11 An tacht um íocpras cuntas, 1997 Rialacháin um Íocaíochtaí Déanacha in Idirbhearta Tráchtála, 2002

Feidhmiú an Achta sa Tréimhse ó1 Eanáir 2006 go 31 Nollaig 2006

11.1 Íocann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí soláthróirí tar éis na hearraí nó na seirbhísí atá i gceist a sholáthar go sásúil agus laistigh de 30 lá ón lá a bhfaightear sonrasc ón soláthróir. I gcás taillí abhcóidí, cé nach bhfaightear sonraisc, is é cleachtas na hOifige iad a íoc laistigh de 45 lá tar éis tuarascáil a fháil maidir le gach cás ón aturnae stáit.

11.2 Sa tréimhse atá i gceist, rinne an Oifig 14 íocaíocht a bhí mall a chosain os cionn €317.50. B'ionann luach iomlán na n-íocaíochtaí sin agus €25,695.63. B'ionann luach iomlán na n-íocaíochtaí malla sa bhliain agus €26,065.63 as líon iomlán na n-íocaíochtaí de €3.17 milliún agus gearradh ús de €669.53 air sin.

Ráiteas an Oifigigh Chuntasaíochta

11.3 Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar cheann de na heagraíochtaí a thagann faoi réir théarmaí an Achta um Íoc Pras Cuntas, 1997 agus na Rialacháin maidir le hÍocaíocht Mhall in Idirbhearta Tráchtála, 2002. Tháinig an tAcht i bhfeidhm an 2 Eanáir 1998, agus tá téarmaí an Achta á gcomhlíonadh ag an Oifig ó shin i leith.

11.4 Stampáiltear na sonraisc go léir a fhaightear ó sholáthróirí nuair a fhaightear iad. Ceadaítear na sonraisc agus cuirtear isteach iad lena n-íoc go tráthúil chun a chinntiú go ndéantar iad a íoc laistigh den tréimhse iomchuí. Nuair a bhíonn na sonraisc á n-íoc cuirtear an dáta a bhfuarthas iad i gcomparáid le dáta na híocaíochta, agus má bhíonn an teorainn ama iomchuí sáraithe, déantar íocaíocht úis go huathoibríoch. I gcásanna ina dteastaíonn íocaíocht úis, cuirtear in iúl é don bhainistíocht le go bhféadfar cibé gníomh feabhais is gá a ghlacadh.

11.5 Ní féidir leis na nósanna imeachta atá curtha ar bun ach dearbhú réasúnach, agus ní dearbhú iomlán, a thabhairt maidir le neamhchomhlíonadh ábhartha an Achta.

Barry Donoghue
Oifigeach Cuntasaíochta
Bealtaine 2007