2 Athbhreithniú ar an mbliain

2.1 Chríochnaigh timthriall trí bliana ár Ráitis Straitéise 2004 - 2006 i mí na Nollag 2006. Le linn shaolré an Ráitis Straitéise rinne an Oifig seo dul chun cinn suntasach maidir lenár bpríomhchuspóirí a chur i bhfeidhm. Bhí an dul chun cinn sin éascaithe ag cur i bhfeidhm leanúnach Chlár Nuachóirithe na Státseirbhíse, a chuir creat ar fáil chun na struchtúir, próisis agus córais atá mar bhonn taca le bainistiú éifeachtach na seirbhíse ionchúisimh a fhorbairt.

2.2 Tá sé ríthábhachtach don Oifig seo mar sheirbhís ionchúisimh sáriarracht a dhéanamh go leanúnach cur le caighdeán na seirbhíse a chuirimid ar fáil. Leagtar ár dtiomantais do sheirbhís d'ardchaighdeán amach inár gCairt maidir le hArdchaighdeán Seirbhíse agus Plean Gníomhaíochta.

2.3 Is é cionta coiriúla a ionchúiseamh croí-obair na hOifige seo agus tugtar imlíne shonrach ar ár bhfeidhmíocht maidir leis an obair sin i gCaibidil 9 den tuarascáil seo. Sa chaibidil seo breathnaímid ar na forbairtí a tharla i rith 2006 a thacaigh le croí-obair na hOifige, a chomhlánaigh an obair sin agus a thug éifeacht do na tiomantais a leagtar amach inár gCairt maidir le hArdchaighdeán Seirbhíse.

An Timpeallacht Dhlíthiúil

2.4 Tá sé riachtanach, dar linn, go mbeidh tuiscint mhaith ar na dlíthe infheidhme agus ar a rólanna sa chóras ceartais coiriúil ag ár bhfoireann ghairmiúil agus go gcothabhálfaidh siad an tuiscint sin. Dá bhrí sin déanaimid mór infheistíocht in oiliúint dhlíthiúil. I rith 2006 bunaíodh Grúpa Stiúrtha Oiliúna Dlíthiúla ardleibhéil chun monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar ár riachtanais oiliúna agus chun maoirsiú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm chlár oideachais dlíthiúil leanúnach dár bhfoireann ghairmiúil.

2.5 Maidir leis an €433,825 (4.3% de chostais phárolla) a infheistíodh in oiliúint agus forbairt foirne i rith na bliana, bhí €127,678 dírithe go sonrach ar oiliúint dhlíthiúil. Áiríodh air sin freastal ar sheimineáir agus ar chomhdhálacha dhlíthiúla, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Bhain an Oifig leas as seirbhísí an National Institute for Trial Advocacy, de chuid University of Miami School of Law in Florida, chun cláir oiliúna abhcóideachta a chur ar fáil don fhoireann inár Rannán Aturnaetha. Bhí an oiliúnt leagtha amach go speisialta chun scileanna trialacha a fhorbairt d'aturnaetha a dhéanann ionadaíocht ar an Stiúrthóir sa chúirt.

2.6 Ar mhaithe le cur le hidirghníomhú agus le comhordú idir an dá rannán dlíthiúla de chuid na hOifige (atá lonnaithe in dá fhoirgneamh ar leith faoi láthair), cuireadh tús le clár Cruinnithe Líonra Dlíthiúil. Tugann siad sin deis don fhoireann bualadh le comhghleacaithe ar bhonn rialta chun saincheisteanna dlíthiúla a phlé. Spreagann siad daoine dul i dteagmháil lena chéile thar an dá rannán dlíthiúla freisin. Tionóladh an chéad chruinniú i mí na Samhna 2006 nuair a tugadh cuireadh do chleachtóir dlí seachtrach cur i láthair ar fhianaise imthoisceach a thabhairt. Leanfaidh an clár sin de Chruinnithe Líonra Dlíthiúil ar aghaidh le linn 2007.

2.7 Bunaíodh roinnt grúpaí idir-rannáin laistigh den Oifig i rith 2006 freisin, chun cleachtais oibre sa Rannán Stiúrtha agus sa Rannán Aturnaetha a scrúdú. Tá na grúpaí sin ag breathnú ar shlite chun nósanna imeachta reatha a shruthlíniú d'fhonn éifeachtúlacht an dá rannán dlíthiúil den Oifig a uasmhéadú.

2.8 2006 lean an tSeirbhís Leabharlainne agus Faisnéise, le cúnamh ón gcóras bainistíochta leabharlainne agus a chartlann dhigiteach, chomh maith le ó shraith chuimsitheach acmhainní leictreonacha, le faisnéis dhlíthiúil thráthúil, ábhartha agus chothrom le dáta a chur ar fáil. Tá bailiúchán leictreonach cuimsitheach de bhreithiúnais chúirte, ciorcláin an Gharda agus faisnéis agus taighde dhlíthiúil inmheánach, a bhíonn ag forbairt de shíor, ar fáil don fhoireann dhlíthiúil dá bharr.

2.9 I gcomhar le leabharlanna Oifig an Ard-Aighne agus le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit, bunaíodh Tionscadal Bainistíochta Sraithe chun gníomhaire amháin a fhostú chun irisí agus tuarascálacha dlíthiúla a sholáthar don trí leabharlann i bhformáid chló agus leictreonach araon don tréimhse Eanáir 2006-Nollaig 2007. D'éirigh go maith leis an gcéad chéim den tionscadal sin, a bhain le hábhar clóite a sholáthar, i rith 2006.

2.10 Sheol an Oifig Scéim d'Aturnaetha faoi Oiliúint i mí Mheán Fómhair 2006. Tá an Scéim leagtha amach chun bealach a chur ar fáil don fhoireann cáiliú mar aturnaetha fad a leanann siad orthu ag obair san Oifig. Is leathnú loighciúil é an Scéim ar an Scéim do Chléirigh Dhlíthiúla faoi Oiliúint, a chuir an Oifig ar bun i 2004.

Bainistiú Straitéiseach

2.11 I rith 2006 leanamar le forbairt a dhéanamh ar ár gcreat bainistíochta faisnéise d'fhonn cur leis na seirbhísí a chuireann an Oifig ar fáil agus lena chinntiú go mbeidh na huirlisí riachtanacha agus an fhaisnéis riachtanach ag bainisteoirí chun na spriocanna agus na cuspóirí atá leagtha amach inár Ráiteas Straitéise a chomhlíonadh.

2.12 Cuireadh tús le hobair ar an gcéim anailíse den tionscadal chun córas nua maidir le Cásanna, Bainistiú Doiciméad agus Rianú Comhad a chur i bhfeidhm i 2006. Síníodh an conradh i mí na Nollag 2005 le Axxia Systems Limited, cuideachta sa Ríocht Aontaithe a bhfuil taithí cruthaithe aici maidir le córais bhainistithe cás a sholáthar don ghairm dhlíthiúil.

2.13 Feidhmeoidh an córas Cásanna, Bainistiú Doiciméad agus Rianú Comhad mar phointe singil rochtana comhdhlúite dár gcásanna dlíthiúla thar an dá rannán dlíthiúla, agus soláthróidh sé córas lánpháirtithe maidir le bainistiú ar chomhaid ionchúisimh ar fud na heagraíochta. Cruthófar gach comhfhreagras a bhaineann le cásanna amach ar an gcóras agus stórálfar ansin é i gcomhair tagartha amach anseo. Stórálfar comhfhreagras áirithe ar an gcóras i bhformáid scanta freisin.

2.14 Ba é a bhí sa chéim anailíse den tionscadal Cásanna, Bainistiú Doiciméad agus Rianú Comhad próisis ghnó gach rannáin laistigh den Oifig a dhoiciméadú, chomh maith leis na saincheisteanna tras-rannáin a eascraíonn as gluaiseacht ó shraith córas IT éagsúil go dtí bunachar sonraí lánpháirtithe amháin a scrúdú agus a réiteach. Bhí pléití teicniúla fairsinge againn le Axxia freisin chun na hathruithe deartha a theastaigh óna bpríomh-bhogearraí córais chun déileáil le riachtanais ghnó Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí a shonrú.

2.15 Suiteálfar na bogearraí a forbraíodh i 2007. Ceadóidh sin do thástáil córais, tástáil foirne tionscadail agus tástáil ar ghlacadh an úsáideora. Samhlaítear go rachaidh an córas beo i 2008.

2.16 Lean an córas cuntasaíochta a suiteáladh i 2004 le seirbhís fheabhsaithe agus níos mó éifeachtúlachtaí a sholáthar. Rinneamar uasghrádú ar ár mbogearraí i rith 2006 chun ligean dó íocaíochtaí Ríomhaistrithe Airgid a phróiseáil. Tástáladh an córas agus rinneadh na chéad íocaíochtaí Ríomhaistrithe Airgid sa ráithe deireanach de 2006. Táimid ag déanamh íocaíochtaí rialta trí Ríomhaistrithe Airgid anois le líon beag dár soláthróirí, líon atá ag fás, agus tá sé beartaithe againn leathnú amach ar scála níos leithne a dhéanamh go luath i 2007, lena n-áirítear íocaíochtaí Ríomhaistrithe Airgid le haghaidh gach éileamh taistil agus cothabhála foirne a leathnú amach.

2.17 Bhí an Oifig rannpháirteach sa tionscadal uasghrádaithe Peoplesoft Córas Bainistíochta Acmhainní Daonna na Státseirbhíse a chur i bhfeidhm i rith 2006. Bhíothas ag obair ar an tionscadal ar feadh 12 seachtainí agus cuireadh an obair i gcrích i mí Mheán Fómhair.

2.18 Cuireann Peoplesoft Córas Bainistíochta Acmhainní Daonna tacaíocht iomlán ar fáil do riachtanais Acmhainní Daonna na Státseirbhíse agus go sonrach tugann sé cúnamh leis an saothar oibre a riaradh, lena n-áirítear cur ar chumas na hOifige riachtanais rialála a chomhlíonadh maidir le saoire reachtúil agus le cineálacha saoire eile, chun riachtanais oiliúna, luacha saothair agus riachtanais tuairiscithe eile a chomhlíonadh chomh maith le litreacha fostaíochta a ghineadh go huathoibríoch.

2.19 Ciallaíonn rannpháirteacht san uasghrádú Peoplesoft Córas Bainistíochta Acmhainní Daonna go bhfuil an Oifig mar chuid den timpeallacht seirbhísí bainistithe Peoplesoft Córas Bainistíochta Acmhainní Daonna na Státseirbhíse anois agus roinneann sí an bunachar sonraí Córas Bainistíochta Acmhainní Daonna agus an t-infrastruchtúr IT.

2.20 Cruthóidh an Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmiúcháin nua, a tugadh isteach ag deireadh 2006, leibhéal níos airde de chomhtháthú chuig bainistíocht foirne. Tá meicníocht chun an fhoireann a ghrádú sa tsamhail nua ar mhaithe le hincrimintí a bhronnadh chomh maith le hoiriúnacht d'ardú céime a mheas. Bunaíodh foghrúpa dár gCoiste Comhpháirtíochta chun breithniú agus moltaí a dhéanamh maidir leis an tsamhail nua a thabhairt isteach san eagraíocht.

2.21 Tar éis oiliúint a sheachadadh don fhoireann go léir tugadh an tsamhail nua isteach i mí na Nollag 2006. Déanfar monatóireacht ar chur i bhfeidhm agus lorgófar aiseolas ón bhfoireann go luath i 2007.

Rialachas

2.22 Aithníonn an Oifig an fhreagracht atá uirthi a chinntiú go bhfuil nósanna imeachta rialaithe agus rialachais cuí i bhfeidhm aici. Leanaimid ar aghaidh ag soláthar an méid faisnéise agus is féidir don phobal maidir le conas a dhéantar a feidhmeanna a urscaoileadh, trí Thuarascálacha Bliantúla, Ráitis Straitéise, Ráitis de Threoirlínte Ginearálta d'Ionchúisitheoirí agus leabhráin eolais a fhoilsiú. Is foinse faisnéise don phobal freisin é ár láithreán gréasáin agus cuireann sé raon faisnéise ar fáil faoin tslí a oibríonn an Oifig.

2.23 Is eol dúinn go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh muinín ag an bpobal as iontaofacht na faisnéise a chuirimid ar fáil. Cuirtear de dhualgas ar ár gCoiste Iniúchta, mar sin, athbhreithniú córasach a dhéanamh ar an timpeallach rialaithe agus ar nósanna imeachta rialachais san Oifig agus tuarascálacha agus comhairle a sholáthar don bhainistíocht shinsearach. Tá comhaltaí ó lasmuigh den tseirbhís phoiblí san áireamh ar an gCoiste, agus fónann duine amháin acu sin mar Chathaoirleach.

2.24 Tá plean oibre an Choiste Iniúchta leagtha amach chun na réimsí móra a chlúdú thar thimthriall trí bliana. Chríochnaigh an Coiste a chéad thimthriall trí bliana i mí na Nollag 2006. Tháirg an Coiste tuarascálacha i rith 2006 maidir leis an bpróiseas bainistíochta tionscadail dár gCóras Rianaithe Cásanna, Bainistíochta Doiciméad agus Comhad nua; Seirbhísí Abhcóide a Fháil; agus an timthriall Ioncaim.

2.25 Tugann Próiseas Fíoraithe Feidhmíochta na Státseirbhíse deis don Oifig seo tuairisciú chuig grúpa seachtrach ar an dul chun cinn atá déanta againn maidir lenár dtiomantais a sheachadadh faoin gcomhaontú comhpháirtíochta sóisialta. I mí Bealtaine 2006 chuaigh an Oifig seo i láthair Ghrúpa Fíoraithe Feidhmíochta na Státseirbhíse agus chuir sí mionsonraí ar fáil faoi raon tionscnamh a raibh agus a bhfuil an Oifig ina mbun. Chuireamar dhá thuarascáil ar dhul chun cinn ar aghaidh chuig an Grúpa i rith na bliana freisin agus mar thoradh air sin mheas an Grúpa gur cheart an babhta ginearálta arduithe pá a íoc bunaithe ar an dul chun cinn a baineadh amach i rith na dtréimhsí faoi athbhreithniú.

Idirghníomhaíocht le gNíomhaireachtaí Eile sa Chóras Ceartais Choiriúil

2.26 Tá sé riachtanach oibriú agus comhoibriú a dhéanamh le gníomhaireachtaí eile a bhíonn rannpháirteach sa chóras ceartais choiriúil chun seirbhís ionchúisimh comhtháite agus éifeachtach a sholáthar. Cuireadh roinnt tionscnamh i bhfeidhm i rith na bliana a neartaigh ár gcaidreamh le gníomhaireachtaí eile a bhfuil páirteach sa chóras ceartais choiriúil agus a shruthlínigh soláthar seirbhísí ar deireadh trí chomhoibriú agus comhchomhairle idir na gníomhaireachtaí atá páirteach ann.

2.27 Is ó chomhaltaí den Gharda Síochána a fhaigheann an Oifig seo formhór na gcásanna. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach go leanfaimid ar aghaidh ag obair leis an nGarda Síochána lena chinntiú go gcoimeádfar ar an eolas iad faoi fhorbairtí dlíthiúla maidir le cionta coiriúla a ionchúiseamh. D'éascaigh foireann ón Oifig seo fiche seisiún oiliúna do chomhaltaí den Gharda Síochána i rith 2006, ó leibhéal Garda ar Promhadh go dtí céim an Cheannfoirt. Áiríodh ar ábhair cleachtas & nósanna imeachta na Cúirte Dúiche; imscrúdú calaoise; agus ról an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

2.28 Mar ullmhúchán do chur i bhfeidhm alt 8 de chuid Acht an Gharda Síochána 2005 d'éascaíomar clár seisiún faisnéisithe do thuairim is 400 comhalta den Gharda Síochána ag leibhéil Sairsint Stáisiúin agus Cigire i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath chomh maith. Ba é cuspóir na seisiún faisnéisithe a chinntiú go mbeidh príomhchinnteoirí sa Gharda Síochána ar an eolas faoi na polasaithe agus na treoirlínte lena mbíonn súil ag Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí go gcloífidh siad leo agus ionchúisimh á dtionscnamh acu.

2.29 D'oibríomar le roinnt sainghníomhaireachtaí imscrúdaithe i rith na bliana chomh maith chun iarracht a dhéanamh cur ar aghaidh comhad ionchúisimh chuig an Oifig seo a shruthlíniú i sainchatagóirí cásanna. I gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil rinneamar iarracht a chinntiú go mbeidh gach údarás áitiúil ar an eolas faoinár riachtanais maidir le cásanna ionchúisimh, go háirithe ionchúisimh phleanála agus bainistíochta dramhaíola. D'éascaíomar seisiúin oiliúna freisin d'Oifigigh Fhorfheidhmithe in údaráis áitiúla maidir le cionta a ionchúiseamh, go háirithe iad sin in aghaidh reachtaíocht pleanála.

2.30 Tá dlíodóir sinsearach ónár Rannán Stiúrtha ag déanamh ionadaíochta ar an Oifig seo ar Ghrúpa Stiúrtha a bhunaigh an tAire Cumarsáide, Mara & Acmhainní Nádúrtha chun athbhreithniú a dhéanamh ar na córais agus nósanna imeachta reatha maidir le monatóireacht, rialú, faisnéis bainistíochta a sholáthar, bainistiú cásanna, agus iascaigh mhara a ionchúiseamh.

2.31 Tá an Oifig ag obair le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim chomh maith maidir le hionchúiseamh cásanna ioncaim a shruthlíniú i gcúirteanna éagsúla ag leibhéal náisiúnta agus prótacail a bhunú maidir le comhad ionchúisimh ioncaim a ullmhú agus maidir le cásanna den sórt sin a ionchúiseamh sa chúirt ina dhiaidh sin.

2.32 I gcomhar leis an gCeann Gnóthaí Dlíthiúla do Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, atá nuabhunaithe, tá an Oifig seo i mbun prótacal a bhunú a bheidh mar bhonn taca don idirghníomhú idir an Oifig seo agus an Coimisiún maidir le comhaid ionchúisimh a ullmhú agus a chur ar aghaidh.

2.33 I rith 2006 bhí an Oifig seo rannpháirteach agus chuir sí le grúpaí idirghníomhaireachta éagsúla, lena n-áirítear Cothromaíocht sa Ghrúpa Athbhreithnithe Dlí Choiriúil; Grúpa Idirchaidrimh an Gharda Síochána; an Coiste Idirchaidrimh Ceartais Choiriúil; Grúpa Idir-Oibreachais Ceartais Choiriúil; Grúpa Ríomhaireachta na Cúirte Uachtaraí; Coiste Éifeachtachta na Cúirte Dúiche; Grúpa Úsáideoirí na Cúirte Coiriúla; Fóram Custaiméirí na Seirbhíse Cúirteanna; an Coiste ar Ateangaireachta laistigh den Chóras Ceartais Choiriúil agus an Grúpa Comhairleach ar Choireacht agus ar Staitisticí Ceartais Choiriúil. Bhíomar rannpháirteach le cruinnithe idirchaidrimh leis an Ard-Aighne chomh maith.

2.34 Is eol dúinn an ról tábhachtach atá ag na 32 aturnae stáit áitiúla, a dhéanann ionadaíocht ar an Stiúrthóir i gcásanna coiriúla ar fud na tíre, sa phróiseas ionchúisimh. D'fhonn deis a chur ar fáil d'aturnaetha stáit áitiúla agus d'fhoireann na hOifige bualadh le chéile agus saincheisteanna dlíthiúla a phlé d'óstaíomar Seimineár d'Aturnaetha Stáit arís i 2006. Dhírigh an seimineár ar fhorbairtí le déanaí maidir le dlí coiriúil agus reachtaíocht nua. Bhí cur i láthair ar ghnéithe den Acht um Cheartas Coiriúil 2006, den Acht um Cheartas Coiriúil (Gealtacht) 2006, ar urghabháil sócmhainní agus ar fhorbairtí maidir le cumarsáid le híospartaigh choireachta. D'fhreastail beagnach seachtó toscaire ar an seimineár, an tinreamh is airde ar an ócáid sin go dtí seo.

2.35 D'eagraigh an Oifig seo 7ú Comhdháil Bhliantúil Náisiúnta na nIonchúisitheoirí i mBealtaine i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí Bealtaine 2006. D'fhreastail comhaltaí den bhreithiúnacht; abhcóidí ionchúisimh; aturnaetha stáit áitiúla; comhaltaí an Gharda Síochána; foireann ón Oifig seo; agus daoine eile a bhfuil páirt acu sa chóras ceartais coiriúil. Labhair Sir Alasdair Fraser, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí do Thuaisceart Éireann, leis an gcomhdháil agus labhair sé faoi bhunú na Seirbhíse Ionchúisimh nua do Thuaisceart Éireann. Áiríodh ar ábhair eile cothromaíocht a bhaint amach idir cearta na cosanta agus an ionchúisimh; fianaise fíorais den sórt céanna; agus an tAcht um Cheartas Coiriúil (Gealtacht) 2006. Mar is gnáth, thug an chomhdháil deis luachmhar do gach duine a bhfuil baint acu leis an gcóras ceartais coiriúil teacht le chéile chun ábhair spéise choitinn a phlé agus chun caidrimh oibre trasfheidhmiúla riachtanacha a fhorbairt.

2.36 Rinne an Oifig seo urraíocht ar sheimineár a d'eagraigh Ionad na hÉireann do Dhlí na hEorpa i mí na Samhna 2006. Ba iad an Stiúrthóir agus an Breitheamh Oirigh Nial Fennelly den Chúirt Uachtarach a rinne Cathaoirleacht ar na seisiúin ag an seimineár. An Barántas Gabhála Eorpach a bhí mar ábhar agus bhí cuir i láthair ón Ollamh Dermot Walsh, Ollscoil Luimnigh; ó Thomas O'Malley BL, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; ó Angelika Mohlig, EUROJUST; agus ó Patrick Gageby SC. D'fhreastail foireann ón Oifig seo; ionadaithe ó ranna Rialtais; comhaltaí den bhreithiúnacht; aturnaetha agus abhcóidí; agus comhaltaí d'Oifig an Aturnae Ioncaim ar an seimineár.

2.37 Ar leibhéal idirnáisiúnta leanamar ar aghaidh ag cur le agus a bheith rannpháirteach le hobair chomhlachtaí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta lena n-áirítear EUROJUST; GRECO; OLAF; Eurojustice; Comhlachas Idirnáisiúnta na nIonchúiseoirí; agus an Comhlachas Barra Idirnáisiúnta.

2.38 Rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin ar Chomhrac Breabaireachta Oifigeach Poiblí Coigcríche in Idirbhearta Gnó Idirnáisiúnta i 2006. Sannadh dlíodóir ón Oifig seo chun cúnamh a thabhairt leis an bpróiseas meastóireachta agus d'fhreastail beirt ionadaithe ón Oifig seo ar thrí sheisiún leis an bhfoireann meastóireachta a dhírigh ar sciúradh airgid agus ar chionta den chineál éillithe in Éirinn. Tá an mheastóireacht curtha i gcrích ag an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta agus foilseofar tuarascáil go luath i 2007.

2.39 Rinneadh meastóireacht den sórt céanna ar chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin san Ísiltír. Bhí dlíodóir ón Oifig seo mar chomhalta d'Fhoireann Meastóireachta an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta agus bhí sé rannpháirteach i gcur i láthair thuarascáil na meastóirí chuig grúpa oibre an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta i bPáras i mí an Mheithimh 2006.

2.40 I 2006 sholáthair an Stiúrthóir tuarascálacha do Chomhairle na hEorpa faoi leasuithe ar dhlí sheirbhís an ionchúisitheora phoiblí na Moldóive agus na hAirméine. Ina cháil mar chomhalta den Choimisiúin do Dhaonlathas tríd an Dlí de chuid Chomhairle na hEorpa (Coimisiún na Veinéise) thug an Stiúrthóir tuairimí ar cheisteanna dlíthiúla a d'eascair sa tSeoirsia agus san Úcráin agus bhí sé rannpháirteach i seimineáir oiliúna dlíthiúla sa Pholainn, san Iodáil agus sa Mhósaimbíc.

2.41 Bhí ionadaithe ón Oifig seo rannpháirteach i gcomhdháil Chomhairle na hEorpa san Úcráin, maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Agus iad san Úcráin thug Oifig an Ionchúisitheora Ginearálta i gCív cuireadh dár n-ionadaithe a bheith rannpháirteach i bpléití ar chlár oiliúna a bhunú d'ionchúisitheoirí na hÚcráine. Clúdóidh an clár cur i bhfeidhm dlí ionchúisimh agus nós imeachta ionchúisimh frith-sciúradh airgid de réir chaighdeáin mholta AE agus idirnáisiúnta.

Ionchais an Phobail Maidir leis an tSeirbhís

2.42 D'fhoilsigh an Oifig seo eagráin athchóirithe de dhá cheann dár leabhráin fhaisnéise Ról an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus Ag Freastal sa Chúirt mar Fhinné i mí na Samhna 2006. Foilsíodh na leabhráin den chéad uair i mí Mheán Fómhair 2003 chun tuiscint níos fearr ar an obair a dhéanann an Oifig seo a chothú agus chun iarracht a dhéanamh an taithí a bhíonn ag íospartaigh laistigh den chóras ceartais choiriúil a fheabhsú. Tá siad scríofa i bhformáid ceist agus freagra agus freagraíonn siad na ceisteanna is minice a chuirtear ar an Oifig seo.

2.43 Agus na leabhráin á n-athchóiriú againn, chuamar i gcomhchomhairle le roinnt gníomhaireachtaí, lena n-áirítear an Garda Síochána, an tSeirbhís Promhaidh, an tSeirbhís Cúirteanna, an tSaotharlann Dlí-Eolaíochta agus an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Litearthacht d'Aosaigh. Chuir a gcomhairle agus a gcomhoibriú go mór le caighdeán na faisnéise atá sna leabhráin.

2.44 Lena chinntiú go mbeidh teacht ar fhaisnéis ina dteangacha féin ag an líon náisiúnach eachtrach atá ina gcónaí anseo, líon atá ag fás, foilsíodh na leabhráin ar ár láithreán gréasáin in ocht dteanga eachtrach: Araibis, Fraincis, Laitvis, Liotuáinis, Sínis (Mandairínis), Polainnis, Rúisis agus Spáinnis. Ciallaíonn sin go bhfuil na leabhráin ar fáil i ngach ceann de na sé theanga oifigiúla de na Náisiúin Aontaithe chomh maith le i dtrí theanga eile a labhraíonn pobail imirceach sách móra in Éirinn. Tá na leabhráin ar fáil i bhformáidí Braille agus closchaiséid freisin.

2.45 Sheol an tUas. Jim McHugh, Cathaoirleach an Choimisiúin do Thacaíocht d'Íospartaigh, na leabhráin athchóirithe go hoifigiúil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 13 Samhain 2006. I measc na ndaoine a d'fhreastail ar an seoladh bhí ionadaithe ó ghníomhaireachtaí éagsúla a bhfuil baint acu leis an gcóras ceartais choiriúil, chomh maith le hionadaithe ó líon mór eagraíochtaí tacaíochta íospartach. Ócáid thar a bheith luachmhar a bhí ann agus thug sí deis do chomhaltaí na hOifige seo bualadh le oibreoirí deonacha ó na gníomhaireachtaí éagsúla a bhfuil baint acu le tacaíocht a thabhairt d'íospartaigh, chomh maith le ó eagraíochtaí eile a oibríonn le híospartaigh choireachta.

2.46 D'fhoilsíomar eagrán athchóirithe dár dTreoirlínte d'Ionchúisitheoirí i mí Iúil 2006. Tá tuairisc níos mionsonraithe air sin i gCaibidil 6 den tuarascáil seo.

2.47 Foilsíodh Scéim Ghaeilge d'Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí i 2005 de réir ár n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Le linn 2006, ba i nGaeilge a freagraíodh gach comhfhreagras a fuarthas i nGaeilge. Rinneadh imeachtaí cúirte a bhí tionscanta i nGaeilge a riaradh i nGaeilge chomh maith agus sheol abhcóidí ar ár bpainéal ionchúisimh cásanna i nGaeilge. Tá láithreán gréasáin dhátheangach ag an Oifig agus foilsítear gach foilseachán Oifige i nGaeilge agus i mBéarla araon. Chuir an Oifig seo seoladh ríomhphoist tiomanta ar bun i 2006 (gaeilge@dppireland.ie) chun déileáil le comhfhreagras ríomhphoist a fhaightear i nGaeilge.

2.48 Le linn na bliana bhunaíomar coiste chun athbhreithniú a dhéanamh ar an tslí a dhéanann an Oifig seo idirghníomhaíocht le híospartaigh choireachta. Tá an Grúpa comhdhéanta de chomhaltaí foirne ón trí rannán den Oifig i gcomhar le haturnae stáit áitiúil, agus tá gach duine acu bainteach le cumarsáid le híospartaigh choireachta ag céimeanna éagsúla den phróiseas ionchúisimh. Tugtar tuairisc ar leithligh ar obair an choiste agus ar fhorbairtí maidir le híospartaigh choireachta i gCaibidil 7 den tuarascáil seo.