3.1 Is é cuspóir na caibidle seo ná léargas gairid a thabhairt ar na cinntí is mó tábhacht nó is mó spéise i réimse an dlí choiriúil i rith na bliana 2006. Bhí an clúdach a fuair roinnt cásanna tábhachtacha sna meáin chomh fairsing nach ndéanfar tagairt dóibh anseo, mar shampla CC and A v. Governor of Arbour Hill agus an t-athbhreithniú ar thrócaireacht mhíchuí i gcás Wayne O'Donoghue.
3.2 Mar a rinneamar sna blianta seo caite, roghnaíodh na cásanna chun na cineálacha saincheisteanna dlí a tháinig chun cinn i réimse an dlí choiriúil a léiriú. Níl sé mar aidhm ag an gcaibidil léargas cuimsitheach a thabhairt ar na forbairtí go léir sa dlí coiriúil i rith na bliana.
3.3 Ceann de na cásanna ba thromchúisí i rith na tréimhse ná cinneadh na Cúirte Uachtaraí sa chás H v. Director of Public Prosecutions, gan tuairisciú, 31 Iúil 2006. Bhreithnigh an Chúirt an dlí-eolaíocht atá tagtha chun cinn le deich mbliana anuas i gcásanna ina raibh cúiseamh de mhí-úsáid ghnéasach leanaí agus moill shuntasach idir an mhí-úsáid líomhnaithe, an gearán, agus cúiseamh a bheith á thabhairt in aghaidh an chúisí. Bhí an Chúirt den tuairim gur phríomh-shaincheist i ngach cás ná an ceart bunreachtúil ar thriail chóir. Go réadúil ní bhaineann an fiosrúchán lárnach an oiread sin le cúis na moille a bhí ar an ngearánaach an gearán a dhéanamh ach le cibé acu an bhfaighidh nó nach bhfaighidh an cúisí triail chóir nó cibé acu an bhfuil priacal fíor nó tromchúiseach ann go dtarlódh triail mhíchóir. Ní foras ann féin é don Stát diúltú ionchúiseamh a thionscnamh ná do na Cúirteanna diúltú aird a thabhairt ar chás mar gheall go raibh moill ar íospartach i gcoir thromchúiseach déanamh na coire sin a thabhairt ar aird údaráis an Stáit. Is féidir breathnú ar mhoill in imthosca áirithe mar rud a mbíonn éifeacht aici ar chreidiúnacht gearánaigh ach níor chóir dó sin a bheith ina fhoras go ginearálta chun cosc a chur ar thriail dul ar aghaidh. Ba chóir do na húdaráis ionchúisimh a chinneadh cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil fianaise sách láidir ann chun cúiseamh a chur in aghaidh duine agus tá sé de dhualgas orthu freisin breithniú cibé acu an féidir nó nach féidir triail chóir a thabhairt do dhuine cúisithe. Is dualgas dochraideach agus dian é an dualgas sin mar gheall go bhfuil imthosca ann ina mbeadh éagóir thromchúiseach á déanamh ar dhuine a bheadh cúisithe i leith cionta a líomhnaíodh gur tharla siad blianta fada ó shin dá dtabharfaí ionchúiseamh ar aghaidh i ndáil leis na cionta líomhnaithe sin.
3.4 Sa chás PM v. Director of Public Prosecutions, gan tuairisciú, an Chúirt Uachtarach, 5 Aibreán 2006, bhí 34 mí caite idir an tráth a ndearnadh gearán chuig na Gardaí faoi ró-mhígheanas agus an tráth ar cúisíodh an cúisí. Bhí ar an gCúirt breithniú a dhéanamh ar cibé ar chóir triail a chosc mar gheall ar an moill ag an ionchúiseamh amháin nó cibé ar chóir go mbeadh ar an duine cúisithe a chruthú gur cuireadh isteach ar a chearta/a cearta mar gheall ar an moill. Dúirt an chúirt go raibh uirthi tabhairt faoi phróiseas cothromaíochta idir ceart an chúisí a bheith cosanta ó strus agus imní mar gheall ar mhoill ró-fhada gan chúis agus leas an phobail maidir le hionchúiseamh agus ciontú na ndaoine sin a bhíonn ciontach i gcionta coiriúla. Ní leor moill ionchúisimh inti féin chun cosc a chur ar thriail; ní mór go mbeadh cur isteach ar cheann amháin nó níos mó de na leasanna arna gcosaint ag an gceart ar thriail dlúsúil. Ar deireadh, fuair an Chúirt gur cuireadh isteach ar chearta an iarratasóra agus cuireadh cosc ar a ionchúiseamh.
3.5 Ghlac an cás Enda Lynch v. His Honour Judge Carroll Morran and Director of Public Prosecutions, gan tuairisciú, an Chúirt Uachtarach, 23 Bealtaine 2006, leis nach bhfuil aon ról ag urbhac saincheiste in imeachtaí coiriúla in Éirinn, cibé acu i bhfabhar an ionchúisimh nó na cosanta.
3.6 Bhain an cás seo le saincheisteanna a tháinig chun cinn ag atriail sa chás gur theip ar an gcéad ghiúiré teacht ar chomhaontú faoi fhíorasc nó sa chás gur scaoileadh leis an ngiúiré gan teacht ar fhíorasc dóibh. D'fhéadfadh gur glaoíodh ar an mbreitheamh ag an gcéad triail chun rialuithe dlíthiúla éagsúla a dhéanamh ar shaincheisteanna mar inghlacthacht fianaise. Níl rialuithe den sórt sin ceangailteach anois ag an dara triail nó ag trialacha ina dhiaidh sin ar féidir leo na saincheisteanna a bhreithniú athuair.
3.7 Ní bhíonn breithiúnais scríofa mar thoradh ar an gcuid is mó de rialuithe ar shaincheisteanna a bhaineann le croscheistiú ghearánaigh maidir lena stair ghnéasach roimhe sin de bharr go n-eascraíonn siad le linn trialach.
3.8 Bhreithnigh Director of Public Prosecutions v. GK, gan tuairisciú, an Chúirt Achomhairc Choiriúil, 5 Iúil 2006, an tsaincheist. Bhí an cúisí cúisithe i gcionta gnéasacha maidir le cailín a bhí idir 10 agus 15 bliana d'aois nuair a líomhnaíodh go ndearnadh na cionta. Bhí sí 16 nuair a scrúdaigh dochtúir í agus nuair a fuarthas nach raibh a himéin slán. I gcéad triail theip ar an ngiúiré teacht ar fhíorasc ar chúis ar bith. Ag an dara triail cúisíodh an cúisí ar roinnt scór agus níor chomhaontaigh an giúiré ar scóir eile. Chuir an Chúirt Achomhairc Choiriúil an ciontú a taifeadadh ag an dara triail ar neamhní ina dhiaidh sin.
3.9 Tar éis an dara triail sin ullmhaíodh tuairisc ar an tionchar ar an íospartach don éisteacht phianbhreithe a nochtaigh gur thosaigh an gearánach a bheith gníomhach go gnéasach le buachaillí nuair a bhí sí 12 bliain d'aois. Ag an tríú triail, maidir leis na scóir nár chomhaontaigh an giúiré ag an dara triail orthu, lorg an chosaint deis an gearánach a chroscheistiú ar a stair ghnéasach roimhe sin mar a nochtaíodh í sa tuairisc ar an tionchar ar an íospartach. Dhiúltaigh breitheamh na trialach don iarratas. Bhreithnigh an Chúirt Achomhairc Choiriúil go raibh breitheamh na trialach mícheart agus an rialú sin á thabhairt. D'fhéadfadh go mbeadh an stair ghnéasach roimhe sin iomchuí maidir leis an himéin bhriste agus de bharr go bhféadfadh sí an seans go raibh tucaid eile ann chun an cúisí a aithint mar an t-aon duine a raibh caidreamh gnéasach aici leis a sholáthar. Bhreithnigh an Chúirt gur cuireadh leis a míchomhpord de bharr gurb eol di gur choinnigh an gearánach an fhaisnéis óna tuismitheoirí, óna dochtúir teaghlaigh, ón dochtúir a rinne an scrúdú uirthi nuair a bhí sí 16 agus ó chomhaltaí den Gharda Síochána a ndearna sí a gearán leo ar dtús báire. Dhiúltaigh an Chúirt den chiontú agus, de bharr go raibh an cúisí páirteach i dtrí thriail le dhá achomharc agus go raibh thart ar trí bliana go leith caite sa phríosún aige de bhua na gciontuithe, níor ordaigh sí atriail.
3.10 Bhreithnigh an Chúirt Achomhairc Choiriúil sa chás Director of Public Prosecutions v. Carl Loving, gan tuairisciú, 10 Márta 2006, déine phianbhreith 5 bliana leis an 2 bliain dheireanacha ar fionraí as a bheith i seilbh pornagrafaíochta leanaí. Bhreithnigh an Chúirt gur chóir go bhféachfadh an Chúirt ar dhá cheann de na fachtóirí maolaitheacha bunúsacha, cibé ar ghlac an cúisí freagracht lena n-áirítear pléadáil chiontach agus a charachtar roimhe sin, go háirithe i ndáil leis an gcion a bhí i gceist.
3.11 Ar an dara dul síos, b'éigean a bhreithniú cé chomh tromchúiseach agus cé chomh líonmhar a bhí na híomhánna pornagrafacha féin. Ar an tríú dul síos, ba chóir do Chúirt imthosca agus fad achair na gníomhaíochta as a lean seilbh na n-íomhánna a bhreithniú. Ar an gceathrú dul síos, cibé ar thaispeáin an cúisí an t-ábhar d'aon duine eile riamh nó ar shlí ar bith eile é a scaipeadh nó a dháileadh ar shlí ar bith.
3.12 Sa chás áirithe seo, rinneadh na gníomhartha maidir le teacht ar an bpornagrafaíocht thar thréimhse ama ghearr agus ansin stopadh iad. Fágadh na híomhánna pornagrafacha gan úsáid ina dhiaidh sin. Scor an cúisí de mhí-úsáid a bhaint as alcól, rud a raibh baint mhór aige lena chiontú. Ní dhearnadh díospóid go raibh áiféala agus náire go ginearálta air agus ní raibh aon leid ann gur thaispeáin sé an t-ábhar do dhuine éigin eile ná gur scaip sé an t-ábhar ar dhuine éigin eile. 175 íomhá a bhí ann ar an iomlán. Cé go raibh ciontuithe roimhe sin ag an gcúisí ní raibh aon chiontú aige don chineál ciona seo. Laghdaigh an Chúirt an phianbhreith go dtí 1 bliain.
3.13 Sa chás Director of Public Prosecutions v. Michael Tanner, gan tuairisciú, an Chúirt Achomhairc Choiriúil, 30 Samhain 2006, bhreithnigh an Chúirt an coincheap de sheilbh mheargánta. Thóg an t-achomharcóir spás pairceála ar cíos agus ainm bréagach á úsáid aige. D'íoc sé le hairgead tirim i gcónaí. Thart ar bhliain tar éis gur tógadh an spás ar cíos den chéad uair, fuarthas drugaí i mbúit charr a bhí pairceáilte sa spás a bhí i gceist. B'ionann luach na ndrugaí agus díreach faoi €500,000. Tugadh ar aird go raibh an carr clúdaithe le deannach. Fuarthas eochair an chairr ina bhfuarthas na drugaí i gcarr faoi úinéireacht duine darbh ainm James Tobin. Nuair a chuir na Gardaí glaoch ar an uimhir theagmhála a bhí tugtha nuair a tógadh an spás ar cíos, bhí an teachtaireacht fágtha ar theileafón Tobin.
3.14 Nuair a bhí sé i gcoimeád chualathas an t-achomharcóir ar an teileafón agus an méid seo á rá aige "If the alarm goes off in my car, you can break a window". Tar éis é sin a chloisteáil, chuaigh na Gardaí go dtí baile an achomharcóra agus agus fuair siad go raibh an fhuinneog ar an taobh briste agus go raibh an t-aláram ar siúl. Fuarthas svaidhpchárta a bhí in úsáid chun rochtain a fháil ar an gcarrchlós sa charr.
3.15 Dúirt an Chúirt go bhféadfaidh sé a bheith thar a bheith deacair a chruthú go raibh eolas beacht ag cúisí faoi nádúr ruda. Bhreithnigh an Chúirt go bhféadfadh go mbeadh cruthúnas ar neamhaird mheargánta maidir le cad a d'fhéadfadh a bheith sa rud dóthanach chun duine a chiontú agus ar bhonn na bhfíricí thuas sheas sí leis an gciontú.
3.16 Sa chás Director of Public Prosecutions v. Anthony Barnes, gan tuairisciú, an Chúirt Achomhairc Choiriúil, 21 Nollaig 2006, rinne breitheamh na trialach tagairt ar dhá ócáid, agus an giúiré as láthair, nach raibh peiriúic á caitheamh ag abhcóide sinsearach nó ag abhcóide sóisearach na cosanta, agus mhol an breitheamh abhcóide a glaodh le déanaí a chuaigh isteach sa chúirt agus peiriúic á caitheamh aige, as ucht "his respect of the traditions of his profession". Dúirt an Chúirt Achomhairc Choiriúil go bhfuil sé sonraithe go soiléir ag an Oireachtas nach bhfuil ceanglas ar abhcóidí peiriúic a chaitheamh sa chúirt. Forálann alt 49 d'Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995,: "A barrister or a solicitor when appearing in any court shall not be required to wear a wig of the kind heretofore worn or any other wig of a ceremonial type". Dúirt an Chúirt, de bharr nach raibh ceanglas ar abhcóidí peiriúic a chaitheamh, nár chóir d'aon duine sa chúirt ráiteas a dhéanamh faoi cibé acu an raibh ceann orthu nó nach raibh. Bíonn post cumhachtach ag breitheamh na trialach i dtriail agus d'fhéadfadh sé gur mheas abhcóidí le níos lú taithí ná mar a bhí ag na habhcóidí sa chás seo gur chóir dóibh cloí le roghanna bhreitheamh na trialach agus peiriúic a chaitheamh, ar mhaithe lena gcliaint.
3.17 Cruthaíonn alt 8 d'Acht an Gharda Síochána 2005 ról maoirseachta nua don Oifig an Stiúthóra Ionchúiseamh Poiblí ag féachaint d'ionchúisimh a thógtar sa Chúirt Dúiche ag comhaltaí den Gharda Síochána. Soláthraíonn an ról maoirseachta sin don Stiúrthóir treoracha ginearálta agus sainiúla araon a eisiúint maidir leis an tuairim is 300,000 ionchúiseamh de chuid na Cúirte Dúiche (lena n-áirítear cásanna indíotáilte a ndéileáltar leo go hachomair) a thógann an Garda Síochána gach bliain. Ina theannta sin féadfaidh an Stiúrthóir treoracha maidir leis an bhforas nó le hiompar ionchúiseamh den sórt sin a thabhairt, a athrú nó a chealú agus féadfaidh sé tógáil ionchúiseamh ag comhaltaí an Gharda Síochána i gcineálacha cionta sonracha nó in imthosca sonraithe a chosc. Is ionann sin agus méadú thar a bheith suntasach ar na freagrachtaí atá le hurscaoileadh ag an Oifig seo agus dúshlán suntasach don todhchaí.
3.18 Tháinig alt 8 d'Acht an Gharda Síochána i bhfeidhm i mí Feabhra 2007. Mar ullmhúchán do chur i bhfeidhm an ailt, d'éascaigh an Oifig an Stiúthóra Ionchúiseamh Poiblí clár seisiún faisnéisithe do thuairim is 400 comhalta den Gharda Síochána ag leibhéal Sairsint Stáisiúin agus ag leibhéal Cigire i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath. Roghnaíodh an Réigiún sin le haghaidh oiliúna faoi leith de bharr gurb iad oifigigh shinsearacha den Gharda Síochána, a bhíonn eolach faoi riachtanais an Stiúrthóra trí oiliúint leanúnach a chuireann an Oifig seo ar fáil, a thugann faoi obair ionchúisimh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Ba é cuspóir na seisiún faisnéise a chinntiú go mbeidh príomh-chinnteoirí sa Garda Síochána ar an eolas faoi na polasaithe agus na treoirlínte lena mbíonn súil ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí go gcloífidh siad leo agus ionchúisimh á dtionscnamh acu.
3.19 An 23 Eanáir 2007 d'eisigh an Stiúrthóir treoir ghinearálta faoi alt 8 a raibh éifeacht leis ó 1 Feabhra 2007. Is féidir teacht ar théacs na treorach ar láithreán gréasáin na hOifige ag www.dppireland.ie