5.1 Tháinig an tAcht um Barántas Gabhála, 2003 i bhfeidhm an 1 Eanáir 2004. Sainmhínítear an Barántas Gabhála Eorpach in alt 2 den Acht mar chinneadh Cúirte i mballstát amháin de chuid an AE a dhírítear ar Chúirt i mballstát eile de chuid an AE chun críche "conducting a criminal prosecution or the execution of a custodial sentence in the issuing member state".
5.2 Cuireann Aonad Eiseachadta an Gharda Síochána iarratais maidir le hullmhú Barántais Gabhála Eorpach isteach faoi bhráid Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Dréachtaíonn dlíodóir inár Rannan Aturnaetha an barántas agus cuireann sé nó sí faoi bhráid ár Rannán Treoracha é lena cheadú. Nuair a fhaightear treoir chun leanúint ar aghaidh leis an iarratas, déanann ár Rannán Aturnaetha iarratas ar bharántas sna cúirteanna. Déantar iarratais ar Barántais Gabhála Eorpach chuig breitheamh de chuid na hArd-Chúirte ina suí di i mBaile Átha Cliath de ghnáth. Nuair a dheonaítear an t-ordú, déantar an barántas a sheoladh chuig an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Tarchuireann an Roinn an barántas ansin chuig an tír ina meastar a bhfuil an duine iarrtha ina chónaí/ina cónaí.
5.3 Tá tuairim is 84 Barántas Gabhála Eorpacha eisithe ag cúirteanna na hÉireann ó tugadh isteach an tAcht i mí Eanáir na bliana 2004. Tarchuireadh 76 chuig an Ríocht Aontaithe, 4 chuig an Spáinn, 3 chuig an Ísiltír agus 1 chuig an Bheilg.
5.4 Ba náisiúnaigh de chuid na hÉireann iad 56 de na 86 duine iarrtha, ba Bhriotanaigh 22 díobh agus bhí náisiúnach amháin de chuid gach ceann de na tíortha seo a leanas ar na daoine iarrtha; an Túinéis, an Nigéir, an Rómáin, Meiriceá, an Liotuáin agus an Ísiltír. Chlúdaigh na cionta a rabhthas sa tóir orthu ina leith raon leathan de chionta tromchúiseacha, lena n-áirítear dúnmharú, cionta gnéis, cionta drugaí, gadaíocht agus ionsaithe tromchúiseacha.
5.5 Le halt 33 den Acht um Barántas Gabhála, 2003, ní cheadaítear Barántas Gabhála Eorpach a eisiúint ach amháin má luaitear téarma príosúnachta de 12 mí ar a laghad leis an gcion ar chiontú a bhaint amach nó, nuair is duine ciontaithe é an duine iarrtha a bhfuil téarma príosúnachta de 4 mhí gearrtha air nó uirthi. Leis sin, cinntítear nach ndéantar iarratais ar Barántais Gabhála Eorpach ach do chionta tromchúiseacha.
5.6 As na 84 barántas a eisíodh go dtí seo, gabhadh 38 duine agus eiseachadadh iad ar ais go hÉirinn. Níor diúltaíodh ach iarratas amháin ar eiseachadadh. Bhí an diúltú bunaithe ar imeacht ama agus breithnithe eile. Tá 10 breise gafa thar lear agus tá siad os comhair cúirteanna faoi láthair.
5.7 As na 35 barántas atá fágtha, níor leanadh le tuairim is 5 díobh mar gheall gur gabhadh an duine iarrtha go háitiúil in Éirinn i ndiaidh don Barántas Gabhála Eorpach a eisiúint nó mar gheall go bhfuil an duine iarrtha nó an gearánach básaithe.
5.8 Tá 30 barántas nár forghníomhadh fós mar nach bhfuil a fhios cá bhfuil an duine iarrtha, de bhrí gur athraíodh seoladh thart ar an am a seoladh an Barántas Gabhála Eorpach chuig an tír iarrthach. Sna cásanna sin, leanfaidh údaráis an Gharda Síochána lena gcaidreamh lena gcomhghleacaithe in Interpol mar iarracht an áit go díreach a bhfuil an duine iarrtha lonnaithe a dhéanamh amach.
5.9 Cheadaigh Comhairle na hEorpa plean gnímh chun éifeachtacht chomhoibriú ballstát in aghaidh na coiriúlachta eagraithe a fheabhsú i mí an Mheithimh 1997. Bhí córas meastóireachta frithpháirtí ar chomhlíonadh ionstraimí agus gealltanas idirnáisiúnta i gcúrsaí coiriúlachta a bhunú ar cheann dá mholtaí. Ghlac an Chomhairle le comhghníomh chun an moladh sin a chur i bhfeidhm i mí na Nollag 1997.
5.10 Sa bhliain 2006, bhí Éire mar an chéad tír san AE a ndearna an grúpa Ildisciplíneach ar choireacht eagraithe meastóireacht uirthi i ndáil le feidhmiú na scéime Barántas Gabhála Eorpach. Cuireadh tús leis an bpróiseas meastóireachta le ceistiúchán agus bhí cuairt ar Éirinn ó fhoireann saineolaithe ar a raibh ionchúisitheoirí ó bhallstáit i gceist ansin. Chas na saineolaithe le hionadaithe ónár nOifig chomh maith le hionadaithe ó Oifig an Ard-Aighne, ó Oifg an Phríomh-Aturnae Stáit, ó Aonad Eiseachadta an Gharda Síochána agus ón Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.
5.11 Níor foilsíodh an tuarascail go fóill cé gur cuireadh na moltaí a rinneadh le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí i bhfeidhm. Ba é an príomh-mholadh a rinne an fhoireann saineolaithe ná go ndéanfaí ardú i líon na ndlíodóirí i Rannan Aturnaetha Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí a bheadh ar fáil chun déileáil le Barántais Gabhála Eorpach a bhreithniú. Bhí dlíodóir ón Oifig rannpháirteach i meastóireacht den sórt céanna maidir le feidhmiú na scéime Barántas Gabhála Eorpach sa Ríocht Aontaithe.
5.12 Ní raibh ach cás amháin in Éirinn ó tugadh an scéim Barántas Gabhála Eorpach isteach i mí Eanáir 2004 inar dhiúltaigh tír duine a fhorghéilleadh. Bhí imeacht amach agus breithnithe a bhain leis an gcás agus leis sin amháin mar na forais sa chás áirithe sin. Ó thaobh an ionchúisimh de, tá an Barántas Gabhála Eorpach ag cruthú mar uirlis an-éifeachtach chun a dhaingniú go gcuirfear daoine a bhíonn cúisithe ar ais.
5.13 Tá ardú seasta tagtha ar líon na gcomhad atá faighte ó chomhaltaí den Gharda Síochána san Aonad Eiseachadta i gCeanncheathrú an Gharda Síochána ón mbliain 2004. Fuair an Oifig líon iomlán de 13 comhad ón nGarda Síochána sa bhliain 2004; fuarthas líon iomlán de 26 comhad sa bhliain 2005; agus sa bhliain 2006 b'ionann agus 40 líon iomlán na gcomhad a fuarthas. Má leanann na figiúirí ar aghaidh ag ardú mar atá siad is é an dúshlán a bheidh ann don Oifig ná a bheith ullamh chun déileáil go héifeacht leis an leibhéal méadaithe comhad. Tá socruithe déanta cheana féin san Oifig, ag leanúint as moltaí na foirne saineolaithe meastóireachta de chuid Chomhairle na hEorpa chun déileáil leis an ardú a d'fheadfadh teacht ar líon na gcomhad Barántas Gabhála Eorpach.
5.14 Gné shuntasach amháin den scéim Barántas Gabhála Eorpach nua is ea chomh tapa ar féidir duine aonair a ghabháil agus a fhorghéilleadh. Mar shampla, bhí roinnt cásanna ag ár nOifig inar eiseachadadh duine go hÉirinn laistigh de dhá sheachtain ó Barántas Gabhála Eorpach a eisiúint.
5.15 Ós rud é gur doiciméad bailí ar fud an AE é an Barántas Gabhála Eorpach, tá sé beartaithe é a dhéanamh i bhfad níos deacra do dhaoine na héagsúlachtaí a bhí idir córais dlí náisiúnta roimhe seo a úsáid chun gabháil a sheachaint nó chun tearmann a fháil i dtír eile de chuid an AE.
5.16 Le go n-oibreoidh sé chomh héifeachtach is a d'oibrigh sé go dtí seo, braithfidh an Barántas Gabhála Eorpach ar bhallstáit an AE ag leanúint le muinín a bheith acu as córais dlí a chéile agus braithfidh sé orthu glacadh le cinntí a gcúirteanna agus iad a aithint.