1 Obair Ghinearálta Na hoifige

1.1 Is í príomhfheidhm an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ionchúisimh phoiblí agus nithe gaolmhara coiriúla a threorú agus a mhaoirsiú.

1.2 Is ón nGarda Síochána, an phríomh-ghníomhaireacht imscrúdaithe náisiúnta a fhaigheann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí formhór na gcásanna lena n-déileálann an Oifig. Mar sin féin, tarchuireann gníomhaireachtaí imscrúdúcháin speisialta eile roinnt cásanna chuig an Oifig freisin, lena n-áirítear na Coimisinéirí Ioncaim, Ranna Rialtais, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, An Post, an tÚdarás Iomaíochta, an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus údaráis áitiúla.

1.3 Tá trí rannán in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí:

Tar éis comhad imscrúdaithe a scrúdú, déanann an Rannán Stiúrtha cinneadh maidir le cibé ar chóir nó nár chóir ionchúiseamh a bheith ann nó má tá sé tosaithe ag an nGarda Síochána cibé acu ar chóir nó nár chóir leanúint ar aghaidh leis. Cuirtear in iúl sa treoir a eisítear na cúisimh, más ann, a thabharfar os comhair na gcúirteanna. I gcásanna áirithe beidh gá le breis faisnéise agus imscrúdaithe sula bhféadfar cinneadh a dhéanamh. Bunaítear cinneadh chun dul ar aghaidh le hionchúiseamh ar chás prima facie - fianaise a d'fhéadfadh, cé nach gá go dtarlódh sé, cúirt nó giúiré a threorú chuig cinneadh go bhfuil an duine ciontach sa chion, thar amhras réasúnach.

Gníomhaíonn An Rannán Aturnaetha, faoi cheannas an Phríomh-Aturnae Ionchúisimh, mar aturnae don Stiúrthóir agus don Gharda Síochána le linn cásanna a ullmhú agus a chur i láthair i gCúirte Dúiche nó Cúirte Chuarda Bhaile Átha Cliath, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil agus sa Cúirt Choiriúil Speisialta, sa Chúirt Achomhairc Choiriúil, agus san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach. Lasmuigh de limistéar Bhaile Átha Cliath, déileálann 32 aturnaetha stáit áitiúla le cásanna ina limistéir réigiúnacha féin.

Soláthraíonn an Rannán Riaracháin seirbhísí eagraíochta, bonneagair, riaracháin agus faisnéise a theastaíonn ón Oifig agus tugann sé tacaíocht freisin don Rannán Stiúrtha agus don Rannán Aturnaetha.

1.4 Áirítear ar obair na hOifige: