúirt agus is féidir leo a bheith freagrach as na himscrúduithe riachtanacha go léir a sheoladh nó ar a laghad, a mhaoirsiú.
6.3 Níl aon ról imscrúdaitheach ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí in Éirinn. Is ábhar don Gharda Síochána nó do ghníomhaireacht speisialaithe eile é imscrúdú. Nuair a chinntear in Oifig an DPP cás a ionchúiseamh, is é an Rannán Aturnaetha in Oifig an DPP a láimhseálann an cás más cás tromchúiseach é a bhfuiltear ag déileáil leis i gcúirt giúiré i mBaile Átha Cliath. Is aturnaetha stáit áitiúla a láimhseálann an cás más lasmuigh de Bhaile Átha Cliath atá sé. Is caidreamh dlíodóra agus cliaint a bhíonn acusan leis an Oifig seo. Nuair a thagann cásanna a éistear ós comhair giúiré chun na cúirte, is abhcóidí neamhspleácha a láimhseálann iad a ghníomhaíonn ar threoracha ó dhlíodóirí de chuid an Stiúrthóra.
6.4 Mar sin féin, is sa Chúirt Dúiche a éistear le formhór mór na gcásanna coiriúla. Ionchúisíonn dlíodóirí arna bhfostú ag an Oifig seo roinnt de na cásanna sin go díreach ach, is comhaltaí den Gharda Síochána a dhéanann a bhformhór a ionchúiseamh. Le teacht i bhfeidhm alt 8 den Acht an Gharda Síochána 2005, beidh gach comhalta ionchúisimh den Gharda Síochána ag ionchúiseamh cásanna in ainm an DPP agus beidh siad faoi dhualgas na treoracha ginearálta a thugtar san Oifig seo mar aon le haon treoracha sainiúla a thugtar i gcásanna aonair a chomhlíonadh. Is ionann sin agus forbairt a bhféadfadh iarmhairtí forleathana a bheith aici d'ionchúisimh achoimre in Éirinn.
6.5 Dá bhrí sin, tá na Treoirlínte dírithe ní hamháin ar fhoireann na hOifige seo ach ar na daoine sin go léir a bhíonn ag ionchúiseamh in ainm an DPP. Agus an oiread sin daoine éagsúla páirteach sa chóras ionchúisimh is léir go bhfuil gá le treoirlínte soiléire. Is meicníocht amháin é treoirlínte a eisiúint inar féidir leis an Oifig seo iarracht a dhéanamh comhleanúnachas a bhaint amach.
6.6 Cúis amháin eile leis na Treoirlínte a fhoilsiú na chun cur le tuiscint an phobail ar an gcóras ionchúisimh laistigh den chóras cheartais choiriúil ina iomlán. Is féidir leis a bheith tábhachtach, go háirithe le córas nach dtugtar na cúiseanna a bhíonn le cinntí d'iospartaigh coireachta, a mhéid misnigh agus is féidir a thabhairt dóibh maidir leis na prionsabail a fheidhmítear agus cinntí á ndéanamh agus a dhearbhú gur cloíodh leis na prionsabail sin.
6.7 Is doiciméad i bhfad níos mó é an leagan athbhreithnithe de na Treoirlínte d'Ionchúisitheoirí ná an chéad leagan. Tá Cód Eitice d'ionchúisitheoirí san áireamh ann don chéad uair. Tá prionsabail arna leagan amach ag na Naisiúin Aontaithe, ag Comhairle na hEorpa agus ag Cumann Idirnáisiúnta na nIonchúisitheoirí mar fhaisnéis ag an gCód sin. Déileáiltear sna Treoirlínte don chéad uair leis an gceist dheacair a bhaineann le fianaise comhchoirí agus díolúine a thabhairt do chomhchoirithe agus leis an tsaincheist maidir le forghéilleadh, coigistiú agus dícháilíochtaí iar-chiontaithe.
6.8 Tá an chaibidil ina ndéileáiltear le cearta na n-íospartach agus cearta ghaolta na n-íospartach leathnaithe go mór. Cé go ndéantar soiléir sna Treoirlínte go gníomhaíonn ionchúisitheoirí thar ceann na nDaoine ina n-iomlán agus ní ar mhaithe le duine aonair amháin agus dá bhrí sin nach bhféadfar tuairimí agus leasanna an íospartaigh amháin a bhreithniú nuair a bhítear ag cinneadh an ndéanfar nó nach ndéanfar cás a ionchúiseamh, tá aitheantas níos mó á thabhairt don tábhacht a bhaineann le héisteacht le tuairimí na n-íospartach agus iad a bhreithniu go cúramach nuair a bhíonn cinntí ina bhfuil leas mór acu á ndéanamh. Cuirtear béim sna Treoirlínte ar an tábhacht a bhaineann le caitheamh le híospartaigh go tuisceanach, go comhbhách agus le meas agus ag féachaint dá gcearta agus dá ndínit.
6.9 Déanfar na Treoirlínte a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach lena chinntiú go léireoidh siad an t-eolas is déanaí agus go mbeidh aon athruithe i reachtaíocht ionchorpraithe iontu. Maidir leis sin, táimid ag tabhairt an dara eagráin cothrom le dáta agus tá sé beartaithe an 3ú Leagan de na Treoirlínte a fhoilsiú sa bhliain 2007. Tá na Treoirlínte d'Ionchúisitheoirí ar fáil ar ár láithreán gréasáin ag www.dppireland.ie