Is í seo an t-ochtú Tuarascáil Bhliantúil de chuid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Is deis bhreá í seo dom tuairisc a thabhairt ar an obair a rinne m'Oifig i rith 2005; féachaint ar chuid de na forbairtí dlíthúla a tharla i rith na bliana a raibh tionchar acu ar ár gcuid oibre; agus athbhreithniú a dhéanamh ar na forbairtí a rinneamar chun feabhas a chur ar thabhairt i gcrích seirbhíse ionchúisimh atá neamhspleách, cóir agus éifeachtach.
Is ionchúiseamh ar chionta coiriúla croí-obair na hOifige. I rith 2005, d'fhan an líon comhad ionchúisimh réasúnta seasta i gcomparáid leis na trí bliana roimhe sin. Leanann na cásanna, áfach, de bheith ag éirí níos casta. Tá Caibidil 7 den tuarascáil seo tiomnaithe go huile agus go hiomlán d'fhaisnéis staitistiúil a sholáthar i ndáil leis an méid comhad ionchúisimh ar déileáladh leo agus an tslí a ndearnadh na comhaid sin a dhiúscairt. Tá na staitisticí bunaithe ar ár gcórais rangaithe agus aicmithe féin agus dá bhrí sin níl siad inchomparáideach go díreach le staitisticí a fhoilsíonn eagraíochtaí eile ar nós na Seirbhíse Cúirteanna nó an Garda Síochána.
Ó bunaíodh an Oifig, tá a gcuid ama go léir caite ag an bhfoireann ghairmiúil ar obair chomhaid ionchúisimh nó ar chásanna a chur i láthair na cúirte. Agus an córas ceartais choiriúil ag fáil níos casta iarrtar ar m'fhoireann ghairmiúil go rialta anois díriú ar nithe a bhaineann le polasaí dlíthiúil. Go dtí seo, rinneadh é sin ó na hacmhainní atá ann cheana. Mar sin féin, táim den tuairim go bhfuil sé in am anois aonad tiomnaithe do pholasaí dlíthiúil a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin ar shlí níos struchtúrtha agus níos fócasaithe. Seo réimse a bhfuil sé i gceist agam tosaíocht a thabhairt di inár Ráiteas Straitéise 2007-2010.
Tharla forbairt an-suntasach sa réimse reachtaíochta nua i 2005 le tabhairt isteach Acht an Gharda Síochána 2005. Bronnann Alt 8 den Acht an chumhacht ar chomhaltaí den Gharda Síochána ionchúisimh choiriúla a thionscnamh i gcúirteanna dlínse achoimre agus a sheoladh in ainm an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Bronnann an tAcht freisin an chumhacht reachtúil orm treoracha ginearálta agus sainiúla a thabhairt i ndáil le hionchúisimh den sórt sin. Ag tráth scríofa na tuarascála seo, tá alt 8 le hachtú i lár 2006. Déanfar na héifeachtaí a bhaineann lena fheidhmiú, a bheidh suntasach do m'Oifig, a thuairisciú tuilleadh i dTuarascáil Bhliantúil 2006.
Tugann Caibidil 2 den tuarascáil an dul chun cinn a rinneadh i roinnt réimsí i rith 2005 chun suntais agus ar dul chun cinn é a chur leis an tseirbhís a chuirimid ar fáil. Cuirfear tuilleadh leis an tseirbhís nuair a aistreofar freagracht as seirbhís an Aturnae Stáit ón Ard-Aighne chugamsa, faoi mar a moladh i dTuarascáil an Ghrúpa Staidéir ar an gCóras Ionchúisimh Poiblí. Cé go bhfuil díomá orm nach bhfuil an t-aistriú tarlaithe go fóill, táthar i mbun caibidlíochta faoi láthair. Táthar ag súil go dtiocfaidh siad sin chun críche i rith 2006, agus táim ag tnúth leis an tionchar dearfach a bheidh aige sin ar an tseirbhís ionchúisimh go ginearálta.
Tá aird tarraingthe agam i dtuarascálacha roimhe seo ar na deacrachtaí a eascraíonn as m'Oifig a bheith roinnte i dhá shuíomh. Is mór agam a fhógairt go bhfuil cinneadh glactha m'Oifig a shuíomh in aon fhoirgneamh amháin in aice le coimpléasc nua na cúirte coiriúla atá á fhorbairt faoi láthair. Faraor, áfach, tá an t-aistriú seo go dtí ceanncheathrú aonair fós roinnt blianta uainn. Tá imní orm idir an dá linn, ós rud é go bhfuil m'Oifig fós roinnte idir an dá shuíomh, agus chomh maith leis an gcineál míshásúil cóiríochta tríd is tríd, go mbeidh tionchar dochrach aige sin ar an tseirbhís a chuirfear ar fáil.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le m'fhoireann, chomh maith leis na daoine agus na gníomhaireachtaí lena n-oibríonn an Oifig as a dtiomantas agus a ndíograis i rith 2005.
James Hamilton
Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí
Bealtaine 2006